Primary Schools

Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte sa churaclam bunscoile

Cad is OSPS ann?

Cuireann oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS) deiseanna ar leith ar fáil chun forbairt phearsanta shláinte agus fholláine an pháiste a chothú agus chun cuidiú leis/léi caidreamh tacúil a chruthú agus a bhuanú agus a bheith ina s(h)aoránach gníomhach freagrach sa tsochaí. Trí chlár OSPS is féidir le páistí creatlach luachanna, dearcadh, tuisceana agus scileanna a fhorbairt, a mhúnlóidh a ngníomhartha agus a gcinntí sna gnéithe seo dá mbeatha faoi láthair agus amach anseo.

Ón aois is óige bíonn tionchar suntasach ag eispéiris laethúla agus ag idirghníomhaíochtaí sa bhaile ar OSPS. Téann roinnt tosca eile i gcion air chomh maith: creidimh dhiaganta agus mhorálta, gnásanna sa tsochaí, na meáin chumarsáide, agus tuairimí agus dearcadh daoine eile. Caithfear na tosca seo go léir, go háirithe tionchar leanúnach an teaghlaigh, a chur san áireamh nuair a bhíonn clár OSPS á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm sa scoil.

Tá ról múnlaitheach le himirt ag an scoil in oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte an pháiste. Is féidir leis timpeallacht, cur chuige agus éagsúlacht eispéiris foghlama a chur ar fáil a chuideoidh le páistí iad féin a thuiscint, teagmháil a dhéanamh le daoine eile agus patrúin shláintiúla iompraíochta a bhunú agus a bhuanú.

Is féidir, freisin, cabhrú le hullmhú an pháiste le haghaidh saoránachta gníomhaí freagraí sa chiall is leithne agus bheith dearfa maidir le luachanna i shochaí chóir chúramach.

Soláthraíonn curaclam in OSPS cur chuige comhsheasmhach cuimsitheach i dtaca le gnéithe ar leith d'fhorbairt shóisialta, phearsanta agus shláinte an pháiste. Comhlánaíonn agus tacaíonn sé le hobair atá ar siúl i gcónaí in achair eile léinn, agus cuireann sé san áireamh an gá atá le ham a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna faoi leith. Cuireann OSPS ar chumas scoileanna tógáil a dhéanamh ar dhea-chleachtas atá ann cheana agus saothrú i gcomhar leis an teaghlach agus leis an bpobal chun clár scoile a chur i bhfeidhm. Beidh páirtíocht na dtuismitheoirí sa phleanáil, san athbhreithniú agus i dtacú le clár dá leithéid seo cinntitheach maidir lena éifeacht. Ós rud é go bhfuil buntomhas morálta agus spioradálta in OSPS, braithfidh a fhorbairt go mór ar ethos agus ar spiorad sainiúil na scoile.

OSPS i gcuraclam páistelárnach

Cothaíonn OSPS féinfhiúntas agus féinmhuinín agus leagann sé béim faoi leith ar fhorbairt freagrachta sa duine maidir lena (h)iompraíocht agus a g(h)níomhartha féin. Cothaíonn OSPS féinfheasacht agus tuiscint trí chuidiú le páistí a mothúcháin féin a ainmniú agus a rialú, difríochtaí cumais a aithint agus a léirthuiscint agus déileáil le hathrú de shaghsanna éagsúla. Is féidir leo foghlaim conas a n-iompraíocht féin a láimhseáil agus spriocanna pearsanta a leagan síos agus a athbhreithniú laistigh de thimpeallacht shábháilte tacaíochta. Méadóidh a leithéid d'fhorbairt idirphearsanta tuiscint an pháiste ar a éifeacht féin agus cabhróidh sé leis/léi bheith níos mó i gceannas ar a s(h)aol féin.

Cabhraíonn OSPS le páistí caidreamh tacúil a chur ar bun, sult a bhaint as comhluadar daoine eile, agus coimhlintí a réiteach ar bhealaí oiriúnacha. I gcaitheamh a c(h)uid ama ar scoil is féidir leis an bpáiste cothroime agus cúram ina c(h)uid déileála le daoine eile a fhoghlaim agus bheith inniúil i láimhseáil éagsúlacht suíomh sóisialta. Tagann sé/sí ar thuiscint faoi dhaoine eile chomh maith leis na cúiseanna a ngníomhaíonn siad siúd agus a n-iompraíonn siad iad féin ar shlite faoi leith ach freisin conas freagracht bhreise ina c(h)uid caidreamh a fhoghlaim.

Rachaidh nósanna sláinte a thoghtar in aois na hóige i gcion ar shláinte agus fholláine san am i láthair agus san am atá le teacht. Is féidir le forbairt ar chleachtais a chuireann sláinte chun cinn ar feadh a c(h)uid ama ar scoil an páiste a spreagadh chun smacht forásach a chur ar a s(h)láinte féin agus cabhrú le bunú agus le coinneáil iompraíochta sláintiúla ón aois is óige.

Cuireann OSPS deiseanna ar fáil do pháistí éirí feasach faoi na tionchair
éagsúla ar a saol. Is féidir leo éirí níos criticiúla de réir a chéile faoi eolas a fhaigheann siad agus níos dea-aithní faoi eolas ar mhian leo teacht air. Déanann OSPS iniúchadh ar conas a fhoghlaimíonn páistí óna bpiaraí agus lena bpiaraí, agus is féidir leis cuidiú le forbairt na scileanna agus an dearcaidh atá de dhíth ar pháistí chun déileáil le brú óna n-aoisghrúpa féin.

I sochaí atá ag síorathrú tá sé riachtanach go bhforbróidh páistí mothú cumainn -- go dtuigeann siad cá háit sa saol a oireann dóibh. Nuair a bhraitheann siad go bhfuil meas orthu agus go bhfios dóibh go gcuirfear tuairimí agus imní pearsanta san áireamh is ea is dóichí go dtuigfidh siad gur pobal is ea é atá bunaithe ar chúram agus ar mhothú comhpháirteach freagrachta. Trí thaithí ar an bpróiseas daonlathach gníomhach ar scoil agus sa phobal is féidir cabhrú le páistí tuiscint ar dhaonlathas a fhorbairt agus an bealach ina gcleachtar é sa ghnáthshaol.

Trí OSPS foghlaimíonn páistí faoina gcearta agus a ndualgais féin agus faoi chearta agus dhualgais daoine eile. Is féidir leo freisin tús aitheantais a chur ar nádúr idirspleách an domhan ina maireann siad agus léirthuiscint a fhoghlaim faoin ról atá le himirt ag gach duine aonair sa phobal áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda.

Tá foghlaim faoi chúram an imshaoil mar aon lena chosaint ar son na nglún atá le teacht intreach d'aon chlár in OSPS. Is féidir le páistí teacht ar thuiscint faoi ról gach duine aonair agus an phobail san iarracht seo. Tá an ghné seo den churaclam comhlánaithe ag an obair a dhéantar in oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE).

Cónaíonn páistí i sochaí ilghnéitheach agus éilíonn an ilghnéitheacht sin forbairt ar thuiscint mhalartach agus ar mhothú measa do dhínit an uile dhuine. Soláthraíonn an clár in OSPS comhthéacs inar féidir le páistí foghlaim faoi ghrúpaí éagsúla eitneacha, sóisialta agus cultúrtha agus inar féidir leo an chabhair a thugann na grúpaí seo don sochaí a léirthuiscint agus a aithint. De réir mar a shealbhaíonn siad tuiscint níos doimhne ar a dtraidisiúin agus oidhreacht féin spreagtar iad chun gníomhú ar shlite a chuireann le cuimsitheacht agus le machnamh a dhéanamh ar oidhreacht is ar pheirspictíochtaí daoine eile. Trí OSPS is féidir le páistí an ról atá le himirt ag gach duine i gcur in aghaidh claontachta, leithcheala agus éagothromaíochta a fháil amach de réir mar a bhíonn taithí acu air ina saol féin.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe faoi Chearta an Pháiste, 1990

Príomhthréithe an churaclaim in OSPS

Tá príomhthréithe an churaclaim seo imlínithe thíos.

  • Is próiseas saoil é OSPS. Tosaíonn OSPS sula dtagann an páiste ar scoil agus mairfidh sé i bhfad tar éis dó/di an scoil a fhágáil. Sa bhunscoil tá an bhéim ar dhúshraith in OSPS a sholáthar a thabharfaidh léargas don pháiste ar a ghníomhartha agus a chinntí agus a bheidh mar bhonn d'fhorbairt bhreise.
  • Is cúram comhpháirteach é OSPS. Tá freagracht ar thuismitheoirí, mhúinteoirí, shaineolaithe sláinte agus bhaill an phobail maidir le forbairt shóisialta, phearsanta agus shláinte an pháiste. Beidh a gcabhair agus a bpáirtíocht riachtanach do chur i bhfeidhm éifeachtach an chláir in OSPS sa scoil. Ba chóir go mbeadh rólanna gach duine de na páirtithe seo soiléir agus intuigthe ag gach aon duine.
  • Is cur chuige ginearálta é OSPS. In ionad déileáil le topaicí ina n-aonar, tá sé mar aidhm in OSPS sraith ghinearálta de scileanna agus luachanna, mar aon le dearcadh agus tuiscint, a fhorbairt sa pháiste a bheadh bainteach le raon de shaincheisteanna sóisialta, pearsanta agus sláinte. Mar thacaíocht don chreatlach seo tabharfar eolas cinnte de réir mar a bhíonn gá.
  • Tá OSPS bunaithe ar riachtanais anpháiste. Ba chóir tosaíocht a thabhairt do riachtanais an pháiste agus aird a thabhairt ar a t(h)impeallacht le linn clár in OSPS a phleanáil. Ba chóir oiriúnú a dhéanamh laistigh den churaclam de réir mar is gá chun freastal ar riachtanais an pháiste aonair agus ar thosca na scoile faoi leith.
  • Tá nádúr bíseach ag OSPS. Tugtar athchuairt ar ábhair chosúla ag céimeanna difriúla i ré an pháiste ar scoil. Tugann sé seo deiseanna ar neartú agus tógáil a dhéanamh ar fhoghlaim roimhe seo agus éascaíonn sé saincheisteanna agus topaicí a iniúchadh agus a láimhseáil ar bhealach a bheadh ag teacht le riachtanais, cumas agus leibhéil aibíochta na bpáistí.
  • Forbraítear OSPS i raon de chomhthéacsanna le haghaidh foghlama. Tá OSPS intreach don phróiseas foghlama agus teagaisc a tharlaíonn go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil ar scoil. Chun go mbeadh sé éifeachtach ní mór é a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla trí
    • chomhthéacs dearfa ethos agus atmaisféar scoile
    • am ar leith a bheith ar fáil
    • fhoghlaim chomhtháite.
  • Éilíonn OSPS go dtarraingeofaí páistí isteach i bhfoghlaim atá bunaithe ar ghníomhaíocht. Ní foláir do pháistí a bheith gafa go gníomhach sa phróiseas foghlama chun a bheith in ann an méid atá foghlamtha acu a chur i bhfeidhm i staideanna éagsúla. Trí fhoghlaim ghníomhach is féidir le páistí ciall a bhaint as a bhfuil foghlamtha acu agus glacadh go forásach le húinéireacht agus le freagracht maidir lena bhfoghlaim féin.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie