Seo a leanas roinnt de na saincheisteanna ba cheart a phlé mar chuid den phleanáil sa scoil don chorpoideachas:
Feidhm agus nádúr an chorpoideachais sa scoil
Is féidir feidhm agus nádúr an chorpoideachais sa scoil a iniúchadh agus a phlé mar ionad tosaithe i bpleanáil an chláir. Ba chóir cibé cuidiú a thugann an corpoideachas d'fhorás comhchuí an pháiste a scrúdú agus tríd seo tuiscint a fháil ar an ról is féidir leis an gcorpoideachas a líonadh sa churaclam.
Clár leathan cothrom sa chorpoideachas
Ós rud é go gcuireann an curaclam ar chumas na scoile a bheith an-solúbtha, cabhróidh pleanáil ar bhonn scoile leis na múinteoirí a chinntiú go ndéanfaidh an clár corpoideachais
- freastal ar riachtanais na scoile. Má tá traidisiún láidir sa scoil maidir le gníomhaíocht áirithe, ba chóir don scoil a chinntiú go gcuirtear béim chuí ar ghnéithe eile den chlár corpoideachais, agus féachaint chuige ar an gcaoi seo go bhfaigheann na páistí taithí ar chlár cothrom gníomhaíochtaí. Scoil atá suite i gceantar ina bhfuil traidisiún na gcluichí go láidir, mar shampla, ba chóir di béim a chur ar shnáitheanna eile den chlár chomh maith, ach an gá atá le cluichí a bheith sa chlár a aithint ag an am céanna.
- snáitheanna uile an churaclaim a chuimsiú más féidir. Má tá an chosúlacht air nach féidir snáithe iomlán a chur i bhfeidhm de bharr easpa áiseanna nó acmhainní, tá sé tábhachtach go n-aithneodh múinteoirí go mb'fhéidir go mbeadh ar a gcumas snáithaonad nó fiú cuid de shnáithaonad a chur i bhfeidhm.
- soláthar d'fhorchéimniú agus do leanúnachas ó rang go chéile. Bíonn gach leibhéal sa chorpoideachas ag brath ar an leibhéal roimhe sin a bheith curtha i bhfeidhm.
Baineann forchéimniú le páistí a bheith ag dul ar aghaidh
- ó thascanna simplí go dtí tascanna atá níos deacra
- ó luailí nádúrtha go dtí luailí oilte ealaíonta
- ó spleáchas go dtí neamhspleáchas ina bhfoghlaim
- ó thascanna an mhúinteora a bheith á gcomhlíonadh go dtí a dtascanna féin a bheith á gceapadh
- ó chritéir an mhúinteora a bheith á n-úsáid go dtí a gcritéir féin a bheith á bhforbairt acu chun measúnú a dhéanamh.
Tá dhá chuid san fhorchéimniú:
deacracht agus cáilíocht. Is féidir dul chun cinn i leibhéal deacrachta an tsaothair a ghnóthú ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, méadaítear na leibhéil deacrachta nuair a dhéantar na spriocanna lena gcaitear liathróid agus cluiche á imirt a laghdú, nó nuair a chuirtear luailí le chéile sa ghleacaíocht chun sraitheanna a éiríonn níos casta a cheapadh. Is féidir dul chun cinn i gcáilíocht an tsaothair a aithint trí ghníomhaíochtaí ilghnéitheacha, cuid acu a éilíonn cothromaíocht níos fearr, cuid eile a éilíonn rialú níos fearr ar an gcorp: aclaíocht coise níos fearr sa líonpheil nó sa chispheil, nó feabhas ar an teannas sa ghleacaíocht.
Déantar leanúnachas a chinntiú nuair a bhíonn ceachtanna a mhúintear go féiltiúil agus go tráthúil ina ndlúthchuid den phlean don scoil iomlán -- gníomhaíochtaí a bheith leagtha amach do gach rang agus iad a bheith á gcur i bhfeidhm ag na múinteoirí de réir an phlean scoile.
- roghnú áirithe laistigh de na snáitheanna a mholadh. Más féidir snáitheanna uile an churaclaim a chuimsiú i gclár na scoile, seans go mbeidh sé riachtanach roghnú áirithe a dhéanamh laistigh de na snáitheanna. Mar shampla i snáithe na gCluichí is féidir go mbeadh sé úsáideach comhairle a thabhairt faoi roinnt cluichí le foirne beaga (mionchluichí) a roghnú agus raon fairsing eispéiris a chinntiú ag an am céanna. I snáithe na Gleacaíochta is féidir go bhféadfaí na cuspóirí atá leagtha amach a ghnóthú in aonad oibre réasúnta gearr trí théamaí a roghnú go cúramach. Ba chóir múinteoirí a chomhairliú sa chlár faoi roghnú dá leithéid a dhéanamh.
An méid ama ba chóir a chaitheamh leis an gcorpoideachas
Caithfear machnamh a dhéanamh ar dháileadh ama ar na snáitheanna difriúla den chlár corpoideachais agus aontú faoi. Caithfear riachtanais an chlár ama a phlé sa chaoi go gceadófar an méid is mó is féidir den am le haghaidh gníomhaíochtaí sa cheacht corpoideachais. D'fhéadfaí teacht ar shocruithe a chuirfeadh freagracht as fearas a leagan amach agus a stóráil ar ranganna i bpáirtíocht.
Cé go bhfuil clár ama le haghaidh úsáid an fhearais gach seachtain riachtanach, is féidir go mbeadh sé úsáideach cuimhneamh ar an méid ama a chaitear le hábhar thar thréimhse coicíse nó míosa nuair a bhíonn snáitheanna den chlár arbh fhearr iad a 'bhlocáil' i gceist m.sh. Oiliúint uisce nó Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta. Ní miste a chinntiú freisin, go gcuirfear san áireamh snáitheanna den churaclam ar gá iad a shíneadh amach ar feadh na bliana chun go ndéanfaí dul chun cinn iontu.
Comhtháthú le hábhair eile léinn
Baineann a lán de chuspóirí leathana an chorpoideachais mar fhorbairt féinmheasa, féinfheasachta agus muiníne, le hábhair eile chomh maith. Sa chorpoideachas féin is trí mheán na ndeiseanna chun foghlama a sholáthraítear sna gnéithe éagsúla den luail is féidir gnóthú na gcuspóirí seo a neartú. Is féidir an corpoideachas a chomhtháthú le Béarla, Gaeilge, tíreolaíocht, oideachas ealaíon, ceol, matamaitic, agus go háirithe le hoideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte. Is féidir forbairt achar eile den churaclam a shaibhriú trí chlár corpoideachais atá leathan cothrom a mhúineadh. Tá sé riachtanach traschur agus athdhaingniú foghlama ó achar go chéile den churaclam a bheartú chun go mbeidh rath ceart ar an saothar. Tá sé tábhachtach mar sin go ndéanfadh an scoil machnamh ar an gcaoi a bhfuil an corpoideachas nasctha le hábhair eile ag gach leibhéal ranga.
An corpoideachas agus sláinte
Cuireann corpacmhainn dea-shláinte béim ar chéim shláinte an choirp, corp atá ag feidhmiú go héifeachtach, agus ar fholláine fhisiceach a bhrath. Ní bhaineann sí go sonrach le haon spórt faoi leith agus ní ceart í a chiallú mar chorpacmhainn fhisiceach, téarma a chuireann i gcéill leibhéil éagsúla corpacmhainne a ghabhann le céimeanna forásacha faoi leith agus le spóirt faoi leith.
Is iad an scoil agus na tuismitheoirí i bpáirt a chothaíonn corpacmhainn dhea-sláinte sa pháiste ó na blianta tosaigh amach. Ba chóir dóibh i gcomhar le chéile féachaint chuige go gcleachtann an páiste stíl shláintiúil mhaireachtála agus go saothraíonn sé/sí dearcadh deimhneach maidir le gníomhaíocht choirp. I dtosach cothaítear na tréithe seo trí luail a thástáil agus a iniúchadh agus tríd an dúil nádúrtha san imirt a fhorbairt. De réir mar a théann an páiste ar aghaidh tríd an bhunscoil, ba chóir deiseanna a thabhairt dó/di a f(h)easacht ar ról na gníomhaíochta coirp i gcúrsaí sláinte a fhorbairt a thuilleadh.
Cothromas idir buachaillí agus cailíní a chothú tríd an gcorpoideachas
Nuair a bhíonn an clár corpoideachais á phleanáil, ba cheart riachtanais cailíní agus buachaillí araon chomh maith leis na nithe is spéis leo a chur san áireamh ar bhonn cóir. Ba chóir a chinntiú go mbíonn fáil ag cailíní agus ag buachaillí ar chlár cothrom gníomhaíochtaí.
Ba chóir machnamh a dhéanamh ar
- an gá atá le cothromas idir buachaillí agus cailíní
- cabhrú le páistí dearcadh deimhneach maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a ghnóthú
- teacht comhionann a bheith ag na páistí go léir ar an bhfearas agus na háiseanna corpoideachais agus ar na hachair imeartha
- páistí a ghrúpáil don chorpoideachas. Is féidir go mbeidh sé riachtanach páistí a ghrúpáil anois is arís do ghníomhaíochtaí difriúla, ach ní ceart é seo a dhéanamh ar bhonn gnéis amháin
- riachtanais cailíní agus buachaillí tráth a mbíonn corpacmhainn dheashláinte na bpáistí á cothú.
Riar ar chumais dhifriúla
Is gá do mhúinteoirí machnamh ar phleanáil chun freastal ar pháistí a bhfuil cumais dhifriúla acu. Bheadh treoirlínte faoi mhodhanna teagaisc a d'fhéadfadh riar ar raon na gcumas áisiúil nuair a bheadh obair do rang ar leith á pleanáil ag múinteoir.
Riar ar an bpáiste a bhfuil riachtanais faoi leith air/uirthi
Ós cuid den churaclam é an corpoideachas atá riachtanach do na páistí go léir, ba chóir go dtairgfeadh an clár raon eispéireas atá chomh fairsing agus is féidir do gach páiste. Ba cheart timpeallacht shlán shábháilte a chur ar fáil don chorpoideachas i gcás an pháiste a bhfuil riachtanais faoi leith air/uirthi.
Ba chóir dúshlán páiste atá antréitheach a thabhairt trí mheán tascanna a oireann dá leibhéal cumais. Os a choinne sin, b'fhéidir go gcaithfí na scileanna, na gníomhaíochtaí agus an fearas a mhodhnú i gcás páiste a bhfuil a ráta dul chun cinn i bhfad níos moille.Is féidir comhairle speisialtóra a lorg d'fhonn na gníomhaíochtaí cuí a aithint. Ba chóir oiriúnacht agus modhnú na ngníomhaíochtaí atá i snáitheanna ar leith a mheas go cúramach chun a dtairbhe don pháiste a chinntiú.
Cleachtais shábháilte sa chorpoideachas
Cuimsíonn an corpoideachas a lán gníomhaíochtaí a chuireann dúshlán faoi thionscnamh, faoi dhiongbháilteacht agus faoi mhisneach an pháiste.
Ní thig le réamhchúraimí sábháilteachta gach priacal a chur ar ceal, ach ba chóir go gcealóidís contúirtí inseachanta. Ba chóir machnamh a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:
- tá an gaol oibre a fhothaíonn an múinteoir leis an rang ar cheann de na tosca is tábhachtaí chun timpeallacht shábháilte foghlama a chothú
- ba cheart go gcuirfí an múinteoir ar an eolas mar gheall ar easláinte páistí ar leith a d'fhéadfadh cur isteach ar a sábháilteacht le linn ceachta corpoideachais
- is féidir le scil agus le heolas an mhúinteora, maille leis an bhfreagracht a mhothaíonn an páiste, cuidiú le timpistí a sheachaint
- tá sé riachtanach do shábháilteacht an pháiste an múinteoir a bheith feasach ar a (h)aois agus ar a c(h)éim foráis agus ar aon riachtanas speisialta atá air/uirthi
- ba chóir na nósanna imeachta a chleachtfaí sa chás go dtarlódh timpistí le linn ceachta corpoideachais a bheith scríofa sa ráiteas sábháilteachta sa phlean scoile.
Staidiúir
Ba chóir béim a chur ar dhea-staidiúir a choinneáil i rith na ngníomhaíochtaí uile, rud atá thar a bheith tábhachtach nuair a bhíonn fearas á ardú agus á iompar.
Beochan agus suaimhniú
Caithfidh páistí eolas agus tuiscint phraiticiúil a fháil ar bheochan agus ar shuaimhniú sa chaoi go n-ullmhóidh siad an corp chun aclaíochta a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtach agus go dtiocfaidh siad chucu féin ina dhiaidh sin. Is é tús an phróisis seo ná dea-chleachtas a bheith á fheidhmiú go leanúnach ag na páistí, agus tagann sé chun buaice nuair a bhíonn modhanna imeachta atá ábhartha agus cuí á gceapadh acu dóibh féin. Caithfidh na gníomhaíochtaí beochana agus suaimhnithe a úsáideann múinteoirí a bheith sábháilte taitneamhach.
Éadach
Ba chóir do gach scoil cleachtas cuí gléasta a cheapadh don chorpoideachas. Dea-chleachtas é na héadaí a chaitear i rith corpoideachais a athrú díreach i ndiaidh an cheachta, más féidir. Ba chóir go gcuideodh na héadaí a chaitear le soghluaisteacht sna gníomhaíochtaí go léir, agus ba chóir go n-oirfidís do thosca ilghnéitheacha. Tá coisbheart oiriúnach thar a bheith tábhachtach. Ní ceart go mbeadh páistí ag obair laistigh ar chúis ar bith agus gan orthu ach stocaí toisc nach ngreamaíonn siad den urlár, ná ní ceart ligean dóibh a bheith ag obair cosnocht mura mbíonn na tosca oiriúnach. Ní ceart seodra a chaitheamh.
Fearas
Ba chóir an fearas a úsáidtear i ngach gníomhaíocht a bheith oiriúnach maidir le méid, meáchan agus dearadh d'aois, do neart agus do chumas an pháiste. Ba chóir mianach maith a bheith ann agus dea-bhail a bheith air. Is gá an-chúram a dhéanamh de roghnú agus d'úsáid an fhearais agus ní ceart fearas loite a úsáid riamh. Ba chóir an bhail atá ar an bhfearas go léir agus ar na hachair oibre a iniúchadh go rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na páistí ag obair i dtimpeallacht shábháilte ghlan.
Measúnú sa churaclam
Sa chorpoideachas, dála achar eile den churaclam, cuid dhílis den phróiseas teagaisc agus foghlama is ea an measúnú. Cé go mbíodh breithiúnais á dtabhairt ag múinteoirí aonair ar dhul chun cinn sa chorpoideachas, ní thugadh scoileanna faoin obair seo i gcónaí ar bhealach rianúil. Tráth a mbíonn feidhmiú an churaclaim chorpoideachais á phlé agus á phleanáil ag múinteoirí ba chóir machnamh a dhéanamh ar chúrsaí measúnaithe ag leibhéal na scoile. D'fhéadfadh plé den saghas seo cuidiú le comhthuiscint a chothú ar conas is féidir teagasc agus foghlaim sa chorpoideachas a threisiú trí mheasúnú agus a thabhairt chun buaice trí pholasaí scoile don mheasúnú a bheartú. D'fhéadfadh na pointí seo a leanas plé dá leithéid a threorú.
Cuspóir an mheasúnaithe
Léirítear rólanna an mheasúnaithe sa chorpoideachas ar leathanaigh 68-75 den churaclam. Soláthraíonn an measúnú eolas don mhúinteoir a chuidíonn leis/léi eispéiris an pháiste sa chorpoideachas a fheabhsú. Is féidir leis cuidiú leis an múinteoir a fháil amach cad is féidir le páistí a dhéanamh, cad tá ar eolas acu, agus cad a thuigeann siad. Is féidir leis na rátaí difriúla forchéimnithe atá á ngnóthú ag páistí a léiriú agus cuidiú le monatóireacht a dhéanamh ar ghnóthachtáil an pháiste i dtaca le cuspóirí an chláir chorpoideachais. Féadann an measúnú cuidiú le múinteoirí obair sa chorpoideachas a phleanáil don todhchaí agus deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith á n-aireachtáil ag an bpáiste a aithint agus, ar an gcaoi seo, cabhrú leis an múinteoir gníomhaíochtaí a chur in oiriúint don pháiste aonánach. Treisítear cumarsáid le múinteoirí eile, le tuismitheoirí agus le daoine gairmiúla eile agus le haistriú eolais go dtí scoileanna dara leibhéil, tríd an eolas a chnuasaítear ón measúnú. Is féidir leis an measúnú cabhrú le scoileanna meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairt an churaclaim chorpoideachais.
Raon de ghléasanna measúnaithe
Moltar sa churaclam raon de mhodhanna ilghnéitheacha measúnaithe a úsáid chun a chinntiú go ndéantar meastóireacht ar raon iomlán na gcumas sa chorpoideachas agus go ndéantar freastal ar stíleanna foghlama aonánacha. Tagann na modhanna a aithnítear thíos le teagasc agus foghlaim sa chorpoideachas, mar gur féidir iad a úsáid de réir mar a bhíonn an teagasc agus an fhoghlaim ar siúl. Seo iad na modhanna measúnachta a mholtar:
- breathnóireacht an mhúinteora:
monatóireacht ar dhul chun cinn na bpáistí de réir mar a tharlaíonn an fhoghlaim féin sa chorpoideachas - tascanna a dhearann an múinteoir: an raon fairsing tascanna a thugann an múinteoir le déanamh don pháiste agus ar féidir iad a mheasúnú de réir mar a bhíonn na páistí ag foghlaim
- próifílí curaclaim: bealach lenar féidir dul chun cinn an pháiste a mheasúnú agus a chlárú, ag baint feidhme as táscairí. Ós rud é nár forbraíodh próifílí curaclaim don chorpoideachas ar bhonn náisiúnta go fóill, b'fhéidir go mbeadh fonn ar scoileanna próifílí a fhreagraíonn dá riachtanais féin a cheapadh.
Measúnú soláimhsithe
Má tá an measúnú le teagasc an chorpoideachais á chomhlánú ba cheart go soláthródh sé eolas úsáideach gan cur isteach ar an tréimhse theagaisc. Ba chóir an córas a cheapfaí a bheith praiticiúil agus a bheith infheidhmithe go gasta agus go héasca.
Ní cóir ach an méid eolais is lú a chlárú le linn ceachta corpoideachais chun a bheith cinnte de go mbíonn na páistí gníomhach agus sábháilte agus go mbaineann siad taitneamh as an gceacht tríd síos.
Comhthuiscint ar an measúnú a fhorbairt
Má phléann múinteoirí dul chun cinn agus
gnóthachtáil páistí aonánacha agus na próifílí curaclaim a bhaineann le ranganna difriúla, éascóidh sé seo díospóireacht eatarthu faoi mheasúnú. Tá sé riachtanach comhtuiscint a bheith acu ar an teanga a úsáidtear i gclárú an mheasúnaithe chun go mbeidh an cleachtas tríd an scoil comhionann. Déantar an measúnú a rialú nuair a roinneann múinteoirí a n-eispéireas teagaisc ar a chéile ar an dóigh seo agus nuair a thagann siad ar chomhthuiscint ar cad a chiallaíonn measúnú ar an gcorpoideachas.
Clárú agus cumarsáid
Má chinneann an scoil ar úsáid a bhaint as na gléasanna measúnaithe a mholtar sa churaclam, cuirfear eolas ar fáil faoi dhul chun cinn agus ghnóthachtáil an pháiste agus soláthrófar bunús cumarsáide múinteoirí le tuismitheoirí agus le daoine eile i bhfearann an oideachais.
Úsáidfear cárta próifíle an dalta chun an t-eolas seo a chlárú, agus cothóidh sé seo cumarsáid. Caithfear an phróifíl a mhioncheartú agus a leasú go rialta d'fhonn leanúnachas agus forchéimniú ó rang go chéile a chinntiú.
D'fhéadfadh eolas a bailíodh trí mheán na dteicníochtaí thuasluaite a bheith in aon tuairisc ar dhul chun cinn páiste, i dtaca le
- dearcadh an pháiste i leith rannpháirtíochta a
léireofaí trí tháscairí mar - glacadh le bua nó le cailleadh
- tuiscint ar chothrom na Féinne
- oiriúnacht an fheistis don cheacht corpoideachais
- an iarracht a léiríonn an páiste
- feidhmiú cleachtas sábháilte
- gnóthachtáil an pháiste i dtaca leis na snáitheanna den chorpoideachas a bhfuil sé/sí páirteach iontu, a léireofaí trí tháscairí mar
- inniúlacht fhisiceach
- eolas agus tuiscint ar ghníomhaíochtaí
- forbairt chruthaitheach agus aeistéitiúil
- forbairt chorpacmhainne deashláinte.