Forbhreathnú
Dearadh an curaclam Béarla chun eispéireas teanga a chur ar fáil do leanaí a chomhtháthaíonn an teanga labhartha, an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht. Nótálann an Curaclam Béarla go bhfuil an teanga fíorthábhachtach sa phróiseas foghlama. Foghlaimíonn leanaí faoi theanga agus foghlaimíonn siad trí theanga.
Tá an teanga labhartha an-tábhachtach tríd an gcuraclam ar fad, toisc go bhfuil sí lárnach do chumas ginearálta teanga an linbh a fhorbairt. Spreagtar agus cothaítear caint agus plé i ngach réimse den churaclam. Trí ghníomhaíocht chainte na leanaí
- forbraítear a gcumas cumarsáid a dhéanamh agus teanga a úsáid go sóisialta
- forbraítear scileanna cognaíocha
- forbraítear scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta
- saibhraítear a n-éispéireas teanga agus a gcumhachtaí samhlaíocha.
Tá an cur chuige curtha i láthair i ndáil leis an léitheoireacht i gCuraclam an Bhéarla bunaithe ar eispéireas comhtháite teanga. Ó na blianta is luaithe ba cheart go mbeadh taithí ag leanaí ar thimpeallacht atá saibhir le hábhar i gcló agus ba cheart go mbeadh fáil éasca acu ar leabhair. De réir mar a fhorbraíonn cumas léitheoireachta,
- léann leanaí don phléisiúr agus chun eolas a fháil
- foghlaimíonn siad conas leabhair a aimisiú agus a úsáid do réimse leathan críocha
- forbraíonn siad scileanna tuisceana den ord níos airde
- foghlaimíonn siad conas léamh do chríocha feidhmiúla agus sóisialta.
Forbraítear an cumas scríobh go soiléir agus go tromchiallach trí phróiseas na scríbhneoireachta. Bíonn an deis ag leanaí
- bheith ag scríobh chun críocha éagsúla, do lucht léite éagsúla agus i réimse leathan seanraí
- an cumas a fhorbairt a gcuid scríbhneoireachta féin a cheartú, trí éispéireas leanúnach i ndréachtadh, eagarthóireacht agus athdhréachtadh
- máistreacht a fháil ar chonbhinsiúin na gramadaí, an litrithe agus na poncaíochta agus de réir a chéile beidh siad ina scríbhneoirí neamhspleácha.
Trí úsáid a bhaint as réimse leathan de ghléasanna measúnaithe, is féidir leis an múinteoir dul chun cinn an linbh i bhforbairt na teanga a mheas ag gach céim, d’fhonn aon deacrachtaí a aithint a luaithe agus is féidir agus an tacaíocht chuí a sholáthar chomh maith.
Stádas reatha
Cuireadh tús le cur i bhfeidhm Curaclam an Bhéarla ag múinteoirí sna bunscoileanna tar éis in-seirbhís náisiúnta sa scoilbhliain 2001/2002. Tugann an tseirbhís Cuiditheoireacht arna soláthar ag an gClár um Thacaíocht don Churaclam Bunscoile (PCSP) tacaíocht do mhúinteoirí agus do phríomhoidí agus an cur i bhfeidhm ar bun acu.
Chomhlánaigh an CNCM athbhreithniú ar Churaclam an Bhéarla i scoileanna agus foilsíodh é i Mí na Bealtaine 2005. Ag eascairt as an athbhreithniú seo, d’fhorbair an CNCM Ábhar Tacaíochta Breise a leagann Curaclam an Bhéarla amach athuair faoi na snáitheanna seo: an teanga labhartha, an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht. Foilsíodh an t-ábhar breise seo agus seoladh chuig gach scoil é go luath sa bhliain 2006.
Foilseacháin a bhaineann le hábhar
Teanga: English Curriculum (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Teanga: English, Teacher Guidelines (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Íoslódáil doiciméid an churaclaim Bhéarl mar chomhaid PDF:
Teanga: English Curriculum (1999) (PDF, 311KB)
Teanga: English Teacher Guidelines (1999) (PDF, 1.8MB)
English: Additional Support Material. Structure of the English Curriculum 2005 (2005, PDF, 5.2 MB)
Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do scoileanna
Treoirlínte do mhúinteoirí ag múineadh páistí a bhfuil riachtanais ghinearálta foghlama orthu (áis ar líne)
English as an Additional Language in Irish Primary Schools: Guidelines for Teachers (2005, 4.8 MB)
Naisc Ghaolmhara
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile, Céim 1.
Athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile, Céim 2
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna