Matamaitic

Foramharc ar an ábhar

Ábhar le réimse leathan is ea an Mhatamaitic atá idir phraitiúil agus theibí, agus atá giaráilte le haghaidh feidhmeanna agus atá inspéise ó nádúr. Tá tionchar aige ar an timpeallacht nádúrtha agus ar an timpeallacht thógtha agus soláthraíonn sí téarmaíocht agus teicnící chun mórchuid gnéithe den saol laethúil agus den saol eolaíocht a ionramháil. Disciplín intleachtúil is ea í comh maith a phléann le teibíochtaí agus le hargóintí loighciúla.

Ábhar

Cuirtear Matamaitic don Teastas Sóisearach ar fáil ag trí leibhéal: Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.  Tá siollabas ar leith ann do gach leibhéal. Cuirtear ábhar an tsiollabais i láthair ag leibhéal siollabais faoi na ceannteidil seo:

  • Tacair
  • Uimhirchórais
  • Uimhríocht fheidhmeach agus tomhas
  • Ailgéabar
  • Staitistic
  • Geoiméadracht
  • Triantánacht (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal amháin)
  • Feidhmeanna agus graif

Measúnú

Déantar measúnú ar Mhatamaitic don Teastas Sóisearach ag trí leibhéal (Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal) ag deireadh na sraithe sóisearaigh. Tá scrúdpháipéar amháin ag Bonnleibhéal. Bíonn dhá pháipéar scrúdaithe ag iarrthóirí ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal.

Stádas reatha

Tugadh siollabais leasaithe sa Mhatamaitic don Teastas Sóisearach ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal isteach sna scoileanna schools i mí Mheán Fómhair 2000 agus deineadh scrúdú orthu don chéad uair i mí an Mheithimh 2003. Tá Matamaitic don Teastas Sóisearach san áireamh san athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ag an CNCM ar oideachas matamaitice.

Doiciméadú

Siollabas Matamaitice (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal) (PDF 139KB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta:  Seirbhís Tacaíochta do Mhatamaitic
Cumann Ábhair: Cumann Oidí Matamaitice na hÉireann

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie