Primary Schools

Aguisín

Gluais
Ballraíocht an Choiste Curaclaim don Chorpoideachas
Ballraíocht an Choiste Comhordaithe Bunscolaíochta

Gluais

Is é atá thíos ná sainmhínithe a thuigtear go coiteann agus atá inúsáidte sa churaclam bunscoile agus sna treoirlínte do na múinteoirí.

aeistéitiúilbainteach le léirthuiscint trí na céadfaí a úsáid go haireach samhlaíoch
amídíonn gach luail méid ama, agus is féidir athruithe ama a fhorbairt ina bpatrúin rithimeacha. Léirítear tréithe ama trí thapúlacht na luaile nó tríd an gcaoi a gcoinnítear an luail ar siúl
canóindéanann na damhsóirí luailí, duine i ndiaidh a chéile: A i dtosach, B ansin agus C ina dhiaidh sin
casphascuirtear lámh amháin faoin liathróid rugbaí chun í a rothlú, agus déantar an lámh seo a bhogadh aníos le linn pasála
céaslóireachtscil snámha lenar féidir an corp a thiomáint, a choinneáil ar cothrom agus a rialú san uisce
cluichí ionraidhcluichí mar haca, cispheil, iomáint nó peil, ina mbíonn imreoirí ag iomaíocht san achar céanna fad a bhíonn achar amháin á ionsaí acu agus achar eile á chosaint
cnagadh leis an gcos (rith aonair)scil a bhaineann le peil Ghaelach. Ritheann an t-imreoir agus an liathróid á bualadh aige/aici ón chos go dtí an lámh; is féidir an liathróid a phreabadh den talamh uair amháin i ndiaidh gach cnagtha
comhréirbíonn na damhsóirí go léir ag gluaiseacht ag an am céanna
conairína patrúin a dhéantar san aer nó ar an urlár trí mheán luailí
cos deiridhan chos a bhíonn chun deiridh agus an chliath á trasnú
cos tosaighan chos a bhíonn chun tosaigh agus an chliath á trasnú
cuachadhúsáidtear é seo ar uair na práinne san uisce: cuachann na rannpháirtithe iad féin timpeall áiseanna snámhacha d'fhonn teas a chaomhnú
damhsa tíredamhsa a bhaineann le tír ar leith, cuid de cheiliúradh traidisiúnta é go minic
dinimicfuinneamh na luaile
faoi threoirluail ar féidir í a stopadh nó a choinneáil ag am ar bith is ea luail 'faoi threoir'
foirman scéim iomlán chun cruth agus struchtúr an damhsa a mhúnlú
ga cúr-rubairga éadrom le patrún eitilte intaofa agus ar féidir é a úsáid sa rang gan bhaol
meáchanan úsáid a bhaintear as meáchan an choirp agus gníomhú na matán le chéile, úsáid a chuireann ar chumas an pháiste gluaiseacht ag leibhéil éagsúla nirt agus éadroime
meáchan a ghlacadhmeáchan an choirp a ghlacadh nó a chothromú ar bhall amháin nó ar bhaill den chorp
meáchan nó teasc bhunatameáchan bog éadrom agus teasc éadrom chúr-rubair, iad araon inúsáidte sa rang gan bhaol
pas lasnairdebíonn an liathróid lastuas dá c(h)eann ag X agus pasálann sé/sí í chuig Y ar shlí gur féidir leis/léi siúd glacadh léi ag airde cléibh
pop-phasliathróid rugbaí a chaitheamh tríd an aer chuig sprioc (tuairim aon mhéadar) agus na lámha a bheith suite faoin liathróid
preabphasdéanann X an liathróid a phasáil chuig Y, ag ligean di preabadh uair amháin ar an mbealach
ráibeanna frithghnímhag rábáil ó ionaid tosaithe éagsúla, m.sh. ina s(h)uí, ina luí béal faoi nó ar an droim, ina s(h)easamh agus an droim leis an líne thosaithe, srl.; bíonn an bhéim ar fhrithghníomhú go gasta nuair a thugtar an t-ordú 'imigh'
rás sealaíochta Parlaufrás sealaíochta ciorclach ina mbíonn idir seisear agus ochtar páistí scaipthe timpeall raon nó páirc imeartha, ritheann siad agus iad ag déanamh sealaíochta ar a chéile ar feadh achair ama áirithe, agus déanann siad an líon cuairdeanna a ritheann siad a chlárú
rás sealaíochta tointeálarás sealaíochta ina ritear an fad tofa faoi dhó nó faoi thrí gan stad sula dtosaíonn an chéad pháiste eile
ruthagan rith a dhéantar sula dtugtar faoi léim fhada d'fhonn preabadh maith a ghnóthú sa léim
snámh i do sheasamhscil a ligeann don snámhóir fanacht ar snámh in ionad amháin agus é/í ingearach, agus an méid is lú dá f(h)uinneamh á ídiú aige/aici
scaoileadhaicsean 'luasctha agus caite' na teisce
scuabphasan liathróid rugbaí a phasáil i leataobh chuig an sprioc
slaodadhis féidir le slaodadh luaile a bheith 'faoi threoir' nó a bheith 'saor'
smiotadhscil lena ndéantar an liathróid a phasáil trí í a chiceáil den talamh, rud a thugann uirthi éirí suas san aer agus taisteal
snámhachtairí a bheith ar snámh go héadrom ar an uisce
spásspás pearsanta a thugtar ar an achar thart timpeall an choirp, nuair is féidir leis an duine a c(h)orp a shíneadh i ngach treo agus ar gach leibhéal gan bhogadh as a shuíomh
sraithcruthaíonn luail amháin agus luail ina diaidh sraith
STÍLstaidiúir chun teas-ídiú a laghdú: teicníocht tarrthála ina n-úsáideann an duine áis shnámhach agus ina dtéann sé/sí ar snámh, rud a laghdaíonn ídiú teasa
téamaidé luaile a ndéantar staidéar agus forbairt uirthi i rith ceachta nó sraith de cheachtanna
taistealgluaiseacht ó A go dtí B
teannadhsíneadh gan strus a chur ar an gcorp
teicníocht an tsáiteteicníocht a úsáidtear san eitpheil chun liathróid atá gar don talamh a bhualadh
teicníocht an tsiosúirbunteicníocht léimní ina ritheann an páiste chuig an léim go cliathánach agus ina n-ardaíonn sé/sí an chos is faide isteach go bríomhar suas thar lár an trasnáin (osclaíonn an siosúr); ansin ardaíonn sé/sí an chos is faide amach suas thar an trasnán (dúnann an siosúr) agus leagann sé/sí an chos eile ar an achar tuirlingthe

Ballraíocht an Choiste Curaclaim don Chorpoideachas

Ullmhaíodh an curaclam seo ag an gCoiste Curaclaim don Chorpoideachas, a bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

CathaoirlighDenis ColemanCumann Múinteoirí Éireann
 Deasún Ó BruadairCónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
Baill an choisteNioclás BreatnachRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Valerie Burke (ó 1995)Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí -- Bunbhrainse
 Tríona Fitzgerald (o 1994)Cumann Múinteoirí Éireann
 Sally FossittBord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann
 P. J. Geraghty (ó 1994)Cumann Múinteoirí Éireann
 Fionnuala Kilfeather (go 1995)Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí -- Bunbhrainse
 Seán Mac ConmaraRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Seán Mac MeanmanCumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha
 Charlotte J. MayeCumann Múinteoirí Éireann
 Joanne MolesBord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann
 Joe MooreCumann Múinteoirí Éireann
 Yvonne Ní ChianaighCumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha
 Muireann Ní LeoinComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí -- Bunbhrainse
 Sr Regina Ní LoideáinAontas na Siúracha/mBráithre Teagaisc Bunscoileanna
 Breandán Ó BricRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Jennifer O’ConnellCumann Múinteoirí Éireann
 Proinsías Ó DughaillRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Críostóir Ó GrádaighCumann Múinteoirí Éireann
 Sylvia O’SullivanManagement of Colleges of Education
 Emma Uí DhuinnínCumann Múinteoirí Éireann
 Síle Uí ÍcíRoinn Oideachais agus Eolaíochta
 Br Joseph VaughanTeaching Brothers’ Association/Association of
Primary Teaching Sisters
 Kathleen WallCumann Múinteoirí Éireann
Oifigigh oideachaisMichael McGannon (go 1995) 
 Frances Murphy 
 Eileen O’Sullivan (go 1995) 

Ballraíocht an Choiste Comhordaithe Bunscolaíochta

Chun obair na gCoistí Curaclaim a chomhordú is ea a bunaíodh an Coiste Comhordaithe Bunscolaíochta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

CathaoirleachTom Gilmore 
Baill an choisteSéadhna de Blán (ó 1995)Bord Oideachais Shionad Ginearálta Eaglais na hÉireann
 Liam Ó hÉigearta (from 1996)Roinn Oideachais agus Eolaíochta
 Dympna Glendenning (to 1995)Cumann Múinteoirí Éireann
 Fionnuala Kilfeather (from 1995)Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí -- Bunbhrainse
 Éamonn MacAonghusa (go 1996)Roinn Oideachais agus Eolaíochta
 Ath Gearóid Mac Conmara (ó 1995)Cumann Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha
 Peadar Ó MaoláinCumann Múinteoirí Éireann
 Síle Ní Núnáin (ó 1995)Cumann Múinteoirí Éireann
 Eugene WallCónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
ComhordaitheoirCaoimhe Máirtín (go 1995) 
LeasphríomhfheidhmeannachLucy Fallon-Byrne (ó 1995) 
PríomhfheidhmeannachAlbert Ó Ceallaigh 


Cathaoirligh na Comhairle: Dr Tom Murphy (go 1996), Dr Caroline Hussey (ó 1996)

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie