Laidin

Foramharc ar an ábhar

Clúdaíonn an Laidin mar ábhar staideár ar an Laidin féin agus ar ghnéithe de stair agus de shibhialtacht na Rómhánach Ársa.  Cuirfidh an t-ábhar i láthair na ndaltaí, teanga agus litríocht atá mealltach iontu féin agus atá an-tábhachtach chun tuiscint a fháil ar an gcaoi ina bhfeidhmíonn teanga agus go mbeidh meas acu ar iliomad gnéithe dá sochaí féin.  Gheofar foclóir, eolas faoin ngramadach agus feasacht chultúrtha.

Bunús maith a bheidh ag daltaí a dhéanann staideár ar an Laidin don Teastas Sóisearach ar an Laidin féin mar theanga, ar stair agus ar shibhialtacht na Róimhe.  Ba chóir go mbeidis lánábálta leanacht ar aghaidh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta.

Ábhar

Seo leanas réimsí staidéir an tsiollabais:

  1. An Laidin dualgais a aistriú agus staidéar a dhéanamh ar a cúlra. (Eisíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sonraí timthriail trí bliana de ghiotaí dualgais.)
  2. Giota Laidine neamhdhualgais a aistriú
  3. Léamhthuiscint na Laidine (an Ghramadach san áireamh)
  4. Cumadóireacht Laidine (roghnach)
  5. Stair na Róimhe
  6. Saol Sóisialta agus Sibhialtacht na Róimhe

Cuirtear an Siollabas ar fáil ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá creatlach coiteann ag an dá leibhéal.  Ag an Ardleibhéal áfach, bítear ag súil go mbainfear leibhéil chumais níos airde amach san aistriúchán dualgais agus san aistriúchán neamhdhualgais, sa léamhthuiscint, sa ghramadach agus sa chumadóireacht.  Iarrtar ar dhaltaí ag Ardleibhéal níos mó den Laidin dualgais a léamh ná mar a iarrtar ar dhaltaí ag an nGnáthleibhéal.

Measúnú

Déantar Laidin don Teastas Sóisearach a mheas trí scrúdú scríofa ag an dá leibhéal.  Is é 400 marc, iomlán na marcanna do gach uile pháipéar. Bronntar 80% de na marcanna ar an aistriúchán ó Laidin nó go Laidin. Bronntar an 20% eile ar Stair na Róimhe agus ar Shaol Sóisialta agus Sibhialtacht na Rómhánach.

Stádas reatha

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCNCM ar Laidin don Teastas Sóisearach.

Doiciméadú

Siollabas Laidine don Teastas Sóisearach (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 100KB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann an Ábhair: Cumann Chlasaicí na hÉireann-Múinteoirí
Comhchumann Mhúinteoirí na gClasaicí

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie