Foramharc ar an ábhar
Is siollabas dalta lárnaithe atá ann don ábhar Eolas Imshaoil agus Daoneolas (ESS) tarraingítear as an Stair, an Tíreolaíocht, agus Saoránaíocht i gcur chuige foghlama téamúil. Seo a leanas na haidhmeanna:
- An tuiscint a fhorbairt san duine, gur duine aonair é nó í , gur ball de phobal áitiúil, náisiúint agus Eorpach é nó í agus go bhfuil gach uile duine ag braith ar gach duine eile
- Meas a fhobairt ar an timpeallacht áitiúil, náisiúnta agus domhanda
- Tuiscint a fhorbairt ar an príomhfachtóirí, imceachtaí agus daoine a mhúnliagh agus atá ag múnlú an domhain ina mairimid.
- Feasacht a fhorbairt faoi na deiseanna agus an constaicí roimh dhaoine a chónaíonn in áiteanna éagsúla agus in amanna éagsúla agus faoi choinníollacha fisiciúla agus daonna éagsúla.
- Smaointeoireacht namhspleách a chothú trí saghsanna éagsúla gníomhaíochtaí agus trí fhoghlaim bunaithe ar taithí, trí mheáin éagsúla a úsáid chun an méid atá foghlamhtha a chur in iúl, agus a chur i láthair.
Tá an siollabas roinnte i dtrí chuid. Tá roinnt topaicí i ngach cuid le staidéar a dhéanamh orthu i suímh shonraithe.
1.Lonnaíocht/Acmhainní
Topaicí: Bia, Fothain, Fuinneamh, Uisce, Éadaí
Suímh:
Réamhrá ar Lonnaíocht agus Acmhainní
Éire na Réamh-Chríostaíochta agus ceann amháin díobh seo a leanas: An Aegipt Ársa, An Róimh Ársa, An Ghréig Ársa, na hInceaigh
An Luath-Chríochtaíocht in Éirinn agus Éire in aimsir na Lochlannach agus na Normannach
An Fhorbairt ar Lonnaíocht Nua-Aimseartha na hÉireann( uirbeach agus tuaithe)
2. Daoine ina dtimpeallacht
Téamaí: Iompras, Cumarsáid, Pleanáil, Eagraíochtaí Pobail, Ceardchumainn, Fostaíocht, Táirgíocht agus Tomhaltas
Suímh:
An Réabhlóid Tionsclaíoch
An Saol i gCathair Nua-Aimseartha
An Saol i gCeantair Tuaithe
Tionchar na Lonnaíochta ar an Timpeallacht (dearfach agus diúltach)
3. An Saol Nua-Aimseartha
Téamaí: Ceartas agus Síocháin, Cinne, Inscne, Talamh
Suímh:
Colíneachas agus a éifeachtaí
Cúiseanna agus Iarmhairtí Coimhlinte
Ról na hÉireann i nGnóthaí Indirnáisiúnta
Saincheisteanna Comhaimseartha
Measúnú
Déantar measúnú trí
(i) Scrúdpháipéar (60%)
(ii) Fiosrúchán Stairiúil (20%)
(iii) Tasc geografach trí obair allamuigh (20%)
Tá dhá scrúdpháipéar i gceist , ceann don Ardleibhéal agus ceann don Ghnáthleibhéal.
Stádas reatha
Cuireadh an siollabas um Eolas Imshaoil agus Daoneolas i bhfeidhm sna scoileanna sa bhliain 1990. Is mar chuid d’athbhreithniú ar an Sraith Sóisearach, atá an siollabas seo mar aon le roinnt siollalbas eile ag dul faoi phróiseas athchothromaithe faoi láthair, mar iarracht atá á dhéanamh chun gach siollabas sa tsraith shóisearach a chur i láthair i bhfórmáid chomhcosúil.
Doiciméadú
Siollabas Eolais Imshaoil agus Daoneolais (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 262KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
www.education.ie
www.scoilnet.ie