Is é atá thíos ná sainmhínithe a thuigtear go coiteann agus atá inúsáidte sa churaclam bunscoile agus sna treoirlínte do na múinteoirí.
| aeistéitiúil | bainteach le léirthuiscint trí na céadfaí a úsáid go haireach samhlaíoch |
| am | ídíonn gach luail méid ama, agus is féidir athruithe ama a fhorbairt ina bpatrúin rithimeacha. Léirítear tréithe ama trí thapúlacht na luaile nó tríd an gcaoi a gcoinnítear an luail ar siúl |
| canóin | déanann na damhsóirí luailí, duine i ndiaidh a chéile: A i dtosach, B ansin agus C ina dhiaidh sin |
| casphas | cuirtear lámh amháin faoin liathróid rugbaí chun í a rothlú, agus déantar an lámh seo a bhogadh aníos le linn pasála |
| céaslóireacht | scil snámha lenar féidir an corp a thiomáint, a choinneáil ar cothrom agus a rialú san uisce |
| cluichí ionraidh | cluichí mar haca, cispheil, iomáint nó peil, ina mbíonn imreoirí ag iomaíocht san achar céanna fad a bhíonn achar amháin á ionsaí acu agus achar eile á chosaint |
| cnagadh leis an gcos (rith aonair) | scil a bhaineann le peil Ghaelach. Ritheann an t-imreoir agus an liathróid á bualadh aige/aici ón chos go dtí an lámh; is féidir an liathróid a phreabadh den talamh uair amháin i ndiaidh gach cnagtha |
| comhréir | bíonn na damhsóirí go léir ag gluaiseacht ag an am céanna |
| conairí | na patrúin a dhéantar san aer nó ar an urlár trí mheán luailí |
| cos deiridh | an chos a bhíonn chun deiridh agus an chliath á trasnú |
| cos tosaigh | an chos a bhíonn chun tosaigh agus an chliath á trasnú |
| cuachadh | úsáidtear é seo ar uair na práinne san uisce: cuachann na rannpháirtithe iad féin timpeall áiseanna snámhacha d'fhonn teas a chaomhnú |
| damhsa tíre | damhsa a bhaineann le tír ar leith, cuid de cheiliúradh traidisiúnta é go minic |
| dinimic | fuinneamh na luaile |
| faoi threoir | luail ar féidir í a stopadh nó a choinneáil ag am ar bith is ea luail 'faoi threoir' |
| foirm | an scéim iomlán chun cruth agus struchtúr an damhsa a mhúnlú |
| ga cúr-rubair | ga éadrom le patrún eitilte intaofa agus ar féidir é a úsáid sa rang gan bhaol |
| meáchan | an úsáid a bhaintear as meáchan an choirp agus gníomhú na matán le chéile, úsáid a chuireann ar chumas an pháiste gluaiseacht ag leibhéil éagsúla nirt agus éadroime |
| meáchan a ghlacadh | meáchan an choirp a ghlacadh nó a chothromú ar bhall amháin nó ar bhaill den chorp |
| meáchan nó teasc bhunata | meáchan bog éadrom agus teasc éadrom chúr-rubair, iad araon inúsáidte sa rang gan bhaol |
| pas lasnairde | bíonn an liathróid lastuas dá c(h)eann ag X agus pasálann sé/sí í chuig Y ar shlí gur féidir leis/léi siúd glacadh léi ag airde cléibh |
| pop-phas | liathróid rugbaí a chaitheamh tríd an aer chuig sprioc (tuairim aon mhéadar) agus na lámha a bheith suite faoin liathróid |
| preabphas | déanann X an liathróid a phasáil chuig Y, ag ligean di preabadh uair amháin ar an mbealach |
| ráibeanna frithghnímh | ag rábáil ó ionaid tosaithe éagsúla, m.sh. ina s(h)uí, ina luí béal faoi nó ar an droim, ina s(h)easamh agus an droim leis an líne thosaithe, srl.; bíonn an bhéim ar fhrithghníomhú go gasta nuair a thugtar an t-ordú 'imigh' |
| rás sealaíochta Parlauf | rás sealaíochta ciorclach ina mbíonn idir seisear agus ochtar páistí scaipthe timpeall raon nó páirc imeartha, ritheann siad agus iad ag déanamh sealaíochta ar a chéile ar feadh achair ama áirithe, agus déanann siad an líon cuairdeanna a ritheann siad a chlárú |
| rás sealaíochta tointeála | rás sealaíochta ina ritear an fad tofa faoi dhó nó faoi thrí gan stad sula dtosaíonn an chéad pháiste eile |
| ruthag | an rith a dhéantar sula dtugtar faoi léim fhada d'fhonn preabadh maith a ghnóthú sa léim |
| snámh i do sheasamh | scil a ligeann don snámhóir fanacht ar snámh in ionad amháin agus é/í ingearach, agus an méid is lú dá f(h)uinneamh á ídiú aige/aici |
| scaoileadh | aicsean 'luasctha agus caite' na teisce |
| scuabphas | an liathróid rugbaí a phasáil i leataobh chuig an sprioc |
| slaodadh | is féidir le slaodadh luaile a bheith 'faoi threoir' nó a bheith 'saor' |
| smiotadh | scil lena ndéantar an liathróid a phasáil trí í a chiceáil den talamh, rud a thugann uirthi éirí suas san aer agus taisteal |
| snámhacht | airí a bheith ar snámh go héadrom ar an uisce |
| spás | spás pearsanta a thugtar ar an achar thart timpeall an choirp, nuair is féidir leis an duine a c(h)orp a shíneadh i ngach treo agus ar gach leibhéal gan bhogadh as a shuíomh |
| sraith | cruthaíonn luail amháin agus luail ina diaidh sraith |
| STÍL | staidiúir chun teas-ídiú a laghdú: teicníocht tarrthála ina n-úsáideann an duine áis shnámhach agus ina dtéann sé/sí ar snámh, rud a laghdaíonn ídiú teasa |
| téama | idé luaile a ndéantar staidéar agus forbairt uirthi i rith ceachta nó sraith de cheachtanna |
| taisteal | gluaiseacht ó A go dtí B |
| teannadh | síneadh gan strus a chur ar an gcorp |
| teicníocht an tsáite | teicníocht a úsáidtear san eitpheil chun liathróid atá gar don talamh a bhualadh |
| teicníocht an tsiosúir | bunteicníocht léimní ina ritheann an páiste chuig an léim go cliathánach agus ina n-ardaíonn sé/sí an chos is faide isteach go bríomhar suas thar lár an trasnáin (osclaíonn an siosúr); ansin ardaíonn sé/sí an chos is faide amach suas thar an trasnán (dúnann an siosúr) agus leagann sé/sí an chos eile ar an achar tuirlingthe |