Primary Schools

Gaeilge

Foramharc

Cuirtear an curaclam Gaeilge i láthair in dhá mhír ar leith: an chéad cheann do scoileanna Béarla, agus an dara ceann do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Sna scoileanna Béarla, tá an curaclam deartha chun páistí a chur ar a gcumas inniúlacht chumarsáideach a fhorbairt i nGaeilge ar bhealach taitneamhach. Treisíonn sé aitheantas cultúrtha an pháiste chomh maith trí ghníomhachtaí a spreagann feasacht chultúrtha.

I scoileanna lán-Ghaeilge, tá an curaclam Gaeilge deartha sa dóigh go mbeidh páistí ábalta ceannsmacht níos fearr a fhorbairt ar an teanga, i mbealach ina ndéantar a bhforbairt intleachtach, mhothúchánach agus shamhlaíoch a threisiú. Tacaíonn sé lena gcuid foghlama i réimsí eile den churaclam chomh maith.

Áirítear ar na buntáistí a bhíonn ag páistí má bhíonn siad dátheangach ag aois óg go bhforbraítear a bhféinmhuinín, bíonn dearcadh níos fearr acu maidir le foghlaim teanga, agus bíonn solúbacht chognaíoch níos fearr acu.

Úsáidtear an cur chuige cumarsáideach tasc-bhunaithe céanna sa dá mhír, ina mbíonn deiseanna ag páistí Gaeilge a úsáid i raon comhthéacsanna agus do chuspóirí difriúla. Bíonn téamaí agus topaicí bunaithe ar shuimeanna agus riachtanais na bpáistí.

Teanga: Gaeilge

Sa churaclam Gaeilge, déantar na ceithre shnáithe éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a chomhtháthú. Déantar na snáitheanna seo a fhoroinnt i snáithaonaid cosúil le Ag cothú spéise, Ag tuiscint teanga agus Ag úsáid teanga. Is féidir iad seo a fhoroinnt arís isteach i Cumas agus muinín agus Samhlaíocht agus mothúchán. Cuireann an curaclam feasacht teanga agus chultúrtha araon chun cinn.

Sna ranganna go léir, tá an bhéim curtha ar an bpáiste a bheith gníomhach maidir le Gaeilge a úsáid, agus ar na ceithre scil teanga a fhorbairt. Tá an curaclam páistelárnach seachas a bheith teangalárnach. Úsáidtear roinnt straitéisí chun inniúlacht chumarsáideach an pháiste a fhorbairt. Áirítear orthu seo ról-imirt, cluichí teanga, tascanna agus fadhbanna, cleachtaí, drámaíocht, físeáin, scéalta, agus filíocht. I dteagasc léitheoireachta, cuirtear cur chuige litearthachta éirithí chun cinn, a chuireann béim ar fhorbairt chumas ginearálta teanga an pháiste mar bhonn do rath i léitheoireacht agus scríbhneoireacht.

Foilseacháin ón CNCM a bhaineann le hábhar

Teanga: Gaeilge (Curaclam na Bunscoile ar líne) (1999)
Teanga: Treoirlínte do Mhúinteoirí Gaeilge (Curaclam na Bunscoile ar líne) (1999)

Chun féacháint ar fhormáid PDF na gcáipéisí seo nó chun iad a íoslódáil:
Teanga: Curaclam na Gaeilge (1999) (PDF, 595KB)
Teanga: Treoirlínte do Mhúinteoirí (1999) (PDF, 2.6MB)

Dréacht-Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí le Mion-Mhíchumais Ghinearálta Foghlama,Bunscoil, Gaeilge: Teanga agus Cultúr

Naisc Ghaolmhara

An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie