An Teastas Sóisearach

Tógann gach dalta ag an tsraith shóisearach, nach mór, cúrsaí a scrúdaítear sa Teastas Sóisearacha, an scrúdú Stáit a dhéantar ag deireadh na tríú bliana den tsraith shóisearach, nuair a bhíonn daltaí cúig bliana déag d’aois. Is féidir ábhair a dhéanamh ag an Ardleibhéal nó ag an nGnáthleibhéal, agus tá trí cinn d'ábhair, Gaeilge, Béarla agus Matamaitic, ar fáil chomh maith ag Bonnleibhéal.

Déantar measúnú foirmiúil ar fhormhór na n-ábhar mar chuid de Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, ach tá roinnt ábhar tábhachtach sa churaclam ag an tsraith seo nach ndéantar measúnú foirmiúil orthu ar an tslí seo.Cuirtear na hábhair sin san áireamh ar mhaithe le hoideachas leathan, cothromaithe a chur ar fáil do dhaltaí a thugann cur amach dóibh ar réimsí eispéiris atá oiriúnach dá riachtanais agus dá gcéim forbartha ag an aois ag a bhfuil siad.  Ar na hábhair neamhscrúdúcháin ag an tsraith shóisearach tá Corpoideachas, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus Staidéir Ríomhaireachta.  Ábhar is ea Oideachas Reiligiúnda a chuirtear ar fáil mar ábhar scrúdúcháin agus mar ábhar neamhscrúdúcháin.

Chun gur féidir leo dul chomh fada le Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, cuirtear an Teastas Sóisearach - Clár Scoile ar fáil do dhaltaí ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus do dhaltaí a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil go luath.

Tá na doiciméid atá ar fáil le híoslódáil i bhfoirm .pdf. Níor mhór Adobe Acrobat Reader a shuiteáil ar an ríomhaire chun teacht ar na comhaid sin.  Chun iad a íoslódáil, gliogáil ar dheis ar an gcomhad a theastaíonn uait agus roghnaigh “Sábháil Sprioc Mar’ Déan nóta d’ainm an chomhaid agus an áit a bhfuil sé le sábháil, sin nó roghnaigh an t-ainm agus an áit. Nuair a bheidh an íoslódáil críochnaithe, is féidir an comhad a oscailt ar an ngnáthbhealach. Chomh luath is a bhíonn sé sábháilte, bíonn sé le léamh as líne.

Naisc ghaolmhara

Junior Certificate School Programme

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie