Measúnú: cuid dhílis den teagasc agus den fhoghlaim
Tugann measúnú an chorpoideachais léargas ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim trí eolas a sholáthar ar an méid atá foghlamtha ag na páistí agus ar conas a fhoghlaimíonn siad é. Bailítear an t-eolas seo mar chuid leanúnach de phróiseas teagaisc an chorpoideachais, agus tá sé tairbheach do pháistí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí. Nuair a bhíonn gníomhaíochtaí nua á mbeartú ag múinteoirí nó ceachtanna chun obair atá déanta cheana a dhaingniú á bpleanáil acu, bíonn breithiúnas gairmúil á thabhairt acu ar na páistí i gcónaí. Bíonn na páistí á measúnú ag múinteoirí sa cheacht corpoideachais de shíor de réir mar a bhíonn an dul chun cinn, mar aon leis na deacrachtaí, á n-aithint acu.
Soláthraíonn measúnú eolas faoin bpáiste aonair, cuidíonn sé leis an múinteoir clár oiriúnach a phleanáil dó/di, agus éascaíonn sé cumarsáid le múinteoirí eile, le tuismitheoirí agus le daoine gairmiúla nach iad. Cuideoidh clárú agus tuairisciú córasach thorthaí an mheasúnaithe le leanúnachas agus dul chun cinn a fhothú sa chorpoideachas, amhail achair eile den churaclam.
Rólanna an mheasúnaithe: cad chuige measúnú?
Tugann an measúnú léargas ar theagasc agus ar fhoghlaim an chorpoideachais ar roinnt bealaí. Soláthraíonn sé pictiúr cuimsitheach d'fhorás iomlánaíoch an pháiste, rud a chabhraíonn le comhairle chríonna a chinneadh faoin bhfoghlaim a dhéanfaidh sé/sí amach anseo.
Léiríonn an measúnú gnóthachtáil gach páiste de réir mar a shealbhaíonn sé/sí scileanna agus de réir mar a thagann forbairt ar a t(h)uiscint, agus léiríonn sé na gníomhaíochtaí foghlama breise atá le hiniúchadh aige/aici. Is féidir é a úsáid chun ullmhacht an pháiste tabhairt faoi ghníomhaíocht úr sa chorpoideachas a mheas. Chomh maith leis sin is féidir leis na rátaí éagsúla forchéimnithe atá á ngnóthú ag an bpáiste sna snáitheanna difriúla den chorpoideachas a léiriú agus bunús do ghrúpáil a sholáthar. Cuireann an measúnú aiseolas ar fáil don pháiste faoina g(h)nóthachtáil féin, agus tugann sé air/uirthi freisin machnamh criticiúil a dhéanamh ar a c(h)uid foghlama. Nuair a úsáidtear measúnú ar an gcaoi seo, bíonn ról múnlaitheach á chomhlíonadh aige i dtaca le foghlaim bhreise a phleanáil agus a chothú.
Léiríonn an measúnú achair den fhoghlaim a mbíonn deacracht iontu don pháiste. D'fhéadfadh baint a bheith ag na deacrachtaí seo le gnóthú scileanna, le heaspa i dtuiscint an pháiste ar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé/sí páirteach iontu nó, le bearnaí a bheith ina c(h)uid eolais ar ghníomhaíochtaí faoi leith. Má dhéantar na deacrachtaí a airíonn an páiste, agus scileanna luaile á gcleachtadh aige/aici mar shampla, a aithint agus a réiteach go luath, is féidir leis seo cur le muinín an pháiste agus é/í ag tabhairt faoi scileanna nua. Comhlíonann an measúnú ról diagnóiseach chomh maith in aithint páistí a mbíonn deacrachtaí acu. Tá an measúnú diagnóiseach thar a bheith úsáideach sa chorpoideachas don pháiste a bhfuil riachtanais speisialta air/uirthi. Is féidir é a úsáid freisin chun páistí a ghrúpáil sa chaoi go spreagtar gach páiste chun gníomhú ar a lándícheall. De thoradh an chineál seo measúnaithe a bheith in úsáid sa cheacht corpoideachais, is féidir go n-aithneofaí deacrachtaí foghlama a bhaineann le hachair eile den churaclam. Mura mbíonn ar chumas páiste fad léime a thomhas i gceacht lúthchleasaíochta, mar shampla, d'fhéadfaí obair bhreise a bheadh nasctha leis an gclár matamaitice a phleanáil. Mar sin ba cheart go gcuideodh an measúnú diagnóiseach leis an múinteoir cur chuige nó gníomhaíochtaí a chuirfeadh roinnt feabhais ar fhoghlaim an pháiste a aithint.
Is féidir léargas carnach ar ghnóthachtáil iomlán an pháiste sa chorpoideachas a fháil de réir mar a dhéanann sé/sí tuilleadh foghlama, agus mar sin ba chóir gné shuimitheach de mheasúnú an pháiste i dtaca le corpoideachas a chur san áireamh. Is féidir an saghas seo measúnaithe a úsáid de réir mar a thugtar aonaid oibre chun críche nó chun éascaíocht chumarsáide a chothú idir mhúinteoirí mar gheall ar dhul chun cinn an pháiste agus chun tuairisc a thabhairt do thuismitheoirí nó do dhaoine eile i bhfearann an oideachais.
Cabhraíonn measúnú leis an múinteoir meastóireacht a dhéanamh ar an gclár corpoideachais agus ar a oiriúnacht do rang áirithe, agus le monatóireacht a dhéanamh ar éifeacht na modhanna teagaisc, na nósanna imeachta, na saoráidí agus na n-acmhainní. Sa tslí seo is féidir leis an measúnú meastóireachta bealach a sholáthar don scoil chun cinneadh ar chomhairle chuí maidir le pleanáil an chláir chorpoideachais.
Measúnú agus an corpoideachas: cad ba chóir a mheasúnú?
Tá sé tábhachtach go n-aithneodh an scoil cad ba chóir a mheasúnú sa chorpoideachas. Taobhaíonn an curaclam le clár corpoideachais atá scóipiúil cothrom a roghnú, agus ba cheart go dtiocfadh an measúnú leis an gcur chuige seo. Na teicníochtaí measúnaithe a úsáidtear, ba cheart go ndéanfaidís an dul chun cinn i ngach gné den chlár a mheasúnú chun a chinntiú go mbeidh an measúnú bailí. Achoimríonn snáitheanna agus snáithaonaid an churaclaim na cuspóirí don chorpoideachas. Léiríonn na heiseamláirí sa chló iodálach raon gníomhaíochtaí a bhféadfaí a bheith ag súil leo ag gach leibhéal. Tá sé riachtanach gaol a bheith idir an measúnú agus na cuspóirí atá leagtha amach don chorpoideachas agus go ndíreofaí
- ar bhuanna sóisialta agus pearsanta an pháiste. Baineann roinnt de chuspóirí an chorpoideachais le forbairt shóisialta agus phearsanta an pháiste, agus is iomaí deis a bhíonn ar fáil sa cheacht corpoideachais chun an fhorbairt seo a mheasúnú. Dearcadh an pháiste ar an gcorpoideachas, a t(h)uiscint do chothrom na Féinne, mar a ghlacann sé/sí le bua agus le teip, agus a m(h)eas ar an moltóir, mar shampla, d'fhéadfaidís seo forbairt an pháiste san achar seo a léiriú. Bunriachtanas dá d(h)ul chun cinn é dearcadh deimhneach a bheith aige/aici, ach ba chóir a aithint gur féidir nach é an dearcadh céanna a léireodh sé/sí i leith snáitheanna difriúla, rud ba cheart a aithint nuair a dhéantar an measúnú a chlárú agus a thuairisciú
- ar scileanna agus ar inniúlacht fhisiceach. Cuireann measúnú ar na scileanna fisiceacha próifíl d'inniúlacht an pháiste sna snáitheanna difriúla den chlár corpoideachais ar fáil. Moltar roinnt scileanna difriúla i ngach snáithe a mheasúnú, i dtreo go soláthrófaí measúnú bailí ar inniúlacht an pháiste. Mar sin féin, ní bhíonn sé i gceist riamh an páiste a chur thar a c(h)umas i dtaca lena f(h)orbairt coirp, cuma conas a dhéantar a scileanna a mheasúnú. Coimríonn na samplaí thíos gné nó táscaire inniúlachta amháin as gach snáithe:
- liathróid a chaitheamh nó a bhualadh le sprioc
- sraith de luailí gleacaíocha a chruthú
- rith go tapa agus go saoráideach thar shraith chliath
- léarscáil shimplí a léirmhíniú agus roinnt gnéithe a aimsiú uirthi
- sní in uisce
- cabhair a thabhairt mar bhall de ghrúpa chun damhsa a chruthú agus a dhéanamh.
- ar eolas agus ar thuiscint atá bainteach le corpoideachas. Nuair a bhíonn an páiste ag gabháil don cheacht corpoideachais, bíonn go leor deiseanna aige/aici eolas agus tuiscint ar ghníomhaíochtaí difriúla a shaothrú. Léiríonn na cuspóirí agus na heiseamláirí sa chló iodálach raon an eolais ar féidir a bheith ag súil leis ag gach leibhéal, go háirithe sa snáithaonad dar teideal 'Ciallú agus léirthuiscint'. Chun críche measúnaithe, d'fhéadfadh an chaoi a n-úsáideann páiste spás i gcás cluichí gné amháin dá t(h)uiscint ar conas a imrítear cluichí a léiriú, agus d'fhéadfadh eolas an pháiste ar na deiseanna atá ar fáil go háitiúil chun bheith páirteach i gcúrsaí spóirt nó damhsa a léiriú go bhfuil raon fairsing eolais a bhaineann le corpoideachas á shealbhú aige/aici
- ar fhorbairt chruthaitheach agus aeistéitiúil. D'fhéadfaí forbairt chruthaitheach agus aeistéitiúil an pháiste a mheasúnú go mór mór agus é/í ag gabháil don damhsa agus don ghleacaíocht, ach níor cheart an cur chuige seo a bheith eisiatach. Le linn dó/di a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí seo, d'fhéadfaí cumas an pháiste meon píosa ceoil a léiriú trí mheán luaile a bhreathnú, agus bheadh sé seo ina tháscaire cuí ar a f(h)orbairt chruthaitheach agus aeistéitiúil. Tarlaíonn tuilleadh deiseanna, áfach, chun forbairt chruthaitheach an pháiste a mheasúnú i snáithe na gcluichí, mar shampla, nuair a chuirtear dúshlán faoi/fúithi cluichí a cheapadh
- ar fhorbairt chorpacmhainn na sláinte. Molann an curaclam corpoideachais cur chuige ina leagtar béim ar an uasmhéid rannpháirtíochta i ngach ceacht corpoideachais. Mar sin, soláthróidh na ceachtanna deiseanna chun corpacmhainn an pháiste a mheasúnú. Léireodh a c(h)umas iarracht a choinneáil ar bun i rith ceachta corpoideachais nó a c(h)umas sraith ghleacaíoch níos casta a chomhall agus stáidiúlacht, cothromaíocht agus smacht á gcothú aige/aici, léireoidís sin a leibhéal corpacmhainne
- ar shaothrú chleachtais shábháilte. Cothaíonn an measúnú a dhéantar ar chleachtais shábháilte le linn ceachta corpoideachais feasacht leanúnach ar chúrsaí sábháilteachta. An páiste a shonrú agus ball fearais á ardú agus á iompar aige/aici, mar shampla, sholáthródh sé seo eolas faoi na cleachtais sábháilteachta a chuireann sé/sí i bhfeidhm. Tuiscint an pháiste ar rialacha a neartaíonn an tsábháilteacht agus an chaoi ina bhfeidhmíonn sé/sí iad nuair a bhíonn cluichí ar siúl, nó an chaoi a gcloíonn sé/sí le rialacha sábháilteachta uisce, cuidíonn siad seo lena c(h)leachtais sábháilteachta a mheasúnú. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh measúnú ar an gcaoi a gcleachtann an páiste sábháilteacht bac ar an bhfonn a bheadh air/uirthi tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ina mbeadh air/uirthi dul i bhfiontar cuí, fiontar ar cuid é den dúshlán nádúrtha a ghabhann le gníomhaíocht coirp.
Gléasanna measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh
Beidh raon de ghléasanna agus de mhodhanna measúnaithe riachtanach do mheasúnú an chorpoideachais chun go gcomhlíonfar na rólanna thuas, go háirithe ós rud é gur gá raon fairsing gníomhaíochtaí a mheasúnú. Níltear ag súil go mbaileofar fianaise mar gheall ar gach páiste i ngach ceacht ach go ndéanfar í a charnadh thar achar áirithe ama. Ba chóir na teicníochtaí measúnaithe seo a leanas a chur san áireamh.
Breathnóireacht an mhúinteora
Tá sé seo ar an saghas measúnaithe is úsáidí agus ar an gceann is minice a úsáidtear sa chorpoideachas. Is é atá i gceist ná go ndéanfaí monatóireacht neamhfhoirmiúil ar dhul chun cinn na bpáistí de réir mar a tharlaíonn an fhoghlaim, agus is sa tslí seo a bhailítear cuid den eolas is cruinne.
D'fhéadfadh breathnóireacht an mhúinteora díriú ar
- an chaoi ina ngníomhaíonn an páiste nuair a leagtar tasc air/uirthi
- an chaoi ina bhfreagraíonn an páiste ceisteanna agus moltaí an mhúinteora
- rannpháirtíocht an pháiste ina aonar, i ngrúpa nó mar bhall den rang
- idirghníomhú an pháiste lena c(h)omhghleacaithe agus é/í gafa in obair ghrúpa
- an tuiscint a léiríonn an páiste agus é/í páirteach i ngníomhaíocht.
Tá breathnóireacht an mhúinteora thar a bheith oiriúnach mar mhodh measúnaithe don chorpoideachas, toisc gur fearr tabhairt faoi mheasúnú nuair a bhíonn na páistí páirteach i ngníomhaíochtaí. Is féidir roinnt d'iompraíocht fhoghlama an pháiste a bhreathnú d'fhonn cuidiú le pleanáil iarghníomhaíochtaí: mar shampla, is féidir leis an mbealach a n-úsáideann páiste ball fearais a léiriú don mhúinteoir conas cabhair a thabhairt dó/di úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an bhfearas sin nó as fearas eile i gceachtanna ina dhiaidh sin. Is fiú torthaí breathnóireachta den chineál seo a chlárú. Tharlódh gur leor do mhúinteoirí nóta simplí a bhreacadh ag deireadh an cheachta chun cabhrú leo obair bhreise a phleanáil ar bhealach níos eagraithe. Is féidir le heolas a chláraítear ar an gcaoi seo modhanna measúnaithe eile a chomhlánú nuair a bhíonn próifíl páiste sa chorpoideachas á cur le chéile nó nuair a bhíonn measúnú suimitheach á chlárú agus á thuairisciú. Cuireann an saghas seo measúnaithe an dul chun cinn a dhéanann rang nó grúpa nó páiste áirithe i dtaca le hábhar an chláir san áireamh.
Tascanna a dhearann an múinteoir
Bíonn tascanna ilghnéitheacha á gceapadh de shíor ag múinteoirí le haghaidh na bpáistí i ngach achar den chlár corpoideachais. Ceapfar roinnt tascanna chun deiseanna ar chleachtadh scileanna a sholáthar, ceapfar roinnt eile chun cruthaitheacht a ghríosú nó chun eolas ar ghníomhaíochtaí a chnuasach, agus ceapfar roinnt eile fós chun ceistiú agus díospóireacht ghrúpa a spreagadh sula ndéantar tasc nó nuair a bhíonn tasc á thabhairt chun críche.
Is féidir tascanna a shuítear i gcomhthéacs foghlama a dhearadh sa chaoi gur féidir an próiseas a mheasúnú (mar a bheirtear greim ar bhata nó shlacán nó mar a dhéantar é a luascadh) nó an toradh a mheasúnú (an mbaintear an sprioc amach?), nó an próiseas agus an toradh a mheasúnú in éineacht. Sampla eile de thasc dá leithéid seo is ea iarraidh ar pháiste tabhairt faoi chosán eachtraíochta: déanann an múinteoir an modh a úsáideann an páiste (an próiseas) agus cé acu a mbaintear an sprioc amach nó nach mbaintear (an toradh) a mheasúnú.
Ba chóir raon fairsing tascanna a bhaineann le snáitheanna ar leith a úsáid, mar shampla an léim fhada as seasamh a chleachtadh chun fad a ghnóthú, sraith a léiríonn preabadh, eitilt agus tuirlingt rialaithe a chruthú agus a chomhall nó léimneach isteach san uisce agus teacht ar ní ar ghrinneall na linne.
Cé go n-ídíonn na tascanna seo am, is féidir iad a úsáid go héifeachtach mar chuid de chomhthéacs foghlama toisc iad a bheith nasctha le hábhar an chláir. Nuair a úsáidtear raon tascanna, gríosaítear na páistí uile chun a gcuid scileanna agus a dtuiscint, mar aon le cáilíochtaí mar a gcumas chun glacadh le rath agus teip, a léiriú. Ní ghlacann tascanna áirithe ach achar gairid lena dtabhairt chun críche, cuid bheag de cheacht amháin, b'fhéidir. Is féidir go nglacfadh tascanna eile roinnt ceachtanna lena gcríochnú, m.sh. damhsa gairid a chruthú agus a chomhall.
Próifílí curaclaim
Is féidir struchtúr níos foirmiúla a chur ar bhreathnóireacht leanúnach neamhfhoirmiúil múinteoirí trí phróifílí curaclaim a úsáid. Chuige seo bíonn gearrchuntais thuairisciúla ar an ngnóthachtáil sa chorpoideachas a mbeifí ag súil léi ón bpáiste ag céimeanna difriúla dá f(h)orás ag teastáil. Scríobhtar na cuntais seo uaireanta i bhfoirm alt gearr bunaithe ar líon áirithe táscairí, m.sh. iompraíochtaí nó cumais a léireodh an páiste. Féachann an múinteoir le torthaí a b(h)reathnóireachta ar dhaltaí agus na táscairí atá sna próifílí a mheaitseáil le chéile nuair a bhíonn na páistí ag gabháil d'aonad oibre nó nuair a chríochnaíonn siad é. Is féidir leas a bhaint as an bpróifíl freisin chun dul chun cinn a chlárú i bhfoirm scríofa nó mar bhunús chun tuairisc a sholáthar, trí ghnéithe de na hailt a mharcáil nó a chur chun suntais de réir mar a bhíonn siad á ngnóthú ag an bpáiste. Léireoidh siad riachtanais na bpáistí agus cuirfidh siad leithne na gcumas atá i ngach rang bunscoile san áireamh.
Cur chuige cothrom i leith na measúnaithe
Ós é aidhm an mheasúnaithe eispéireas foghlama an pháiste a fheabhsú, tá sé riachtanach nach laghdódh aon saghas cláraithe ar an measúnú an t-am teagaisc agus nach mbeadh sé ina bhac ar eispéireas foghlama an pháiste. Ba chóir go rianódh polasaí na scoile bealaí ina bhféadfaí tabhairt faoin measúnú ar mhodh soláimhsithe. Nuair a phléann múinteoirí sa scoil dul chun cinn agus gnóthachtáil na ranganna éagsúla, bíonn a n-eispéiris teagaisc indibhidiúla á roinnt acu ar a chéile -- rud a chothaíonn tuiscint choiteann ar an measúnú, a chabhraíonn le hiontaofacht a ghnóthú ina úsáid agus a chothaíonn cur chuige cothrom ina leith.
Clárú agus cumarsáid
Cuireann an measúnú a dhéanann an múinteoir mar chuid de pholasaí na scoile eolas ar fáil ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtáil an pháiste sa chorpoideachas, eolas a chaithfear a chlárú agus a chur in iúl do mhúinteoirí eile, do thuismitheoirí agus do dhaoine gairmiúla nach iad. Ba cheart go soláthródh an próiseas cumarsáide deiseanna chun aiseolas a fháil ó na tuismitheoirí. Cuideoidh an próiseas cláraithe agus cumarsáide seo le pleanáil na foghlama don pháiste amach anseo.
Cárta próifíle an dalta
Próifíl de dhul chun cinn an pháiste sna hachair go léir den churaclam agus i ngnéithe eile dá f(h)orbairt a bheidh i gcárta próifíle an dalta. Beidh measúnú ar fhorbairt an pháiste sa chorpoideachas ina ghné den chárta próifíle.
Breathnóireacht leanúnach an mhúinteora ar an bpáiste i rith ceachtanna corpoideachais, a b(h)reathnóireacht ar an bpáiste agus tascanna múinteoirdheartha á gcomhall aige/aici, nó na próifílí curaclaim a bhíonn cnuasaithe ag an múinteoir, beidh siad seo mar bhunús don eolas a chlárófar ar chárta próifíle an dalta. Nuair a bheidh córas próifílithe á bhunú, ba chóir na féidearthachtaí agus na buntáistí a bhaineann le teicneolaíocht an eolais a iniúchadh i dtaca le clárú, stóráil agus seoladh ar aghaidh chártaí próifíle na ndaltaí agus leas a bhaint as an teicneolaíocht seo más féidir.