Ceol

Foramharc ar an ábhar

Tá sé d’aidhm ag an siollabas ceoil oideachas leathan agus cothromaithe a sheachadadh sa cheol ranga trí eolas faoin gceol, mar aon le tuiscint agus inniúlachtaí praiticiúla agus dearcthaí oiriúnacha dá n-aois, dá riachtanais agus dá gcumais agus dá suimeanna féin a fhorbairt do na daltaí.

Ábhar

Is éard atá in ábhar an tsiollabais ná sraith de ghníomhaíochtaí idirnasctha dírithe ar scileanna seanma, cumadóireachta agus éisteachta a fhorbairt.

San tseinm is féidir le daltaí rogha de chatagóirí seanma aonair agus grúpa a roghnú. 

Sa chumadóireacht is féidir le daltaí rogha a dhéanamh as ceachtanna dualgais, mar aon le saorchumadóireacht ag an Ardleibhéal.

Is féidir suas le 60% de na riachtanais éisteachta a roghnú as réimse leathan catagóirí dualgais.  Déanann daltaí staidéar ar

  • shaothair agus ar amhráin dualgais
  • rogha amhrán agus saothar
  • scileanna ginearálta éisteachta agus litearthacht cheoil
  • cheol na hÉireann agus
  • staidéar ginearálta a roghnaíodh.

Ceadaíonn ábhar an tsiollabais éagsúlacht mhór sa rogha ábhar múinteoireachta agus chur chuige agus tá ceol ann ó stíleanna ceoil, tréimhsí agus seánraí éagsúla. 

Dearadh an siollabas chun freastal ar dhaltaí chumais mheasctha a mhúineadh. Tugann daltaí an ghnáthleibhéil faoi cheachtanna atá oiriúnach dá n-aois agus dá bhforbairt sa cheol.  Tugann daltaí an Ardleibhéil faoi cheachtanna cosúil leo sin, ach amhain go mbíonn siad ag leibhéal níos casta, mar aon le roinnt ábhar breise.

Measúnú

Déantar Ceol don Teastas Sóisearach a mheas ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Ar na modhanna measúnaithe tá, scrúdú praiticiúil san oirfideacht aonair nó ghrúpa, agus scrúdú éisteachta agus scríofa sa chumadóireacht agus in eisteacht le ceol.

Stádas reatha

Cuireadh an siollabas seo i bhfeidhm sna scoileanna sa bhliain 1989. Is mar chuid d’athbhreithniú ar an Teastas Sóisearach atá an ceol ag dul faoi phróiseas athchothromaithe faoi láthair, mar chuid den iarracht gach siollabas de chuid an Teastais Shóisearaigh a chur i láthair i bhformáidí comhchosúla.

Doiciméadú

Siollabas Ceoil don Teastas Sóisearach (Gnáthléibhéal agus Ardleibhéal) (PDF 2MB)

Naisc ghaolmhara

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Cumann an Ábhair: Cumann na Múinteorí Ceoil Iarbhunscoile (Éire)
www.scoilnet.ie

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie