Foramharc ar an ábhar
Tugann Siollabas an Teastais Shóisearaigh san Eacnamaíocht Bhaile eolas agus tuiscint agus na scileanna riachtanacha do dhaltaí chun maireachtáil mar dhaoine aonair agus mar bhaill de theaghlaigh. Tráth athruithe móra sóisialta, tá staidéar ar eacnamaíocht bhaile an-ábharthach do na riachtanais agus scileanna bainistíochta, cruthaitheacha, agus sóisialta agus maireachtála atá chomh tábhachtach sin chun daoine óga a ullmhú do na deiseanna agus do na dúshláin a bheidh rompu sa saol. Soláthraíonn sé reimse leathan eispéireas oideaschasúla sna fearainn aeistéitiúla, chruthaitheacha, fhisiciúla, eolaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.
Ábhar
Tá an siollabas seo bunaithe ar chúig lár-réimse staidéir a thabharfaidh gach dalta fúthu agus staidéar roghnach amháin, as rogha de thrí cinn.
Croí-Ábhair
- Staidéar ar bhia agus scileanna cócaireachta
- Staidéar tomhaltóra
- Staidéar sláinte agus folláine
- Bainistíocht acmhainne agus staidéar baile
- Staidéar teicstílí.
Staidéar roghnach
Tugann an staidéar roghnach deis do na daltaí staidéar níos doimhne ar dhéanamh ar réimse amháin de na croí-ábhair.
Féadfar staidéar roghnach amháin a roghnú as na trí cinn seo a leanas:
- Cúram leanaí
- Dearadh agus ceardaíocht
- Is leathnú ar staidéar teicstílí iad scileanna teicstíle.
Measúnú
Déantar Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach a mheas ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal, trí mhodhanna measúnaithe éagsúla:
| | Ardleibhéal | Gnáthleibhéal |
| Scrúdú praiticiúil ar staidéar bia | 35% | 45% |
| Tionscadal roghnach staidéar | 15% | 15% |
| Scrúdú deiridh scríofa | 50% | 40% |
Stádas reatha
Cuireadh an siollabas seo i bhfeidhm sna scoileanna sa bhliain 1991. Tá sé ag dul faoi phróiseas athchothromaithe i láthair na huaire, mar chuid den iarracht gach siollabas de chuid an Teastais Shóisearaigh a chur i láthair i bhformáidí comhchosúla.
Cáipeisíocht
Siollabas na hEacnamaíochta Baile don Teastas Sóisearach (PDF 496KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann an Ábhair: Cumann na Múinteorí Eacnamaíocht Bhaile (ATHE)
Scoilnet