Primary Schools

Ábhar an churaclaim in OSPS

Tá an curaclam struchtúrtha sa chaoi go bhfreastalaíonn sé ar ghnéithe sóisialta, pearsanta agus sláinte an pháiste ar bhealach comhtháite. Soláthraíonn sé d'fhorbairt raon leathan luachanna, tuisceana, scileanna agus dearcaidh atá bainteach le sláinte agus folláine an pháiste, le daoine eile agus leis an sochaí ina maireann sé/sí. Tabharfaidh an dúshraith seo treoir don pháiste ina g(h)níomhartha, ina (h)iompar agus ina c(h)inneadh maidir leis na tosca éagsúla ina mbíonn sé/sí agus a gcaithfidh sé déileáil leo mar chuid dá g(h)náthshaol.

Toisc go leathann OSPS ar fud na ngnéithe uile de shaol na scoile is cóir an t-ábhar atá imlínithe sa churaclam a chur i bhfeidhm i dteaglaim de chur chuige atá foirmiúil agus neamhfhoirmiúil; go foirmiúil, tríd an am faoi leith atá leagtha amach ar an gclár ama agus trí ábhair ghaolmhara, agus go neamhfhoirmiúil, trí ghnáthimeachtaí an lae ar scoil agus i gcomhthéacs ethos agus atmaisféar na scoile ina hiomláine. Tabharfaidh breithiúnas gairmiúil an mhúinteora treoir dó/di chun an comhthéacs is oiriúnaí a roghnú inar féidir na cuspóirí a bhaint amach.

Struchtúr bunúsach an churaclaim

Tá an curaclam línithe ar cheithre leibhéal: ranganna na naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4, agus ranganna 5 agus 6, agus tá sé roinnte ar thrí shnáithe: Mise, Mise agus daoine eile agus Mise agus an domhan mór. Déantar fo-roinnt bhreise ar gach snáithe díobh seo i líon de shnáithaonaid nó achair de thopaicí a chuimsíonn cuspóirí ar leith agus cuid díobh léirithe le heiseamláirí. Níl sna heiseamláirí seo ach raon de mholtaí, agus ní áirítear iad mar liosta cuimsitheach de ghníomhaíochtaí ná d'eispéiris.

Tá na snáithaonaid comhsheasmhach ar fud na leibhéal ranga uile, agus freastalaíonn siad ar nádúr bíseach an churaclaim. De réir mar a fhásann agus a aibíonn páistí déantar athchuairt ar an ábhar ar bhealach níos mionchruinne ag cur leis na scileanna, an dearcadh agus an tuiscint atá forbartha cheana féin, agus ag cur deiseanna breise ar fáil le haghaidh machnaimh agus chur i bhfeidhm.

Mar sin féin, cé go gcuirtear an t-ábhar i láthair ar shlí a mheastar a bheith oiriúnach d'aois agus do chéim fhorbartha an pháiste, moltar solúbthacht i dtreo is go gcuirfear a f(h)orbairt mhothúchánach agus a riachtanais agus spéiseanna ar leith san áireamh.

Foramharc ar an ábhar don OSPS

Na snáitheanna agus na snáithaonaid sa churaclam in OSPS

SnáitheannaSnáithaonaid
MyselfFéinaithne
Féinfheasacht
Ag forbairt féinmhuiníne
Ag déanamh cinntí
Ag tabhairt aire do mo chorp
Sláinte agus folláine*
Bheith eolach ar mo chorp
Bia agus cothú
Ag fás agus ag athrú
Athraím agus mé ag fás
Beatha nua
Braistintí agus mothúcháin
Sábháilteacht agus cosaint
Sábháilteacht phearsanta
Saincheisteanna sábháilteachta
Ag déanamh cinntí
Myself and othersMise agus mo theaghlach
Mo chairde agus daoine eile
Caidreamh le daoine eile
Myself and the wider worldAg forbairt na saoránachta
Pobal mo scoile
Ag maireachtáil sa phobal áitiúil agus
sna pobail Náisiúnta agus Eorpacha
agus i bpobail níos forleithne†
Cúram an imshaoil
Tá forbairt déanta ar an bhfo-aonad
'Cúram an imshaoil' in OSIE
Oideachas na meán cumarsáide.


Na trí shnáithe sa churaclam

Mise

Comhchruinníonn an snáithe seo ar an gcuid is bunúsaí de shaol an pháiste, is é sin an taobh idirphearsanta. Cuirtear i láthair é i líon áirithe de shnáithaonaid a leagann fócas ar fhoghlaim faoi fhéinfheasacht agus fhéinfhorbairt. Cuirtear an bhéim ar eolas agus tuiscint a bhaint amach faoin duine féin ag leibhéil dhifriúla agus ar fhoghlaim conas gníomh bunaithe ar an bhféineolas sin a dhéanamh.

Féinaithne

Agus an snáithaonad seo á iniúchadh acu, spreagtar páistí chun breathnú orthu féin mar dhaoine aonair uathúla, le hábaltachtaí, buanna agus lochtanna difriúla, agus go dtugtar grá dóibh is go ndéantar cúram díobh agus go bhfuil cúnamh nach beag le tabhairt acu sa saol seo. De réir mar a théann na páistí ar aghaidh tríd an scoil is mó fós an bhéim a leagtar ar chabhrú leo chun déileáil leis na tosca difriúla a théann i gcion ar a bhféinmheas agus ar a bhféinchoincheap, mar shampla an ról atá ag piaraí, ról an teaghlaigh, rath agus teip ag leibhéal pearsanta, íomhánna sna meáin agus dearbhú ó dhaoine eile.

Cothaítear neamhspleáchas, féinmhuinín, teacht aniar agus féinéifeacht fhorásach sa churaclam trí na páistí a spreagadh chun

  • tascanna agus suímh nua a thriail
  • glacadh le freagracht bhreise as a ngníomhartha agus a n-iompraíocht féin
  • foghlaim conas ceart a bhaint de agus déileáil leis na dúshláin iomadúla a chuireann an saol i láthair
  • machnamh a dhéanamh ar a bhfrithghníomhartha agus a n-iompraíocht féin i suímh dhifriúla
  • a gcuid tuairimí a thabhairt amach agus cabhrú le cinntí ranga agus grúpa a dhéanamh.

Cabhraíonn múinteoirí le páistí bheith níos freagarthaí as a gcuid foghlama féin agus páirt a ghlacadh i bhféinmheasúnú trí iad a chumasú chun

  • spriocanna a leagan síos dóibh féin
  • machnamh a dhéanamh ar a gcuid dul chun cinn agus ar a bhfuil bainte amach acu
  • páirt a ghlacadh in agallamh leis an múinteoir maidir lena gcuid oibre agus lena spéiseanna agus bacainní sonracha.

D'fhonn mothú faoin duine féin a fhorbairt ní foláir deiseanna a chur ar fáil do pháistí chun a bhfeasacht a fhorbairt: orthu féin, ar an saol mórthimpeall orthu agus ar an dlúthbhaint atá idir rudaí. Cabhraíonn sé le páistí a bheith feasach faoina spioradáltacht féin agus faoin gcomhcheangal nádúrtha atá idir aigne corp agus anam, má spreagtar iad chun stad tamall, chun ionadh a dhéanamh, chun machnaimh agus chun mistéir a bhlaiseadh.

Cuidíonn OSPS le forbairt spioradáltachta an pháiste trína chur ar a c(h)umas coincheapa agus tuairimí a scrúdú agus a iniúchadh, ceisteanna a chumadh agus saincheisteanna atá oiriúnach dá (h)aois agus dá t(h)uiscint a chíoradh. Éiríonn deiseanna in OSPS chun go bhfaigheadh páistí taithí ar uafás agus iontas, faoi mar a bheadh i bhfoghlaim faoi phróiseas na breithe agus na beatha nua agus an ciorcal fáis agus athrú a iniúchadh. Neartóidh gnéithe eile freisin forbairt spioradálta an pháiste. Ina measc siúd tá gníomhú le chéile, foghlaim faoi mhothúcháin a bhaineann leis an duine féin agus le daoine eile, ionbhá a fhorbairt, agus taithí a chur ar chaidrimh thacúla agus shláintiúla. Foghlaimíonn páistí freisin faoin tábhacht a bhaineann le barúla faoi leith agus luachanna ina saol agus conas mar a théann siad i bhfeidhm ar na cinntí agus na roghanna a dhéanann siad.

Ag tabhairt aire do mo chorp

Beidh páistí a dhéanann cúram díobh féin, agus a mbíonn meas acu orthu féin, in ann caitheamh níos fearr lena gcorp féin le dínit agus a bheith níos cúramaí maidir lena roghanna maireachtála faoi láthair agus san am atá le teacht.

Cuireann an snáithaonad seo fócas ar shláinte a chur chun cinn trí iniúchadh a dhéanamh ar

  • an ngá le haclaíocht rialta
  • thionchar nósanna sláintiúla itheacháin
  • úsáid agus mí-úsáid substaintí éagsúla
  • iompar galraithe agus galair.

De réir mar a dhéantar iniúchadh ar fhás agus ar fhorbairt fhisiceach, foghlaimíonn páistí na téarmaí oiriúnacha anatamaíocha faoi bhaill ghiniúna an choirp fhirinn agus bhaininn araon. Soláthraíonn sealbhú an stór focal seo ag aois óg bunús le haghaidh foghlama níos déanaí faoi oirbheart agus síolrú, agus is féidir leis a dhearbhú go bhfoghlaimíonn páistí conas labhairt faoi gach cuid dá gcorp le meas agus le dínit. De réir mar a thagann fás agus forbairt ar pháistí is ea is mó a éiríonn siad feasach faoina n-íomhá coirp. Tá sé tábhachtach, go háirithe agus iad ag teacht in oirbheart agus ina dhiaidh sin, go spreagfaí páistí chun glacadh lena n-íomhá coirp agus urraim agus aire a thabhairt dá gcorp féin. In OSPS tugtar deis do pháistí roinnt de na híomhánna a chuirtear i láthair sna meáin a iniúchadh agus tionchar na n-íomhánna coirp seo ar nósanna agus iompar a scrúdú.

Ag fás agus ag athrú

Tá iniúchadh ar phróiseas fáis agus athraithe riachtanach do pháistí. Cabhróidh sé leo iad féin a thuiscint chomh maith leis na hathruithe éagsúla a mbeidh taithí acu orthu de réir mar a aibíonn siad i dtreo ógántachta. Trí iniúchadh ar an snáithaonad seo tosaíonn páistí ar thuiscint go mbíonn difríocht sa ráta fáis i ngach duine agus go mbíonn teaglaim de thosca sóisialta, mothúchánacha, intleachtúla, spioradálta agus fisiceacha mar chuid thréitheach den fhás. Trí chur le feasacht na bpáistí faoi nádúr comhtháite seo an duine is féidir cabhrú leo tuiscint dhomhain a ghnóthú gur cuid chomhtháite d'fhás agus d'fhorbairt í a ngnéasacht atá ag éirí aníos. Sa chomhthéacs seo tá sé riachtanach go mbeadh tuiscint ag páistí faoi oirbheart agus faoi shíolrú daonna sula bhfágann siad an bhunscoil.

Trí eolas a fháil ar na hathruithe seo is féidir leis an bpáiste an teanga agus an stór focal a shealbhú chun a c(h)uid fáis agus forbartha féin a phlé, agus chomh maith leis sin a bheith in ann ceisteanna oiriúnacha a chur agus eolas a bheadh de dhíth air/uirthi a mhíniú agus a fháil.

Toisc gur rud dosheachanta é athrú sa saol, ní foláir do pháistí foghlaim conas déileáil leis ar shlí dhearfach. Ag gach leibhéal ranga ba chóir go gcuirfí ar chumas páistí athruithe agus suímh atá bainteach lena saol féin a iniúchadh agus slite oiriúnacha chun déileáil leis na hathruithe seo a scrúdú. Is sampla é cailleadh a mbíonn taithí ag páistí air ina saol. Iniúchann an snáithaonad seo cailleadh de shaghsanna difriúla: peata a chailleadh, cara ag aistriú go háit eile, scaradh teaghlaigh nó bás bhall teaghlaigh. Meastar, tar éis straitéisí a shealbhú chun déileáil le hathrú, go mbeidh páistí in ann iad a chur i bhfeidhm in an-chuid suíomh ina dtarlaíonn athruithe.

Braistintí agus mothúcháin

Ní mór do pháistí foghlaim conas a mothúcháin féin a aithint. Soláthraítear deiseanna sa snáithaonad seo chun gur féidir leo na mothúcháin seo a ainmniú agus a chur i láthair agus déileáil leo. Cuirtear an bhéim ar iniúchadh raon iomlán na mothúchán gan iad a rangú mar dhearfa nó dhiúltach: mar shampla, ba chóir iniúchadh a dhéanamh ar áthas agus scleondar chomh maith le fearg agus éad. Méadaíonn tuiscint ar mhothúcháin phearsanta féintuiscint, agus éascaíonn sí feasacht bhreise ar ghiúmar, ar intinn agus ar inspreagadh pearsanta.

Tosóidh páistí ag foghlaim conas mothúcháin a chur in iúl ar bhealach oiriúnach agus conas mar a bhraitheann siad nuair a chaitear leo go neamhchóir nó go héagothrom. Sna ranganna sinsearacha foghlaimíonn siad slite dearfa chun déileáil le taghdaíl a tharlóidh le linn oirbhirt, agus foghlaimíonn siad go dtéann athruithe fisiceacha agus hormónacha i gcion ar a mothúcháin agus ar a ngníomhartha. Méadaíonn páistí a bhféinsmacht de réir mar a fhoghlaimíonn siad conas mothúcháin dhifriúla a aithint agus bealaí a iniúchadh ina dtéann na mothúcháin seo i bhfeidhm orthu féin agus ar dhaoine eile. Tugtar deiseanna do pháistí ar fud an churaclaim ar idirdhealú a dhéanamh idir riachtanais agus mianta agus dá bharr sin tuiscint a fháil ar choincheap an phléisiúir mhoillithe. Cothaítear forbairt ionbhá freisin ag gach leibhéal sa scoil, toisc go bhfuil sé riachtanach chun caidreamh a láimhseáil agus a riaradh, chun taise agus mothálacht a chur chun cinn, agus chun ilghnéitheacht a thuiscint.

Sábháilteacht agus cosaint

Ní foláir do gach páiste bheith eolach faoi ghníomh oiriúnach a dhéanamh nuair a bhíonn sé/sí i bpriacal. Sa snáithaonad seo cuirtear páistí ar an eolas faoi shuímh chontúirteacha, agus tugtar deis dóibh ar straitéisí a iniúchadh a d'fhéadfaí a úsáid chun iad féin agus daoine eile a chosaint. I measc na dtopaicí le haghaidh iniúchta tá:

  • bheith feasach faoi conas agus cathain cabhair a lorg
  • blaiseadh agus teagmháil le substaintí anaithnide
  • bheith caillte
  • an gá le rialacha agus rialacháin
  • glacadh le síob ó strainséirí
  • go n-iarrtar orthu rún doiligh a choimeád.

Trí OSPS déanann páistí iniúchadh ar choincheap an phriacail. Ní foláir dóibh peirspictíocht chothrom a fhorbairt maidir le dul i bhfiontar trí shuímh a mheas agus iarmhairtí a scrúdú. Ní foláir dóibh freisin bheith eolach faoin uain chuí chun comhairle a lorg, agus conas a n-imní a chur in iúl ar bhealach oiriúnach.

Trí iniúchadh a dhéanamh ar shábháilteacht agus chosaint misnítear páistí chun

  • aithint cathain a bhíonn cabhair de dhíth orthu chomh maith leis an duine ar chóir dóibh dul chun cainte leis/léi i gcásanna éagsúla
  • mothú forásach ar fhreagracht phearsanta a fhorbairt ar mhaithe lena sábháilteacht féin agus sábhailteacht daoine eile
  • saincheisteanna faoi shláinte agus shábháilteacht a iniúchadh, agus seachaint timpistí san áireamh, agus an gníomh ba chóir a dhéanamh má tharlaíonn timpiste
  • fócas a chur ar úsáid agus mhí-úsáid substaintí, dlisteanach agus neamhdhlíthiúil araon
  • a fhoghlaim go bhfuil sé tábhachtach gan daoine eile a imeaglú, a aonrú, a scanrú, a chiapadh ná a tharcaisniú.

Iniúchann an curaclam cearta páistí freisin agus go háirithe an ceart atá ag páistí do mhothú sábháilteachta. Ní foláir iad a mhisniú chun suíomh tromchúiseach folaigh a aithint agus bheith eolach faoi ghníomh oiriúnach sa chás.

Ag déanamh cinntí

Tá an cumas chun cinntí agus roghanna eolacha a dhéanamh mar ghné nádúrtha den OSPS. Ar fud an churaclaim cothaítear agus cleachtar scileanna i ndéanamh cinntí. Beidh páistí in ann na saghsanna cinntí is féidir agus nach féidir leo a dhéanamh a ainmniú agus a aithint mar aon leis na tosca a théann i gcion ar a roghanna. Foghlaimeoidh siad conas

  • breithiúnas a chleachtadh
  • féidearthachtaí difriúla a mheas
  • na céimeanna agus roghanna a threoraíonn iad i ndéanamh cinntí machnamhacha a scrúdú
  • tosú ar thuiscint a fháil ar a gcearta féin agus ar chearta na gcomharsan agus ar fhreagrachtaí a ghabhann leo
  • na tosca difriúla a théann i gcion ar dhéanamh cinntí a iniúchadh
  • machnamh a dhéanamh ar ghníomhartha atá déanta.

Sa tslí seo tuigfidh siad na hiarmhairtí a ghabhann le roghanna malartacha, agus foghlaimeoidh siad conas na léargais seo a chur i bhfeidhm ar shaincheisteanna mar chairdis, chaitheamh tobac, úsáid alcóil agus dhul i bhfiontar. Mar sin forbrófar na scileanna sa ghné seo trí na heispéiris agus suímh a thiteann amach i raon de chomhthéacsanna. Faoin am a fhágfaidh siad an bhunscoil táthar ag súil go mbeidh straitéis oiriúnach dá n-aois sealbhaithe ag páistí chun cinntí a dhéanamh, agus go mbeidh tuiscint acu ar a ról féin agus ar ról daoine eile i rith an phróisis.

Mise agus daoine eile

Tá foghlaim faoi chúram a dhéanamh de dhaoine eile agus meas a thabhairt dóibh mar bhunchloch sa snáithe seo. Déanann sé iniúchadh ar ról daoine éagsúla i saol an duine féin agus iniúchann sé conas mar a dhéanann daoine idirghníomhú agus cumarsáid, mar a mhaireann, a imríonn agus a oibríonn siad le chéile.

Mise agus mo theaghlach

I gceist sa snáithaonad seo tá an teaghlach agus eispéireas an teaghlaigh mar phobal lena mbaineann an páiste. Ní mór teaghlaigh agus gnéithe difriúla de shaol teaghlaigh i gcuraclam an OSPS a phlé toisc an ról bunúsach atá ag an teaghlach i saol an pháiste. Mar sin féin, ní foláir ómós a thabhairt i gcónaí do phríobháid an pháiste, an teaghlaigh agus an mhúinteora.

Is féidir le páistí léirthuiscint ar a dteaghlach féin, a gcreideamh agus a dtraidisiúin agus an luach a chuireann siad ar shaol an teaghlaigh a fhoghlaim trí

  • na tosca a chomhdhéanann teaghlach a aithint, ag leagan béime ar an bhfírinne nach bhfuil gach aonad agus struchtúr teaghlaigh mar an gcéanna, b'fhéidir. San áireamh sna struchtúir teaghlaigh seo tá teaghlaigh altrama, teaghlaigh le tuismitheoir amháin nó le beirt, tosca nuair a oiltear páistí ag daoine seachas dlúthbhaill teaghlaigh agus páistí atá uchtaithe. Tá sé tábhachtach freisin ról an teaghlaigh fhorleathnaithe i saol an-chuid páistí a aithint
  • na saghsanna rudaí is féidir le teaghlaigh a dhéanamh le chéile a iniúchadh agus mar a thugann siad cúram, grá agus tacaíocht dá chéile
  • na rólanna difriúla laistigh de theaghlaigh a aithint, agus a thuiscint go mbíonn na rólanna seo athraitheach agus a aithint go gcuidíonn gach duine aonair le saol an teaghlaigh
  • tús a chur le breathnú ar an iompraíocht a chuireann le síth i dteaghlaigh, agus éirí feasach ar na cineálacha athruithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar shaol an teaghlaigh. I measc na n-athruithe seo bheadh saolú linbh nua, aistriú tí nó scoile, scaradh, tinneas, foréigean nó dífhostaíocht
  • coincheap ballraíochta i dteaghlach a scrúdú agus an tslí ina bhféadfadh athrú a theacht ar theaghlaigh de réir mar a shroicheann páistí ógántacht agus staid lánfhásta a iniúchadh
  • iniúchadh a dhéanamh ar réaltacht na n-íomhánna i saol an teaghlaigh agus freisin ar na nósanna maireachtála a chuireann na meáin chumarsáide i láthair.

Mo chairde agus daoine eile

Tosaíonn an snáithaonad seo le taithí an pháiste ar dhlúthchairde agus leathnaíonn sé amach chun daoine eile a thabhairt isteach.

Cuirtear deiseanna ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar

  • chiall agus tionchar cairdis, cad a bhagraíonn air agus conas is féidir tacú leis
  • ghnéithe den fhíorchairdeas mar éisteacht, soghontacht, iontaoibh, macántacht, gáire, ionbhá agus an tábhacht a bhaineann le ham a chaitheamh le chéile
  • cheangail chairdeasa a dhéanamh agus a mhalartú mar chuid den phróiseas fáis
  • na bealaí ina gcuireann gníomhartha agus iompar an duine isteach ar dhaoine eile
  • chaitheamh le daoine eile le dínit agus le hurraim.

Sna ranganna sinsearacha éascaíonn an clár iniúchadh ar chairdeas leis an gcineál céanna agus chairdeas idir buachaillí agus cailíní. Iontu seo, mar atá i ngach saghas caidrimh, spreagtar na páistí a bheith urramach dá chéile agus bheith freagrach ina gcuid iompraíochta. Comhlánaíonn sé seo an obair atá ar siúl ar ghnéasacht agus fhás agus ar fhorbairt i ranna eile an chláir.

Cuirtear béim freisin ar ról dearfa agus diúltach piaraí a scrúdú agus ar chuidiú le páistí déileáil le brú agus le tionchair áititheacha.

Tugtar deis do pháistí le linn iniúchta ar chomthromaíocht idir fir agus mná, machnamh a dhéanamh ar a ndearcadh agus a luachanna féin agus bealaí a nochtadh chun cur in aghaidh íomhánna buanchruthacha.

Caidreamh le daoine eile

Páistí ag caint, ag súgradh agus ag foghlaim le chéileSa snáithaonad seo cuirtear fócas ar fhorbairt raon de scileanna cumarsáide agus idirphearsanta. I ngach rang misnítear páistí chun

  • éisteacht go héifeachtach
  • labhairt, plé, ceistiú agus cleachtadh a dhéanamh ar fhoirmeacha éagsúla neamhbhriathartha cumarsáide
  • foghlaim faoi shaghsanna difriúla cumarsáide agus iniúchadh a dhéanamh ar a dtionchar agus a n-úsáid chuí
  • moladh, dearbhú agus léirmheastóireacht chabhrach a thabhairt agus a ghlacadh
  • ionbhá a dhéanamh le daoine eile agus saincheisteanna a iniúchadh ó pheirspictíochtaí difriúla.

Réiteach coimhlinte

Mar chuid bhunúsach de chaidreamh fholláin áirítear greann, roinnt ar a chéile, gáire, dlúthchaidreamh, iontaoibh agus macántacht. Mar sin féin, tá coimhlint agus easpa réiteach le chéile mar chomhchodanna d'aon saghas caidrimh. In OSPS foghlaimíonn páistí conas déileáil le coimhlint trí theicníochtaí difriúla a chleachtadh, a chuireann béim ar aithint na faidhbe agus ar réitigh fhéideartha a iniúchadh: mar shampla, is féidir leo comhréiteach a fhoghlaim, leithscéal a ghabháil, glacadh le leithscéal agus maithiúnas a thabhairt. Sa chomhthéacs seo éiríonn páistí eolach faoi iompraíocht fhulangach, ionsaitheach agus theanntásach agus foghlaimíonn siad conas a aithnítear agus a nochtar gach ceann de na saghsanna iompraíochta seo.

Ag roinnt idéanna ina mbeirteannaTá saincheist na bulaíochta snaidhmthe leis an obair i réiteach coimhlinte. Is féidir le páistí teacht ar thuiscint faoi cad is ciall le bulaíocht, an saghas iompraíochta a chomhdhéanann bulaíocht agus an ról a bhíonn ag daoine éagsúla i gcásanna bulaíochta. Foghlaimíonn siad go mbíonn bulaíocht i gcónaí neamhchóir agus déantar neartú air seo le linn a gcuid ama ar scoil. Múintear dóibh go bhfuil céimeanna dearfa le tógáil má bhíonn bulaíocht á himirt ar an duine féin nó má fheiceann siad bulaíocht á himirt ar dhuine eile. Toisc go n-ídíonn bulaíocht féinmheas, tá sé riachtanach ag gach leibhéal a léiriú go suntasach nach bhfuil locht ar an bpáiste atá ag fulaingt na bulaíochta. Braithfidh an cur chuige a nglactar leis chun déileáil le bulaíocht in OSPS ar an bpolasaí atá dréachtaithe agus socraithe ag an scoil.

Mise agus an domhan mór

Cuireann an tríú snáithaonad an páiste i gcomhthéacs an domhain ina maireann sé/sí. Tá mar chuspóir aige meas a fhorbairt ar éagsúlacht chultúrtha agus dhaonna ar fud an domhain mar aon le léirthuiscint ar an nós daonlathach sa saol. Spreagtar an páiste le bheith ina shaoránach gníomhach freagrach, a thuigeann nádúr idirspleách an domhain ina maireann sé/sí.

Comhlánófar an t-ábhar le hobair atá déanta in oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE) agus tá sé leagtha amach chun bonn a chur le hoideachas saoránachta , sóisialta agus polaitíochta (OSSP) sna hiarbhunscoileanna.

Ag forbairt na saoránachta

Tosaíonn an snáithaonad seo le fócas a chur ar an scoil nó an rang mar mhicreacosma den phobal. Trí thaithí pobail ar an mbealach phraiticiúil seo foghlaimíonn páistí an chiall atá le mothú cumainn agus le comhpháirtíocht.

I scoil a shaothraíonn ardmheas agus freagracht chomhpháirteach foghlaimíonn páistí conas

  • roinnt agus comhoibriú a dhéanamh
  • cuspóirí agus spriocanna réalaíocha a leagan síos dóibh féin agus do dhaoine eile
  • cumas ceannais agus riaracháin a fhorbairt
  • éagsúlacht a cheiliúradh
  • bheith mar chuid d'fheiniméan athéann thar leas pearsanta, agus a aithint gur féidir leo cúnamh luachmhar a thabhairt don tsochaí.

Éiríonn coincheap an daonlathais réalaíoch agus ciallmhar do pháistí de réir mar a chuirtear deiseanna ar fáil dóibh chun

  • tuairimí leithleacha a chur i láthair
  • glacadh le raon de fhreagrachtaí
  • teacht ar chinntí grúpa trí chomhaontú
  • éisteacht le tuairimí difriúla
  • saothrú mar dhuine aonair agus freisin mar bhall de ghrúpa
  • bheith páirteach i ndéanamh cinntí scoile.

Leagann na heispéiris seo bonn atá gníomhach agus dáiríre le haghaidh comhpháirtíochta sa tsochaí. Sa chomhthéacs seo, foghlaimíonn páistí faoi rólanna éagsúla sa phróiseas daonlathach, an Uachtaránacht, an tOireachtas agus an Bunreacht ina measc.

Sa snáithaonad seo déanann páistí iniúchadh ar éagsúlacht an domhain ina maireann siad. Misnítear iad chun foghlaim faoina dtraidisiúin agus a gcultúr féin, agus tugtar deiseanna dóibh iad a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le traidisiúin agus cultúr ghrúpaí eile eitneacha nó cultúrtha sa tsochaí. Déanann siad iniúchadh agus scrúdú ar an mbealach ina dtarlaíonn claontacht sa scoil, sa phobal áitiúil agus ina dtír féin. Foghlaimíonn siad faoi chearta agus fhreagrachtaí an duine aonair agus grúpa go mór mór i gcomhthéacs a scoile féin agus an phobail áitiúil, agus chun déileáil agus caitheamh le daoine mar dhaoine aonair. Spreagtar go speisialta iad chun machnamh a dhéanamh ar a n-iompraíocht féin agus admháil a dhéanamh ar a gclaontacht agus an tslí ina dtaispeánann siad leithcheal agus mar a d'fhéadfaí bac a chur air.

Is féidir feidhm a bhaint as focail chun creidimh nó luachanna ar leith a bhunú agus míchruinneas agus mífhaisnéis a chothú maidir le grúpaí nó daoine aonair difriúla. Trí bheith forránach i gcoinne leasainmneacha agus lipéadú cleachtann páistí úsáid teanga ar mhodh dearfa agus aithníonn siad slite ina bhféadfadh focail cuidiú le héagóir, claontacht agus leithcheal.

Pobail áitiúla, náisiúnta agus níos leithne

Cuidíonn iniúchadh ar ghnéithe de phobail áitiúla, náisiúnta, Eorpacha agus níos leithne le páistí chun a dtuiscint ar nádúr idirspleách an tsaoil a fhorbairt. Trí léirthuiscint ar an ilghnéitheacht seo, spreagtar iad chun feasacht chriticiúil ar a bhféiniúlacht féin sa chiall is leithne a fhorbairt.

Cúram an imshaoil

Bíonn mothú freagrachta an duine aonair agus grúpa ag an deashaoránach maidir le cúram an imshaoil. Déantar forbairt agus iniúchadh air seo in OSPS, agus comhlánaíonn na gnéithe eile de chúram an imshaoil atá faoi chaibidil in OSIE é: tíreolaíocht agus eolaíocht.

Oideachas na meán cumarsáide

Bíonn tionchar ag na meáin chumarsáide uile ar ár ngníomhartha agus ár n-iompraíocht, agus is féidir leo dul i gcion go neamhchomhfhiosach ar na cinntí a dhéanaimid. In an-chuid cás bréagnaíonn siad na luachanna agus an dearcadh a bheadh múinte sa bhaile nó ar scoil. Cuireann sé seo mearbhall ar pháistí atá ag tosú ar a luachanna féin a chur i bhfeidhm mar threoir agus mar eolas dóibh ina smaointe agus ina ngníomhartha.

Misníonn oideachas na meán cumarsáide na páistí chun na meáin a scrúdú go criticiúil agus iniúchadh a dhéanamh ar an mbealach a dtéann siad i gcion ar iompraíocht is ar thuairimí.

In OSPS tugtar deis do pháistí

  • bheith eolach faoi na meáin éagsúla
  • an tslí inar féidir le claontacht agus leatrom eolas a chur as a riocht a iniúchadh
  • roinnt de na teicníochtaí in úsáid ag na meáin a iniúchadh
  • scrúdú a dhéanamh ar conas a úsáidtear na teicníochtaí seo chun smaointe ar leith a chur chun cinn nó chun táirgí áirithe a dhíol
  • breathnú ar na meáin ar mhodh criticiúil trí cheisteanna a chur, peirspictíochtaí a iniúchadh agus claonadh a scrúdú
  • tosú ar straitéisí fógraíochta agus margaíochta a iniúchadh agus cleachtadh a dhéanamh ar chuid den chur chuige seo dóibh féin
  • bheith cúramach faoi na teachtaireachtaí a fhaigheann siad ó fhoinsí éagsúla sna meáin
  • an chaoi ina léirítear teaghlaigh agus caidreamh sna meáin a scrúdú, conas a
  • Páistí ag úsáid ríomhairí chun teacht ar eolas ábhartharéitítear coimhlintí agus conas a léirítear dlúthchairdeas agu gnéasacht
  • torthaí na fógraíochta ar ghnéithe éagsúla an tsaoil a scrúdú, mar shampla ar cheannach, nósanna cothroma bia, iompraíocht shláinte agus nósanna maireachtála.

Tugtar deiseanna do pháistí freisin iniúchadh a dhéanamh ar an raon eolais atá ar fáil dóibh trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide. Is féidir leo feasacht bhreise a bhaint amach faoi chlaonadh cultúrtha agus an pheirspictíocht cheannasach a leathann trí roinnt de na teicneolaíochtaí seo. Spreagtar iad chun an teicneolaíocht a chur ag obair ar mhaithe leo féin agus chun a bheith cúramach agus gaoiseach in úsáid na meán.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie