Miotalóireacht

Foramharc ar an ábhar

Tugann miotalóireacht buneolas ar innealltóireacht ábhair agus phróisis agus léargas ar an teicneolaíocht a bhaineann léi. Tá sí bunaithe ar ghníomhaíocht phraiticiúil agus tá sé d’aidhm aici breathnóireacht agus gníomhaíocht a nascadh le seiftiúlacht agus le cruthaitheacht laistigh de chomhthéacs fadhbréitigh.

Ábhar

Teicnicí agus Dearadh:
  • Sláinte agus Sabháilteacht
  • Obair ag an mBinse
  • Druileáil
  • Múnlú te agus fuar ábhar
  • Súiteáil agus cóimeáil
  • Cóireáil teasa
  • Snas máisiúil ar ábhair
  • Obair leis an deil
  • Dearadh
Ábhair agus Teicneolaíocht:
  • Sláinte agus Sabháilteacht
  • Cumarsáid agus pleanáil
  • Teicneolaíocht ábhair
  • Teicneolaíocht uirlise
  • Teicneolaíocht uirlisí meaisín
  • Cóimeálaithe agus meicníochtaí

Measúnú

Déantar measúnú ar Mhiotalóireacht ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal, trí pháipéar deiridh scrúdaithe agus tionscadal an dalta féin.  Tá scrúdú praiticiúil i gceist ag an Ardleibhéal chomh maith.

Stádas reatha

Rinneadh athbhreithniú ar sholáthar oideachas teicneolaíochta sa tsraith shóisearach agus cuirfear tús le hathbhreithniú siollabais in 2006/2007.

Doiciméadú

Siollabas Miotalóireachta don Teastas Sóisearach (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 38KB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann an Ábhair: Cumann na Múinteoirí Teicneolaíochta Inealltóireachta
www.scoilnet.ie

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie