Primary Schools

Ceachtanna samplacha

Aonad teagaisc agus foghlama

Taispeántar anseo conas aonad teagaisc agus foghlama a bhriseadh síos agus ceacht indéanta a phleanáil. Tugtar cúig cheacht shamplacha chun leanúnachas agus raon modhanna múinte a thaispeáint. Tá cuid den teanga chéanna á húsáid arís agus arís iontu. Bíonn tasc nó gníomhaíocht le déanamh, cluiche le himirt, nó úsáid éigin le baint as an teanga i ngach ceacht. Feictear conas an foclóir, na feidhmeanna teanga, na téamaí agus ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim a fhí le chéile.

Leagan amach na gceachtanna

Roinntear an ceacht ar thrí thréimhse cumarsáide ina ndéantar ullmhúchán don tasc, ansin úsáidtear an teanga sin chun an tasc a dhéanamh. Féachtar siar ar an tasc agus déantar anailís ar an teanga a úsáideadh. Bíonn an múinteoir réidh chun na botúin a cheartú trína thuilleadh cleachtaidh nó trí thasc nua a thabhairt don rang. Tá na ceithre scil teanga comhtháite lena chéile chomh fada agus is féidir.

Taispeántar freisin conas an teanga a úsáideadh sna tascanna nó sna cluichí teanga a úsáid arís i suíomh nua. Tá sé tábhachtach go mbeidh an páiste in ann an teanga a ghinearálú agus a thraschur go dtí suíomh eile. Feictear freisin gur féidir an measúnú a cheangal go minic leis an bpleanáil.

Tuiscint na teanga

Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil éagsúlachtaí cumais i measc ranganna naíonán ar fud na tíre. Tá anéagsúlacht i measc na bpáistí sin. Má luaitear cluiche nó tasc sna nótaí anseo is féidir béim a chur ar thuiscint na teanga le páistí áirithe agus is féidir dul chomh fada le cumarsáid le páistí eile. Beidh páistí áirithe in ann an cluiche a imirt, ag léiriú le geáitsí go dtuigeann siad teanga an mhúinteora, ach beidh páistí eile in ann páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa chluiche nó sa ról atá le himirt.

Úsáid na teanga

Cé go mbíonn béim ag gach leibhéal ar thuiscint na teanga, tá sé tábhachtach dul ar aghaidh go dtí úsáid na teanga le formhór na bpáistí. Is tríd an úsáid a fhoghlaimíonn an páiste an teanga, agus caithfear deis úsáide a sholáthar dó/di i rith an cheachta Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh an páiste ar a s(h)uaimhneas agus gan faitíos air/uirthi dul sa seans leis an rud atá sé/sí ag iarraidh a rá, a léamh nó a scríobh.

PDFAonad teagaisc agus foghlama do ranganna na naíonán
PDFAonad teagaisc agus foghlama do ranganna 1 agus 2
PDFAonad teagaisc agus foghlama do ranganna 3 agus 4
PDFAonad teagaisc agus foghlama do ranganna 5 agus 6
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie