Béarla

Foramharc ar an ábhar

Is í an aidhm ghinearálta atá ag múineadh an Bhéarla sa tSraith Shóisearach ná obair na bunscoile a threisiú agus a leanúint chun fás intleachtúil, samhlaíoch agus mothúchánach gach mhic léinn a chothú trí chumas pearsanta a fhorbairt in ealaíona agus scileanna teanga. Tá trí eilimintí sa chumas pearsanta seo atá nasctha go dinimiciúil: litearthacht phearsanta, litearthacht shóisialta agus litearthacht chultúrtha. Is é comh-idirspleáchas na n-eilimintí seo atá mar bhunús le múineadh rathúil an Bhéarla sa tSraith Shóisearach.

Ábhar

Is féidir le múinteoirí a rogha féin de théacsanna agus ábhair a úsáid chun aidhmeanna an chláir a bhaint amach, lena chinntiú go gceadaítear d’fhoghlaimeoirí na torthaí foghlama cuí a bhaint amach faoi réir aidhmeanna ginearálta an siollabais. Agus rogha á dhéanamh acu, glactar leis go roghnóidh múinteoirí ábhair ó réimse leathan de sheánraí litríochta chomh maith le hábhar eile i gcló agus san meáin. Ag an Ardleibhéal, bheifí ag súil de ghnáth le haithne éigin ar litríocht réamh-chomhaimseartha (roimh 1900) agus staidéar ar aonad amháin bunaithe ar théacs Shakespeare.

Níor chóir múineadh teanga agus múineadh litríochta a scarúint óna chéile. Ba chóir go mbeadh iomláine nó aontas i dtaithí teanga an mhic léinn, sa chaoi is go dtarlódh foghlaim teanga (m.sh. litriú, gramadach, poncaíocht agus mar sin de) mar chuid nádúrtha den bhealach ina chuireann an mac léinn aithne ar an réimse iomlán de théacsanna a mholtar thuas.

Measúnacht

Déantar measúnacht le scrúdú scríofa ag trí leibhéal:

  • Bonnleibhéal
  • Gnáthleibhéal
  • Ardleibhéal

Tá réimse de cheisteanna ar na páipéir, agus freagraí ar ábhar gan fheiceáil san áireamh. Níl aon téacsanna dualgais ann do scrúdú.

Stádas reatha

Cuireadh an siollabas seo i bhfeidhm san scoileanna sa bhliain 1989. Mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shóisearach, tá sé ar cheann de na siollabais atá ag dul faoi phróiseas athchothromuithe, sa chaoi is go mbeidh na cruthanna céanna ar na siollabais ar fad sa tsraith shóisearach.

Doiciméadú

Junior Certificate English Syllabus (Foundation level, Ordinary level and Higher level) (PDF 190KB)
Junior Certificate English - Guidelines for Teachers (PDF 1,125KB)

Naisc ghaolmhara

Teaching English Support Service
An Roinn Oideachais & Eolaíochta
Coimisiún na Scrúduithe Stáit

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie