Foramharc ar an ábhar
Seo a leanas aidhmeanna an tsiollabais chlóscríbhneoireachta:
- Na daltaí a chumasú chun an méarchlár a oibriú gan féachaint air, ag úsáid an mhodh cheart
- Na daltaí a chumasú chun scileanna méarchláir a mhíniú agus a léiriú le cinnteacht agus le múinín
- An cumas a fhorbairt sna daltaí treoracha scríofa a thuiscint, anailís a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach i dtascanna a tugadh dóibh
- Cumas na ndaltaí a mhéadú cineálacha foghlama gaolmhara a chomhtháthú le chéile le scileanna chun nótaí a bhreacadh i gclóscríbhneoireacht táirgíochta
- A chumasú do na daltaí leibhéil níos airde scile a bhaint amach sa phróiseas foghlama
Ábhar
Ba chóir go mbeadh daltaí abálta na scileanna seo a leanas a léiriú:
- cleachtaí clóscríbhneoireachta, scríobh amaithe, agus tascanna simplí le teicnicí maithe láimhseála agus staidiúir cheart ag an meaisín
- cnaipí do litreacha, d'uimhreacha, do shiombailí agus d’fheidhmeanna ar leith a oibriú gan féachaint orthu agus gan aon mhoill
Scileanna faoi leith le forbairt:
- Comhfhreagras – conas litreacha a leagan amach go mealltach ag úsáid stíleanna difriúla
- Táblú – conas ráitis i bhfoirm tábla a chruthú
- Imeallú – conas straitéisí eágsúla imeallaithe a úsáid
- Seoladh - conas seoladh ceart a chur ar clúdaigh litreach/ lipéid litreach/ lipéid
- Léiriú – conas cáipéisí ar nós clár, foirmeacha iarratais, fógraí agus cláir oibre a leagan amach
- Obair Chruthaitheach – Conas freagraí ar cheachtanna a chló agus cáipéisí a sholáthar ó bheagán eolais
Measúnú
Déantar measúnú i bpáipéar scrúduithe dhá uair an chloig ag ceann de dhá leibhéal - Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal. Cuirtear am léimh mar is gnáth i scrúduithe clósríbhneoireachta.
Seo a leanas míreanna an scrúdaithe:
(i) scrúdú ama/cóipeála 10 nóiméad ag ráta 25 focal sa nóiméad ag an nGnáthleibhéal agus 30 focail sa nóiméad don Ardleibhéal
(ii) litir a chlóscríobh ó théacs priontáilte (Gnáthlebhéal); ó chló phriontáilte nó ó lámhscríbhinn nó ó mheascán den dá rud (Ardleibhéal).
(iii) ráiteas i bhfoim tábla a réiteach ó fhoirm chlóite don Ghnáthleibhéal agus ó lámhscríbhinn nó ó mheascán d'ábhar clóite agus lámhscríbhinn don Ardleibhéal.
(iv) ráiteas i bhfoim tábla a réiteach ó fhoirm chlóite don Ghnáthleibhéal agus ó lámhscríbhinn nó ó mheascán d’fhoirmeacha don Ardleibhéal.
(v) freagraí ar cheachtanna a chlóscríobh, mar aon le cáipéis a réiteach ó fhoirm chreatlaigh – Ardleibhéal amháin.
Doiciméadú
Siollabas Clóscríbhneoireachta don Teastas Sóisearach (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 218KB)
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta