Braitheann cur i gcrích an churaclaim Ghaeilge ar chomhoibriú idir rannpháirtithe an phobail scoile. Tá tábhacht sa chéad áit ag baint le pleanáil an churaclaim sa scoil agus le comhoibriú idir an príomhoide agus na múinteoirí. Tá tábhacht freisin lecomhoibriú idir an fhoireann teagaisc agus na tuismitheoirí, ag obair i gcomhar leis an mbord bainistíochta nuair a fheileann. Sa roinn seo de na treoirlínte tá dhá ghné den phleanáil i gceist:
- pleanáil an churaclaim Ghaeilge
- conas is féidir an phleanáil seo a eagrú.
Pleanáil an churaclaim Ghaeilge
Is í an ghné is tábhachtaí atá le cur san áireamh sa scoil ná spéis sa Ghaeilge a chothú trí na páistí a spreagadh chun ía úsáid in atmaisféar taitneamhach gan bhrú. Chuige sin ba chóir go mbeadh gach duine sa phobal scoile—an príomhoide, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta—ar aon intinn faoi úsáid na Gaeilge sa scoil. Is féidir leis an bpríomhoide agus na múinteoirí straitéisí éagsúla a úsáid sa phlean scoile a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn. Ní féidir tábhacht dhearcadh na dtuismitheoirí i leith na Gaeilge amholadh sách ard. Tá a gcomhoibriú thar a bheith tábhachtach chun dearcadh dearfach don Ghaeilge a chothú sna páistí. Má oibríonn siad i gcomhar leis an scoil tríd an Ghaeilge a úsáid sa bhaile (mar shampla ag an mbricfeasta nó trí bhreathnú ar chláir theilifíse leis na páistí) tacaíonn siad le húsáid na Gaeilge sa scoil. Tá cur síos ar an gcomhoibriú seo idir na tuismitheoirí agus an scoil faoi ‘Eagrú na pleanála’.
Cur chuige chun an Ghaeilge a mhúineadh
Chabhródh sé go mór le múineadh na teanga dá mbeadh an príomhoide agus na múinteoirí aontaithe faoin gcur chuige a bheidh á úsáid chun an Ghaeilge a mhúineadh, is é sin cur chuige ina mbeidh béim ar fhorbairt chumas cumarsáide an pháiste. Tá tagairt déanta don chaoi ar féidir é seo a dhéanamh i roinn 1 agus 2 agus forlíonadh déanta air sna straitéisí teagaisc agus foghlama atá snaceachtanna samplacha i roinn 5. Ar na ceisteanna is tábhachtaí ó thaobh na pleanála chun an Ghaeilge a mhúineadh go cumarsáideach sa scoil tá:
- comhtháthú na gceithre scil teanga sna ceachtanna: éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht
- raon modhanna múinte a bheith á úsáid ag na múinteoirí agus saoirse acu na cinn is fearr a fheileann do na páistí agus don scoil a roghnú, ag cur san áireamh cúlra teanga na bpáistí
- na feidhmeanna teanga a chur in eagar do na rang-ghrúpaí difriúla, mar shampla an liosta feidhmeanna teanga do rang 5 agus 6 a fhorleathnú le heiseamláirí den teanga a fheileann do riachtanais teanga na ranganna sin i scoil faoi leith. Níl sna heiseamláirí teanga sa churaclam ach léiriú ar conas is féidir an fheidhm teanga chéanna a chomhlíonadh ar bhealaí éagsúla
- na téamaí a chur in oiriúint don pháiste, dá c(h)úlra teanga agus baile. Tá na deich dtéama céanna roghnaithe do gach rang-ghrúpa. Caithfear topaicí a bhfuil spéis ag na páistí iontu a roghnú agus foclóir agus feidhmeanna teanga a chur leo chun nach mbeidh na topaicí céanna ar siúl gach bliain. Mar shampla, nuair a bhíonn ‘Mé féin’ á ullmhú i rang naíonán beidh topaicí nó fo-théamaí á roghnú a bheidh difriúil leis na cinn a roghnófar do ranganna 5 agus 6
- na tascanna, na cluichí agus na gníomhaíochtaí atá luaite in ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim a éagsúlú ó bhliain go bliain freisin
- aire a thabhairt do shnáithaonaid uile an churaclaim. Beidh béim láidir ar ‘spéis a chothú’ sa Ghaeilge ag na leibhéil go léir.
Chomh maith leis na ceisteanna sin thuas tá pleanáil do mhúineadh na scileanna teanga agus gnéithe eile a chabhraíonn le forbairt chumas cumarsáide an pháiste, mar atá:
Éisteacht agus labhairt na Gaeilge
Nuair a thosóidh ceacht ar thopaic nua nó ar fheidhm teanga nua beidh béim ar thuiscint na teanga (agus béim speisialta ar thuiscint an t-am ar fad ó rang na naíonán suas go rang 2). Is de réir a chéile a bheifear ag súil le labhairt na teanga sna ranganna sin, ach beifear ag súil go mbeidh cumas agus muinín in úsáid na Gaeilge ag na páistí de bharr roghnú tascanna agus cluichí teanga spreagúla.
Gabhann an dá scil, éisteacht agus labhairt, le chéile de ghnáth, ach ag tús na foghlama agus an cheachta is féidir gan ach freagairt fhisiceach a iarraidh ar threoir nó ar ordú. Téann an páiste ar aghaidh ón tuiscint agus ón éisteacht go labhairt na Gaeilge nó an chumarsáid: mar shampla, téann an páiste ar aghaidh chun freagraí ó bhéal a thabhairt, chun treoir a thabhairt é/í féin, agus chun cumarsáid a dhéanamh le páistí eile i gcluichí agus i dtascanna deartha ag an múinteoir. Bíonn an fhorbairt cumarsáide seo le sonrú sna gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus trí na gníomhaíochtaí cumarsáide. Roimh dheireadh an cheachta is féidir dul siar ar fheidhmeanna teanga agus ar choincheapa an cheachta, féachaint an bhfuil an páiste in ann an t-eolas nua a thraschur agus a ghinearálú go suímh nua. Is féidir freisin gramadach an cheachta a dhearbhú agus dul siar ar aon fhuaim, ar aon fhocal deacair nó ar struchtúr nach raibh á láimhseáil i gceart le linn na cumarsáide.
An léitheoireacht agus an scríbhneoireacht
Moltar polasaí i leith na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta a bheith sa phlean scoile. Tugtar aitheantas do na modhanna múinte is coitianta agus do na straitéisí éagsúla múinteoireachta agus foghlama sa phlean freisin. Socrófar ann cé na modhanna a úsáidfear agus cinnteofar go mbeidh éagsúlacht sna ceachtanna agus go mbeidh an dá scil, léitheoireacht agusscríbhneoireacht, comhtháite leis na scileanna eile. Beidh plean cuimsitheach don litearthacht i ngach scoil agus fearas cuí chun í a mhúineadh.
An litearthacht luath
Má bhíonn plean ag an scoil faoi fhás na litearthachta tabharfar tús aite don chaint a dhéantar leis an bpáiste faoina s(h)aol féin agus faoi na hábhair spéise atá aige/aici taobh amuigh agus taobh istigh den scoil. Déantar an-chuid cainte i rith súgradh le bréagáin, le héadaí, le huisce agus le gaineamh, le cruthanna agus dathanna agus i rith obair ealaíne. Déanann an múinteoir cur síos as Gaeilge ar obair nó ar ghníomhaíocht an pháiste. Beidh fáil sa scoil ar chluichí meaitseála, leithéidí snap, bingo agus míreanna mearaí.Tosófar ar fhorbairt treoshuíomh clédeas le hobair ealaíne agus scrábadh ar pháipéar nó tarraingt i ngaineamh. Éistfidh na páistí le hábhar taifeadta agus leis an múinteoir ag insint scéalta agus ag tabhairt treoracha chun cluichí a imirt agus chun gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh.
Léitheoireacht agus scríbhneoireacht fhoirmiúil
Moltar go mbeidh bunús maith faoi thuiscint agus faoi labhairt na teanga sula dtosófar ar í a léamh nó í a scríobh go foirmiúil. I scoileanna T2 moltar gan tosú ar an léitheoireacht fhoirmiúil roimh rang 2. Moltar gan léitheoireacht fhoirmiúil sa dá theanga a thosú ag an am céanna sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Socróidh na múinteoirí eatarthu féin cén uair a dtosófar ar an scríbhneoireacht fhoirmiúil. Tarlóidh traschur scileanna ó léitheoireacht agus ó scríbhneoireacht an Bhéarla i scoileanna T2, mar shampla suí i gceart, bheith in ann scéal a leanúint nó a thuar ón bpictiúr, aithint cruthanna, patrún agus litreacha, breith ar pheann, treoshuíomh clé-deas, patrúin a tharraingt agus mar sin de.
Gaeilge neamhfhoirmiúil
Moltar an Ghaeilge a úsáid go neamhfhoirmiúil chun tacú le foghlaim fhoirmiúil eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga. B’inmholta an rud é Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir i rith an lae chun comhthéacs réalaíoch a thabhairt d’úsáid na n-eiseamláirí teanga. Beidh an páiste in ann éisteacht leis an múinteoir ag comhlíonadh riachtanas cumarsáide, mar shampla ag beannú, ag fágáil slán agus ag cur ceiste, agus b’fhéidir go mbeidh an páiste in ann teachtaireacht a thabhairt, cead a iarraidh agus cabhair a lorg le gné éigin de cheacht nach dtuigeann sé/sí. Beidh úsáid na Gaeilge mar seo ag brath ar an bplean scoile agus ar chomhoibriú an phríomhoide agus na múinteoirí go léir.
An Ghaeilge mar theanga theagaisc
Moltar iarracht a dhéanamh gné éigin d’ábhar eile a mhúineadh anois is arís trí mheán na Gaeilge. Is fearr na hábhair sin a roghnú sa scoil. Ní miste do na múinteoirí ábhair dhifriúla a roghnú do na rang-ghrúpaí éagsúla, agus mar sin gheobhaidh na páistí blaiseadh ar ábhair dhifriúla agus tríd sin ar raon leathan foclóra.
An Ghaeilge sa timpeallacht
Is féidir Gaeilge a scríobh ar fhógraí na scoile agus an tseomra ranga agus an Ghaeilge a úsáid freisin chun fógraí ó bhéal a thabhairt sa scoil.
Tá Gaeilge scríofa ar chomharthaí bóthair agus ar na sráideanna ar fud na tíre, agus is féidir na logainmneacha seo a cheangal leis an stair agus leis an tíreolaíocht. Tá fógraí agus foirmeacha Gaeilge le fáil sna leabharlanna, sna bainc, in oifigí an phoist agus i roinnt siopaí. Is féidir na foirmeacha a bhailiú agus a fhorlíonadh mar cheachtanna comhtháite léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Beidh an t-ábhar dílis seo praiticiúil, feidhmiúil agus réalaíoch agus ag cur le cumas cumarsáide an pháiste ina iomláine. Is fearr a éireoidh leis má phleanáiltear an obair sa scoil.
Leanúnachas ó rang go rang
Cuirfidh an plean scoile leanúnachas ó rang go rang san ábhar teagaisc agus foghlama san áireamh. Beidh eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga níos deacra ó thaobh struchtúr de sna hardranganna. Comhlíonann ‘Haló’ an fheidhm teanga ‘Beannú’ ach is féidir ‘Conas atá tú?’ a rá freisin nó ‘Cén scéal?’ Socrófar an Ghaeilge is simplí a chomhlíonann feidhm teanga do na naíonáin, agus cuirfear léi sin de réir a chéile. Beidh an leanúnachas le feiceáil freisin sa mhéid gramadaí a mhúinfear ó rang go rang. Tá grádú déanta ar an ngramadach sa churaclam, ach níl sé i gceist go mbeadh aon bhéim ar an ngramadach fhoirmiúil ach amháin sna hardranganna.
Measúnú
Is cuid lárnach de phróiseas teagaisc agus foghlama na Gaeilge é an measúnú. Bhí na múinteoirí ag déanamh measúnaithe go neamhfhoirmiúil go dtí seo ach tá polasaí na scoile i leith an mheasúnaithe le socrú ar bhonn foirmiúil anois mar chuid de phleanáil an churaclaim Ghaeilge sa scoil. Is gné fhiúntach den phróiseas teagaisc agus foghlama é an measúnú, agus cabhraíonn sé le múinteoirí nuair atá siad ag cur curaclaim Ghaeilge i bhfeidhm agus á phleanáil ar bhonn scoile.
Cuspóirí an mheasúnaithe
Tá cur síos ar chuspóirí na gcineálacha éagsúla measúnaithe ar leathanach 142–151 den churaclam.
Is féidir leis an gcóras measúnaithe scoile
- eispéiris foghlama an pháiste a leathnú agus a dhoimhniú aird má dhírítear ar thorthaí an mheasúnaithe
- fáil amach ó am go ham cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag an bpáiste i snáitheanna éagsúla anchuraclaim: cén fhorbairt atá á déanamh ar scileanna tuisceana agus éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste
- teacht ar laigí atá á dtaispeáint sna snáitheanna éagsúla chun cabhrú le diagnóis a dhéanamh agus teacht i gcabhair ar an bpáiste le hobair feabhais
- taispeáint cé na rátaí éagsúla foghlama atá ag páistí difriúla
- eolas faoi pháistí a choimriú agus a chur ar aghaidh chuig múinteoir eile
- cabhrú le pleanáil na gclár teagaisc sa scoil agus leis na straitéisí teagaisc agus foghlama atá á n-úsáid inti
- eolas a chur ar fáil do thuismitheoirí
- eolas suimitheach a chur ar fáil faoi pháiste ar aistriú go scoil eile dó/di
- cabhrú le luacháil an phlean scoile agus lena leasú ó am go ham.
Uirlisí éagsúla measúnaithe
Tá cur síos sa churaclam ar an raon uirlisí measúnaithe ar féidir leis an múinteoir úsáid a bhaint astu chuncumas tuisceana agus cumarsáide an pháiste a mheasúnú. Nuair atá pleanáil an churaclaim ar siúl ag an scoil ba chóir teacht ar réiteach faoi na huirlisí ab fhearr a d’fheilfeadh do chúinsí na scoile. Níl sé i gceist go mbeadh na huirlisí go léir á n-úsáid gach lá ach go socrófaí sa scoil cén roghnú a dhéanfaí astu chun pictiúr de dhul chun cinn anpháiste a fháil. Tá cuid de na huirlisí measúnaithe seo neamhfhoirmiúil, ar nós dhírbhreathnú an mhúinteora, agus cinn eile foirmiúil, ar nós trialacha caighdeánaithe.
Tuiscint chomónta ar an measúnú
Má tá measúnú an churaclaim Ghaeilge chun cur leis an bpróiseas teagaisc agus foghlama caithfidh an fhoireann teacht ar chomhréiteach faoi na huirlisí a úsáidfear sa scoil. Is mar sin a chinnteofar polasaí aontaithe measúnaithe agus cláraithe sa scoil. Isar an bpolasaí sin a bhunófar an tuiscint agus an bhrí a bhainfear as an eolas nuair a chuirfear ar fáil do na tuismitheoirí, don chéad mhúinteoir eile agus don chéad scoil eile é.
Eagrú na pleanála
Agus riachtanais na scoile do churaclam cumarsáideach na Gaeilge curtha san áireamh, tá sé tábhachtach díriú ar an eagrú a bheidh ag teastáil chun é a chur i gcrích. Is próiseas é seo a bhfuil comhoibriú phobal uile na scoile ag teastáil chuige—an príomhoide agus na múinteoirí agus, nuair a fheileann, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta.
Is cuid lárnach den phlean scoile í an phleanáil don Ghaeilge. Is féidir leis an mbord bainistíochta tacú le pé socruithe praiticiúla atá le déanamh a chabhróidh le curaclam cumarsáideach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa scoil taobh istigh de chúinsí eacnamaíocha an bhoird.
Agus an méid sin socraithe, ba cheart aitheantas a thabhairt do:
- ról an phríomhoide i bhforbairt plean chuimsithigh don Ghaeilge. Beidh an príomhoide agus na múinteoirí i gcomhairle lena chéile faoin bplean don Ghaeilge. Tabharfaidh an príomhoide ceannaireacht, tacaíocht agus spreagadh do na múinteoirí ina gcuid oibre chun go mbeidh an Ghaeilge taitneamhach agus go mbeidh na háiseanna teagaisc agus foghlama comhaimseartha úr
- dearcadh na múinteoirí agus an phríomhoide i leith na Gaeilge. Beidh dearcadh dearfach le cothú d’úsáid na Gaeilge i measc na bpáistí agus beifear ag súil le tacaíocht don dearfacht seo ó na tuismitheoirífreisin. Baineann tábhacht ar leith le dearcadh dearfach an mhúinteora. Téann an dearcadh sin i bhfeidhm go mór ar pháistí agus bíonn deathionchar aige ar dhul chun cinn an ranga. Ba chóir go mbeadh deiseanna ag na páistí a chloisteáil ag úsáid na Gaeilge sa scoil féin agus i dtimpeallacht na scoile
- spéis faoi leith ag múinteoir amháin sa Ghaeilge nó i múineadh agus i bhfoghlaim teangacha. Má tá an spéis seo ag múinteoir amháin beidh sé/sí ina f(h)oinse eolais do na múinteoirí eile. Cabhróidh sé/sí leo teacht ar leabhair, ar phóstaeir agus ar fhíseáin a fhoilsíonn eagraíochtaí éagsúla. Beidh a fhios aige/aici cá bhfuil fáil ar chatalóga agus ar fhoinsí ónar féidir ábhar teagaisc agus foghlama a cheannach
- múinteoir le speisialtacht ríomhaireachta. Beidh cúram ar an múinteoir seo eolas a roinnt faoina bhfuil le fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus conas ceangal leis an idirlíon agus le ríomhphost
- an plean fadtéarmach ina sprioc ag an múinteoir. Tá eolas le fáil sa churaclam faoin ábhar teagaisc agus foghlama, faoi na feidhmeanna teanga agus na téamaí do gach rangghrúpa. Beidh an tsraith leabhar a bheidh á húsáid tríd an scoil ainmnithe sa phlean
Ról na dtuismitheoirí i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge
Tá tábhacht thar cuimse ag baint le ról na dtuismitheoirí chun cabhrú le hobair na scoile. Is féidir leo dearcadh dearfach don Ghaeilge a chothú sna páistí agus tacaíocht a thabhairt d’obair na scoile agus d’obair an ranga. Cabhróidh siad trí thacaíocht a thabhairt d’imeachtaí Gaeilge sa scoil agus sa cheantar, trí chabhrú leis an obair bhaile, agus trí Ghaeilge a chleachtadh ar ócáidí áirithe sa bhaile. Mura bhfuil muinín ag na tuismitheoirí as a gcuid Gaeilge féin cuideoidh an scoil a chur ina luí orthu cé chomh tábhachtach is atá dearcadh dearfach. Is féidir na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:
- a thuiscint cé chomh tábhachtach is atá a ndearcadh sa bhaile. Is féidir an Ghaeilge a úsáid ar ócáidí faoi leith go rialta más féidir: am bricfeasta, am dinnéir nó ag dul a luí. Is féidir taifeadadh de scéalta agus d’amhráin a cheannach agus éisteacht leo in éineacht leis na páistí. D’fhéadfaí físeáin a cheannach agus féachaint orthu leis na páistí
- a bheith fabhrach d’obair na scoile agus d’úsáid na Gaeilge go neamhfhoirmiúil sa scoil agus sa cheantar. Ba mhaith an rud é dá mbeidís in ann freastal ar choirmeacha ceoil, ar dhrámaí nó ar gheamaireachtaí agus freagra a thabhairt don Ghaeilge a úsáidtear ag cluichí peile agus ar ócáidí poiblí eile
- na páistí ag cloisteáil na dtuismitheoirí ag labhairt Gaeilge leis na múinteoirí agus leis an bpríomhoide sa scoil más féidir leo, nó iad ag scríobh seic nó litreach as Gaeilge nó ag cur teachtaireacht ríomhphoist chuig cara. Ba leor an seoladh a scríobh as Gaeilge nó beannú as Gaeilge do chara ar an nguthán chun dearcadh dearfach a chothú sna páistí agus le go bhfeicfidís gur féidir an Ghaeilge a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh taobh amuigh den scoil
- féachaint le bealaí a fháil chun cabhrú le heagrú na leabhar nó na bhfíseán nó na ndioscaí don ríomhaire
- comhairle agus cabhair a thabhairt le cuairteanna ó scéalaithe áitiúla, ó amhránaithe, ó cheoltóirí nó ó pheileadóirí chun cabhrú le hatmaisféar taitneamhach don chultúr Gaelach a chruthú sa scoil
- tacú leis an scoil agus cabhrú le páistí a thabhairt chuig dráma Gaeilge, Slógadh nó feis sa cheantar ach a thuiscint nach bhfuil aon dualgas orthu é seo a dhéanamh.
Ábhar teagaisc agus foghlama don Ghaeilge
- An leabharlann mar fhoinse leabhar. B’inmholta dá mbeadh réimse leabhar Gaeilge agus téacsleabhar ina bhfuil eolas i nGaeilge chomh maith le leabhair scéalaíochta, drámaí agus filíochta le fáil sa leabharlann scoile. Is inti a bheadh teacht ar ábhar taitneamhach léitheoireachta, mar leabhair eolais, quizleabhair, oidis chócaireachta agus foclóirí do pháistí. Ba maith an rud leabhair léitheoireachta bhreise nach bhfuil á n-úsáid mar shraith oifigiúil na scoile agus irisí nó páipéir ghrinn a choimeád inti freisin.
- Acmhainní scoile. Eagrófar na háiseanna teagaisc agus foghlama i ngach scoil ar bhealach a oireann do na múinteoirí. Socrófar i ngach scoil cá gcoimeádfar na taifeadáin, na fístaifeadáin agus na ríomhairí. Is féidir caiséid, dlúthcheirníní, físeáin ghairmiúla, giotaí cóipeáilte ón teilifís, cláir ríomhaire, catalóga ó na foilsitheoirí, póstaeir mhóra ildaite agus cluichí boird b’fhéidir a choimeád le chéile.
- Cláir Ghaeilge ar Theilifís na Gaeilge, RTÉ, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus raidió áitiúla eile. D’fhéadfaí polasaí scoile a shocrú faoi úsáid na n-acmhainní seo. Tá raidhse clár do pháistí óga ar Theilifís na Gaeilge. Níl aon chóipcheart ag baint le giota de chlár a thaifeadadh ach gan dul thar chúig nóiméad. Is ábhar dílis é an t-ábhar seo go léir ó na meáin, agus ba ghá do na múinteoirí tascanna bunaithe ar na cláir a ghrádú. Bíonn ábhar dílis mar seo úsáideach mar spreagadh do cheacht comhrá nó do sceitse.
- Scéalaithe, amhránaithe, filí agus ceoltóirí áitiúla ar cuairt chun na scoile. Is féidir béaloideas, tarlúintí stairiúla agus nósanna áitiúla a cheangal leis an nGaeilge. B’fhéidir go mbeadh tuismitheoirí nó na cuairteoirí thuasluaite sásta cuid den tallann atá acu a roinnt leis na páistí.
- Áiseanna teagaisc. Tá seoltaí na n-eagraíochtaí ónar féidir ábhar teagaisc agus foghlama a cheannach le fáil i Roinn 6 de na treoirlínte seo. Táthar ag súil go gcuirfear acmhainní breise ar fáil do gach rang-ghrúpa diaidh ar ndiaidh. Beidh an t-ábhar taifeadta (caiséid agus físeáin) nó ríomhaireachta réamhullmhaithe agus comhtháite leis an ábhar comhrá, léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Beidh na múinteoirí in ann an t-ábhar seo a chur in oiriúint dá ranganna féin.