Foramharc ar an ábhar
Baineann an eolaíocht le faisnéis agus le tuiscint ar an domhan ina mairimid. Baineann staidéar ar an eolaíocht le tuiscint a fháil ar chorpas faisnéis eolaíochta agus le forbairt na scileanna eolaíochta trí ghníomhaíochtaí praiticiúla.Cuireann sí le smaointeoireacht agus le réasúnaíocht loighciúil agus le scileanna breathnóireachta, tomhais, tuisceana, uimhríochta, fadhbréitigh agus cinnteoireachta.
Cuireann Eolaíocht don Teastas Sóisearach ullmhúchán oiriúnach ar fáil (ach níl sé riachtanach) chun staidéar a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hábhair eolaíocha don Ardtéistiméireacht.
Ábhar
Seo a leanas na trí phríomhréimse sa siollabas athbhreithnithe:
- An Bhitheolaíocht
1A Bitheolaíocht Dhaonna – bia, díleá agus córais ghaolmhara an choirp
1B Bitheolaíocht Dhaonna – an córas cnámharlaigh/córas na matán, na céadfaí agus atáirgeadh Daonna
1C Ainmhithe, plandaí agus micra-orgánaigh - An Cheimic
2A Substaintí a rangú
2B Aer, ocsaigin, dé-ocsaíd charbóin agus uisce
2C Struchtúr adamhach, imoibriúcháin agus chomhdhúile - An Fhisic
3A Fórsa agus fuinneamh
3B Teas, solas agus fuaim
3C Maighnéadas, leictreachas agus leictreonachas
Is gá do dhaltaí an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil staidéar a dhéanamh ar gach ceann de na trí mhír.
Measúnú
Déantar meansúnú ar eolaíocht an Teastais Shóisearaigh trí pháipear scrúdaithe. Déantar measúnú ar an nGnáthleibhéal agus ar an Ardleibhéal ar pháipéir ar leith.
Stádas reatha
Tugadh an rogha do scoileanna glacadh leis an siollabas athbhreithithe nuair a tugadh isteach é sa bhliain 2003. Ghlac tuairim is 90% de na scoileanna leis an siollabas athbhreithnithe sa scoilbhliain 2003/2004.
Doiciméadú
Siollabas Eolaíochtadon Teastas Sóisearach (PDF 275KB)
Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh - Soiléirithe ar an siollabas (Word 95KB)
Rinneamar anuraidh é (56KB); Alt ó info@ncca (Meán Fómhair 2007)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Seirbhís Tacaíochta: Seirbhís Tacaíochta d’Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh
Cumann na Múinteoirí Eolaíochta
www.scoilnet.ie