Primary Schools

Labhairt

Tá léiriú cuimsitheach sna straitéisí teagaisc agus foghlama agus sna ceachtanna samplacha roimhe seo i Roinn 5 ar conas labhairt na Gaeilge a fhorbairt.

Ar fhágáil na bunscoile beidh an páiste in ann feidhmiú as Gaeilge trí labhairt faoi na topaicí a bhfuil spéis aige/aici féin iontu. Beidh sé/í in ann é/í féin a chur in iúl. Beidh sé/í in ann labhairt le daoine a bhuaileann leis/léi i suímh dhifriúla, go háirithe le páistí eile agus leis an múinteoir sa seomra ranga, sa scoil agus sa Ghaeltacht, i siopaí agus i mbialanna. Beidh úsáid an teileafóin agus na meán cumarsáide ar a c(h)umas freisin.

Beifear ag súil go mbeidh páistí na mbunscoileanna go léir in ann na cuspóirí sin a chomhlíonadh ag leibhéal a oireann dá gcúinsí féin. Caithfear a bheith réalaíoch faoin méid a bhfuiltear ag súil leis ó pháistí. Is féidir le páiste é/í féin a chur in iúl le teanga shimplí. Is féidir eolas a lorg le ceist shimplí agus eolas a thabhairt le freagra gairid freisin. Is féidir brí a chur in iúl le tuairisc ghonta nó cur síos a dhéanamh le habairtí sothuigthe. Má tá páiste in ann teanga níos saibhre a úsáid beidh an tsaoirse sin aige/aici.

Comhtháthú

Beidh na ceithre scil éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh fite fuaite le chéile agus ag tacú lena chéile. Mar shampla, tiocfaidh cuireadh chuig cóisir trí chomhrá teileafóin agus breacfaidh an páiste nóta den dáta agus den am. Scríobhfaidh nó léifidh sé/sí cárta buíochais i gcomhair bronntanais a fuair sé/sí ag cóisir a bhí ag an rang san imirt i rólanna. Mar sin féin beidh an bhéim ar scil amháin seachas na cinn eile ó am go ham.

Cén fáth a labhraímid?

Labhraímid go príomha chun

  • cumarsáid a dhéanamh
  • aird an mhúinteora a tharraingt agus aire a fháil
  • muid féin a chur in iúl do dhaoine eile
    tuairimí, mianta, mothúcháin a nochtadh gan eagla
  • eolas a lorg agus a roinnt
    faoi thopaicí agus faoi théamaí a bhfuil spéis againn iontu
  • cairdeas a dhéanamh agus a choimeád ar siúl
    tuiscint ar rólanna éagsúla sa chomhrá nó sa ghníomh cumarsáide: páistí, daoine fásta, buachaillí, cailíní, comharsana, strainséirí
  • glao teileafóin a dhéanamh
    teachtaireacht a thabhairt agus eolas a lorg
  • eolas a chur ar theanga nua—is tríd an nGaeilge a labhairt a thiocfaidh na foghlaimeoirí isteach uirthi.

Céard faoi a labhraímid?

Tá deich gcinn de théamaí rianaithe don bhunscoil. Beidh na téamaí sin roinnte ina dtopaicí agus beidh leibhéil éagsúla chumais i gceist, ó rang go rang agus ó scoil go scoil. Chomh maith leis na téamaí sin beidh ábhair eile chainte á bplé ó am go chéile. Caithfidh an múinteoir a bheith ar an eolas faoi na hathruithe in ábhair spéise na bpáistí trí éisteacht leo ag spraoi sa chlós agus ag am sosa sa seomra ranga, nó trí shuirbhé a dhéanamh nuair atá siad in ann chuige sin.

Conas a labhraímid?

Tá straitéisí áirithe ann a chabhraíonn le cainteoirí cúiteamh a dhéanamh nuair nach mbíonn siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh sa chéad teanga. Is féidir le múinteoir iad a chur ar na súile d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge mar dhara teanga agus iad a chleachtadh nuair nach féidir leo teacht ar gach focal díreach mar ba mhaith leo. B’fhearr don mhúinteoir na foghlaimeoirí a thraenáil chun dul sa seans leis an gcumarsáid seachas fanacht go dtí go mbeidís cinnte nach ndéanfaidís botún.

Straitéisí cumarsáide d’fhoghlaimeoirí

  • geáitsí, leis an gceann nó an lámh
    méar a shíneadh, ceann a chlaonadh nó a chroitheadh
  • mím de rud atá i gceist
  • tosú arís
    Ní hea, tosóidh mé arís!
  • cabhair a lorg ón éisteoir
    Céard é an focal sin arís?
    Céard a thugtar ar an rud ...?
  • malartú le focal eile nó comhchiallach
  • cur síos ar ghnéithe an ruda nuair nach féidir é a ainmniú
    Tá sé mór agus dearg. Tá sé déanta as ...
  • Tá an focal ‘rud’ in úsáid mar fhocal cúitimh rómhinic le tamall ach déanfar iarracht cabhrú leis na páistí teacht ar an bhfocal ceart.
  • focal a chumadh
    focal bunaithe ar fhocail atá ann cheana: ciceáil, ‘jumpáil’
  • Gaeilge bhriste
    focal Gaeilge in abairt Bhéarla
    focal Béarla in abairt nó i bhfrása Gaeilge
  • an focal Gaeilge a úsáid gan é a infhilleadh
    sa tuiseal ginideach
    sna haimsirí éagsúla

Labhairt na teanga

Sa Ghaeltacht is í an Ghaeilge an chéad teanga. Tá sí ag teastáil ó na páistí chun iad féin a chur in iúl do dhaoine eile sa bhaile, sa scoil, agus sa tsráid. Tá siad in ann a gcuid mothúchán agus mianta a chur in iúl i nGaeilge agus spraoi le samhlaíocht trí Ghaeilge. Sna scoileanna lán-Ghaeilge tá Gaeilge ag teastáil ó na páistí i gcomhthéacs na scoile mar ghnáthchaint, sa chlós do chluichí agus in áiteanna atá ceangailte le saol na scoile: seirbhísí eaglasta, an siopa, feis, féile drámaíochta nó Slógadh.

Sna scoileanna eile bíonn Béarla ag na páistí ar theacht ar scoil dóibh. Níl gá acu leis an dara teanga chun iad féin a chur in iúl ná a gcuid mianta a chomhlíonadh. Caithfidh an múinteoir an gá sin a chruthú sa seomra ranga agus sa scoil gach lá. Ní féidir le páistí beaga fanacht go dtí go mbeidh turas go dtí an Ghaeltacht acu. Caithfidh an múinteoir iad a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach lá i gcomhthéacsanna réalaíocha sa seomra ranga. Tabharfar treoracha an cheachta Ghaeilge as Gaeilge. Cruthófar gá le Gaeilge i bhfoirm cluichí teanga, imirt i rólanna, úsáid puipéad, gníomhaíochtaí teanga, suímh, agus drámaí.

Cumarsáid

Tá an bhéim sa churaclam seo ar chumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge, ag úsáid na gceithre scil teanga. Tá sé i gceist go mbeidh na topaicí comhaimseartha agus na háiseanna is nua-aimseartha á n-úsáid ag an múinteoir chun go mbainfidh an páiste taitneamh as foghlaim na Gaeilge agus chun é/í a spreagadh. Beidh saoirse ag an múinteoir pé modheolaíocht a oireann dó/di nó dá rang agus don tréimhse den cheacht a úsáid, agus déanfaidh sé/sí iarracht ábhar teagaisc agus foghlama spreagúil a thabhairt isteach sa rang. Táthar ag súil go gcabhrófar leis an bpáiste tuiscint a fháil ar fheidhm na scileanna teanga go léir chun cabhrú leis/léi cumarsáid iomlán a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie