Cuirtear teanga i láthair faoi dhá cheann de cheannteidil ábhair: English agus Gaeilge.
Tá teanga fíorthábhachtach i bhforbairt an pháiste. Is mór an fhoghlaim a tharlaíonn tríd an idirghníomhú idir teanga agus eispéireas. Cabhraíonn teanga leis an bpáiste a eispéireas a shoiléiriú agus a léirmhíniú, coincheapanna nua a fháil, agus doimhne a chur leis na coincheapanna atá gnóthaithe cheana féin. I bhfianaise an ghaoil ríthábhachtach seo idir teanga agus foghlaim baineann an curaclam leas as caint agus plé mar straitéis lárnach foghlama i ngach réimse dá chuid. Éascaíonn sé seo scrúdú ar smaointe, ar mhothúcháin agus ar fhrithghníomhartha i dteanga a éiríonn níos casta de réir a chéile, rud a chuireann le doimhne na tuisceana a fhaigheann an páiste ar an saol.
In Éirinn múintear páistí trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla. Gné ar leith is ea é de bhunoideachas na hÉireann go mbíonn taithí ag páistí ar dhá theanga a fhoghlaim, ón uair go dtagann siad ar scoil. Tá curaclam Gaeilge ar leith ar fáil do scoileanna ina ndéantar an múineadh trí mheán na Gaeilge.
Naisc ghaolmhara
Modern languages in the Primary School Curriculum
English as an additional language