Primary Schools

Oiliúint uisce do ranganna naíonán go dtí rang 6

Snáithe: Oiliúint uisce

Snáithaonad: Sláinteachas


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tábhacht an tsláinteachais nuair a bhíonn an linn á húsáid a thuiscint
    úsáid an fholctha cos, an chithfholctha agus an leithris
    achar na linne a choinneáil glan.

Snáithaonad: Sábháilteacht uisce


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • rialacha na linne áitiúla a chomhall
  • na contúirtí a bhaineann le huisce a aithint
    doimhneacht, sruthanna, taoidí, an aimsir, truailliú, hipiteirme
  • an modh ceart chun déiléail le contúirtí a aithint
    scileanna sábháilteachta pearsanta a chleachtadh (m.sh. iontrálacha sábhailte, STÍL, cuachadh, snámh i do sheasamh)
    scairteadh ar chúnamh ar uair na práinne agus cúram a dhéanamh den tsábháilteacht phearsanta
    tarrtháil sínte agus caite a léiriú ar talamh nó i gcomharsanacht na linne.

Snáithaonad: Dul isteach san uisce agus teacht amach as


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • dul isteach san uisce
    na céimeanna nó an dréimire a úsáid
    suí, casadh agus sleamhnú isteach san uisce
    siúl isteach de bhruach na linne
    siúl isteach agus an aghaidh a chur san uisce gan imní
    bolgáin a shéideadh leis an mbéal agus é/í san uisce
    nithe éadroma a phiocadh suas ó thóin na linne agus na súile a bheith ar oscailt
    féachaint ar pháirtí faoin uisce
    léimneach isteach san uisce
    tumadh: tumadh dromchla nó tumadh
    dúléime (ina s(h)uí, cúbtha, ina s(h)easamh)
  • teacht amach as an uisce
    céimeanna a úsáid
    teacht amach le cúnamh
    teacht aníos díreach ar bhruach na linne.

Snáithaonad: Snámhacht agus tiomáint


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • siúl in uisce éadomhain
    siúl agus patrúin a dhéanamh
    siúl le tionlacan rithime, ag athrú treo ar an mbuille trom
    dul thar dhuine nó thar bhacainn
  • dul trasna na linne de léimeanna, de shleaschéimeanna nó de rith
    rásanna sealaíochta: trasnaíonn na páistí an linn de léimeanna, de shleaschéimeanna nó de rith
  • a thabhairt faoi deara go snámhann nithe áirithe agus go dtéann nithe eile go tóin
    nithe (liathróid, lachain bhréige) a shéideadh, nó a stiúradh leis an tsrón nó leis an gceann timpeall nithe a bhíonn ar snámh
  • cleachtaí cothromaíochta, rothlaithe agus athghabhála a shaothrú le snámhán agus dá uireasa
    seasamh suas athuair tar éis bheith béal faoi nó droim faoi
    an corp agus é béal faoi nó droim faoi a rolladh
    cruthanna, idir leathan is chaol, a dhéanamh le linn bheith ar snámh béal faoi nó droim faoi
    cruthanna a nascadh chun snáitheanna a chruthú
    bheith ar snámh i gcruth beacáin
    casadh 360° go cothrománach nó go hingearach
  • úsáid lámh is cos chun taistil san uisce a iniúchadh
    ciceáil ar nós froig
    an cluiche Deir Síomón a imirt -- na gníomhaíochtaí a bheith ag teacht le cumas na bpáistí
    céaslóireacht a chleachtadh béal faoi agus droim faoi, an ceann chun tosaigh, na cosa chun tosaigh
    cluichí fiaigh (m.sh. Cén t-am é, a Shiorc? Préacháin agus Corra)
  • sní ar aghaidh nó ar gcúl feadh an dromchla i gcruth sínte
  • sní go dtí tóin na linne.

Snáithaonad: Forbairt banganna snámha


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • riar maith de bhanganna snámha a shaothrú
    crágshnámh, cúlbhuille, bang brollaigh, snámh deilfe.

Snáithaonad: Cluichí liathróide uisce


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • bheith páirteach in imirt i mbeirteanna agus i ngrúpaí
    liathróid a chaitheamh agus a ghabháil, caitheamh leathlámhach san áireamh
    cluichí 'thar is faoi', mar a ndéantar liathróid a phasáil feadh líne páistí thar a gcinn agus faoina gcosa
    sá-pheil uisce.

Snáithaonad: Oiliúint uisce a chiallú agus a léirthuiscint


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • bunrialacha sláinteachais a thuiscint
  • na contúirtí a bhaineann le huisce a thuiscint
  • an chaoi le fanacht slán san uisce a thuiscint
  • tuiscint bhreise ar shnámhacht a fhorbairt
  • tuiscint d'éascaíocht luaile in uisce a fhorbairt
  • eolas ar bhanganna snámha a mhéadú
  • raon leathan de ghníomhaíochtaí uisce a phlé
    peil uisce, snámh sioncrónaithe, tarrtháil
  • bheith eolach ar eagraíochtaí agus ar chlubanna áitiúla a chothaíonn cluichí uisce.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie