Foramharc
Cuireann oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS) deiseanna sonracha ar fáil chun forbairt phearsanta, sláinte agus folláine an pháiste aonair a chothú, chun cuidiú leis/léi caidreamh tacúil a chruthú agus a choinneáil agus bheith ina s(h)aoránach gníomhach freagrach sa tsochaí. Trí chlár don OSPS atá pleanáilte agus comhsheasmhach ar fud na scoile, is féidir le páistí creatlach de luacha, dearcadh, tuiscint agus scileanna a fhorbairt a thabharfaidh treoir dá gcinntí agus dá ngníomhartha san am i láthair agus san am atá le teacht.
Réasúnaíocht
Tá sé d'aidhm ag OSPS féinmheas agus féinmhúinín a chothú agus leagann sé béim faoi leith ar mhothú d'fhreagracht phearsanta as iompair agus as gníomhartha an duine féin. Cothaíonn OSPS féinfheasacht agus tuiscint trí cabhrú le páistí a gcuid mothúchán féin a ainmniú agus a bhainistiú, chun aitheantas a thabhairt agus meas a bheith acu ar inniúlachtaí an duine aonair, agus chun déileáil le hathruithe de gach saghas. Is féidir leo foghlaim conas a n-iompar féin a bhainistiú agus conas spriocanna pearsanta a leagan amach agus a bhaint amach laistigh de thimpeallacht shábháilte thacúil. Méadóidh a leithéid d'fhorbairt phearsanta mothú an pháiste gur féidir leis/léi a bheith éifeachtúil agus cabhróidh sé leis/léi níos mó smachta a bheith aige/aici ar a s(h)aol féin.
OSPS sa Churaclam
Dearadh an curaclam ionas go gcaithfear leis na diminsiúin shóisialta, phearsanta, agus sláinte i saol na linbh ar bhonn comhtháithe. Déanann sé foráil do raon leathan luachanna, dearcaidh, scileanna agus tuisceana a fhorbairt atá bainteach le sláinte agus folláine an pháiste, daoine eile agus na sochaí ina mhaireann sé/sí. Cabhróidh an bunús seo le gníomhartha, iompraíocht agus cinntí an linbh sna suímh uile a thiocfaidh aníos agus a bheidh air/uirthi déileáil leo sa ghnáthshaol.
Tá an curaclam briste suas i gceithre leibhéal - ranganna na naíonán, rang a haon agus a dó, rang a trí agus a ceathair, rang a cúig agus a sé - agus tá sé roinnte i dtrí snáithe: Mise, Mise agus daoine eile, agus Mise agus an domhan mór. Tá gach ceann de na snáithe seo foroinnte i roinnt snáithaonaid nó i réimsí ábhar mar seo a leanas:
Mise
- Féinaithne
- Ag tabhairt aire do mo chorp
- Ag fás agus ag athrú
- Sábháilteacht agus cosaint
Mise agus daoine eile
- Mise agus mo theaghlach
- Mo chairde agus daoine eile
- Caidreamh le daoine eile
- Ag déanamh cinntí
Mise agus an domhan mór
- Ag forbairt saoránachta
- Oideachas na meán cumarsáide
Stádas reatha
Bhí an curaclam á chur i bhfeidhm de réir a chéile sna scoileanna le tacú ón gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile (CTCB) agus ón tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SPFS) go dtí 2007. Tá an tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna (STGB) ag leaúint anois le tacaíocht a sholáthar do scoileanna chun an curaclam a chur i bhfeidhm.
Foilseacháin an CNCM a bhaineann le hábhar
Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (Curaclam na Bunscoile ar líne) (1999)
Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte, Treoirlínte do Mhúinteoirí (Curaclam na Bunscoile ar líne) (1999)
Chun féachaint ar an gcuraclam nó na treoirlínte i bhformáid PDF cliceáil anseo
Treoirlínte do mhúinteoirí Daltaí le Míchumais Ghinearálta Fhoglama
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte sa tSraith Shóisearach
Naisc ghaolmhara
An tSeirbhís um Thacaíocht Ghairmiúil do Bhunscoileanna