Foramharc ar an ábhar
Tá sé d’aidhm ag an siollabas seo na modhanna seo, brí thromchiallach, cumarsáid, agus feidhmiúlacht na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh a fhorbairt san duine aonair laistigh den rang ealaíne.
Ábhar
Is gníomhaíocht lárnach sa siollabas í an líníocht agus nascann sí le 2-D( péintéireacht agus dearadh grafach), 3-D, Roghanna (ceardaíocht) agus Staidéir Thacaíochta i stair na healaíne. Úsáidtear líníocht le haghaidh smaointe téamúla, dearaí agus taighde.
Spreagann na gníomhaíochtaí seo taiscéalaíocht phearsanta agus tuiscint ar na heilimintí éagsúla ealaíne agus dearaidh.
Measúnacht
Déantar measúnú ar ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Is é méid agus caighdéan na hoibre a tháirgtear a shainíonn na difríochtaí idir an dá leibhéal. Seo iad na modhanna méasúnachta;
- Tionscadal téamúil pearsanta a rinneadh i rith bliain an scrúdaithe
- Scrúdú líníochta de ní agus de dhuine.
Stádas
Mar chuid den athbhreithniú ar an Teastas Sóisearach, tá an ealaín ag dul faoi phróiseas athchothromaithe, mar chuid den iarracht atá á déanamh chun gach siollabas de chuid an Teastais Shóisearaigh a chur i láthair i bhfórmáidí comhchosúla.
Doiciméadú
Siollabas Ealaíne, Ceirde, Dearaidh (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 229KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
www.artteachers.ie
Scoilnet