Primary Schools

Pleanáil sa seomra ranga don chorpoideachas

Saincheisteanna lena meá ag an múinteoir

Na saincheisteanna is tábhachtaí don mhúinteoir agus clár oibre don rang á phleanáil aige/aici, rinneadh a lán díobh a phlé thuas in Pleanáil curaclaim. Ina theannta sin, ba chóir an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Riachtanais fhoghlama na bpáistí

Tá sé riachtanach eispéireas an ranga go dtí seo a dhearbhú, go háirithe an obair atá déanta sna snáitheanna éagsúla. D'fhéadfaí teacht ar an eolas a bheadh riachtanach chun clár nua a cheapadh trí chaidreamh a dhéanamh leis an múinteoir a raibh an rang aige/aici roimhe sin agus taifeadtaí an ranga a iniúchadh maidir leis an eolas a cnuasaíodh sa mheasúnú a rinneadh ag an am sin.

Clár na scoile don chorpoideachas

Aidhmeanna agus cuspóirí leathana chlár na scoile agus an treoir a thugtar sa phlean scoile faoi shnáitheanna agus shnáithaonaid oiriúnacha a roghnú, soláthróidh siad treoracha breise d'obair an mhúinteora leis an rang.

Modhanna teagaisc agus cur chuige

Tá sé riachtanach raon leathan modhanna agus saghsanna éagsúla cur chuige a úsáid i dteagasc an chorpoideachais, agus ba cheart don mhúinteoir é seo a chur san áireamh nuair a bhíonn ábhar chlár an ranga á roghnú aige/aici. Déantar moltaí mar gheall ar raon d'éagsúlachtaí sa chur chuige atá an-oiriúnach do theagasc an chorpoideachais ar lch 42-101.

Am

Gné de phleanáil chláir ranga is ea machnamh ar an méid ama atá le caitheamh le gach snáithe agus ar iomláine an chúraim a dhéanfar de. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach gá sciar cothrom d'am curaclaim a chaitheamh le gach snáithe, mar gur féidir na cuspóirí a leagadh amach do gach rang a ghnóthú san am atá curtha ar fáil do ghníomhaíocht áirithe. Glacfaidh gníomhaíochtaí áirithe níos mó ama seachas a chéile. Ba chóir an t-am a thógann sé chun taisteal chuig linn snámha nó ionad do ghníomhaíochtaí lasmuigh a phleanáil. Moltar an bhliain a roinnt ina bloic ina mbeidh ó cheithre go dtí sé seachtaine. Is féidir, mar shampla, snáithe nó cuid de shnáithe a thabhairt chun críche san achar ama seo. Nuair is cuid de shnáithe a mhúintear sa bhloc ama, is féidir go mbeadh sé áisiúil é a chríochnú tráth eile den bhliain. Léiríonn fíor 1 aonad cluichí a thionscnaítear i Meán Fómhair agus a thugtar chun críche níos faide amach sa chlár.

Cathain a mhúinfear gach snáithe

Is féidir go dtiocfaidh roinnt de na tosca thíosluaite i gceist nuair a bhítear ag cinneadh ar an tráth den bhliain ina gcuirfear gníomhaíochtaí ar siúl, .i. cathain a mhúinfear gach snáithe:

  • más amhlaidh nach mbíonn teacht ar shaoráid laistigh nó lasmuigh ag am áirithe is féidir go mbeadh sé áisiúil dhá shnáithe a bheith ar siúl ag an am céanna, ceann amháin a bheadh inmhúinte laistigh agus ceann eile a bheadh inmhúinte lasmuigh. Tá sé riachtanach aird a thabhairt ar ghníomhaíochtaí ar féidir leis an aimsir cur isteach orthu agus a mhalairt de ghníomhaíocht a phleanáil ar féidir tabhairt fúithi laistigh, nuair is gá gníomhaíocht a chur ar ceal gan choinne
  • an t-am den bhliain inar féidir teacht ar shaoráid don oiliúint uisce
  • an t-am den bhliain ar féidir taisteal lasmuigh d'fhearann na scoile, m.sh. le haghaidh cleachta treodóireachta
  • a thábhachtaí atá sé an rannpháirtíocht is mó i ngníomhaíocht fhuinniúil a spreagadh nuair a bhíonn an aimsir fuar nó nuair a chuirtear rang ar siúl go luath ar maidin.
Meán Fómhair-Deireadh FómhairSamhain-NollaigEanáir-MártaAibreán-Meitheamh
CluichíDamhsaGleacaíochtCluichí
LúthchleasaíochtGleacaíochtDamhsaGn. lasmuigh/ eachtraíochta
  CluichíLúthchleasaíocht
Fíor 1(a). Plean oibre samplach sa chorpoideachas do ranganna naíonán
Meán Fómhair-Deireadh FómhairSamhain-NollaigEanáir-MártaAibreán-Meitheamh
CluichíDamhsaOiliúint uisceCluichí
LúthchleasaíochtGleacaíochtGleacaíochtAthletics
  Damhsa/CluichíGn. lasmuigh/ eachtraíochta
Fíor 1(b). Plean oibre samplach sa chorpoideachas do ranganna 1 go dtí 6

Cód cleachtais a cheapadh don chorpoideachas

Ba chóir machnamh ar am a chaitheamh sna ceachtanna tosaigh le cód cleachtais do cheachtanna corpoideachais a cheapadh, ar a n-áireofaí athrú éadaigh, gluaiseacht chuig an achar imeartha agus ar ais uaidh, agus modhanna chun fearas a eagrú, a dháileadh, agus a leagan amach. Déantar modhanna eagraithe a mholtar a liostú ar lch 51-53.

Infhaighteacht acmhainní agus tacaíochta

Tá sé cabhrach a fháil amach cad iad na hacmhainní agus cén tacaíocht a d'fhéadfadh a bheith ar fáil:

  • ball eile den fhoireann a roinnfeadh a c(h)uid saineolais leis an múinteoir
  • rang eile a chabhródh san obair a bhaineann le fearas a leagan amach nó a bhaint as a chéile
  • ábhair nó acmhainní a bheadh ar fáil mar chabhair agus aonaid oibre á bpleanáil
  • cúrsa oideachais inghairme a thabharfadh treoir maidir le feidhmiú snáithe áirithe
  • bord rialaithe náisiúnta (a bheadh freagrach as spórt faoi leith) a thairgfeadh tacaíocht i bhfoirm oiliúna sa spórt sin faoi threoir an mhúinteora, nó gasra damhsa áitiúil a thiocfadh chun na scoile chun damhsa a dhéanamh nó chun na páisti a chur ag damhsa
  • tuismitheoirí a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh cabhrú go deonach i gcás gníomhaíochtaí áirithe, m.sh. turais chuig lárionad eachtraíochta áitiúil.

Comhtháthú

Tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar conas is Ag ullmhú do cheacht cluichí, ag cur ‘stáisiúin’ ar bun do ghníomhaíochtaí éagsúla.féidir snáitheanna nó snáithaonaid áirithe a chomhtháthú le hábhair eile. D'fhéadfaí comhtháthú a dhéanamh laistigh den chorpoideachas féin (nascadh) nó le hábhair eile. D'fhéadfaí a lán cluichí clóis, mar shampla, a phleanáil mar chuid d'aonad lúthchleasaíochta nó d'aonad cluichí. Cé go léiríonn fíor 1 lch 35 clár ina gcaitear bloc ama ag gabháil do shraith ceachtanna, tá gnéithe den snáithe Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta rí-oiriúnach do chur chuige comhtháite nuair a chuirtear ar siúl ar feadh lae iomláin iad ag tráth áirithe. Tugtar moltaí breise i dtaca le comhtháthú ar lch 45-47.

Comhpháirtíocht na bpáistí in eagrú an chorpoideachais

Moltar don mhúinteoir cleachtais a aithint trínar féidir leis na páistí a bheith gníomhach in eagrú ceachtanna.

Seo a leanas samplaí de na cleachtais sin:

  • is féidir le páistí ag gach leibhéal ranga a bheith páirteach i leagan amach an fhearais don cheacht
  • is féidir páistí ó rang 3 ar aghaidh a spreagadh chun aclaíocht bheochana simplí a cheapadh agus a léiriú ach a lán taithí a bheith faighte acu ar dhea-chleachtais.D'fhéadfadh roinnt páistí an ghné seo a fhorbairt a thuilleadh trí shraith luailí bheochana a mbeadh tionlacan ceoil léi a cheapadh agus a léiriú don rang
  • is féidir go mbeadh páistí i ranganna 5 agus 6 in ann cleachtaí simplí treodóireachta agus iad bunaithe ar léarscáil de chlós na scoile a cheapadh, cleachtaí a chuirfidís ar fáil mar ábhar oibre do pháistí níos óige sa scoil.

Freastal ar chumais dhifriúla

Ní mór do mhúinteoir gníomhaíochtaí a phleanáil a ligeann do pháistí tabhairt faoi thascanna a oireann dá leibhéil cumais. Ba chóir na straitéisí seo a leanas a chur san áireamh nuair a bhítear ag pleanáil oibre chun freastal ar leibhéil dhifriúla cumais:

  • leibhéil dhifriúla deacrachta a chur i bhfeidhm i dtascanna. Mar shampla, iarrtar ar pháiste amháin mála pónairí a chaitheamh agus breith air lena dhá lámh agus é/í ina stad, ach cuirtear dúshlán breise faoi pháiste eile agus iarrtar air/uirthi an ghníomhaíocht a dhéanamh agus é/í ag gluaiseacht. I gcomhthéacs eile, iarrtar ar pháiste a fháil amach cén t-achar is féidir leis/léi rith in dhá nóiméad, ach iarrtar ar pháiste eile a fháil amach cén t-achar is féidir leis/léi rith i nóiméad go leith
  • tasc amháin a cheapadh do chách ach ligean do na páistí feidhmiú ag leibhéil dhifriúla. Mar shampla, cuirtear difríochtaí aonánacha san áireamh nuair a chumtar damhsa ina bhfeagraíonn na páistí spreagthach áirithe ar bhealaí éagsúla
  • béim a leagan ar shnáitheanna nó ar shnáithaonaid ilghnéitheacha nó ar ghníomhaíochtaí difriúla laistigh de shnáithe. Is féidir leis an múinteoir freastal ar an éagsúlacht cumais agus taithí atá i ngrúpa páistí ach roghnú as raon snáitheanna nó snáithaonad nuair a bhíonn an clár á phleanáil aige/aici. Sa chaoi seo, is féidir leis/léi deiseanna a sholáthar do pháistí a bhfuil taithí acu ar ghníomhaíochtaí faoi leith an barr a bhreith sna gníomhaíochtaí sin nó bheith ag obair ag leibhéal difriúil agus iad ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar beag é a dtaithí orthu. Ba chóir don phleanáil soláthar do chothromaíocht i roghnú na ngníomhaíochtaí agus ar an gcaoi seo freastal ar chumais dhifriúla
  • páistí a ghrúpáil de réir cumais uaireanta agus de réir gnéis uaireanta eile. Áit a n-úsáidtear modh teagaisc na 'stáisiún' (féach lch 51) is féidir páistí atá ar comhchumas a ghrúpáil nuair a bhíonn sé sin tairbheach dóibh. I gceacht ina mbíonn mionleagan de chluiche á imirt ag páistí, is féidir leo a bheith níos gníomhaí sa chluiche más le páistí atá ar comhchumas leo féin a bhíonn siad ag imirt. D'fhéadfadh go mbeadh sé tábhachtach grúpaí aonghnéasacha a chumadh le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí. Mar shampla, mura mbeadh taithí ag na cailíní i rang measctha ar chluiche mar pheil, b'fhéidir go mbainfeadh siad níos mó tairbhe as dá n-imreodh grúpa díobh an mionleagan den chluiche le chéile. Spreagfadh sé seo na cailíní le bheith níos gníomhaí i mbun cluichí. Ba chóir a thuiscint, áfach, go mbeidh ar chumas a lán cailíní a bheith rannpháirteach le buachaillí i ngrúpaí eile. Méid an pháiste ba cheart a chur san áireamh nuair a bhíonn páistí páirteach i ngníomhaíochtaí tadhaill, agus d'fhéadfaí páistí a chur ina mbeirteanna nó a ghrúpáil dá réir.

Measúnú

Tá an measúnú ina chomhpháirt riachtanach den timthriall a chuimsíonn pleanáil, teagasc, foghlaim, measúnú agus meastóireacht. Ba chóir don mhúinteoir aird a thabhairt ar na bealaí inar féidir gníomhaíochtaí éagsúla a mheasúnú, i láthair pholasaí measúnaithe na scoile, nuair a bhíonn ranganna nó aonaid oibre á bpleanáil aige/aici. Léiríonn na ceachtanna eiseamláireacha agus na haonaid oibre atá sa roinn 'Cur chuige agus modhanna teagaisc', lch 42-101, conas is féidir teicníochtaí measúnaithe a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs ceachtanna nó aonad. Tugann an cur chuige 'Ag féachaint ar obair na bpáistí,' a ndéantar cur síos air ar lch 98-100, treoir bhreise ar conas is féidir taithí na bpáistí ar an gcorpoideachas a threisiú trína ndul chun cinn a bhreathnú. Tabharfaidh torthaí measúnaithe dá leithéid léargas le haghaidh phleanáil na hoibre amach anseo.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie