Éagsúlacht sa chur chuige
Ceann de na rudaí a oibríonn lena chinntiú go mbíonn rath ar theagasc an chorpoideachais is ea raon leathan éagsúlachta a bheith sa chur chuige agus sna modhanna teagaisc. Léiríonn an roinn seo de na treoirlínte samplaí d'éagsúlacht sa chur chuige a bhfuarthas a bheith rí-oiriúnach don chorpoideachas sa bhunscoil.
Glactar leis go bhfuil difríochtaí idir scoileanna, idir ranganna agus idir múinteoirí, agus dá réir sin oirfidh modhanna áirithe níos fearr ná a chéile do thosca áirithe agus ar ndóigh tá modhanna teagaisc ilghnéitheacha riachtanach do mhianach na snáitheanna féin. Is gá taighde a dhéanamh ar na modhanna teagaisc is fearr a threiseoidh gnóthú na gcuspóirí, ag cur tosca mar ábhar agus comhthéacs an cheachta san áireamh, chomh maith le riachtanais an fhoghlaimeora.
Níl modhanna teagaisc eisiach go bunúsach. Is furasta leis an múinteoir éifeachtach a c(h)ur chuige a athrú agus a chur in oiriúint don aonad oibre nó don cheacht. De réir mar a athraíonn na cuspóirí laistigh de cheacht beidh an múinteoir éifeachtach ag aistriú ó chur chuige nó ó mhodh teagaisc go chéile. I dtús báire cinneann an múinteoir ar cad is áil leis/léi a ghnóthú, agus ansin roghnaíonn sé/sí an modh is oiriúnaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Eiseamláirí
Soláthraítear eiseamláirí ar fud an roinn seo de na treoirlínte. Cuimsíonn a lán de na heiseamláirí ceachtanna nó aonaid oibre a léiríonn raon leathan éagsúlachta sa chur chuige agus sna modhanna teagaisc, mionchuntas ar ábhar an cheachta nó an aonaid, agus roinnt modhanna measúnaithe. Léiríonn Eiseamláir 2 conas is féidir an corpoideachas a chomhtháthú le hábhair eile, agus léiríonn Eiseamláirí 6-8 damhsaí tíre ar féidir iad a úsáid chun ceachtanna nó aonaid oibre ar dhamhsa tíre a cheapadh.
Modhanna teagaisc agus cur chuige cuí a roghnú
Samplaí den éagsúlacht sa chur chuige atá rí-oiriúnach do theagasc an chorpoideachais iad seo:
- cur chuige an teagaisc dhírigh
- cur chuige na fionnachtana faoi threoir
- cur chuige comhtháite.
Cur chuige an teagaisc dhírigh
Nuair a bhíonn cur chuige an teagaisc dhírigh in úsáid, insíonn nó léiríonn an múinteoir do na páistí cad tá le déanamh acu agus déanann sé/sí a ndul chun cinn a bhreathnú. Bíonn ar an múinteoir gach socrú, nó an formhór acu, a dhéanamh mar gheall ar ábhar an cheachta, agus bíonn ar an bpáiste treoracha a fhreagairt. Cur chuige áisiúil é más cuspóirí atá bainteach le damhsaí tíre, mar shampla, a bhíonn i gceist. Cuireann sé deis ar fáil don mhúinteoir scileanna a bhaineann le cluichí a chur á gcleachtadh áit a gcinneann sé/sí ar mhianach an chleachtaidh, ar an am a chuirfear ar fáil dó, agus ar líon na n-athchleachtaí. Tá teagasc díreach oiriúnach freisin nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á n-eagrú, nuair a bhítear ag cinntiú go bhfuil cleachtais sábháilteachta á bhfeidhmiú, agus nuair a bhíonn fearas corpoideachais á láimhsiú. Mar sin, is féidir leis, a bheith ina chuid bhunúsach de chur chuige an mhúinteora i raon leathan ceachtanna.
Cur chuige na fionnachtana faoi threoir
Nuair a bhíonn straitéis na fionnachtana faoi threoir á húsáid ag an múinteoir ceapann sé/sí sraith ceisteanna a spreagfaidh na páistí sa deireadh chun freagra oiriúnach nó níos mó ná sin a thabhairt agus chun teacht ar choincheap áirithe nó 'réiteach' ar deireadh thiar. Cur chuige amháin é díobh sin a thugann deis do pháistí chun cinnteoireachta, chun fadhbanna a réiteach, nó chun a bheith tionscantach. Spreagann úsáid an chur chuige seo díospóireacht i measc na bpáistí, agus treisíonn sé a gcumas meastóireachta.
Is féidir cur chuige na fionnachtana faoi threoir a úsáid nuair is mian leis an múinteoir béim a chur ar na páistí a bheith á dtreorú chun dúshláin luaile a iniúchadh agus a thástáil. Is féidir feidhm a bhaint as nuair a bhíonn luail á iniúchadh ag an bpáiste trí eispéiris súgartha neamhfhoirmiúil. Is féidir é a úsáid freisin nuair is mian leis an múinteoir go ndéanfadh na páistí machnamh ar conas coincheapa nó modhanna beartaíochta a chur i bhfeidhm i gcluichí: cothóidh ceistiú cuí an mhúinteora tuiscint níos iomláine ar conas is féidir scil áirithe a úsáid i gcluiche.
Tugtar a lán samplaí de na stíleanna éagsúla cur chuige agus iad á bhfeidhmiú sna ceachtanna eiseamláireacha sa roinn seo de na treoirlínte.
Léiríonn Eiseamláir 1 a lán samplaí den fhoghlaim fhionnachtanach faoi threoir, agus marcáiltear na samplaí ina n-úsáidtear an cur chuige sin trí chló trom a úsáid. I rith na ngníomhaíochtaí go léir ina mbíonn dúshlán á chur faoi na páistí teicníochtaí caite agus aicsin bhuailte níos fearr a aimsiú, córais scórála agus rialacha a fhorbairt nó roghanna nó modhanna beartaíochta níos fearr a thoghadh nuair a bhíonn cluichí á n-imirt acu, bíonn a gcuid foghlama á treorú ag an múinteoir. Is féidir leis an múinteoir bealach an teagaisc dhírigh a roghnú nuair a bhíonn roinnt de na cleachtaí agus de na cluichí san aonad seo á n-eagrú agusá gcur i bhfearas aige/aici.
Eiseamláir 1 - Cur chuige fionnachtana faoi threoir in aonad oibre sna cluichí (rang 2)
Comhtháthú
Ba chóir don mhúinteoir machnamh ar conas is féidir na cuspóirí a ghnóthú trí chomhtháthú. Tá a lán cuspóirí sa chorpoideachas a fhorbraítear trí mheán ábhar eile mar Ghaeilge, Béarla, oideachas ealaíon, ceol, matamaitic, agus go speisialta oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS). Is féidir forbairt na n-ábhar seo a shaibhriú trí chlár corpoideachais atá leathan cothrom. Déantar cur síos anseo ar roinnt de na deiseanna atá ar fáil chun ceangail a chothú leis na hábhair seo:
- OSPS: An bhéim a leagtar sa chlár
corpoideachais ar thaitneamh agus dearcadh deimhneach a chothú i leith gníomhaíochta coirp maille leis an gcuidiú feadh saoil a thugann sí do shláinte, comhlánaíonn sí an snáithaonad 'Aire a thabhairt do mo chorp' sa chlár OSPS. Is féidir rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí lasmuigh a nascadh leis an snáithaonad 'Feasacht agus cúram imshaoil'. Soláthraíonn cluichí agus lúthchleasa deiseanna fiúntacha don pháiste dul i dtaithí ar ghlacadh le breitheanna agus rialacha agus coincheap chothrom na Féinne a fhorbairt -- coincheap a iniúchtar sa snáithaonad 'Caidreamh le daoine eile'. Is féidir le snámh agus gníomhaíochtaí eile uisce cúrsaí sábháilteachta a fhorbraítear sa snáithaonad 'Sábháilteacht agus cosaint' a chothú. - Teanga: Foclóir ilchineálach luaile a úsáid (briathra, dobhriathra), treoracha a léirmhíniú, cur síos ar luailí, rialacha a phlé agus eispéiris i gcúrsaí spóirt nó gníomhaíochtaí lasmuigh a ríomh nó a chur i scríbhinn, cuidíonn siad seo go léir le teanga a fhorbairt agus a shaibhriú. Is féidir filíocht agus litríocht a úsáid mar spreagthaigh don damhsa.
- OSIE: Cothaítear forbairt scileanna geografacha, amhail úsáid léarscáileanna, nuair a bhíonn na páistí páirteach i ngníomhaíochtaí lasmuigh. Is féidir staidéar a dhéanamh ar an timpeallacht, ar an aimsir agus ar réimsí talún trí mheán na ngníomhaíochtaí seo chomh maith. Is féidir bunús an cheoil damhsa agus stair cluichí agus spórt a iniúchadh san OSIE freisin. Spóirt áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheadh mar bhonn don staidéar seo.
- Oideachas ealaíon: Is féidir cumarsáid
neamhbhriathartha a fhorbairt trí ghleacaíocht agus damhsa agus iad a nascadh le gníomhaíochtaí sa cheacht drámaíochta. Is féidir téamaí a bhaineann le heispéiris spórtaíochta agus gníomhaíochtaí lasmuigh a iniúchadh trí mheán na drámaíochta chomh maith agus b'fhéidir obair ealaíne a spreagadh dá bharr. Is féidir ceol a úsáid i ngníomhaíochtaí beochana, agus comhlánaíonn sé ceachtanna gleacaíochta agus damhsa. Is féidir le hobair ealaíne idéanna le haghaidh damhsa a spreagadh, agus is féidir luailí agus téamaí damhsa a léiriú le meáin ilghnéitheacha sna hamharcealaíona, m.sh. líníocht, péintéireacht, cré, agus dearadh culaithirte. Is féidir foinn náisiúnta a d'fheilfeadh d'ócáidí spórtaíochta a iniúchadh, mar aon le hamhráin tíre nó amhráin cois tine champa a d'oirfeadh do ghníomhaíochtaí lasmuigh. - Matamaitic: Cuirtear deiseanna ar fáil chun léirthuiscint do chruth agus chothromaíocht a shaothrú agus chun a bheith ag meas, ag tomhas, agus ag déanamh comparáide. Is féidir torthaí a chlárú, uillinneacha a iniúchadh, agus táblaí sraithchomórtas a scrúdú.
Léiríonn Eiseamláir 2 conas is féidir snáitheanna den churaclam corpoideachais a chomhtháthú le hábhair eile.
Eiseamláir 2 - Cur chuige comhtháite á chur i bhfeidhm sa damhsa agus sa lúthchleasaíocht
An ceacht corpoideachais a eagrú
Ní mór an ceacht corpoideachais a phleanáil go cúramach chun a chinntiú go mbeidh an t-eagrú éifeachtach. Ba chóir na ceachtanna go léir a eagrú sa chaoi go spreagfar rannpháirtíocht an pháiste iontu. Is féidir an cuspóir seo a bhaint amach i gcásanna áirithe trí ghníomhaíocht ranga a phleanáiltear go cúramach, ach is éifeachtaí go hiondúil é na páistí a roinnt ina ngrúpaí. Déantar trácht thíos ar roinnt modhanna a oireann d'obair ghrúpa.
Imirt ina n-aonar, ina mbeirteanna, ina ngrúpaí, agus ina bhfoirne
Caithfidh pleanáil múinteoirí freastal ar pháistí a bheith ag obair ina n-aonar nó le páistí eile go comhoibritheach agus go hiomaíoch. I ranganna na naíonán tabharfaidh na páistí faoi fhormhór na ngníomhaíochtaí ina n-aonar i dtosach, agus is féidir ansin obair le páirtithe a fhorbairt uaidh seo. Is féidir go bhfoghlaimeoidh grúpaí beaga conas oibriú i gcomhar. Na deiseanna le haghaidh obair ghrúpa a chuirfí ar fáil i ranganna 1 agus 2 ba cheart go ndéanfaidís comhar na bpáistí a threisiú, rud a ullmhóidh iad le haghaidh saothrú na himeartha foirne i gcluichí, mar shampla. Oireann imirt ina bhfoirne do pháistí ó rang 3 go dtí rang 6, ach ba cheart go mbeadh an imirt ag teacht i gcónaí le riachtanais faoi leith an pháiste. Cluichí le foirne beaga nó mionleaganacha de chluichí ina ndéantar na rialacha a mhodhnú na cinn is oiriúnaí. Is féidir le grúpaí, agus líon níos mó páistí iontu, a bheith ag saothrú in éineacht i gceachtanna damhsa agus gleacaíochta ó rang 3 go dtí rang 6, iad ag dul chun cinn ó bheith ag obair ina n-aonar i dtosach go hobair le páirtí agus mar bhall de ghrúpa beag.
Teagasc 'stáisiún'
Oireann úsáid 'stáisiún' do theagasc cluichí, gleacaíochta, gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta, lúthchleasaíochta nó oiliúna uisce. Cur chuige é seo a ligeann don líon is mó páistí a bheith páirteach agus a sholáthraíonn deiseanna le haghaidh cleachta leanúnaigh do ghrúpaí agus iad i mbun tascanna difriúla ag an am céanna. Tá sé rí-úsáideach áit a bhfuil an fearas gann.
Oibríonn páistí le fearas sainiúil agus iad ag cleachtadh scileanna áirithe agus ag imirt cluichí áirithe. Is féidir idir sé agus ocht ngrúpa bheith sa rang. Tar éis achair ama áirithe (tríocha soicind go dtí cúig nóiméad -- cibé uair a bhíonn an ghníomhaíocht críochnaithe) téann siad ar aghaidh go dtí 'stáisiún' nó ionad eile, áit a ndéanann siad sraith scileanna difriúla a chleachtadh nó cluichí difriúla a imirt.
Léiríonn Eiseamláir 3 an cur chuige seo á fheidhmiú sa cheacht lúthchleasaíochta.
Eiseamláir 3 - 'Teagasc stáisiún' á úsáid i gceacht lúthchleasaíochta (rangannna naíonán)
Achair imeartha agus iad roinnte ina ngreillí á n-úsáid
Tá an modh seo chun ceacht ranga a eagrú áisiúil do theagasc cluichí, go háirithe ó rang 3 go dtí rang 6.
Ba chóir méid an achair imeartha a chur san áireamh, mar aon le conas is fearr é a roinnt chun go mbeifear in ann cleachtaí aonánacha nó ina mbeirteanna, obair ghrúpa agus cluichí le foirne beaga a chur ar siúl. Roinntear an t-achar ina ngreillí, tuairim 8 m faoi 8m.
Tá an t-achar imeartha a léirítear i bhfíor 2 roinnte ina ocht ngreille. Má úsáidtear cóin nó loirg chun na greillí a thaispeáint bíonn cruth an ghreille soathraitheach, ach is féidir le línte buana a bheith áisiúil freisin.
Imríonn ceathrar páistí i ngach greille, ag cleachtadh scileanna aonánacha nó scileanna i dteannta páirtí. Cuirfear spás d'obair i ngrúpaí beaga ar fáil ach dhá ghreille a chur le chéile. Má chuirtear ceithre ghreille le chéile beidh imirt i bhfoirne indéanta sa spás méadaithe.
Is féidir spás breise (fiú má tá cruth neamhrialta air) a úsáid chun achar na ngreillí a fhorlíonadh. Is féidir le páistí aonair, le beirteanna nó le grúpaí beaga an spás breise a úsáid chun scileanna a chleachtadh fad is atá cluiche foirne á imirt ag páistí eile in achar na ngreillí.
Léiríonn Eiseamláir 4 úsáid greillí i gceacht cluichí i rang 5.
Fíor 2. Achar imeartha roinnte ina ngreillí

Eiseamláir 4 - Achair imeartha agus iad roinnte ina ngreillí á n-úsáid i gceacht cluichí (rang 5)