Is iomaí bealach atá ann chun freastal ar na slite éagsúla ina sealbhaíonn páistí teanga agus ar na rátaí éagsúla foghlama atá acu. Tá sé i gceist i múineadh na Gaeilge an chuid is fearr de na straitéisí agus na modhannamúinte aithnidiúla a úsáid ach an bhéim a bheith ar fhorbairt chumas cumarsáide an pháiste—is é sin go mbeidh an chumarsáid ina cuid lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama. Tugtar fráma tagartha modheolaíoch chun an chumarsáid a chur chun cinn sa seomra ranga. Tugtar straitéisí múinteoireachta agus ceachtanna samplacha anseo ina bhfuil na snáitheanna Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht comhtháite le chéile, ina dtaispeántar an úsáid is féidir a bhaint as an ábhar teagaisc agus foghlama sa churaclam.
- Tá cur síos sa roinn seo de na treoirlínte ar chur chuige atá cumarsáideach agus ar an gcaoi a bhfuil gach cuid den cheacht chomh cumarsáideach agus is féidir. Sa struchtúr don cheacht cumarsáideach, tá trí thréimhse: an tréimhse réamhchumarsáide, ina ndéantar cleachtadh agus gníomhaíochtaí réamhchumarsáide; an tréimhse cumarsáide, ina ndéantar tascanna agus idirghníomhú sóisialta; agus tréimhse iarchumarsáide, ina ndéantar anailís ar an teanga agus féachaint siar ar na gníomhaíochtaí. Tá cur síos ar na modhanna múinte is aithnidiúla, curtha in oiriúint chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt. Beidh siad le húsáid go háirithe ag tús an cheachta i rith ionchuir an mhúinteora agus na ngníomhaíochtaí réamhchumarsáide.Rianaítear na straitéisí chun an chumarsáid a fhorbairt, ina measc agallaimh, imirt i rólanna, tascanna, cluichí agus gníomhaíochtaí cumarsáide, a bheidh le húsáid go háirithe i dtréimhse cumarsáide an cheachta.
- Tá cur síos ar scéalaíocht agus ar fhilíocht mar ionchur saibhir teanga agus mar fhoinse litríochta agus feasacht cultúir.
- Cé go moltar iad a mhúineadh ar bhealach comhtháite, tá foscileanna agus straitéisí faoi leith a bhaineann le gach ceann de na scileanna teanga:
- éisteacht
- labhairt
- léitheoireacht
- scríbhneoireacht.
- Tugtar ceachtanna samplacha ina bhfuil na modhanna múinte agus na straitéisí teagaisc agus na gníomhaíochtaí cumarsáide fite fuaite lena chéile.
- Tá measúnú ceangailte leis an obair sa seomra ranga faoin rannóg Ag féachaint go géar ar obair an pháiste.