Foramharc
Cuireann Corpoideachas deiseanna foghlama trí mhéan na gluaiseachta ar fáil do pháistí, agus cuireann sé lena bhforbairt iomlán trí chabhrú leo saolta iomlána, gníomhacha agus sláintiúla a leanúint. Soláthraíonn an Curaclam Corpoideachais raon cothromaithe gníomhaíochtaí do pháistí agus spreagann sé scoileanna chun cur chuige solúbtha a ghlacadh agus iad i mbun pleanála don Chorpoideachas.
Curaclam Corpoideachais
Tá sé shnáithe san áireamh sa Churaclam Corpoideachais:
- Lúthchleasíocht
- Damhsa
- Gleacaíocht
- Cluichí
- Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
- Oiliúint uisce
Tá raon leathan gníomhaíochtaí sa snáithe lúthchleasaíochta lena n-áirítear rith, léim, agus caitheamh. Tugann na gníomhaíochtaí seo dúshláin aonair do na páistí agus spreagann sé iad chun páirt a ghlacadh i gcineálacha cur chuige níos foirmiúla maidir le lúthchleasaíocht ina bhforbairt fhisiciúil níos faide anonn.
Leis an rince sa Churaclam Corpoideachais spreagtar na páistí chun feabhas a chur ar scileanna bainistithe an choirp, chun gluaiseacht a thuiscint, chun obair le daoine eile agus chun cruthaitheacht agus samhlaíocht a fhorbairt.
Díríonn an lúthchleasaíocht ar ghníomhíochtaí an choirp cosúil le léim, casadh, luascadh agus cothromaíocht. Baineann an snáithe seo le smacht agus le bainistíocht na ngluaiseachtaí coirp i suímh a éiríonn níos deacra de réir a chéile.
Nuair a bhíonn páistí páirteach i gcluichí bíonn sé de chumas acu taitneamh a bhaint as cluichí mar rannpháirtithe agus mar chuid den lucht féachana.
Is gné nua den churaclam é snáithe na n-imeachtaí lasmuigh agus eachtraíochta. Is féidir le scoileanna pleanáil chun shiúlóidí, rothaíocht, treodóireacht agus dúshláin eile lasmuigh a bheadh oiriúnach do riachtanais, suimeanna agus cúinsí na bpáistí a dhéanamh.
Baineann an clár um oiliúint uisce ní hamháin leis an snámh a mhúineadh do na páistí ach leis an taitneamh a bhaineann siad as gníomhaíochtaí uisce-bhunaithe chomh maith. Leagann an curaclam béim ar an tábhacht a bhaineann le súgradh chun cumas agus féinmhuinín san uisce a fhorbairt.
Stádas reatha
Cuireadh tús leis an inseirbhís náisiúnta don Churaclam Corpoideachas sna scoileanna i rith na scoilbhliana 2004/2005 agus lean sé ar aghaidh sa scoilbhliain 2005/2006. Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar
Corpoideachas (Curaclam na Bunscoile ar líne) 1999
Corpoideachas, Treoirlínte do Mhúinteoirí (Curaclam na Bunscoile ar líne)1999
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF:
Curaclam Corpoideachas (1999) (PDF, 271KB)
Corpoideachas, Treoirlínte do Mhúinteoirí (1999) (PDF, 2.2MB)
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Corpoideachas na Sraithe Sóisearaí
Naisc ghaolmhara
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna