Tá an cur chuige agus na modhanna teagaisc atá in úsáid in OSPS cinntitheach maidir le héifeacht an chláir. Cé gur féidir roinnt de chuspóirí an churaclaim a bhaint amach tríd an modh díreach, tá an bhéim in OSPS ar fhoghlaim ghníomhach. Nuair a thugtar deiseanna do pháistí a bheith gafa go gníomhach ina gcuid foghlama ag anchuid leibhéal difriúil, is mó an seans
- go bhfaighidh siad taithí ar agus go n-aimseoidh siad an fhoghlaim dóibh féin
- go gcuirfidh siad bríonna nua le chéile, agus go sealbhóidh siad tuiscint nua
- go nglacfaidh siad le freagracht fhorásach ar a gcuid foghlama féin
- go mbainfidh siad a gciall féin as an bhfoghlaim agus go mbeidh tuiscint dhomhain acu ar an méid atá foghlamtha acu
- go n-éireoidh siad níos criticiúla agus níos grinne
- go n-éireoidh leo an fhoghlaim a chur i bhfeidhm ar shuímh dhifriúla.