Fraincis

Foramharc ar an ábhar

Tá ceithre theanga san áireamh i gclár an Teastais Shóisearaigh, an Fhrancis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agusan Spáinnis. Siollabas cumarsáideach atá ar fáil i ngach teanga, siollabas é atá eagraithe timpeall ar riachtanais, ar ionchais agus ar na hábhair inspéise a thugann daltaí leo chuig an seomra ranga.

Ar na haidhmeanna oideachasúla ginearálta atá i ngach siollabas tá

  • cur le feasacht na ndaltaí faoin teanga mar chóras cumarsáide
  • feasacht a chothú sna daltaí faoi chultúr eile agus ar an gcaoi sin meon níos oibiachtúla a chothú i leith gnéithe dá gcultúr féin
  • inniúlacht a fhorbairt sna daltaí chun tabhairt faoi idirbhearta agus faoi chaidreamh torthúil le daoine eile
  • cur le forbairt iomlán sóisialta agus pearsanta na ndaltaí tríd an méid thuasluaite.

Ar na haidhmeanna cumarsáideacha ginearálta atá sa siollabas tá

  • a chumasú do na ndaltaí déileáil le gnáthúsáid na sprioctheanga sa seomra ranga
  • cumas a thabhairt do na daltaí sa sprioctheanga, a chumasódh iad chun na bunriachtanais a bhaint amach dóibh féin
  • scileanna teanga a thabhairt do na daltaí ionas go mbeidh ar a gcumas gnéithe dá n-ábhair inspéise a phlé tríd an sprioctheanga
  • trí na haidhmeanna seo, deimhin a dhéanamh de go bhfuil inniúlacht sa sprioctheanga ag cuidiú chun aidhmeanna ginearálta oideachsúla a bhaint amach.

Ábhar

Tá clár ábhar gach siollabais teanga comhdhéanta de thascanna, gníomhaíochtaí agus easpónaint Tá na tascanna cumarsáideacha roinnte ina dhá chatagóir leathana:

  • na tascanna a bhfuil úsáid ghabhálach na sprioctheanga amháin i gceist iontu
  • na tascanna a bhfuil roinnt éigin ginchumais sa sprioctheanga i gceist iontu.

Laistigh de na catagóirí seo, cuirtear tascanna le chéile faoi chinnteidil a thagraíonn do ghníomhaíochtaí agus do théamaí a d’fhéadadh a leithéid de thascanna a bheith bainteach leo. Cuirtear i láthair mar seo iad le haghaidh fusacht tagartha. Tá rogha easpónant teangeolaíochal luaite do thascanna cumarsáideacha a bhaineann le ginchumas na teanga. Tugtar iad seo mar phointí tagartha amháin.

Measúnú

Tá sé d’aidhm ag an siollabas freastal ar réimse cumais iomlán na ndaltaí. Déantar measúnú ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Déantar an measúnú trí:

  • Scrúdú cluastuisceana
  • Scrúdpháipéar deiridh

Cé go bhfuil an siollabas mar a chéile ag an dá leibhéal, déanfar na tascanna cumarsáideacha le  leibhéil éagsúla castacht teanga. Beifear ag súil go ndéanfaidh gach dalta na tascanna céanna, ach i gcás iarrthóirí Gnáthleibhéil cuirfear an dalta an tasc i gcrích ar bhonn níos simplí.

Stádas reatha

Tá an CNCM ag tabhairt faoi athbhreithniú ar theangacha, lena n-áirítear Fraincis don Teastas Sóisreach, sa churaclam iar-bhunoideachais.

Doiciméadú

Siollabas na Fraincise don Teastas Sóisearach (PDF 806KB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann na Múinteoirí Fraincise
www.scoilnet.ie

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie