Primary Schools

Gluais

am ciúin
aon am nuair is féidir leis an bpáiste bheith ciúin ann/inti féin agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí gan cur isteach air/uirthi.
féinchoincheap
an cnuasach ar leith de smaointe nó de dhearcaí atá againn fúinn féin ag am ar bith
féinfheasacht
aithne ar an duine féin mar dhuine aonair ar leith. Forbraítear seo trí mhothú sóisialta, éisteacht ionbhách, macántacht agus tuiscint ar conas a úsáidtear meicníocht chosanta
féinghlacthacht
an comhionannas idir féinchoincheap an duine agus é féin go hidéalach
féinmheasan méid a bhraitheann daoine go bhfuil siad fiúntach, cumasach, suntasach agus éifeachtach
foghlaim
chomhoibritheach
an fhoirm sin d'fhoghlaim ghrúpa a bhfuil mar shaintréithe aici grúpaí cumais mheasctha, idirspleáchas dearfa, cuspóirí coitianta grúpa, grúpaí atá struchtúrtha go cúramach, freagracht indibhidiúil agus ceannas comhpháirteach
grúpa eitneach
grúpa laistigh de dhaonra níos mó atá indealaithe ag cáilíochtaí mar bhunús coitianta, tíreolaíoch, teanga, cultúr nó traidisiúin creidimh
idirphearsanta
gaolmhar le caidrimh an duine le daoine eile trína dtugann duine faoi deara agus ina ndéanann sé/sí idirdhealú idir giúmar, intinn, inspreagadh agus mothúcháin daoine eile
inphearsanta
feasacht faoin duine féin agus do fhéineolas agus tuiscint. Is é atá ann ná an phearsa a bheith feasach faoina g(h)iúmar inmheánach, intinn, inspreagadh, m(h)eon agus m(h)ianta
sláinteacmhainn le haghaidh beatha laethúil ach nach cuspóir maireachtála í. Is coincheap dearfa é a chuireann béim ar acmhainní sóisialta agus pearsanta chomh maith le cumais fhisiceacha.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie