Snáithe: Oiliúint uisce
Snáithaonad: Sláinteachas
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- tábhacht an tsláinteachais nuair a bhíonn an linn á húsáid a thuiscint
úsáid an fholctha cos, an chithfholctha agus an leithris
achar na linne a choinneáil glan.
Snáithaonad: Sábháilteacht uisce
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- rialacha na linne áitiúla a chomhall
- na contúirtí a bhaineann le huisce a aithint
doimhneacht, sruthanna, taoidí, an aimsir, truailliú, hipiteirme - an modh ceart chun déiléail le contúirtí a aithint
scileanna sábháilteachta pearsanta a chleachtadh (m.sh. iontrálacha sábhailte, STÍL, cuachadh, snámh i do sheasamh)
scairteadh ar chúnamh ar uair na práinne agus cúram a dhéanamh den tsábháilteacht phearsanta
tarrtháil sínte agus caite a léiriú ar talamh nó i gcomharsanacht na linne.
Snáithaonad: Dul isteach san uisce agus teacht amach as
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- dul isteach san uisce
na céimeanna nó an dréimire a úsáid
suí, casadh agus sleamhnú isteach san uisce
siúl isteach de bhruach na linne
siúl isteach agus an aghaidh a chur san uisce gan imní
bolgáin a shéideadh leis an mbéal agus é/í san uisce
nithe éadroma a phiocadh suas ó thóin na linne agus na súile a bheith ar oscailt
féachaint ar pháirtí faoin uisce
léimneach isteach san uisce
tumadh: tumadh dromchla nó tumadh
dúléime (ina s(h)uí, cúbtha, ina s(h)easamh) - teacht amach as an uisce
céimeanna a úsáid
teacht amach le cúnamh
teacht aníos díreach ar bhruach na linne.
Snáithaonad: Snámhacht agus tiomáint
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- siúl in uisce éadomhain
siúl agus patrúin a dhéanamh
siúl le tionlacan rithime, ag athrú treo ar an mbuille trom
dul thar dhuine nó thar bhacainn - dul trasna na linne de léimeanna, de shleaschéimeanna nó de rith
rásanna sealaíochta: trasnaíonn na páistí an linn de léimeanna, de shleaschéimeanna nó de rith - a thabhairt faoi deara go snámhann nithe áirithe agus go dtéann nithe eile go tóin
nithe (liathróid, lachain bhréige) a shéideadh, nó a stiúradh leis an tsrón nó leis an gceann timpeall nithe a bhíonn ar snámh - cleachtaí cothromaíochta, rothlaithe agus athghabhála a shaothrú le snámhán agus dá uireasa
seasamh suas athuair tar éis bheith béal faoi nó droim faoi
an corp agus é béal faoi nó droim faoi a rolladh
cruthanna, idir leathan is chaol, a dhéanamh le linn bheith ar snámh béal faoi nó droim faoi
cruthanna a nascadh chun snáitheanna a chruthú
bheith ar snámh i gcruth beacáin
casadh 360° go cothrománach nó go hingearach - úsáid lámh is cos chun taistil san uisce a iniúchadh
ciceáil ar nós froig
an cluiche Deir Síomón a imirt -- na gníomhaíochtaí a bheith ag teacht le cumas na bpáistí
céaslóireacht a chleachtadh béal faoi agus droim faoi, an ceann chun tosaigh, na cosa chun tosaigh
cluichí fiaigh (m.sh. Cén t-am é, a Shiorc? Préacháin agus Corra) - sní ar aghaidh nó ar gcúl feadh an dromchla i gcruth sínte
- sní go dtí tóin na linne.
Snáithaonad: Forbairt banganna snámha
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- riar maith de bhanganna snámha a shaothrú
crágshnámh, cúlbhuille, bang brollaigh, snámh deilfe.
Snáithaonad: Cluichí liathróide uisce
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- bheith páirteach in imirt i mbeirteanna agus i ngrúpaí
liathróid a chaitheamh agus a ghabháil, caitheamh leathlámhach san áireamh
cluichí 'thar is faoi', mar a ndéantar liathróid a phasáil feadh líne páistí thar a gcinn agus faoina gcosa
sá-pheil uisce.
Snáithaonad: Oiliúint uisce a chiallú agus a léirthuiscint
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- bunrialacha sláinteachais a thuiscint
- na contúirtí a bhaineann le huisce a thuiscint
- an chaoi le fanacht slán san uisce a thuiscint
- tuiscint bhreise ar shnámhacht a fhorbairt
- tuiscint d'éascaíocht luaile in uisce a fhorbairt
- eolas ar bhanganna snámha a mhéadú
- raon leathan de ghníomhaíochtaí uisce a phlé
peil uisce, snámh sioncrónaithe, tarrtháil - bheith eolach ar eagraíochtaí agus ar chlubanna áitiúla a chothaíonn cluichí uisce.