Primary Schools

Ábhar an churaclaim chorpoideachais

Bunstruchtúr agus téarmaíocht

Tairgeann an curaclam corpoideachais clár oibre struchtúrtha cothrom don mhúinteoir. Tá an t-ábhar sonraithe ag ceithre leibhéal: ranganna naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6, agus tá sé roinnte i sé shnáithe: Lúthchleasaíocht, Damhsa, Gleacaíocht, Cluichí, Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta, agus Oiliúint uisce. Tá an t-ábhar i gcúig cinn de na snáitheanna leagtha amach sa chaoi gur féidir é a mhúineadh ag gach leibhéal; tá snáithe na hOiliúna uisce leagtha amach sa chaoi gur féidir í a mhúineadh ag ceann ar bith de na leibhéil nó thar roinnt leibhéal, ag brath ar an bhfáil a bhíonn ar áiseanna don oiliúint uisce agus ar an tráth a gcuireann an páiste tús leis an gclár. Tá gach snáithe roinnte ina shnáithaonaid agus is líon áirithe de na haonaid sin a chomhdhéanfaidh na bunmhíreanna ábhair a mhúinfear.

Lúthchleasaíocht

Tá raon leathan de ghníomhaíochtaí reatha, léimní agus caite i snáithe na Lúthchleasaíochta. Sa chlár lúthchleasaíochta ba chóir an bhéim a chur ar sholáthar deiseanna don pháiste a d(h)úshlán féin a thabhairt chun rith níos tapúla nó ar feadh tréimhsí níos faide, gaireas a chaitheamh níos faide, agus léimneach níos faide nó níos airde. Ba chóir na gníomhaíochtaí luaile nádúrtha seo a fhorbairt ina ngníomhaíochtaí agus ina n-eachtraí lúthchleasacha simplí. Díríonn na gníomhaíochtaí tosaigh ar dhúshláin aonair agus ar chomórtas, agus bíonn an bhéim ar fheabhsú pearsanta i dtaca le spriocanna cuí. De réir mar a ghnóthaíonn páistí sásamh as na heispéiris seo spreagtar iad chun bheith páirteach i gcleachtais reatha, léimní agus caite atá níos foirmiúla.

B'iondúil go múintí an lúthchleasaíocht mar ghníomhaíocht a bhain le téarma an tsamhraidh amháin, ach is féidir gnéithe den snáithe a mhúineadh i gcaitheamh na bliana. Mar shampla, is féidir roinnt cleachtaidh a dhéanamh ar an gcliathreathaíocht agus ar an léim fhada laistigh, agus is féidir tabhairt faoi fhormhór na ngníomhaíochtaí reatha i gcaitheamh mhórchoda den bhliain scoile. Go deimhin, d'fhéadfaí roinnt gníomhaíochtaí caite a chur ar siúl ach an t-achar laistigh a bheith sách mór.

Ó tharla go gcuimsíonn an clár luthchleasaíochta gníomhaíochtaí atá bainteach le rith, le léimneach agus le caitheamh, tá sé thar a bheith oiriúnach do pháistí a bhfuil cumais dhifriúla iontu. Is féidir dul chun cinn an pháiste aonair a thomhas, agus is mór an t-ábhar sásaimh é seo do pháistí atá ar bheagán cumais toisc gur féidir leo an feabhas atá ag dul orthu féin a fheiceáil. Maidir leis an bpáiste atá cumasach sa lúthchleasaíocht, bíonn spriocanna gan teorainn aige/aici agus ní chuireann cibé easpa cumais atá ar na páistí eile sa rang bac leis/léi. Lena chois sin tá na rialacha simplí sothuigthe agus éascaíonn sé seo don pháiste feidhmiú mar mholtóir.

Damhsa

Cuidíonn snáithe an Damhsa le páistí foghlaim trí mheán damhsa agus foghlaim faoi dhamhsa. Tríd an damhsa gríosaítear páistí chun a scileanna corpionramhála a fheabhsú, chun raon coincheap luaile a thuiscint, chun oibriú go comhchuí le daoine eile, agus chun cruthaitheacht agus samhlaíocht a fhorbairt. Nuair a bhíonn damhsaí á n-iniúchadh, á gcruthú agus á ndéanamh ag páistí tagann siad ar an tuiscint gur meán é an damhsa trínar féidir idéanna, smaointe agus mothúcháin a chur in iúl.

Tá rannpháirtíocht i ndamhsa oiriúnach do pháistí, idir bhuachaillí agus chailíní, cuma cén aois iad agus laistigh d'obair théamach cuireann sí mórán deiseanna ar fáil chun treisiú ar an saothar a dhéantar ar réimsí de na hábhair léinn. Is féidir le múinteoirí creatlach a sholáthar trína saothrófar cion ar an damhsa. Tá sé tábhachtach tús a chur leis na gníomhaíochtaí damhsa ag an leibhéal cuí. Caithfidh páistí atá ar bheagán nó ar easpa taithí ar an damhsa tosú ag leibhéal a oireann dá riachtanais, agus scileanna agus féinmhuinín a chothú de réir a chéile trí eispéireas a thugann taitneamh do gach páiste. Cuimsíonn snáithe an damhsa idir dhamhsa tíre agus dhamhsa cruthaitheach.

Damhsa tíre
Tugann damhsa tíre deiseanna do pháistí taithí a fháil ar rithimí, ar mhothúcháin agus ar ghníomhartha damhsóirí eile. Foghlaimíonn páistí conas roinnt damhsaí Gaelacha agus roinnt damhsaí tíre a bhaineann le traidisiúin eile a dhéanamh. Ba chóir don mhúinteoir a aithint gur ceart an bhéim a chur ar an taitneamh a ghabhann leis an damhsa agus ar lánpháirtíocht na bpáistí, seachas a bheith ag díriú go meicniúil ar na luailí. Is í an ghné is tábhachtaí de dhamhsa tíre don pháiste ná cúram agus aire a bheith á riaradh ar dhaoine eile sa damhsa, a bheith ag roinnt le daoine eile, agus a bheith mar bhall de ghrúpa comhchuí.

Sna tréimhsí tosaigh tugtar deis do na páistí a bheith ag cumadh agus ag cruthú agus iad ag fáil taithí de réir a chéile ar an taitneamh a ghabhann le bheith ag déanamh damhsaí tíre ó thíortha eile chomh maith le roinnt damhsaí Gaelacha. Obair aonair a bhíonn ar bun acu i dtosach, ach ina dhiaidh sin is ag damhsa le páistí eile a bhíonn siad, ina mbeirteanna agus ina ngrúpaí beaga. Ba chóir an ceol a roghnú go cúramach chun go mbainfidh na páistí taitneamh as rithimí bríomhara, ar luas a oireann dóibh, agus an damhsa á dhéanamh acu. B'fhéidir go mbeadh deiseanna ann cúlra sóisialta agus cultúrtha roinnt de na damhsaí tíre a iniúchadh.

Damhsa cruthaitheach
Nuair a bhíonn damhsa á chruthú ag an bpáiste saothraíonn sé/sí luailí a nochtann agus a aithrisíonn idéanna agus mothúcháin. Ba chóir deiseanna a bheith ag páistí idé a iniúchadh agus a fhorbairt go forchéimneach, agus am a bheith acu chun a gcuid luailí a chleachtadh, a phlé agus a fheabhsú.
Spreagann an damhsa cruthaitheach páistí chun scileanna simplí idir scileanna teicniúla agus scileanna comhaill, a shealbhú agus chun díriú ar thréithe léirithe na luaile. Ba chóir an bhéim a chur ar thaitneamh agus ar dhearcadh deimhneach a chothú i leith an damhsa agus, ar an gcaoi seo, timpeallacht a chruthú ina mbeidh dóthain muiníne ag páistí chun idéanna a thástáil agus chun na damhsaí a cheapann siad a dhéanamh.

Gleacaíocht

Déanann snáithe na Gleacaíochta cur síos ar Ullmhaíonn páistí le haghaidh ceachta gleacaíochtana gníomhaíochtaí luaile do gach leibhéal ranga, agus léiríonn sí conas is féidir luail a fhorbairt go seicheamhach. Is í aidhm na ngníomhaíochtaí atá leagtha amach ná corpionramháil sciliúil a chothú, gné atá riachtanach d'oideachas foriomlán luaileach an pháiste. Dírítear ar ghníomhartha coirp mar léimneach, iompú, luascadh agus cothromú agus ar luailí coirp a rialú agus a riaradh i dtosca a éiríonn níos dúshlánaí de réir a chéile. Ba chóir go soláthródh na tascanna luaile deiseanna chun gnóthachtála do na páistí go léir, ach na tascanna a bheith oiriúnach dá gcéimeanna forbartha.

De réir mar a bhíonn muinín na bpáistí ag fás, ba chóir don mhúinteoir feidhm a bhaint as ceistiú cuí d'fhonn tuiscint an pháiste ar an luail a mhéadú. Leagann an curaclam gleacaíochta béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht nuair a bhíonn fearas á láimhsiú.

Sainscileanna sa ghleacaíocht
Tá gníomhaíochtaí i snáithe na Gleacaíochta a thagraíonn do theagasc sainscileanna. Is é is sainscil ann ná luail shonrach ina bhfuil dea-chruth coirp riachtanach chun go ndéanfaí i gceart í, mar shampla ceannseasamh nó lámhsheasamh. Caithfear béim a chur ar chéim ullmhachta an pháiste nuair a bhíonn gach gné den ghleacaíocht á pleanáil, ach baineann sé seo go speisialta le teagasc na sainscileanna. Chun go mbeidh an páiste in ann iad seo a chomhall go rathúil, caithfidh sé/sí, bheith láidir ligthe agus a bheith in ann teannas a chruthú ar fud an choirp. Ba cheart don mhúinteoir gan na scileanna seo a mhúineadh go dtí go mbíonn an páiste inniúil ar na réamh-chleachtaí. Ní chiallaíonn sé seo, áfach, gur sprioc iontu féin iad na scileanna: is dúshraith iad ar féidir gleacaíocht dhiongbháilte chruthaitheach a thógáil uirthi.

Cluichí

Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochtaPléann snáithe na gCluichí le forbairt scileanna, le ceapadh agus imirt cluichí agus le tuiscint ar chluichí. Chuirtí an bhéim go traidisiúnta ar 'an cluiche a imirt' nó ar scileanna a chleachtadh neamhspleách ar an gcluiche. Féachann an curaclam seo le cleachtadh scileanna a nascadh le himirt mionchluichí (foirne beaga). Déantar na mionchluichí seo a mhionathrú chun iad a chur in oiriúint do chéimeanna foráis na bpáistí; ba chóir na rialacha a leasú agus méid an achair imeartha agus an fhearais a oiriúnú dá riachtanais. Ina theannta sin, leagtar béim ar scileanna mar úsáid éifeachtach spáis agus ar chinnteoireacht, agus sa tslí seo cothaítear tuiscint níos fearr ar conas a imrítear cluichí.

Ba chóir go gcuirfeadh an clár cluichí deiseanna ar fáil do pháistí scileanna agus tuiscint a fhorbairt trí mheán gníomhaíochtaí taitneamhacha agus iad ina n-aonar, ina ngrúpaí beaga, agus ina bhfoirne. Sa chlár cluichí tríd síos ba chóir tascanna oiriúnacha a fhorbróidh a dtuiscint ar chluichí a sholáthar do na páistí. De réir mar a éiríonn siad níos oilte airíonn siad blas na gnóthachtála mar aon le sásamh. Ba chóir deiseanna a sholáthar chun gníomhú pearsanta a fheabhsú agus chun daoine eile a stiúradh chun feabhsaithe. Nuair a shaothraíonn páistí tuiscint ar chluichí, ba chóir go gcuirfeadh sé ar a gcumas cluichí a léirthuiscint agus taitneamh a bhaint astu mar rannpháirtithe agus mar bhaill den lucht féachana.

Ba chóir go bhfaigheadh páistí taithí ar raon cothrom de Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochtascileanna agus de chluichí i roinnt catagóirí. Cuidíonn cluichí clóis leis an bpáiste gluaiseacht go héifeachtach agus idirghníomhú le páistí eile. Áirítear iad seo sa snáithaonad 'Cluichí a cheapadh agus a imirt'. Moltar riar de chluichí ionraidh, de chluichí lín, de chluichí buailte agus ceaptha, de chluichí sprice agus de chluichí cúirte i bpáirtíocht sa snáithaonad seo chomh maith. Is eiseamláirí iad na cluichí a mholtar. Áirítear haca agus iomáint, sacar, peil Ghaelach agus rugbaí, cispheil, líonpheil agus liathróid láimhe Oilimpeach ar na cluichí ionraidh atá inmhodhnaithe do pháistí bunscoile. Áirítear leadóg, eitpheil agus badmantan ar na cluichí lín. Cluiche corr nó cruicéad na cluichí buailte agus ceaptha is fearr a d'oirfeadh don aoisghrúpa seo. Áirítear babhláil ar na cluichí sprice agus liathróid láimhe ar na cluichí cúirte. Ba chóir riar cóir cothrom as na catagóirí thuas a bheith i gclár an ranga.

Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta

Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochtaD'fhéadfadh sé gur gné den churaclam é an snáithe Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta nach gcuireadh scoileanna san áireamh go dtí seo ina gcuid clár. D'fhéadfadh sé, áfach, gur múineadh gnéithe den ábhar seo mar chuid den chlár tíreolaíochta mar shampla. Taitníonn a lán de na gníomhaíochtaí a mholtar leis an bpáiste nach nglacfadh páirt go fonnmhar i ngníomhaíocht choirp.

Tairgtear gníomhaíochtaí ilghnéitheacha do na páistí i gclár na naíonán, rud a thógann an dúshraith do ghníomhaíochtaí lasmuigh agus do ghníomhaíochtaí eachtraíochta. Cuirtear dúshláin shimplí fúthu bacainní a shárú nó a mbealach a dhéanamh. Déantar na scileanna a ghnóthaítear nuair a bhíonn na páistí i mbun na ngníomhaíochtaí seo a fhairsingiú agus iad ag dul ar aghaidh tríd an mbunscoil, cuir i gcás, trí ghnéithe de dhúshláin lasmuigh agus de threodóireacht a shampláil. Riarann an soláthar sa churaclam ar raon fairsing gníomhaíochtaí. Is féidir go gcuirfidh tosca faoi leith cosc le feidhmiú roinnt de na gníomhaíochtaí seo, ach má roghnaítear sampla de na gníomhaíochtaí tabharfar léargas do na páistí ar na deiseanna a bheidh ar fáil dóibh ach páirt a ghlacadh in imeachtaí lasmuigh. Uaireanta is féidir le scoileanna gníomhaíochtaí cuí eile a oireann dá dtosca féin a roghnú.

Is féidir roinnt de na gníomhaíochtaí a mholtar sa snáithe Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochtaGníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta a chur ar siúl laistigh. Go minic is é an áit is fearr é chun bunscileanna a fhoghlaim sula bhfeidhmítear iad lasmuigh. Is féidir a lán scileanna treodóireachta, mar shampla, a fhorbairt i dtús báire i bhfoirgneamh na scoile agus é á úsáid mar bhunáit. Is féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile laistigh de thimpeallacht na scoile gan mórán cabhrach seachtraí, nó b'fhéidir go mbeadh ar pháistí taisteal go dtí ionad a bheadh oiriúnach do na gníomhaíochtaí seo. Tharlódh go mbeadh faiche shúgartha áitiúil a bheadh ar fheabhas mar ionad do roinnt de na dúshláin lasmuigh, mar shampla. Cibé rogha a thógtar, cuirtear deis ar fáil don pháiste tús a chur le clár a mbeidh grá do ghníomhaíochtaí lasmuigh mar thoradh air.

Is féidir an clár a nascadh go dlúth le curaclam an oideachais shóisialta, imshaoil, agus eolaíochta. Mar shampla, saothraíonn páistí scileanna treoaimsitheacha tráth a mbíonn an scoil nó an ceantar á n-iniúchadh acu agus iad i mbun tascanna treodóireachta, agus cothaítear dearcadh deimhneach ar aire a bheith á tabhairt don imshaol tráth a nglacann na páistí páirt i ngníomhaíochtaí lasmuigh.

Oiliúint uisce

Aithnítear sa churaclam oiliúna uisce go bhfuil níos mó i gceist le snámh ná a bheith ag foghlaim banganna snámha agus ag iomaíocht i gcomórtais snámha. Cuirtear an bhéim ar shraith bhunscileanna agus ar dhearcadh agus ar thuiscint a bheith á ngnóthú sula mbaintear cumas amach sna banganna snámha traidisiúnta. Tá sé tábhachtach go léireodh an páiste go bhfuil muinín, flosc chun rannpháirtíochta, toilteanas chun éisteacht le treoracha agus tuiscint agus meas ar rialacha aige/aici sula dtugann sé/sí faoi bhang snámha a shaothrú.

Cuidíonn súgradh san uisce leis an bpáiste foghlaim a dhéanamh, agus is é an bealach is inmholta é chun cabhrú leis an bpáiste taithí a fháil ar ghnéithe tairbheacha buntáisteacha an uisce. Tá cluichí samplacha le fáil in a lán de na snáithaonaid, agus is féidir iad a úsáid chun na scileanna atá le múineadh a thionscnamh, a threisiú, nó a fhorbairt. Eispéiris fhoghlama is ea na cluichí uisce seo ar féidir leo páiste a spreagadh chun triail a bhaint as rud éigin nó luach saothair a thabhairt don pháiste as tasc a chríochnú. Is féidir leis na cluichí foghlaim a mhéadú, mar is féidir iad a úsáid mar ghléas chun cleachta, chun aiseolas a fháil, agus chun athdhaingnithe. Ba chóir go léireodh an clár oiliúna uisce tábhacht an tsúgartha i bhforbairt cumais san uisce.

Tá an snáithe leagtha amach mar aonad iomlán amháin, sa chaoi gur féidir é a fheidhmiú go forchéimnitheach cibé am a fhaigheann an páiste deis tús a chur le gníomhaíochtaí uisce. Nuair a chuirtear an snáithe oiliúna uisce ar fáil do naíonáin, ba chóir oiriúnacht na ngníomhaíochtaí do chéim fhorásach an pháiste agus na himpleachtaí praiticiúla a bhaineann le hathrú a c(h)uid éadaigh a mheas go cúramach.

Ciallú agus léirthuiscint a fhorbairt
Tá snáithaonad dar teideal 'Ciallú agus léirthuiscint' i ngach snáithe den churaclam agus is é a ghnó tuiscint agus léirthuiscint a chothú ar na gníomhaíochtaí a bhaineann don pháiste agus an snáithe á iniúchadh aige/aici. Gnéithe den snáithaonad seo is ea breathnóireacht, plé agus ceistiú.

Mar shampla gríosaítear an páiste chun gnéithe luaile faoi leith sa ghleacaíocht a bhreathnú (m.sh. na conairí a ghabhtar), mothúcháin (m.sh. scleondar) i ndamhsa a chiallú, nó tuiscint ar ráta luais agus é/í ag rith a fhorbairt. Samplaí eile den ábhar atá sa snáithaonad seo is ea eolas a chur ar eachtraí lúthchleasacha nó deiseanna a aithint chun páirt i ghlacadh i gclubanna.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie