Matamaitic

Léargas ginearálta ar an abhár

I Matamaitic na Sraithe Sóisearaí déantar eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil a fhorbairt a thuilleadh. Gnéithe iad seo a thug scoláirí leo ón bhunscolaíocht agus cuirtear an matamaitic i bhfeidhm i suímh atá lonnaithe san fhíorshaol, rud a dhéanann forbairt ar a scileanna réitigh fadhbanna agus a chothaíonn dea-mhéin i leith na matamaitice.

Tá cúig shnáithe i siollabas Mhatamaitic an Teastais Shóisearaigh:

  1. Staitisticí agus Dóchúlacht
  2. Céimseata agus Triantánacht
  3. Uimhreas
  4. Ailgéabar
  5. Feidhmeanna

Tá Matamaitic an Teastais Shóisearaigh ar fáil ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Cuirfear scrúdú Bonnleibhéil ar fáil sa Teastas Sóisearach chun freastal ar riachtanais iarrthóirí nach mbeadh scrúdú Gnáthleibhéil feiliúnach dóibh.

Chun aistriú réidh ó mhatamaitic na bunscoile go dtí matamaitic na sraithe sóisearaí a éascú, déanann gach  foghlaimeoir  staidéir ar an gCúrsa Tosaigh Coiteann mar íosmhéid. Tá an Cúrsa Tosaigh Coiteann ar fáil sa siollabas.

Measúnú le haghaidh teistiúcháin

Déantar Matamaitic an Teastais Shóisearaigh a mheasúnú ag Bonnleibhéal, ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Ag Bonnleibhéal tá aon pháipéar scrúdaithe amháin ann. Tá dhá pháipéar i gceist sa mheasúnú ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal.

Doiciméadú

Toisc go bhfuil Matamaitic na Sraithe Sóisearaí á athrú ar bhonn céimnithe, tá siollabas ar leith i bhfeidhm ag gach céim ar leith acu seo.  Féach Siollabais Mhatamaitice na Sraithe Sóisearaí anseo

Naisc ghaolmhara

Tá na páipéir scrúduithe agus na páipéir shamplacha a bhaineann leis na céimeanna éagsúla seo ar fáil ag www.examinations.ie

www.projectmaths.ie
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta:  Seirbhís Tacaíochta do Mhatamaitic
Cumann Ábhair: Cumann Oidí Matamaitice na hÉireann

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie