Primary Schools

Éisteacht

Cé go mbeidh an éisteacht á forbairt in éineacht leis na scileanna eile, agus go háirithe leis an gcaint i gcomhthéacs na cumarsáide, is fiú tabhairt faoi mhúineadh na héisteachta mar scil inti féin. Tá sé tábhachtach go mbeidh cuspóir cinnte ag an bpáiste gach uile uair a n-éisteann sé/sí le téacs éisteachta sa rang, pé acu i gcomhair pléisiúir nó i gcomhair eolais é. Más eolas atá ag teastáil ó dhuine is féidir éisteacht go cúramach, mar a dhéantar nuair a ghlaotar ar an amchlár traenach. Más pléisiúr an aidhm ní gá ach suí siar agus éisteacht le hamhrán nó le píosa ceoil. Is féidir freisin iarraidh ar pháistí gan ach cnámha an scéil a thuiscint nó rudaí ginearálta a aimsiú i scéal. I gcomhthéacs na cumarsáide ní gá go dtuigfeadh an páiste gach focal ach go dtuigfeadh sé/sí cnámha an scéil nó an phíosa nuachta.

Tá deacracht ag baint le téacs éisteachta nach mbaineann le téacs léitheoireachta. Mura gcloiseann an páiste an teachtaireacht ní féidir dul siar agus í a dheimhniú, rud is féidir le leabhar. Caithfidh sé/sí éisteacht go cúramach nó iarraidh ar an múinteoir athrá a dhéanamh. Ní féidir é sin a dhéanamh leis an raidió, ach is féidir taifeadadh a sheinm an athuair. Tá scil na héisteachta níos deacra ná mar a shíltear.

Traenáil i scil na héisteachta

  • Scil na héisteachta a bheidh á forbairt seachas an phríomhbhéim a bheith ar scrúdú iaréisteachta amháin.
  • Déanfar muinín a chothú sna páistí chun go dtabharfaidh siad faoi ábhar éisteachta le fonn.
  • Tabharfaidh an múinteoir faoi ábhar éisteachta gan a bheith ag súil go dtuigfidh na páistí gach focal.
  • Spreagfaidh an múinteoir na páistí a bheith bródúil as a gcumas éisteachta agus tuisceana mar chuid thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge.

Ó thaobh foghlaim teanga de tá dhá chineál éisteachta i gceist: éisteacht fhoirmiúil agus éisteacht neamhfhoirmiúil.

Éisteacht neamhfhoirmiúil

Bíonn an Ghaeilge á húsáid ag an múinteoir go teagmhasach neamhfhoirmiúil. Bíonn na páistí ag éisteacht leis an nGaeilge seo, agus á tuiscint ón gcomhthéacs. Bíonn na páistí ag sú na teanga isteach i ngan fhios dóibh féin.

Éisteacht fhoirmiúil

Is í seo an traenáil a thugann an múinteoir do na páistí trí cheachtanna éisteachta a ullmhú chun an scil a fhorbairt go foirmiúil. Múineadh agus foghlaim scil na héisteachta atá i gceist anseo. Is bunphrionsabal é go mbeadh na páistí in ann éisteacht le Gaeilge á labhairt go nádúrtha lena chéile i gcomhrá, nó ar an raidió nó an teilifís ar ball. Caithfear iad a thraenáil i gceacht foirmiúil éisteachta chun go mbeidh siad in ann an teachtaireacht atá uathu féin a bhaint as téacs éisteachta.

Modh múinte samplach don éisteacht

Déantar cleachtadh ullmhúcháin roimh ré agus ansin seinntear an taifeadadh dóibh. Trí na gníomhaíochtaí a bhíonn le déanamh acu roimh an éisteacht, lena linn agus ina dhiaidh, bíonn fócas nó fáth ag na páistí le héisteacht go cúramach chun na freagraí a fháil. Má sheinneann an múinteoir an téacs gan aon ullmhúchán ní bheidh fócas ag na páistí. Má ullmhaíonn an múinteoir na páistí bainfidh siad i bhfad níos mó taitnimh as an téacs, agus tiocfaidh siad isteach de réir a chéile ar na glórtha difriúla agus ar na straitéisí éagsúla a chabhróidh leo éisteacht go neamhspleách.

Is féidir an ceacht a roinnt ina thrí chuid:

  • gnáthéisteacht, nó an bhrí ghinearálta a fháil ar dtús
  • eolas faoi leith a lorg
  • eolas mion a lorg.

Comhrá taifeadta

Cynthia: Haigh, a Dhónaill!
Dónall: Ó, haló, a Cynthia!
Cynthia: Tá an bus déanach.
Dónall: Is cuma liom! An bhfaca tú ‘Star Wars’ aréir?

Ceisteanna réamhéisteachta

  • Réamhcheist shamplach roimh an gcéad éisteacht:

Éist agus abair cé mhéad duine atá ag caint.

Cuirtear ceist dheimhnithe, agus ainmnítear páiste:

Cad í an cheist, a Mháire?

Ansin éisteann na páistí leis an téip, agus ag deireadh an phíosa éisteachta téann an múinteoir siar agus deimhníonn sé/sí an freagra.

Cé mhéad ... a Sheáin ...
a Phádraig?
Lámha suas ... beirt, triúr, beirt ...
Sea, ceart.

  • Roimh an chéad éisteacht eile cuirtear réamhcheist eile:

Ainmnigh an buachaill agus ainmnigh an cailín.

Cuirtear ceist dheimhnithe arís chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil a fhios ag na páistí cén fáth a bhfuil siad ag éisteacht.
Seinntear an téip. Éisteann na páistí. Stoptar an téip.
Cuirtear an cheist arís, agus deimhnítear an freagra le páistí difriúla.

Dónall agus Cynthia.

  • Éiríonn na ceisteanna níos deacra de réir a chéile ach is roimh éisteacht a chuirtear i gcónaí iad.

Cad tá déanach? Éistigí.
Cad a dúirt Cynthia? Éistigí anois.
Cad a dúirt Dónall? Éistigí go cúramach.

Ceisteanna agus gníomhaíochtaí i rith éisteachta

  • Ceisteanna ‘fíor nó bréagach’
    (F nó B)
    Cuir tic sa bhosca.
  • Rogha idir dhá rud nó duine.

Iarcheisteanna nó ceisteanna tar éis éisteachta

  • Ceisteanna cuimhne
    Cén t-ainm atá ar an mbuachaill?
    Cén t-ainm atá ar an gcailín?
    Cá bhfuil na páistí (meas tú)?
    Cá bhfuil na páistí ag dul (meas tú)?

Gníomhaíochtaí éisteachta

Éisteacht agus rud le déanamh

  • Teanga an tseomra ranga: na briathra go léir a mhúineadh trí orduithe agus treoracha bainisteoireachta an ranga.
    Tar isteach; suigh síos; seasaigí suas.
    An dtiocfá aníos go dtí an bord, a Mháire?
    Bígí ag súgradh ar feadh cúig nóiméad!
    Iompaigh thart/cuirigí suas bhur
    lámha/ná bí ag glaoch os ard.
  • Gníomhaíochtaí a bhaineann le modh na lánfhreagartha gníomhaí
    Téigh go dtí an doras, oscail é, féach amach ...
    Seas suas, rith go dtí an fhuinneog, tóg an planda, agus siúil ar leathchois go dtí an doirteal leis agus cuir uisce air ...
    Seo duit banana. Bain de an craiceann, ith leath de, tabhair an leath eile do Cháit.
    Seo duit banana, cuir glao teileafóin ar an dochtúir.
  • Mím a dhéanamh le scéal a chloistear
    Tá an lá go deas. Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Táimid ag siúl in aice na farraige; níl aon fhuaim eile le cloisteáil ach an t-uisce. Ó, céard é sin? Tá sé taobh thiar den charraig thall ansin. Iasc mór atá ann. Éist leis an torann a dhéanann sé. Meas tú an bhféadfaimis snámh in éineacht leis? Seo ag snámh sinn, suas is síos, sall is anall. Nach bhfuil sé seo go deas?
  • Éist agus tarraing: Cluiche anúsáideach chun na páistí a chur ag caint agus ag éisteacht lena chéile.
    An múinteoir: Tugann sé/sí treoracha don rang ar dtús chun an foclóir a mhúineadh, na páistí ag tabhairt treoracha don mhúinteoir ansin.
    Obair bheirte: Duine ag tabhairt treoracha agus an duine eile ag tarraingt pictiúir shimplí den fhoclóir atá ar eolas acu. Múintear réamhfocail agus dobhriathra freisin:
    ar an, sa, thuas, thíos
    Páiste A: Tarraing bosca nó cearnóg, tarraing bosca beag ar clé, cuir bosca eile ar dheis (sin iad na fuinneoga). Tarraing doras idir na fuinneoga, cuir díon ar an teach. Tarraing simléar ar an taobh clé, tarraing madra ina shuí ag an doras, ar an taobh deas; ní hea; is ea. Páiste B: Mar seo? Cén áit? Anseo? Róbheag, rómhór? Fuinneog mhór nó bheag?
  • Fuaimeanna na Gaeilge a mhúineadh ag leibhéal ard go leor i scoileanna T2 agus ó na meánranganna sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge.
    Cuir suas do lámh nuair a chloiseann tú an fhuaim /t/ (= t) i bhfocal
    nó /x/ (= ch leathan)
    Ansin deir an múinteoir sraith fuaimeanna:
    tiocfaidh, tá, tirim, trí ... chan, cearc, císte, chuaigh, carr, cheannaigh, sa charr
    Cuireann na páistí suas a lámha nuair a chloiseann siad
    tá, chan, chuaigh agus charr
  • Éisteacht i gcomhair eolais
    Éisteacht agus rudaí a aithint
    Rogha a dhéanamh as trí rud ó chur síos ar cheann acu
    Éisteacht agus an rud corr nó an botún a aithint
    Tá an múinteoir ag cur síos ar phictiúr sa leabhar agus na páistí ag aithint na mbotún a dhéanann sé/sí d’aon ghnó
    Éisteacht agus rudaí a chur in ord
    Na pictiúir i gcomhair cupán tae, nó oideas éigin, nó glao teileafóin a dhéanamh; éisteacht leis an téip agus na pictiúir a chur in ord
    Ceistiúcháin
    Ceann simplí ranga cumtha ag an múinteoir ar dtús agus ansin cinn shimplí phearsanta, páiste A agus páiste B ag léamh nó ag caint agus ag éisteacht
    Éisteacht agus dathú
    Pictiúir as leabhar atá acu go léir, an múinteoir ag glaoch amach na dtreoracha.
    Cuir dath dearg ar an díon
    Cuir dath gorm ar an spéir
    Cuir dath corcra ar an doras
    Dathaigh na crainn.
    Éisteacht agus eolas atá in easnamh a chur isteach
    Éisteacht le rann nó le dán agus an focal deireanach sa líne a chur isteach
    Éisteacht le scéal agus focail a chur isteach sa scéal
    Éisteacht agus focal a chur isteach ar ghreille nó ar amchlár
    Éisteacht agus athrá
    Rainn, amhráin, druileanna gramadaí nó fuaimeanna
    Éisteacht agus rann nó dán a athrá de réir a chéile
    Éisteacht le scéal agus giotaí de a athrá nó an scéal a chríochnú.

Éisteacht go neamhspleách

  • Má tá téipeanna ar fáil sa chúinne ciúin beidh na páistí féin in ann leabhar agus taifeadadh de scéal nó d’amhrán a fháil agus éisteacht leo ar son pléisiúir, gan chabhair ón múinteoir.
    ‘An Chircín Bheag Rua’ agus scéalta mar é
  • Is í an éisteacht neamhspleách is tábhachtaí ag leibhéal níos airde. Is féidir éisteacht le hábhar dílis agus le hábhar fodhílis atá níos simplí, le téipeanna nó le físeáin a rinne an múinteoir nó a ceannaíodh.
    scéalta, nuacht, an aimsir, tráchtaireacht ar chluichí
    giota eolais atá spéisiúil, cláir faoin dúlra agus faoin nádúr
    amhráin ghreannmhara agus na focail scríofa leo, amhráin tíre ó na ceantair Ghaeltachta.

Canúintí agus feasacht teanga

  • Éisteacht le hábhar dílis ar TG4 agus rian an Bhéarla tríd an nGaeilge a aimsiú agus a phlé. (Ná dearmad rian na Laidine ar Ghaeilge na heaglaise: altóir, easpag, sagart, cill.)
    Tá sé suas agat féin. Céard tá thuas? Misseálfaidh mé thú. Mhisseáil mé thú. Cén saghas caper é sin?
  • Éisteacht le hábhar taifeadta ó na ceantair Ghaeltachta
    Tuiscint bhunúsach a fháil ar fhuaimniú na Gaeilge.
    Úsáid focal difriúil sna ceantair dhifriúla Ghaeltachta a thuiscint:
    an sáipéal/teach pobail
    an tórramh/an tsochraid
    scornach/sceadamán/muineál
    barraicín/méaracha na coise
    páirc/buaile/garraí/gort
    cnoc/tulach/carcair.

Feasacht cultúir

  • Éisteacht le scéalta, le seanchas agus le béaloideas na hÉireann á n-insint ag an múinteoir nó ag scéalaí áitiúil a thagann ar cuairt chuig an rang nó le hábhar taifeadta nó ar fhíseán
  • Éisteacht le ceol dúchais na hÉireann, agus na huirlisí ceoil difriúla a aithint agus na cineálacha éagsúla ceoil a aithint
    an bosca ceoil, an veidhlín, an bodhrán, an píb uilleann
    ríl, port, cornphíopa, sleamhnán
    amhrán grá, amhrán brónach, amhrán sean-nóis, amhrán ceol tíre nua-chumtha
  • Éisteacht ag féilte náisiúnta drámaíochta
    Slógadh,
    an Fhéile Scoildrámaíochta,
    Scór,
    an tOireachtas: Lá na nÓg.

Cuspóir na ngníomhaíochtaí éisteachta

Nuair a éisteann páistí ar scoil is é an múinteoir a shocraíonn an fáth a bhfuil siad ag éisteacht le téacs áirithe. Is é an aidhm atá le traenáil i scil na héisteachta ná go mbeidh na páistí féin in ann éisteacht le pé rud a bhfuil spéis acu féin ann agus ar ball go gcruthóidh siad féin an fáth le go mbeidh siad ag éisteacht.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie