Cad is corpoideachas ann?
Cuireann an corpoideachas deiseanna uathúla ar fáil do pháistí gluaiseacht go héasca agus go muiníneach agus iad ag baint taitnimh as gníomhartha mar rith, iompú, casadh, fiach, caitheamh, breith, bualadh, bheith ar snámh, agus cothromú. Spreagtar iad chun freagairt do dhúshláin don intinn is don chorp, chun páirtíochta, chun iomaíochta agus chun comhoibriú le daoine eile.
Baineann páistí taitneamh as gníomhaíochtaí coirp ón am a bhíonn siad an-óg. Fairsingíonn clár corpoideachais, a sholáthraíonn raon leathan de ghníomhaíochtaí luaile, luatheispéireas seo an pháiste. Ba chóir go sásódh an ceacht corpoideachais riachtanais an pháiste a bhíonn ag súil go mór leis.
Tá an corpoideachas cosúil go maith le hábhair eile an churaclaim sa mhéid go gcuidíonn sé le forbairt iomlánaíoch an pháiste. Foghlaimíonn páistí conas caidreamh agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus conas féinmheas agus muinín a shaothrú. Spreagtar iad chun tionscnamh agus ceannaireacht a fhorbairt agus chun dearcadh deimhneach i leith an chorpoideachais a ghnóthú. Cabhraítear leo cinneadh ar chomhairle stuama maidir le stíl shláintiúil mhaireachtála. Is féidir an fhoghlaim a dhéantar in ábhair eile a threisiú agus a dhaingniú sa cheacht corpoideachais. Bíonn scileanna a fhorbraítear sa cheacht corpoideachais, i gceist in ábhair eile chomh maith, mar shampla meas a dhéanamh, tomhas agus ciallú léarscáileanna simplí.
An corpoideachas i gcuraclam páistelárnach
Nuair a bhíonn an clár á fheidhmiú ag an scoil, agus béim á cur aici ar phrionsabail na héagsúlachta, ba chóir di a chur san áireamh
- a thábhachtaí atá sé taitneamh a bhaint as an gcorpoideachas. An páiste a shamhlaíonn sult agus aoibhneas leis na ceachtanna corpoideachais agus a fhaigheann blas na gnóthachtála, forbrófar ann/inti an dearcadh deimhneach atá fíor-riachtanach do rannpháirtíocht leanúnach i gceachtanna corpoideachais agus i ngníomhaíocht choirp
- tábhacht an tsúgartha trí chéile sa phróiseas foghlama agus foráis. Trí mheán an tsúgartha foghlaimíonn an páiste conas gluaiseacht go héifeachtach, machnamh a dhéanamh, idirghníomhú ar bhonn sóisialta le daoine eile, agus a m(h)othúcháin a nochtadh
- lánpháirtíocht na bpáistí uile sa cheacht corpoideachais. Aithneofar mian na bpáistí a bheith páirteach go gníomhach mar phointe tosaigh don mhúinteoir nuair a bhíonn ceachtanna corpoideachais á bpleanáil agus á gcur i bhfeidhm aige/aici. Na ceachtanna inar féidir a aithint go n-éiríonn leis an múinteoir na cuspóirí réamhbheartaithe a ghnóthú is cinnte gurb iad na ceachtanna céanna iad ina raibh na páistí gníomhach ó thús go deireadh
- scileanna a fhorbairt agus tuiscint ar na gníomhaíochtaí a bhfuil na páistí ag fáil taithí orthu a mhéadú. Cuid thábhachtach den churaclam corpoideachais is ea forbairt scileanna: á dtosú trí ghníomhaíochtaí súgartha struchtúrtha i ranganna na naíonán agus á méadú aníos trí na ranganna eile. De réir mar a fhorbraítear na scileanna ba cheart béim a chur freisin ar thuiscint an pháiste ar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé/sí páirteach iontu a mhéadú. Is féidir é seo a ghnóthú trí mhodhanna cuí teagaisc a úsáid mar a bhfuil plé ina dhlúthchuid den phróiseas
- gníomhaíochtaí iomaíocha agus neamhiomaíocha a choinneáil ar cothrom. Is féidir leis an bpáiste leas a bhaint as gníomhaíochtaí a bhfuil an iomaíocht mar tháthchuid díobh de réir mar a bhíonn a (h)acmhainneacht á saothrú aige/aici. Cuirtear deiseanna deimhneacha ar fáil dó/di ar a n-áirítear meas a chothú ar chéilí comhraic, ar rialacha agus ar pháistí sa rang a bhíonn ag feidhmiú i gcáil oifigeach. Is féidir le brú na hiomaíochta áfach, bac a chur le dul chun cinn páistí áirithe, agus ní hí an iomaíocht an t-imshaol is fearr i gcónaí le haghaidh forbairt scileanna. Ba chóir mar sin, féachaint leis an soláthar a dhéantar do ghníomhaíochtaí iomaíocha agus do ghníomhaíochtaí neamhiomaíocha a choinneáil ar cothrom
- gníomhaíochtaí tadhaill agus gníomhaíochtaí neamh-thadhaill a choinneáil ar cothrom. Ba chóir riachtanais an pháiste aonánaigh a chur san áireamh nuair a bhíonn gníomhaíochtaí oiriúnacha á roghnú. Mar shampla, ba cheart cothrom a lorg, a ligeann don pháiste ar fearr leis/léi gníomhaíochtaí neamhthadhaill taitneamh a bhaint as na gníomhaíochtaí sin ach fós bheith in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tadhaill, agus iad oiriúnaithe dá riachtanais nuair is féidir
- deiseanna le haghaidh gnóthachtála a sholáthar do gach páiste. Tá sé riachtanach go ndéanfaí tascanna ar féidir leis/léi iad a dhéanamh a thairiscint don pháiste, cuma cén ghníomhaíocht a mbíonn sé/sí páirteach inti. Is é sásamh na gnóthachtála an toisc a spreagann a lán páistí chun leanúint de bheith páirteach i ngníomhaíocht choirp
- gníomhaíochtaí atá chomh hoiriúnach céanna do chailíní agus do bhuachaillí a sholáthar. Is féidir gníomhaíochtaí a nasctaí le ceachtar den dá chineál a sholáthar, agus iad modhnaithe uaireanta, do rang measctha. Ba chóir taithí ar raon gníomhaíochtaí as gach ceann de na sé shnáithe a thabhairt do ranganna ina bhfuil cailíní amháin nó buachaillí amháin nuair is féidir, agus féachaint chuige ar an gcaoi seo go ndéanfar clár cothrom a thairiscint dóibh.