Léann Clasaiceach

Foramharc ar an ábhar

Is éard atá sa Léann Clasaiceach ná staidéar ar shaol agus ar chultúr na Gréige agus na Róimhe Ársa agus ar a dtionchar ar an domhan inniu.  Is tríd an teagmháil leis an domhan ársa, a bhfuil sé d’aidhm ag an ábhar seo; réimse leathan eolais thábhachtaigh a chur ar shúile na ndaltaí, ionas go dtuigfidís a ndomhan féin, mar aon le scileanna agus dearcaí inmhianaithe a fhorbairt iontu.

Ábhar

Féadfar tabhairt faoi Léann Clasaiceach don Teastas Sóisearach ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Bunaíodh an siollabas ar roinnt ábhar, idir Ghréagach agus Rómhánach. Tá deich n-ábhar dualgais, cúig cinn Gréagach agus cúig cinn Rómhánach. Seo a leanas na deich n-ábhar:

Gréagach: 
  • Díbheirg Aichill
  • Cogaí na Peirseach                                                                         
  • Laethanta Deiridh Shócraitéis                                                          
  • Micéanae agus An Traí                                                                      
  • An Acrapail Aithneach
Rómhánach: 
  • Seilg Aenéis
  • Saol Iúil Caesar
  • Coiméide Rómhánach
  • An Phoimpé – Baile Rómhánach
  • Airm na Rómhánách

Measúnacht

I scrúdú an Teastais Shóisearaigh, caithfidh na hiarratóirí ceisteanna a fhreagairt ar chúig ábhar ar a laghad. Caithfidh dhá cheann acu a bheith ina ábhar Gréagach agus dhá cheann ina ábhar Rómhánach agus is féidir an cúigiú ceann a bheith Gréagach nó Rómhánach. Is fiú 20% den na marcanna iomlán é gach ábhar. Cumhdaíonn an Gnáthleibhéal an t-ábhar céanna leis an Ardleibhéal agus tá na ceisteanna ar gach ábhar ag an nGnáthleibhéal níos éasca ná na cinn ag an Ardlebhéal.

Stádas reatha

Scrúdaíodh an siollabas reatha sa Léann Clasaiceach don Teastas Sóisrearach don chéad uair sa bhliain 1983 agus níor athraíodh ó shin é.  Tá an siollabas faoi athbhreithniú ag an CNCM.

Doiciméadú

Siollabas an Léinn Chlasaicigh don Teastas Sóisearach (PDF 98.3KB)
(Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann Chlasaicí na hÉireann-Múinteoirí
Comhchumann Mhúinteoirí na gClasaicí

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie