Primary Schools

Pleanáil eagair

An plean scoile don chorpoideachas a fhorbairt

Ba chóir do phleanáil don chorpoideachas

  • comhthuiscint ar an gcorpoideachas a chruthú. Próiseas comhoibritheach comhairleach ba chóir a bheith sa phleanáil eagair don chorpoideachas. Tá cúram bunúsach ar an bpríomhoide gach duine den fhoireann a ghríosú chun a c(h)ion a dhéanamh agus comhfhreagracht a ghlacadh as pleanáil an chláir. Ba cheart go gcuideodh an próiseas pleanála le comhthuiscint ar an gcorpoideachas a bhunú. Cothófar an tuiscint seo trí phróiseas comhairleach comhoibritheach ina mbeidh an príomhoide agus na múinteoirí páirteach agus, nuair is cuí sin, na tuismitheoirí agus an bord bainisteoireachta
  • é a bheith mar aidhm aici leas iomlán a bhaint as achair spéise agus as saineolas na foirne teagaisc. Is féidir go mbeidh baill áirithe na foirne tar éis saineolas a ghnóthú ar shnáithe ar leith den churaclam agus go mbeidh baill eile tar éis straitéisí ilghnéitheacha a shaothrú agus a úsáid. Cé gurb é/í an múinteoir ranga an múinteoir is oiriúnaí chun an curaclam corpoideachais a theagasc, déantar feidhmiú an chláir a threisiú nuair a roinneann múinteoirí a gcuid saineolais ar bhaill eile na foirne. B'fhéidir go múinfeadh múinteoir an corpoideachas nó snáithe áirithe den chorpoideachas do rang múinteora eile fiú. Ba cheart a thuiscint áfach, nach gá do mhúinteoir a bheith ina s(h)aineolaí ar theagasc an chorpoideachais ná a bheith in ann na scileanna atá le múineadh a léiriú nó a chomhall le go mbeadh sé/sí in ann an clár a fheidhmiú
  • cabhrú dáiríre leis an múinteoir. Foinse luachmhar chabhrach don fhoireann is ea an ráiteas scríofa a eascraíonn as an bpróiseas pleanála. Tá an próiseas pleanála féin chomh tábhachtach céanna áfach, mar tugann sé tuiscint shoiléir do mhúinteoirí ar aidhm agus fheidhm a gcuid oibre
  • scrúdú a dhéanamh ar na háiseanna agus na hacmhainní atá ar fáil sa scoil. Caithfear tréaniarracht a dhéanamh mianach na n-áiseanna agus na n-acmhainní a fheabhsú nuair a mheastar gá a bheith leis. Ba chóir an fháil atá ar áiseanna oiriúnacha lasmuigh agus laistigh agus an fearas atá curtha ar fáil, idir mhór is bheag, a scrúdú. Ba chóir soláthar a dhéanamh chun an fearas a liostú agus a stóráil agus socruithe a dhéanamh chun go mbeadh teacht air go héasca. Ba cheart a aithint, áfach, nach mbeidh sé indéanta, b'fhéidir, gach snáithaonad de shnáithe áirithe a chur i gcrích áit a bhfuil teorainn leis na háiseanna, ach gur féidir snáithaonad amháin a theagasc go han-éifeachtach. Tharlódh go bhféadfaí cuid de shnáithaonad eile a fheidhmiú freisin. Mar shampla, nuair a bhíonn lúthchleasaíocht á múineadh d'fhéadfadh sé go mbeadh gach gné den snáithaonad 'Rith' inmhúinte i gclós na scoile leis an méid fearais is lú, chomh maith le codanna den snáithaonad 'Caitheamh'
  • cuidiú le forbairt an phlean scoile a dhéanfaidh an bord bainisteoireachta a athbhreithniú. Laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dó, ba cheart don bhord féachaint chuige go mbíonn dóthain áiseanna agus acmhainní ar fáil d'fheidhmiú an phlean. Ba chóir go ndéanfadh an ráiteas sábháilteachta a cheapann an bord don scoil soláthar do shábháilteacht i rith an cheachta chorpoideachais
  • cinneadh ar an mbealach a dtugann an scoil an clár nua isteach diaidh ar ndiaidh. Nuair a bhíonn scéimeanna nua á gceapadh d'fhéadfaí roinnt de na gníomhaíochtaí foghlama a bhí mar chuid de na seanscéimeanna a choimeád. Tógfaidh sceideal feidhmithe stuama ceann de na hathruithe san ábhar féin agus athruithe in ábhair eile léinn
  • athbhreithniú agus meastóireacht a chur san áireamh. Aithneofar san athbhreithniú agus sa mheastóireacht leanúnach gnéithe rathúla den chlár agus gnéithe ar gá iad a shaothrú a thuilleadh. Cuidíonn an próiseas seo leis an múinteoir pleanáil éifeachtach a dhéanamh, agus bíonn tionchar aige ar fhorbairt an phlean scoile don chorpoideachas
  • cumarsáid idir na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainisteoireachta a chur san áireamh. Is féidir é seo a chothú trí mheán díospóireachtaí, cruinnithe scoile nó ranga, ciorclán, nó raon de mhodhanna nach iad
  • cinneadh ar ról an phríomhoide agus ról na múinteoirí i bpleanáil agus i bhfeidhmiú an chláir.
    Ba cheart don phríomhoide
    • na háiseanna agus na hacmhainní atá ar fáil a iniúchadh agus féachaint leis an soláthar a fheabhsú nuair is gá
    • feasacht na ndaoine go léir a bhfuil baint acu le teagasc an chorpoideachais ar a rólanna a ghéarú, rólanna atá difriúil ach fós comhlánach
    • Clár ama a cheapadh chun freastal ar riachtanais gach ranga sa scoil, ag cinntiú go mbainfear an úsáid is mó as na háiseanna i gcaitheamh na bliana.
  • D'fhéadfaí cur síos ar ról an mhúinteora mar a leanas:
    • cláir chothroma a cheapadh, a bheidh ag teacht leis an bplean scoile agus a fhreastalóidh ar shainriachtanais gach páiste
    • cuidiú leis an bpáiste féiníomhá dheimhneach, cumas comhoibrithe le daoine eile agus tuiscint ar chothrom na Féinne a fhorbairt
    • a chinntiú go bhfaigheann an páiste taithí ar ghníomhaíochtaí ilghnéitheacha atá bríomhar agus dúshlánach
    • timpeallacht spreagthach shábháilte a chothú inar féidir leis an bpáiste a bheith cruthaitheach agus samhlaíoch
    • gníomhaíochtaí corpoideachais a nascadh le hachair churaclaim eile de réir mar a oireann
    • meastóireacht a dhéanamh ar an gclár agus dul chun cinn an pháiste a mheasúnú
    • eolas atá ag teacht le polasaí na scoile a sholáthar do thuismitheoirí faoin gclár ranga don chorpoideachas
    • dul i gcomhairle le tuismitheoirí faoi dhul chun cinn an pháiste
    • cúram cuí a dhéanamh den sábháilteacht trína chinntiú go mbaineann an páiste feidhm as cleachtais shábháilte.

D'fhéadfadh múinteoir nó múinteoirí a bhfuil suim faoi leith acu sa chorpoideachas nó saineolas acu tabhairt faoi chuid den obair fhorbartha nó chomhordaithe a ghabhann le feidhmiú an achair seo.
Má úsáidtear an cur chuige seo, is féidir le múinteoir dá leithéid glacadh le freagracht as

  • an fhoireann teagaisc a spreagadh chun páirt a ghlacadh i mbeartú an phlean chorpoideachais
  • eolas a chnuasach faoin méid den chorpoideachas a mhúintear faoi láthair agus faoi ábhar an chláir atá in úsáid
  • plean scríofa a cheapadh i gcomhairle leis an bhfoireann
  • tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn na hoibre ar an bplean
  • na hacmhainní is gá chun an plean a fheidhmiú a eagrú
  • dréachtcháipéis a chur faoi bhráid na foirne ag gach cruinniú
  • tacú le comhghleacaithe agus scéimeanna oibre á n-ullmhú acu agus an plean á fheidhmiú acu
  • baill nua den fhoireann a chur ar an eolas faoin bplean.

Tacaíocht don chlár corpoideachais a eagrú agus a riar

Tacaíocht na dtuismitheoirí

Braitheann páirtíocht éifeachtach ar eagrú agus ar riar fónta. Ba chóir tacaíocht na dtuismitheoirí don chlár corpoideachais a lorg sa chaoi go mbainfidh na páistí an leas is mó as an gcorpoideachas. Ba chóir tuiscint ar thábhacht an chorpoideachais a chothú i bpobal leitheadach na scoile.
D'fhéadfaí tuismitheoirí a bhfuil taithí speisialta acu ar an gcorpoideachas a spreagadh chun cabhair a thabhairt nuair a thagann deis faoi leith chuige sin. D'fhéadfadh na tuismitheoirí cainteanna ar ábhair atá bainteach le corpoideachas a eagrú, nó d'fhéadfaí iad a spreagadh chun cuidiú le gníomhaíochtaí mar Lá Spóirt do Chách, cuairteanna ar an linn snámha, nó turais oideachais lasmuigh.

Tacaíocht oiliúnóirí

B'fhéidir go soláthródh eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla spóirt oiliúint i spóirt faoi leith go deonach mar chuid den chlár corpoideachais. Ar an gcaoi chéanna b'fhéidir go múinfeadh damhsóirí, atá bainteach le tionscadail faoi leith a chothaíonn an damhsa san oideachas, damhsa. B'fhéidir go gcabhródh daoine atá páirteach i scéimeanna fostaíochta le spórt faoi leith a fhorbairt.

Agus an múinteoir ag cinneadh ar ról oiliúnóirí, cinnirí nó damhsóirí ar bith, ba cheart dó/di na cúinsí seo a leanas a aithint:

  • riachtanais na bpáistí
  • na bearnaí atá sa soláthar
  • a mhéid a rachaidh an pearsanra tacaíochta chun tairbhe don pháiste aonánach agus don rang
  • an taithí go dtí seo ar dhaoine óga a bhí ag na daoine a roghnaíodh
  • cáilíochtaí an phearsanra tacaíochta
  • an t-eolas ar shláinte agus ar shábháilteacht a nochtann an pearsanra tacaíochta
  • scileanna eagartha an phearsanra tacaíochta.

Ba cheart don mhúinteoir ranga ansin riachtanais an ranga agus riachtanais páistí aonánacha sa rang, más cuí, polasaí na scoile maidir le corpoideachas agus clár an ranga sa chorpoideachas a phlé leis an bpearsanra a roghnaíodh. Tacóidh an pearsanra a roghnaíodh ansin le ról an mhúinteora i bhfeidhmiú cláir a rachaidh chun sochair don pháiste aonánach agus don rang. Tá sé riachtanach múinteoir ranga a bheith i láthair nuair a bhíonn an t-oiliúnóir ag obair leis an rang.

Ba chóir don scoil freagracht a ghabháil as féachaint chuige go bhfuil gach duine a bhfuil baint aige/aici le teagasc feasach ar na rólanna difriúla ach fós comhlánacha atá acu. Ba cheart go gcaithfí machnamh le Cód Eitice agus Dea-Chleachtais le haghaidh Spóirt Pháistí in Éirinn, cáipéis a thugann treoir do dhaoine a bhfuil baint acu le spórt. Cé gur cosúil go bhfuil sé tairbheach oiliúnóirí spóirt agus damhsóirí a bheith ag tabhairt lámh chúnta i rith ama curaclaim, is ról tacaíochta agus ní ról ionadaíochta don mhúinteoir ba cheart a bheith acu.
Caithfidh an múinteoir freagracht ghinearálta a choimeád as pleanáil, eagrú, smacht agus monatóireacht chun go gcinnteofar go bhfuil gníomhaíocht choirp an pháiste comhleanúnach, comhsheasmhach, forchéimnitheach, agus faoi riail.

Riachtanais fhorbartha inghairme múinteoirí

Le linn a bheith ag pleanáil don chlár corpoideachais, ba cheart riar ar riachtanais na múinteoirí le hoideachas forbartha inghairme, chomh maith. Ba chóir cuidiú agus tacú le baill ar bith den fhoireann ar mian leo leas a bhaint as oiliúint inseirbhíse don chorpoideachas. Ba cheart cúrsaí a chur ar fáil arb í a n-aidhm treisiú a dhéanamh ar fheidhmiú snáithe nó snáitheanna den chlár corpoideachais ag an múinteoir. D'fhéadfadh comhordaitheoir an chláir na cúrsaí a oireann do na múinteoirí a aithint. Beidh comhairle phraiticiúil de dhíth ar a lán múinteoirí faoi conas a d'fhéadfaí raon de ghléasanna meastóireachta a úsáid chun an corpoideachas a mheasúnú.

Acmhainní agus áiseanna a riar agus a eagrú

Ba chóir an fháil atá ar áiseanna oiriúnacha lasmuigh agus laistigh agus an fearas, idir mhór is bheag, atá curtha ar fáil lena úsáid a scrúdú. Ba chóir socruithe a dhéanamh chun an fearas go léir a liostú agus a stóráil agus chun go bhféadfaí teacht air go héasca.

Úsáid saoráidí laistigh agus lasmuigh

Is féidir a lán gnéithe de na cláir lúthchleasaíochta agus chluichí a fheidhmiú gan ach achar laistigh a úsáid. Cuireann achar lasmuigh, áfach, scóip níos mó ar fáil d'fhorbairt cláir chuimsithigh. Gné bhreise is ea saoráid lasmuigh faoi fhéar ar féidir léi an dá chlár a threisiú.

Achar laistigh an t-achar is oiriúnaí don ghleacaíocht agus don damhsa -- ní féidir ach mionghnéithe de gach clár acu a theagasc lasmuigh ar feadh achair theoranta gach bliain.

Braithfidh eagrú na hOiliúna uisce ar an teacht atá ag an scoil ar áiseanna linne, ar sholáthar cóir iompair, agus ar fháil a bheith ar mhúinteoirí snámha a bhfuil cáilíochtaí cuí acu. Ní bheidh teacht ag roinnt scoileanna ar shaoráid don oiliúint uisce, ach ba chóir tréaniarracht a dhéanamh bloc gairid ama fiú a sholáthar do gach rang am éigin i rith a thréimhse bunscolaíochta.

Mar thús, is féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí lasmuigh agus ghníomhaíochtaí eachtraíochta i bhformhór na scoileanna nó na gclós scoile. Nuair a bhíonn an scoil agus a timpeallacht iniúchta, gluaistear chun cinn go nádúrtha go dtí gníomhaíochtaí úra lasmuigh d'fhearann na scoile. Is gá ansin na saoráidí atá ar fáil sa cheantar máguaird a thaighde. Más féidir cuairt a thabhairt ar lárionad oideachais lasmuigh bíonn raon fairsing de ghníomhaíochtaí ar fáil. Ba chóir don mhúinteoir ranga dul i gcomhairle le foireann an lárionaid a roghnaítear chun gníomhaíochtaí a oirfidh do riachtanais an ranga sin a phleanáil.

Úsáid saoráide pobail

Nuair nach bhfuil saoráid laistigh nó lasmuigh atá oiriúnach le fáil sa scoil, ba chóir an teacht atá ar shaoráid phobail a imscrúdú agus am a fhágáil le haghaidh taistil, más gá.

Infhaighteacht fearais
Tá gá le raon cuimsitheach fearais chun clár cothrom corpoideachais a theagasc. Tá sé riachtanach an fearas a stóráil agus caoi a choimeád air, agus ba chóir páistí a oiliúint ar an bhfearas a stóráil go cúramach agus tuairisc a thabhairt ar fhearas ar bith a loitear. Ba cheart comhairle a bheith le fáil i ráiteas sábháilteachta na scoile faoi láimhsiú agus stóráil fearais. (Féach Aguisín maidir le liosta den fhearas a mholtar.)

Úsáid foilseachán, leabhar, físeán agus téipeanna éisteachtaÚsáid foilseachán, leabhar, físeán agus téipeanna éisteachta

Ba cheart do mhúinteoirí an soláthar d'ábhair atá ar fáil chun tacú leis an gclár a athbhreithniú le linn dóibh bheith ag pleanáil. Foilsíonn a lán de bhoird rialaithe na spórt éagsúil ábhair atá cabhrach do mhúinteoirí agus d'oiliúnóirí. Tá raon fairsing leabhar don chorpoideachas ar fáil, mar aon le leabhair a chuireann síos ar spóirt faoi leith agus iad curtha in oiriúint do theagasc páistí. Tá póstaeir agus cairteacha úsáideach freisin chun feasacht ar ghnéithe den chlár a ghéarú.

Chabhródh córas éigin innéacsaithe nó cláraithe le múinteoirí lánleas a bhaint as ábhair theagaisc na scoile.

Is féidir le físeáin de léirithe damhsa nó de chláir spóirt a roghnaítear go cúramach, teagasc an chláir a threisiú. Is féidir scileanna sainiúla, mar shampla, a léiriú le cabhair físeáin. Is saoráid thábhachtach iad téipeanna éisteachta i dteagasc an damhsa. Ba chóir ceol a d'oirfeadh do dhamhsa tíre agus do dhamhsa cruthaitheach a chnuasach agus a chomhadú.

Ina theannta sin, tá a lán leabhar atá bunaithe ar théamaí a bhaineann le spóirt ar fáil do pháistí; insíonn cuid acu scéal duine mór le rá i gcúrsaí spóirt; fíricí faoi spórt atá i gcuid eile acu; agus ríomhann cuid eile fós acu eachtraí páistí atá ag gabháil do spórt. Bheadh na leabhair seo úsáideach i dteagasc an chorpoideachais, agus ba cheart iad a bheith ar fáil i leabharlann na scoile, más féidir.

Tacaíocht bord rialaithe náisiúnta, clubanna nó grúpaí áitiúla

Soláthraíonn boird rialaithe náisiúnta a fheidhmíonn do spóirt éagsúla cláir thraenála do mhúinteoirí, chomh maith le hábhair thacaíochta. Is féidir le clubanna áitiúla spóirt tacú le scoileanna i bhfeidhmiú an chláir chorpoideachais, agus is féidir go dtairgfeadh gasraí damhsa léirithe a thabhairt do pháistí nó go dtabharfaidís cuireadh do pháistí a bheith páirteach i gceardlanna. Deis ar bith a fhaigheann an rang breathnú ar chluiche nó ar léiriú is féidir léi cuidiú go mór lena n-oiliúint choirp.

Caidreamh a bhunú le clubanna spóirt agus le gasraí áitiúla damhsa

Ba chóir do scoileanna machnamh ar chaidreamh a chothú le clubanna spóirt agus le gasraí áitiúla damhsa, más féidir, d'fhonn a éascú do na páistí a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí a sholáthraíonn na clubanna nó na gasraí. Is minic a chuireann clubanna oiliúint faoi threoir saineolaithe ar fáil, agus cuirtear deiseanna le haghaidh foráis shóisialta agus phearsanta ar fáil do pháistí nuair a ghníomhaíonn siad i bpáirt le páistí eile.

An corpoideachas i scoileanna beaga nó i scoileanna a bhfuil ganntanas saoráidí orthu

Scoileanna a bhfuil fadhbanna sainiúla acu maidir le heaspa spáis laistigh agus lasmuigh, d'fhéadfaidís

  • seomraí ranga, dorchlaí agus fearann na scoile a úsáid don treodóireacht
  • clós na scoile a mharcáil le haghaidh gníomhaíochtaí lúthchleasacha agus cluichí foirne beaga
  • áiseanna áitiúla a úsáid m.sh. lárionaid phobail, hallaí paróiste, clubanna don óige, srl.
  • comhoibriú le bunscoileanna eile nó le scoileanna dara leibhéil d'fhonn saoráidí a roinnt
  • tuilleadh ama a chur ar fáil don chorpoideachas nuair a bhíonn an aimsir go breá
  • cuairt a thabhairt ar lárionad oideachais lasmuigh a chuireann áiseanna ar fáil do go leor gníomhaíochtaí fiúntacha
  • caidreamh a bhunú le cumainn spóirt nó damhsa a chuireann pearsanra tacaíochta agus fearas ar fáil. (Féach freisin lch. 27: Tacaíocht don chlár corpoideachais a eagrú agus a riar.)

Nuair a bhíonn teagasc i gcomhranganna á phleanáil, d'fhéadfadh an múinteoir machnamh ar

  • obair aonaránach nó obair le páirtí a thugann deis gníomhaíochtaí difriúla a oireann do chéimeanna éagsúla foráis a bheartú ach a úsáideann an fearas céanna agus an t-achar imeartha céanna
  • iarghníomhaíochtaí a chur le buncheacht i dtreo go mbíonn deis ag grúpa amháin an méid a múineadh sa cheacht a athchleachtadh fad agus a bhíonn an grúpa eile ag dul chun cinn agus iad ag déanamh tuilleadh forbartha ar an ábhar sin
  • obair ghrúpa ag baint úsáide as modh múinte na 'stáisiún'. Oibríonn grúpa le chéile ag 'stáisiún' amháin, agus gluaiseann siad ar aghaidh chun tasc difriúil a dhéanamh nó cluiche eile a imirt ag 'stáisiún' eile. Sa tslí seo is féidir le páistí atá ar comhchumas nó le páistí atá ag an leibhéal ranga céanna a bheith in aon ghrúpa. (Féach Cur chuige agus modhanna teagaisc lch. 42.)
  • feidhm a bhaint as an bpearsanra a chuireann cumainn spóirt nó damhsa ar fáil chun cuidiú le teagasc grúpa (Féach freisin lch. 27 Tacaíocht don chlár corpoideachais a eagrú agus a riar.)
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie