Primary Schools

Liosta fearais don chorpoideachas

Trealamh a mholtar don lúthchleasaíocht agus do na cluichí

Tá sé tábhachtach an cóimheas ceart a bheith idir an trealamh agus líon na bpáistí. Sna ceachtanna ar chluichí ba cheart teacht a bheith ag gach páiste ar an ngaireas buailte a bhíonn in úsáid, nuair is féidir é, m.sh. raicéad leadóige ag gach páiste agus liathróid ag gach páiste nó ag gach beirt. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart liathróid a bheith ag gach páiste nó ag gach beirt nuair a bhíonn cleachtaí caite agus gabhála ar siúl.

Ar éigean a bhíonn fearas ar bith ag teastáil chun roinnt gnéithe den chlár lúthchleasaíochta a theagasc, ach tá bunfhearas áirithe riachtanach má táthar chun clár cuimsitheach a chur ar fáil:

  • raon de liathróidí, idir bheag is mhór, a bhféadfadh na cinn seo a bheith ina measc
    • croíleacáin liathróidí leadóige nó na liathróidí féin
    • liathróidí vinile agus tomhais éagsúla acu (115 go dtí 255 mm sa trastomhas)
    • liathróidí éadroma uimhir 5 (oiriúnach do pháistí óga agus do chleachtaí eitleoige)
    • liathróidí scoth-throma uimhir 5 (oiriúnach do chleachtaí caite, gabhála, rollta agus ciceála)
    • liathróidí brata le cúr-rubar (lena n-úsáid le raicéid)
    • liathróidí cúr-rubair nó plaistigh le haghaidh mionrugbaí
  • fonsaí plaistigh
  • cánaí
  • rópaí scipeála
  • málaí pónairí
  • caidhtí
  • scidilí sreinge miotail, cliatha cúrrubair
  • cóin phlaisteacha, il-loirg nó loirg spáis
  • bréid nó bibí
  • raicéid phlaistigh, slacáin imeartha adhmaid
  • maidí haca, camáin, maidí uni-hoc
  • bataí adhmaid, plaistigh nó cóimhiotail do rásaí sealaíochta
  • gabhdáin phlaistigh nó sreinge miotail
  • líonta chun liathróidí a iompar
  • cailc
  • téip
  • stopuaireadóir

Trealamh a mholtar don ghleacaíocht agus don damhsa

Ba chóir an cóimheas idir líon na mball trealaimh agus líon na bpáistí a chur san áireamh nuair a bhíonn fearas á roghnú don ghleacaíocht.
Bunriachtanas is ea na mataí gleacaíochta, agus ba chóir riar a gcáis díobh a sholáthar do na páistí chun go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán. Ba chóir mata (6 troithe faoi 4 troithe) a bheith ar fáil do gach beirt, triúr nó ceathrar páiste nuair is féidir.
Baill trealaimh eile atá anilfheidhmeach is ea na binsí cothromaithe; ba leor idir ceithre agus sé cinn acu don líon daltaí sa rang go hiondúil.

  • teaglaim cheoil
  • téipthaifeadán
  • fonsaí
  • il-loirg nó loirg spáis
  • mataí gleacaíochta
  • frámaí dreaptha, iad dobhogtha nó inaistrithe agus feistithe le baill bhreise fhearais
  • binsí cothromaithe
  • barrabhosca nó bord luaile

An trealamh a mholtar do ghníomhaíochtaí lasmuigh agus ghníomhaíochtaí eachtraíochta

Is féidir go gcuirfidh ionaid oideachais lasmuigh trealamh ilghnéitheach ar fáil do ghrúpaí ranga, m.sh. cúrsaí clocháin, cúrsaí dreaptha ballaí, ballaí rópaí, seaicéid tarrthála, srl.

Is féidir go mbeidh sé indéanta conairí eachtraíochta a thógáil laistigh den scoil, ag baint feidhme as binsí, mataí, frámaí dreaptha, srl.

An trealamh a mholtar don oiliúint uisce

I measc an trealaimh úsáidigh ag an linn snámha d'fhéadfadh go mbeadh

  • snámháin snámha
  • fáinní tumtha
  • maidí tumtha
  • fonsaí tumtha ualaithe
  • rópaí
  • cuaillí.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie