Corpoideachas
Cuireann an corpoideachas deiseanna chun foghlama ar fáil do pháistí trí mheán na luaile agus cabhraíonn sé lena bhforás foriomlán trí chumas a thabhairt dóibh ar shaol iomlán gníomhach sláintiúil a chaitheamh.
Curaclam don chorpoideachas
Is í an bhunbhéim a leagtar ar an gcorp agus ar eispéireas corpartha a dhealaíonn an corpoideachas ó achair eile an churaclaim. Is cuid dhílis den phróiseas oideachais é, agus bheadh oideachas an pháiste neamhiomlán dá uireasa. De thoradh raon ilghnéitheach de thaithí ar ghníomhaíochtaí coirp, a chuirfidh dúshlán faoin bpáiste, a sholáthar dó/di go tráthrialta cothaítear a f(h)orás iomlán comhchuí agus a f(h)olláine ghinearálta.
Riarann an corpoideachas ar riachtanais choirp an pháiste agus ar an ngá atá aige/aici le taithí luaile, le dúshláin agus le súgradh. Bunaíonn sé dúil sa ghníomhaíocht coirp ar bhonn laethúil ann/inti ar shlí go mbeidh fonn air/uirthi, mar dhuine fásta, tráthanna scoir a chaitheamh go tairbheach agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí coirp. D'fhonn na riachtanais seo a shásamh níl an corpoideachas bunaithe ar an speisialtóireacht ach ar phrionsabail na héagsúlachta agus na hilghnéitheachta. Cuireann sé raon leathan de ghníomhaíochtaí luaile, a oireann do leibhéal foráis an pháiste, ar fáil.
Trí mheán an chorpoideachais is féidir leis an bpáiste an t-aoibhneas a bhaineann le saothar corpartha agus sásamh na gnóthachtála a aireachtáil agus scileanna agus dearcadh deimhneach a neartaíonn a f(h)éinmheas a fhorbairt ag an am céanna. Fothaíonn an corpoideachas deiseanna chun dea-shaintréithe pearsanta agus sóisialta a chothú: coincheap chothrom na Féinne, glacadh le bua agus le teip araon agus cumas comhoibrithe mar bhall de ghrúpa. Cabhraíonn na deiseanna seo le tuiscint a fháil ar stíl mhaireachtála shláintiúil agus le hí a chothú. Tríd an gcorpoideachas, atá ina dhlúthchuid den churaclam iomlán, cuirtear deiseanna riachtanacha ar fáil d'fhorbairt fhisiceach, shóisialta, mhothúchánach agus intleachtúil an pháiste.
Ábhar an churaclaim chorpoideachais
Tá an curaclam roinnte ina shé shnáithe:
- Lúthchleasaíocht
- Damhsa
- Gleacaíocht
- Cluichí
- Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
- Oiliúint uisce.
Lúthchleasaíocht
Soláthraíonn snáithe na lúthchleasaíochta deiseanna ilchineálacha chun bheith páirteach i ngníomhaíochtaí nádúrtha reatha, léimní agus caite. Caithfidh an páiste foghlaim conas taitneamh a chomhcheangal leis na heispéiris seo. Ba cheart an bhéim a bheith ar imscrúdú agus ar thástáil na mbunluailí, siúl, rith, léimneach agus caitheamh, trí raon leathan d'eispéiris súgartha neamhfhoirmiúla. Agus iad ag tógáil ar an luaththaithí seo, déanann páistí forbairt ar theicníochtaí reatha, léimní agus caite de réir mar a théann siad ar aghaidh tríd an mbunscoil.
Is féidir gníomhaíochtaí reatha a cheapadh a spreagfaidh páistí chun reatha agus a chuirfidh dúshlán faoina ndícheall pearsanta rith níos tapúla nó níos faide. Tabharfaidh gníomhaíochtaí léimní deis don pháiste léimeanna difriúla a thaighde agus teicníochtaí a aimseoidh airde agus fad a thabhairt chun cinn. Glacann an páiste páirt i ngníomhaíochtaí caite agus feidhm á baint aige/aici as cuspaí a bhfuil cruthanna agus meáchain éagsúla acu agus forbraíonn sé/sí an iomad teicníochtaí caite, rud a fheabhsaíonn beaichte agus fad.
Damhsa
Sa damhsa oideachasúil glacann an páiste páirt i gcruthú, i gcomhall agus i léirthuiscint na luaile mar mheán nochta mothúchán agus mar mheán cumarsáide. Tá difríocht idir an damhsa agus na gnéithe eile den chlár corpoideachais sa mhéid gurb é tréith nochta mhothúcháin na luaile bunchúram an damhsa, maille leis an taitneamh agus an léirthuiscint a ghabhann le tréithe aeistéitiúla agus ealaíonta na luaile.
Tríd an gclár damhsa glacann an páiste páirt i raon de dhamhsa cruthaitheach agus de dhamhsa tíre. Nuair a bhíonn damhsa á chruthú ag an bpáiste bíonn raon de na baill choirp, de ghníomhartha coirp agus de chruthanna coirp á n-iniúchadh aige/aici. Déantar iniúchadh ar na coincheapa a bhaineann leis an gcorp sa spás, le dinimic athraitheach na luaile, agus leis na himpleachtaí a bhaineann le gluaiseacht i gcaidreamh le duine eile agus lena t(h)impeallacht siúd. Gríosaítear an páiste le damhsa a dhéanamh agus é/í ag freagairt do spreagthaigh agus do thionlacain éagsúla, agus le breathnú ar léirfheidhmiú damhsaí. Is féidir tuairim an pháiste faoi cad is damhsa ann a shaibhriú trí dheiseanna a thabhairt dó/di saothar níos oilte daoine eile a fheiceáil agus a luacháil.
Cuirtear an damhsa tíre chun cinn tríd an mbéim a leagan ar bheith lánpháirteach ann agus taitneamh a bhaint as, seachas ar na luailí a ghabhann leis. Tugann sé eolas agus taithí don pháiste ar an damhsa Gaelach agus ar an damhsa i gcultúir eile.
Gleacaíocht
I gcúrsaí oideachais baineann an ghleacaíocht le húsáid na luaile ar bhealach cruthaitheach agus tascanna ceaptha á gcomhall ag na páistí, ar bhonn aonraic agus i dteannta páistí eile. Iniúchann páistí luail agus iad ar an urlár agus tráth a mbíonn fearas ilghnéitheach á úsáid acu. Spreagann an curaclam gleacaíochta páistí chun bheith páirteach in eispéiris luaile ar féidir iad a chiallú ar bhonn pearsanta, agus tugann sé deis don uile dhuine acu blas an bhua a fháil ar leibhéal pearsanta, trí thabhairt faoi thascanna atá dúshlánach ach ar féidir iad a chomhall dáiríre.
De réir mar a théann páistí chun cinn trí chlár céimnithe, spreagtar iad lena gcuid luailí a rialú níos fearr agus le tascanna níos casta a chomhall. Is féidir cabhrú leo aoibhneas a bhaint as an ngleacaíocht agus léirthuiscint uirthi a chothú, fad a bhíonn a gcumais agus a dteorainneacha féin á n-aithint acu, agus barr feabhais a chur ar a bhforbairt fhoriomlán mar seo.
Cluichí
Cothaíonn snáithe na gcluichí luí nádúrtha an pháiste leis an imirt trí mheán gníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla imeartha. Feabhsaíonn sí forbairt na mbunscileanna agus cuireann sí go leor deiseanna ar fáil d'idirghníomhú sóisialta. De réir mar a fhásann scileanna i gcomhréir le céim fhorás an pháiste, méadaíonn ar a m(h)ian iad a chur i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla in iomaíocht le páistí eile. I dtosach b'fhéidir gur le páirtí a tharlóidh sé seo agus go mbeidh cluichí 'foirne beaga', nó mionchluichí, de thoradh air sin ar ball. De réir mar a théann an páiste ar aghaidh go dtí na cluichí scothfhoirmiúla seo, ba cheart cluichí ilghnéitheacha a sholáthar dó/di, cinn a fhorbróidh ní hamháin na scileanna ach tuiscint ar choincheapa mar sheilbh, chomhar, ionsaí, chosaint agus conas spás a úsáid. Má thugtar deis don pháiste bheith ag tástáil, ceapfaidh sé/sí go leor cluichí ina gcuirfidh sé/sí a t(h)uiscint agus a scileanna forásacha i bhfeidhm.
Ba chóir cluichí clóis, cluichí comhair agus cluichí atá traidisiúnta sa scoil nó sa dúiche a chur san áireamh nuair a bhíonn clár á phleanáil don scoil. Ba cheart cluichí Gaelacha a chur san áireamh go sonrach mar chuid de chlár na gcluichí. Soláthraíonn cluichí ionraidh, cluichí lín, cluichí buailte agus ceaptha, cluichí sprice agus cluichí cúirte i bpáirtíocht raon deiseanna chun scileanna agus tuiscint a fhorbairt. Spreagann leaganacha 'foirne beaga' nó mionleaganacha de na cluichí seo an t-uasmhéid rannpháirtíochta. Féachann clár cothrom cluichí den saghas seo chuige go bhfaigheann an páiste taithí ar raon leathan gníomhaíochtaí a chuireann taitneamh agus dúshlán ar fáil dó/di agus a chothaíonn spéis ann/inti ar feadh a s(h)aoil.
Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
Is codanna den churaclam corpoideachais iad gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta a bhfuil baint acu le siúl, rothaíocht, campáil agus gníomhaíochtaí uisce, treodóireacht agus gníomhaíochtaí dúshláin lasmuigh.
Gníomhaíochtaí luachmhara iad siúl, rothaíocht agus campáil, agus is féidir go n-eagróidh roinnt scoileanna iad. Gníomhaíocht chorraitheach is ea an treodóireacht, a chomhcheanglaíonn na scileanna geografacha a bhaineann le hobair ar léarscáileanna, gníomhaíochtaí coirp na siúlóide nó an reatha, agus an eachtraíocht a ghabhann le hionaid anaithnide a chuardach. Is féidir tús a chur léi trí mheán réamhchleachtaí ar láithreán na scoile. Gníomhaíochtaí dúshláin lasmuigh, cuimsíonn siad gníomhaíochtaí a éilíonn iontaobh agus comhar, grúpghníomhaíochtaí fadhbréitigh, agus dúshláin coirp mar na cinn a eascraíonn as cúrsaí rópaí agus as fearas súgartha eachtraíochta. Is féidir gníomhaíochtaí uisce a bheith mar chuid den chlár, rud a fhéadfadh deiseanna curachóireachta nó seoltóireachta a chur ar fáil. Tairgeann na gníomhaíochtaí seo, atá neamhiomaíoch den chuid is mó, a mhalairt de bhealach chun gnóthachtála do na páistí, agus spreagann siad iad chun glacadh le stíl mhaireachtála shláintiúil, bunaithe ar thaitneamh a bhaint as an saol lasmuigh agus léirthuiscint a fháil air.
Oiliúint uisce
Baineann an clár oiliúna uisce le gnóthú inniúlachta agus muiníne gar don uisce, ar an uisce, istigh ann agus thíos faoi. Soláthraíonn sé deiseanna uathúla chun taitnimh don pháiste, agus tugann sé taithí ar shnámhacht a mhothú dó/di. Cuimsíonn an téarma 'oiliúint uisce' ní hamháin teagasc na mbanganna snámha ach deiseanna a sholáthar chun taitneamh a bhaint as súgradh san uisce agus as na gnéithe eile den oiliúint uisce chomh maith. Ba chóir an bhéim a choinneáil ar thaitneamh de réir mar a ghnóthaítear oilteacht i sainteicníochtaí, bang snámha amháin nó banganna éagsúla a fhoghlaim san áireamh. Ba cheart airdeall i dtaobh sábháilteachta uisce a bheith fite fuaite trí gach gníomhaíocht uisce, agus ba cheart béim a chur uirthi ar fud an chláir.
Léirítear an clár oiliúna uisce mar aonad iomlán amháin, gan é a bheith roinnte i leibhéil ranga. Ceadaíonn sé seo do scoileanna é a oiriúniú de réir an teacht atá acu ar áis go logánta. Is féidir an clár a fheidhmiú go forchéimnitheach cibé am a fhaigheann an páiste deis tús a chur le gníomhaíochtaí uisce.
Forbairt chiallú agus léirthuiscint an pháiste ar ghníomhaíochtaí coirp
Trí mheán an tsnáithaonaid 'Ciallú agus léirthuiscint' cuireann an curaclam béim ar fhorbairt chumas an pháiste gníomhaíochtaí coirp a chiallú agus a léirthuiscint. Gné thábhachtach é seo i bhforbairt an pháiste mar rannpháirtí i ngníomhaíochtaí coirp agus mar sheallach nó mar bhall de lucht éisteachta. I gcás cluichí, mar shampla, b'fhéidir gurbh é a bheadh i gceist ná cumas an pháiste ar an mbeartaíocht chuí a aithint nó a chur i bhfeidhm. I gcás ceachta ar ghníomhaíocht lasmuigh b'fhéidir gurbh é a bheadh i gceist ná na roghanna a bheadh ar fáil nuair a bheifí ag tabhairt faoi thasc treodóireachta a phlé. Tá moltaí san aonad freisin faoi eolas an pháiste ar rialacha cluichí nó ar dheiseanna chun bheith páirteach i ngníomhaíochtaí coirp go logánta a leathnú. Tá ábhar an tsnáithaonaid seo leagtha amach chun go ndéanfar é a fhorbairt de réir mar a dhéantar na snáitheanna a imscrúdú in ionad bheith ina ábhar do cheachtanna ann féin.
Corpoideachas agus spórt
Cé go bhfuil dlúthbhaint ag corpoideachas agus spórt lena chéile, níl siad comhionann lena chéile. Gníomhaíocht fhoirmiúil coirp is ea spórt, ina mbíonn iomaíocht nó dúshláin in aghaidh an duine féin nó daoine eile nó an timpeallacht i gceist, agus treise ar an mbuachan. Is é an súgradh a thosach, agus forbraítear é trí chluichí agus dhúshláin. Is é forás iomlánaíoch an pháiste príomhchuspóir an churaclaim chorpoideachais: cuirtear béim ar fhorás pearsanta agus sóisialta, ar fhás fisiceach, agus ar fhorás luaileach. Díríonn na spriocanna a leagtar síos sa churaclam ar fheabhsú aonánach agus ní ar bhuachan ná bheith ar an duine is fearr.
Ionad na hiomaíochta sa chlár corpoideachais
Ós rud é go n-aibíonn páistí de réir rátaí luais éagsúla, ba chóir go scáileodh cláir chorpoideachais na difríochtaí móra a fheictear go minic laistigh d'aoisghrúpa amháin. Nuair is féidir leis na páistí iad féin a oiriúnú dá leibhéal gníomhaíochta féin agus comharshúgradh spontáineach ar siúl, b'fhéidir nach mbíonn aon drochiarmhairtí ar na leibhéil éagsúla aibíochta. Uaireanta, áfach, nuair is iomaíocht a bhíonn ar siúl déantar páistí a ghrúpáil gan aird a thabhairt ar dhifríochtaí méid agus nirt, ar achar na plásóige imeartha, ar fhad an chluiche nó ar an bhfearas a bhíonn in úsáid. Mura mbaintear an bhéim den iomaíocht, bíonn baol ann i gcónaí go n-éireoidh páistí nach bhfuil inchomórtais lena bpiairí as an gcorpoideachas agus go mbeidh siad neamhghníomhach mar dhaoine fásta. Páistí tréitheacha nó páistí corpláidre, leis, a thagann i dtír ar réim de spóirt iomaíocha amháin, ní móide go mbeidh a mhalairt acu amach anseo nuair is deacra bheith buach i gcúrsaí spóirt, agus tiocfaidh maolú dá bharr sin ar a ndúil chun rannpháirtíochta.
Mar sin féin ní thagann an iomaíocht salach ar fhorás iomlánaíoch an pháiste nuair a chuirtear na deiseanna úd ar fáil dó/di a chabhróidh leis/léi a leibhéal acmhainne féin a ghnóthú. Is i rith blianta na bunscolaíochta a shealbhaítear na luailí agus na scileanna is gá chun tabhairt faoi spórt foirmiúil. I rith an ama seo freisin foghlaimíonn an páiste conas cúram feidhmeannaigh a chomhall ag cluichí agus conas meas a chothú ar chéilí comhraic, ar fheidhmeannaigh, ar rialacha agus ar an lucht féachana. Is féidir le cur chuige cothrom i leith na hiomaíochta cur go suntasach le forás an pháiste, agus sult, taitneamh agus sásamh a sholáthar dó/di ag an am céanna.
Gníomhaíocht seach-churaclaim
Cuireann an scoil deiseanna ar fáil do pháistí páirt a ghlacadh i spórt tríd an gclár corpoideachais. Chomh maith leis sin, cuireann a lán scoileanna deiseanna breise ar fáil trí mheán cláir sheach-churaclaim, clár a chuimsíonn ullmhú do chomórtais idir scoileanna.
Ba chóir gníomhaíochtaí seach-churaclaim, cinn a eagraíonn nó a fheidhmíonn múinteoirí nó tuismitheoirí go deonach, a nascadh leis an gclár corpoideachais nuair is féidir. Is cúnamh ríluachmhar é d'fhorbairt shóisialta agus d'fhorbairt coirp páistí am, iarracht agus saineolas den chineál seo bheith ar fáil. Is féidir leis sult agus taitneamh a sholáthar dóibh maille le deiseanna chun a ngaol le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le páistí eile a neartú. Mar sin, ba chóir go scáileodh clár seachchuraclaim, a chuimsíonn gníomhaíochtaí iomaíocha, aidhmeanna agus cuspóirí an churaclaim chorpoideachais i gcónaí.
Cothromas idir buachaillí agus cailíní a chothú tríd an gcorpoideachas
Agus an curaclam corpoideachais á phleanáil, ba cheart riachtanais buachaillí agus cailíní araon agus na nithe is spéis leo a chur san áireamh, ar bhonn cóir, chun cuidiú le dearcadh deimhneach i leith na ngníomhaíochtaí go léir a chothú.
An páiste a bhfuil riachtanais faoi leith air/uirthi
Ba cheart go n-aireodh an páiste a bhfuil riachtanais faoi leith air/uirthi an taitneamh a ghabhann le bheith rannpháirteach sna céimeanna éagsúla den chlár corpoideachais agus é/í ag dul chun cinn de réir a c(h)umais féin. Tá sé tábhachtach go spreagfadh an múinteoir ranga an páiste le bheith rannpháirteach go hiomlán sa cheacht corpoideachais agus go gcuirfeadh sé/sí an deis ar fáil dó/di leas a bhaint as clár cothrom corpoideachais.
Clár corpoideachais na scoile
Cuimseoidh an plean scoile mianach agus scóip an chorpoideachais agus aitheantas á thabhairt aige do riachtanais fhorásacha dhifriúla na bpáistí, maille le hinfhaighteacht acmhainní. Ba chóir gnéithe uile an churaclaim agus a mhéid is féidir iad a fheidhmiú a chur san áireamh nuair a bhíonn an plean corpoideachais á cheapadh. Cinneadh ar chur chuige den chineál seo amháin a sholáthróidh clár leathan cothrom sa scoil. Ós rud é go bhfuil an clár le comhtháthú leis na hachair churaclaim eile, is é/í an múinteoir ranga an múinteoir is oiriúnaí chun an clár corpoideachais a theagasc.
Measúnú
Dlúthchuid de theagasc agus d'fhoghlaim an chorpoideachais is ea an measúnú, dála achar eile den churaclam. Léiríonn an mhír ar mheasúnú conas is féidir le raon teicníochtaí measúnaithe cabhrú le taithí foghlama an pháiste a shaibhriú agus eolas úsáideach a sholáthar do pháistí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile.
An corpoideachas agus achair eile den churaclam
Gabhann a lán cuspóirí leis an gcorpoideachas a fhorbraítear nuair a phléann páistí le hábhair eile, amhail Gaeilge, Béarla, tíreolaíocht, ealaín, ceol, matamaitic, agus go háirithe oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte. Is féidir foghlaim na bpáistí sna hábhair seo a shaibhriú freisin trí mheán cláir chorpoideachais atá leathan, cothrom. Mar shampla, is féidir le páiste a fhoghlaimíonn conas léarscáil nó plean a chiallú sa cheacht tíreolaíochta an scil seo a úsáid nuair a thugann sé/sí faoi ghníomhaíocht treodóireachta. Sa tslí seo, is féidir leis an gceacht ar ghníomhaíochtaí lasmuigh agus ghníomhaíochtaí eachtraíochta deis a sholáthar don pháiste an scil seo a fhorbairt ar bhealach praiticiúil. Cuirtear a lán deiseanna forbartha teanga ar fáil don pháiste a ghlacann páirt i ndíospóireacht faoi rialacha cluichí nó faoi fhorbairt sraithe sa ghleacaíocht. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh scoileanna machnamh ar na naisc a cheanglaíonn an corpoideachas le hábhair eile. Má dhéantar pleanáil chúramach, cinnteofar go mbeidh cuspóirí an chorpoideachais sonraithe go soiléir laistigh de ghníomhaíochtaí comhtháite.
Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Cé go bhfuil an bhéim sa churaclam corpoideachais ar rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí fisiceacha, is féidir le teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide meán spéisiúil corraitheach a sholáthar trínar féidir spéis na bpáistí a ghríosú i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an gcorpoideachas.
Teanga agus an corpoideachas
Tagann próisis teagaisc agus foghlama faoi anáil teanga ar dhóigh atá chomh forleatach sin nach dtugtar samplaí faoi leith de chomhtháthú idir ábhair éagsúla agus teanga sa churaclam. Is trí bheith ag caint faoi eispéiris sa chorpoideachas, trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, a shoiléiríonn an páiste a c(h)uid idéanna. Úsáideann an múinteoir teanga sa cheacht corpoideachais agus é/í ag ceistiú, ag treorú, ag míniú, ag comhairliú, ag tabhairt leide agus ag gríosú an pháiste chun machnaimh. Ar a uain féin, spreagtar an páiste chun freagartha trí bheith ag cur síos, ag plé, ag tuairimíocht, ag míniú agus ag nochtadh idéanna agus frithghníomhaíochtaí. Tá tábhacht ag baint le teanga freisin sa mhéid go gcuidíonn sí le páistí teacht ar ghníomhaíochtaí fisiceacha agus eolas mar gheall orthu a fháil ar ais. Ba chóir do mhúinteoirí, mar sin, a bheith airdeallach i gcónaí faoi theanga a bheith mar dhlúthchuid den phróiseas teagaisc agus foghlama nuair a bhíonn an clár corpoideachais á phleanáil agus á chur i bhfeidhm acu.
Aidhmeanna
Is iad aidhmeanna an churaclaim chorpoideachais
- forás fisiceach, sóisialta, mothúchánach agus intleachtúil an pháiste a chothú
- buanna pearsanta deimhneacha a fhorbairt
- cuidiú le raon oiriúnach de scileanna luaile a shealbhú i gcomhthéacsanna éagsúla
- tuiscint agus eolas ar ghnéithe éagsúla na luaile a chothú
- léirthuiscint ar luail agus ar úsáid an choirp mar ghléas nochta mothúchán agus cruthaitheachta a fhorbairt
- taitneamh agus dearcadh deimhneach i leith gníomhaíochta coirp, agus mar a chuidíonn sí le corpacmhainn na sláinte ar bhonn saoil, a chothú mar ullmhú an pháiste do thráthanna scíthe a chaitheamh go gníomhach agus go fóinteach.
Cuspóirí leathana
Ach cumais dhúchasacha an pháiste agus tosca athraitheacha a chur san áireamh go cuí, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam corpoideachais ar chumas an pháiste
Forás sóisialta agus pearsanta
- taitneamh agus gnóthachtáil a eispéiriú trí mheán luaile
- idirghníomhú agus comhoibriú go híogair le daoine eile, cuma cad é a gcúlra cultúrtha nó sóisialta nó a sainriachtanais
- buanna féinmheasa, féinfheasachta, muiníne, tionscnaimh agus ceannasaíochta a fhorbairt
- tuiscint do chothrom na Féinne agus ar mheanma foirne a fhorbairt trí rannpháirtíocht agus iomaíocht
- dearcadh deimhneach i leith rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí luaile a fhorbairt
- eachtraíocht agus dúshlán a eispéiriú
Forás fisiceach agus luaileach
- neart, luas, teacht aniar agus solúbthacht a fhorbairt trí bheith páirteach i raon leathan gníomhaíochtaí
- aclaíocht, airdeall, smacht, cothromaíocht agus comhordú a fhorbairt trí mheán luaile
- inniúlacht phearsanta a fhorbairt sna scileanna lúthchleasaíochta rith, léimneach agus caitheamh
- damhsaí a dhéanamh go muiníneach agus go hinniúil, damhsaí simplí tíre agus damhsaí Gaelacha san áireamh
- inniúlacht phearsanta i raon de luailí gleacaíochta a fhorbairt
- inniúlacht phearsanta a fhorbairt sna scileanna cluichí -- seoladh, gabháil agus taisteal -- raon fearais a úsáid agus na scileanna a chur i bhfeidhm le linn cluichí
- na scileanna is gá chun maireachtáil agus gluaiseacht go muiníneach sa timpeallacht a chur i bhfeidhm
- muinín as uisce a chothú sa pháiste agus é/í in aice leis an uisce, ar an uisce, istigh ann nó thíos faoi
- inniúlacht phearsanta i mbanganna snámha éagsúla agus in aclaíocht uisce a fhorbairt
Eolas agus tuiscint
- tuiscint agus eolas ginearálta ar ghníomhaíochtaí luaile a fhorbairt agus tairbhe a ghnóthú mar rannpháirtí agus mar sheallach
- tuiscint ar thaisteal agus ar ghlacadh meáchain a fhorbairt mar bhunús d'ionramháil agus rialú éifeachtach luaile agus coirp ar an urlár agus ar an bhfearas araon
- tuiscint ar úsáid spáis, luais, iarrachta, treo agus leibhéil a eispéiriú agus a fhorbairt agus gníomhartha á gcomhall
- tuiscint ar thosca bunúsacha cuí, idir rialacha, mhodhanna beartaíochta agus straitéisí, i dtaca le gníomhaíochtaí luaile a fhorbairt
- comhall luaile a bhreathnú, a phlé, a anailísiú agus a chiallú agus taitneamh a bhaint as
- eolas ar ghnóthachtáil i ngníomhaíochtaí luaile a bhailiú, a chlárú agus a chiallú
- bheith tionscantach, cinneadh ar chomhairle, fadhbanna a réiteach agus féinriar a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí luaile
- bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cultúrtha trí mheán luaile agus eolas agus léirthuiscint orthu a fhorbairt
- léirthuiscint agus meas ar an timpeallacht a fhorbairt trí bheith páirteach in imeachtaí lasmuigh
Forbairt aeistéitiúil agus chruthaitheach
- an corp a úsáid mar mheán nochta mothúchán agus mar mheán cumarsáide agus feidhm á baint as raon ilghnéitheach spreagthach
- damhsaí simplí a chumadh agus a chomhall
- cluichí simplí a chumadh agus a imirt
- tuiscint ealaíonta agus aeistéitiúil a fhorbairt trí bhíthin na luaile agus mar chuid di
Forbairt chorpacmhainn na sláinte
- corpacmhainn na sláinte a chaomhnú agus a mhéadú trí ghníomhaíocht bhríomhar choirp a chuidíonn le stíl shláintiúil mhaireachtála a chothú
- dea-chleachtais sláinteachais agus staidiúire a thuiscint agus a chur i bhfeidhm
- na buntáistí a ghabhann le suaimhneas a ghlacadh a léirthuiscint agus dúshláin a shárú
Forbairt sábhailteachta
- cleachtais shábháilte a úsáid sna gníomhaíochtaí coirp uile.
Ábhar don chorpoideachas a phleanáil
Struchtúr agus leagan amach
Tá ábhar an churaclaim corpoideachais leagtha amach i líon snáitheanna agus snáithaonad chun cabhrú le múinteoirí a gcuid oibre a phleanáil. Taispeántar samplaí i gcló iodálach ar fud gach snáithe, ach ní ceart iad a mheas ach mar mholtaí.
Clár leathan cothrom
Aidhm thábhachtach den chlár corpoideachais is ea raon leathan gníomhaíochtaí a sholáthar. Deimhneoidh pleanáil éifeachteach go seachnófar athrá as cuimse nó bearnaí móra sa chlár.
Ba chóir cúig cinn de na snáitheanna a chur san áireamh gach bliain nuair is féidir é; áit a bhfuil áiseanna agus acmhainní gann ba chóir na roghanna féideartha go léir a iniúchadh d'fhonn na bacainní sin a shárú. Tá snáithe na hoiliúna uisce leagtha amach chun gur féidir é a fheidhmiú ag ceann ar bith de na leibhéil nó ag roinnt leibhéal, ag brath ar an bhfáil a bhíonn ar áis dó. Áit a gcuirtear oiliúint uisce ar fáil do ranganna naíonán, ba chóir an clár a chur in oiriúint do riachtanais an aoisghrúpa seo.
Moltar gach snáithaonad a chuimsiú d'fhonn éagsúlacht, cothromaíocht agus leanúnachas a chinntiú. Is féidir, áfach, scóip an phlé a dhéantar ar gach snáithaonad a oiriúniú don mhéid ama a bhíonn ar fáil.
Ciall agus léirthuiscint an pháiste ar ghníomhaíochtaí coirp a fhorbairt
Tá snáithaonad dár teideal 'Ciallú agus léirthuiscint' mar chuid de gach snáithe. Ní hé atá i gceist go mbunófaí ceachtanna ar ábhar an tsnáithaonaid seo ann féin ach go bhforbrófaí é de réir mar a dhéanfaí aonaid eile an tsnáithe a iniúchadh.
Nascadh agus comhtháthú
Tá deiseanna le haghaidh nasctha (.i. comhtháthú laistigh den churaclam corpoideachais) agus comhtháthaithe (.i. ceangail thraschuraclaim) le fáil ag gach leibhéal. Is féidir le múinteoirí na deiseanna seo a aithint agus an clár á phleanáil acu. Laistigh de na míreanna ábhair déantar moltaí sna nótaí taobh thíos de na snáithaonaid faoi roinnt de na cásanna ina bhféadfaí feidhm a bhaint as nascadh agus comhtháthú.