Primary Schools

Ábhar

Snáithe: Mise

Féinaithne


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Féinfheasacht

  • a aithint agus a léirthuiscint gur duine ar leith é gach duine agus go gcuirtear an leithlí seo in iúl ar an-chuid slite difriúla
    trí na héadaí a chaithimid, na hachair spéise agus na gníomhaíochtaí a chleachtar, stíl mhaireachtála, na creidimh an dearcadh agus na prionsabail phearsanta a bhíonn againn
  • machnamh a dhéanamh ar a (h)eispéiris féin agus ar na cúiseanna a ndéantar cineálacha éagsúla gnímh
  • cuspóirí agus spriocanna réalaíocha pearsanta a aithint mar aon leis na straitéisí is riachtanach chun iad a bhaint amach
  • glacadh lena c(h)orpíomhá féin agus cuid de na tosca a théann i gcion ar a f(h)éiníomhá agus ar chreidimh mar gheall air/uirthi féin a iniúchadh
    brú ó phiara, fógraíocht, íola agus gaiscígh

Ag forbairt féinmhuiníne

  • forbairt bhreise a dhéanamh ar an gcumas ar thuairimí, smaointe agus idéanna pearsanta a chur in iúl, agus éisteacht le, meas a bheith aige/aice ar, machnamh a dhéanamh ar agus labhairt go criticiúil agus go cuiditheach faoi thuairimí daoine eile
  • cur leis na scileanna a fheabhsóidh an fhoghlaim
    a aithint cathain a éiríonn leis/léi, a thuiscint gur féidir le botúin a dhéantar agus a admhaítear deiseanna le haghaidh foghlama a chur ar fáil
    bheith tionscnach, ag eagrú, ag pleanáil, ag léiriú nó ag cur tionscadail i bhfeidhm go neamhspleách nó mar bhall de ghrúpa, ag machnamh ar shlite chun foghlaim a fheabhsú maidir lena g(h)nóthachtáil féin
  • glacadh le freagracht phearsanta mhéadaitheach as/aisti féin
    bheith páirteach i scéim choigiltis ag tabhairt aire dá s(h)ealús féin, ag glacadh le freagracht as a (h)obair bhaile féin
  • éirí níos neamhspleáiche agus níos féinrialaithí
    ag déanamh gearán agus ag lorg cúitimh, ag forbairt a (h)achar spéise féin agus bheith muiníneach as a b(h)reithiúnais féin, bheith eolach ar a c(h)earta agus iad a bhaint amach.

Ag tabhairt aire do mo chorp


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Sláinte agus folláine

  • iompraíocht a chuidíonn le sláinte agus í sin atá díobhálach do shláinte a aithint agus a scrúdú
    iompraíocht shláintiúil:
    obair agus scíth a chothromú, bheith gafa go tairbheach, cairde a bheith aige/aici, dóthain aclaíochta coirp a dhéanamh, réim chothrom bia a ghlacadh, staidiúir cheart
    substaintí atá ar oideas a úsáid ar shlí oiriúnach
  • na cúiseanna le himní phearsanta a aithint maille le straitéisí oiriúnacha chun an ceann is fearr a fháil orthu
  • idirdhealú a dhéanamh idir substaintí dleathacha agus neamhdhleathacha, na cinn is mó a bhíonn in úsáid agus na torthaí a bhíonn orthu a scrúdú agus a thuiscint
    brú ó phiaraí, tionchar na fógraíochta, chun brath go maith, chun dul i gcion ar dhaoine eile, chun go mbraithfeadh duine go bhfuil sé/sí fásta suas
  • ról rogha pearsanta, tosca fiontair agus tionchar daoine eile nuair a thograítear substaintí a ghlacadh nach bhfuil ar oideas docthtúra a iniúchadh
    alcól, nicitín, substaintí a bhíonn/nach mbíonn ar oideas, cannnabis
  • cuid de na cúiseanna a gcaitheann daoine tobac, a n-ólann siad alcól, a mbaineann siad mí-úsáid as aon saghas substainte nó a nglacann siad drugaí nach mbíonn feidhm leighis leo a iniúchadh
    baol na tástála a chothaíonn andúil
  • an dearcadh ar mhí-úsáid substaintí agus ar dhaoine a mhí-úsáideann substaintí d'aon saghas a iniúchadh agus a scrúdú
  • rólanna daoine éagsúla atá gafa i sláinte daoine eile a aithint agus a phlé
    banaltra, dochtúir, coslia, teiripeach teanga, bia-eolaí, péidiatróir, fiaclóir
  • a thuiscint go bhfuil freagracht phearsanta agus chomhchoiteann air/uirthi as a s(h)láinte agus a f(h)olláine féin agus as cuid daoine eile
    bealaí praiticiúla chun aire a thabhairt dó/di féin a aithint mar aon le stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn
    cuid de na straitéisí a chleachtar sa phobal chun sláinte a chur chun cinn agus chun daoine a chosaint ar dhroch-shláinte a scrúdú

Bheith eolach ar mo chorp

  • an tábhacht a bhaineann le caitheamh lena c(h)orp féin agus le coirp daoine eile le dínit is le meas a aithint
  • na hathruithe fisiceacha agus eile a tharlaíonn i mbuachaillí agus i gcailíní agus iad ag teacht chun caithreachais a aithint agus a phlé, agus a thuiscint go dtarlaíonn siad seo ag rátaí difriúla i gcás gach duine
    baineann
    athruithe hormónacha, athrú ar chruth an choirp, forbairt na gcíoch, caithir ag fás, tús le míostrú
    fireann

    athruithe hormónacha, fás fisiceach
    méadú ar na magairlí agus ar an mbod
    teacht caithre, agus gruaige faoin ascaill agus ar an aghaidh
    briseadh gutha, tús le táirgeadh speirme
    tús le sceitheadh oíche (taibhrimh fhliucha)
  • an córas giniúna ag daoine fásta, idir fhireann agus bhaineann, a thuiscint
  • a thuiscint conas a éilíonn gníomhaíocht bhreise nó páirtíocht i ngníomhaíochtaí fisiceacha aire bhreise i dtaca le cúram coirp
  • roinnt míchumas fisiceach a aithint agus an tionchar is féidir a bheith acu ar bheatha an duine
  • éirí feasach ar chuid de na galair thógálacha agus an tslí ina scaiptear galair agus ionfhabhtuithe a iniúchadh
    roinnt galar tógálach
    deilgneach, bruitíneach dhearg, ionfhabhtú VEID, heipitíteas
    scaiptear ionfhabhtú trí:
    an t-aer, leachtanna coirp, teagmháil dhíreach, drochshláinteachas agus drochshláintíocht
  • na bealaí difriúla inar féidir an corp a chosaint ar ghalar is ar ionfhabhtú a aithint agus a bheith feasach orthu
    orgáin sheachtracha, an tsrón, an craiceann
    an córas imdhíonachta: frithchoirpíní á
    gcruthú, bánchealla fola, imdhíonacht nádúrtha agus saorga, polasaithe imdhíonta
    tosca na stíle maireachtála: réim bia, sláinteachas, scíth.

Ag tabhairt aire do mo chorp


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Bia agus cothú

  • tábhacht dea-chothaithe i dtaca le fás agus forbairt agus le fanacht sláintiúil a léirthuiscint
  • glacadh le freagracht phearsanta as roghanna críonna bia a dhéanamh agus as réim shláintiúil chothrom bia a roghnú,
    agus í seo a thuiscint
    pirimid an bhia a iniúchadh agus a scrúdú
  • cuid de na cothaithigh thábhachtacha atá riachtanach i réim chothrom bia a aithint mar aon leis na táirgí bia ina bhfuil siad le fáil
    macra-chothaithigh: próitéin, carbaihiodráití, saill
    miocra-chothaithigh: vitimíní agus mianraí
  • na tosca a théann i gcion ar roghanna bia a iniúchadh
    costas, fógraíocht, éileamh, brú piaraí, fógraíocht agus pacáistiú, luach do chuid airgid, am le haghaidh siopadóireachta agus cócaireachta, corpíomhánna idéalacha
  • roinnt de na breoiteachtaí a bhaineann go speisialta le glacadh bia nó le riochtaí speisialta sláinte a iniúchadh agus a scrúdú
    céiliach, diaibéiteach, anoireicse, búilime, na riachtanais dhifriúla bhia de chuid aoisghrúpaí agus daoine difriúla
  • éirí feasach ar thábhacht an tsláinteachais agus an chúraim in ullmhú agus in úsáid bia
    é a úsáid roimh spriocdháta díola, a bhfuil ann a léamh, gan bianna bruite agus neamhbhruite a mhionghearradh ar an gclár céanna.

Ag fás agus ag athrú


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Athraím agus mé ag fás

  • na hathruithe a tharlaíonn agus é/í ag fás ó pháiste go duine fásta a aithint agus a phlé
    athruithe in achair spéise agus i ngníomhaíochtaí scíthe
    ag saothrú gasra carad níos fairsinge
    ag méadú neamhspleáchais phearsanta
    ag méadú freagrachta pearsanta agus pobail
    ag déileáil leis an aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil
  • patrúin fhorbartha agus fháis a iniúchadh, ag cur forbairt láithreach i gcomparáid leis an bhforbairt ag céimeanna níos luaithe: fisiceach, sóisialta, mothúchánach, intleachtúil agus spioradálta
  • an gá le spás aonair agus le príobháid de réir mar a bhíonn sé/sí ag fás agus ag forbairt a léirthuiscint
    spás agus am chun bheith páirteach sa chaitheamh aimsire is rogha leis/léi, áit inar féidir leis/léi bheith ciúin nó ina (h)aonar nó gan cur isteach.

Ag fás agus ag athrú


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Breith agus beatha nua

  • caidreamh collaí, giniúint agus breith a thuiscint i gcomhthéacs caidrimh dhúthrachtaigh ghrámhair
  • na freagrachtaí a bhíonn ar dhuine agus é/í ina t(h)uismitheoir agus an aibíocht mhothúchánach agus fhisiceach a bhíonn riachtanach le bheith ina t(h)uismitheoir a phlé agus a iniúchadh
    ag ullmhú le haghaidh breith linbh
    ag tabhairt aire do ghin ó bhreith aníos
    cuntair mhothúchánacha, shíceolaíocha agus phraiticiúla

Braistintí agus mothúcháin

  • an cumas agus an mhuinín a ghnóthú chun raon braistintí, go háirithe iad siúd ar deacair iad a nochtadh, a phlé agus a iniúchadh
    áthas, fearg, brón, ardú meanman, frustrachas, pointí 'arda agus ísle'
  • an tslí chun braistintí éagsúla a chur in iúl agus déileáil leo ar bhealach oiriúnach a phlé agus a chleachtadh
    ag roghnú ama atá oiriúnach le haghaidh cainte
    ag caint agus ag díospóireacht seachas bheith ag baint faid as coimhlint nó easaontas trí thost
    ionbhá le braistintí daoine eile
    bheith eolach ar an tráth is cuí chun braistintí a roinnt le daoine eile
  • an tslí ina gcuidíonn braistintí le féintuiscint a thuiscint
    a thuiscint go mbíonn tionchar ag athruithe fisiceacha agus hormónacha go minic ar mheonta aigne is ar mhothúcháin, a aithint gur minic a bhíonn fíorbhraistintí faoi cheilt, bheith feasach gur féidir le braistintí
    pearsanta tionchar a imirt ar dhaoine eile
  • riachtanais agus mianta a idirdhealú ó chéile agus coincheap an tsásaimh ar cairde a aithint agus a iniúchadh
    an mbreathnóidh mé ar an teilifís anois nó an ndéanfaidh mé m'obair bhaile ar dtús agus breathnú ar an teilifís níos déanaí?
  • na saghsanna difriúla grá atá ann a phlé, agus an tslí ina léirítear agus a sainmhínítear grá i gceol, i scannáin, i leabhair, in irisí agus i meáin eile a iniúchadh
  • bealaí sláintiúla chun cuidiú leis/léi braistintí deimhneacha a bheith aige/aici mar gheall air/uirthi féin a aithint agus a fhoghlaim.

Sábháilteacht agus cosaint


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Sábháilteacht phearsanta

  • rialacha sa bhaile, ar scoil agus sa tsochaí a iniúchadh agus a thábhachtaí atá sé go gcloífí leo
    teorainneacha a athraíonn de réir mar a fhásann páistí agus a léiríonn siad freagracht bhreise, géilleadh dóibh siúd atá freagrach as na rialacha a chur i bhfeidhm
  • staideanna agus áiteanna a d'fhéadfadh sábháilteacht phearsanta a chur i mbaol a aithint
    bulaíocht, bulaíocht ar dhaoine eile a fheiceáil
    iarrtar ar dhuine 'rún doiligh' a choimeád
    cruinnithe móra poiblí
    tadhall neamhshábháilte nó neamhoiriúnach a
    aithint,
    bheith le daoine a mbraithim neamshábháilte
    ina dteannta
  • raon de staideanna agus de chineálacha iompraíochta contúirtí a phlé agus bealaí chun na fiontair seo a sheachaint nó a laghdú a mheasúnú agus a luacháil chomh maith le himpleachtaí na fiontraíochta
    uaireanta cuidíonn fiontraíocht le fás agus le forbairt, ach ar ócáidí eile tig leis nahiarmhairtí a bheith dainséarach agus fiú tragóideach
  • a thuiscint go bhfásann freagracht as sábháilteacht phearsanta de réir mar a fhásann neamhspleáchas, agus go gcaithfidh gach duine straitéis le é/í féin a choinneáil slán a fhorbairt agus cloí léi
    bheith treallúsach
    ag insint do dhaoine nó ag dul i muinín daoine atá intaofa
    conas agus cathain is ceart cabhair a lorg a thuiscint
    bheith feasach ar pholasaithe sa scoil agus sa bhaile a thugann tacaíocht: mar shampla, an páiste a bheith eolach ar an gcur chuige má
    bhíonn bulaíocht á himirt ar dhuine éigin nó mura dtéitear ina c(h)oinne tar éis scoile, ag teagmháil leis na seirbhísí éigeandála
    ag cur in iúl cén taobh a mbíonn sé/sí i gcónaí
  • an ról atá ag gach duine maidir le daoine eile a choimeád slán a phlé agus a léirthuiscint agus ócáidí a bhféadfadh gníomhartha dá c(h)uid sábháilteacht daoine eile a chur i mbaol a aithint.

Saincheisteanna sábháilteachta

  • áiteanna atá níos sábháilte le haghaidh súgartha a aithint agus conas é/í féin a iompar ar bhealach freagrach le linn súgartha
  • a bheith eolach ar conas fanacht slán le linn taistil agus a thuiscint conas is féidir le duine daoine eile a choimeád slán
  • feasacht faoi shláinte is faoi shábháilteacht sa scoil, sa bhaile agus sa láthair oibre a fhorbairt
  • dearcadh freagrach maidir le timpistí a chosc a fhorbairt agus fios a bheith aige/aici cad is cóir a dhéanamh i gcás timpiste
    modhanna simplí garchabhrach a úsáid, bheith eolach orthu siúd ar chóir teagmháil leo, bheith eolach ar úsáid na seirbhísí éigeandála
  • na substaintí sa bhaile, sa scoil nó ar an bhfeirm a d'fhéadfadh a bheith dainséarach mura n-úsáidtear i gceart iad a aithint, agus a chinntiú go bhfuil straitéis sábháilteachta foghlamtha aige/aici chun déileáil le substaintí anaithnide agus dainséaracha
  • úsáid leigheas a iniúchadh agus a scrúdú
  • cuid de na fiontair shláinte agus shábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith san imshaol a aithint agus a iniúchadh
    trácht, truailliú, ceimiceáin, solas ultraivialait.

Ag déanamh cinntí


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • mothú forásach a ghnóthú faoin tábhacht a bhaineann le cinntí eolacha a dhéanamh ar go leor leibhéal agus cuid de na cinntí a chaithfidh sé/sí a dhéanamh a aithint
    conas a déarfaidh mé 'ní hea'?
    cad a chaithfidh mé inniu?
    cén leabhar a roghnóidh mé sa leabharlann?
    an sceithfidh mé ar mo chara?
  • na tosca agus na leibhéil smaoinimh a théann i gcion ar chinntí is ar roghanna a iniúchadh agus foghlaim conas iad a scrúdú go criticiúil
    tallann
    luachanna agus creidimh
    tuairim tuismitheoirí
    baic shóisialta
    tionchair piaraí agus na meán cumarsáide
  • a aithint go mbíonn iarmhairtí le cinntí agus nach ndéanann gach duine na cinntí céanna i gcónaí
  • an ról tábhachtach dlisteaneach atá le comhlíonadh ag daoine fásta i ndéanamh cinntí agus i socrú teorainneacha do dhaoine óga a aithint
  • a aithint gur féidir méadú a theacht ar na deiseanna chun roghanna a dhéanamh de réir mar a ghlactar le freagrachtaí agus de réir mar a thuilltear iontaoibh daoine eile
  • straitéis shimplí chinnteoireachta a phlé agus a chleachtadh
    ag stad agus ag machnamh
    na fíricí tábhachtacha agus na ceisteanna morálta mar gheall ar an bhfadhb a aithint
    ag déanamh machnaimh ar na hiarmhairtí agus na réitigh atá inoibrithe
    ag déanamh measúnú ar na buntáistí is ar na míbhuntáistí
    an cinneadh á dhéanamh
    ag machnamh ar an rogha nó ar an gcinneadh
  • foshuíomh, tátal, fíric, ráfla agus tuairim a idirdhealú ó chéile agus é/í ag teacht ar chinneadh
  • foinsí cabhrach chun fadhbanna a réiteach a aithint
    tuismitheoir nó caomhnóir, cara iontaofa, múinteoir.

Snáithe: Mise agus daoine eile

Mise agus mo theaghlach


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • teaghlaigh agus bailte a iniúchadh agus a phlé agus mar is féidir leo bheith éagsúil ar go leor slite
    tuismitheoir aonair, beirt tuismitheoirí, leastuismitheoirí, tuismitheoirí uchtaithe, tuismitheoirí altrama, bailte grúpa, brúnna
  • an bhrí atá le ballraíocht i dteaghlach a iniúchadh
    cuirtear suim ionam, mothaím muintearas, áit ar féidir liom bheith istigh liom féin, idirspleáchas sláintiúil, rólanna agus freagrachtaí áirithe a bheith agam, bheith mothálach maidir le riachtanais daoine eile sa teaghlach, rialacha agus teorainneacha a bheith agam, ag tabhairt aire dá chéile agus ag tacú a chéile
    bheith freagrach
  • athruithe is féidir a theacht ar chaidreamh agus ar dhóchas teaghlaigh de réir mar a fhásann agus mar a aibíonn sé/sí a phlé agus conas is féidir leis/léi déileáil leo
    neamhspleáchas ag méadú
    tuairimí contrártha
  • iompraíocht atá tábhachtach chun go mbeadh síth i saol an teaghlaigh a phlé agus a aithint
    ag cloí le rialacha teaghlaigh, ag réiteach coimhlinte, maitheamh, gáire, grá, ionbhá, iontaoibh, éisteacht, macántacht, freagracht, meas a bheith ar a chéile
  • léiriú na meán cumarsáide ar theaghlaigh agus ar shaol an teaghlaigh a scrúdú go léirmheastach
  • roinnt tosca ar féidir leo dul i gcion ar shaol an teaghlaigh a scrúdú
    breith linbh, andúil, rathúnas ábhartha, bochtaineacht, tinneas, bás, foréigean, athrú ar an stíl mhaireachtála, buanchruthú de réir gnéis
  • stíleanna maireachtála teaghlach i gcultúir dhifriúla, in Éirinn agus thar lear araon, a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht.

Mo chairde agus daoine eile


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • tábhacht cairdis agus idirghníomhaithe le daoine eile a iniúchadh agus a thuiscint gur cuid den phróiseas nádúrtha fáis é cairdeas a dhéanamh le daoine agus cairde a athrú
  • na gnéithe difriúla den chairdeas a phlé agus a léirthuiscint agus an difríocht idir dlúthchairde agus lucht aitheantais
    meas cómhalartach, iontaoibh, dílseacht, ag éisteacht, ag caitheamh ama, fíorchumarsáid, gáire, macántacht, ag réiteach coimhlinte, maitheamh, bheith cóir agus cothrom
  • na difríochtaí a bhaineann le cairdeas idir buachaill agus cailín agus cairdeas aonghnéis a iniúchadh
    ag caint faoi nithe difriúla, bheith ag súil le nithe difriúla óna chéile, mian dul i bhfeidhm ar lucht a g(h)néis féin agus ar an gcineál eile
  • machnamh a dhéanamh ar fhadhbanna a d'fhéadfadh teacht i gceist i gcairdeas agus i gcaidreamh eile agus mar a d'fhéadfaí iad seo a láimhsiú
    éad, éiginnteacht, braistint go bhfuiltear ar leithlis, brú i leith ballraíochta agus déanamh de réir daoine eile
  • na grúpaí difriúla ar féidir le cairde bheith ina mbaill díobh a aithint agus bheith eolach ar cad is grúpa sláintiúil ann
    grúpa sláintiúil:
    comhpháirteach, cairdiúil, tacúil, ómósach maidir le cearta agus tuairimí daoine eile
  • an tslí inar féidir le tuairimí, dearcadh nó dóchas daoine eile dul i gcion ar an gcaidreamh idir dhaoine, ar bhealach deimhneach nó diúltach, a iniúchadh
    bheith comhpháirteach, ómósach, ag roinnt le daoine, múitseáil, gadaíocht siopa, ag ól tobac, ag déanamh foshuíomh, strus
  • cúram agus cásmhaireacht, cúirtéis agus dea-bhéasa i dtaca le daoine eile a chleachtadh agus an tábhacht a bhaineann leo a aithint
  • bulaíocht agus a hiarmhairtí a aithint, a phlé agus a thuiscint
    an iompraíocht arb ionann agus bulaíocht í, conas agus cén fáth a dtarlaíonn bulaíocht, conas a bhraitheann sé/sí nuair a bhítear á (h)imeaglú nó nuair a bhíonn sé/sí ag imeaglú daoine eile, toradh bulaíochta ar an duine féin agus ar dhaoine eile, a aithint go bhfuil bulaíocht i gcónaí éagórach
  • an tslí inar féidir le daoine aonair déileáil le bulaíocht bheith á himirt orthu a iniúchadh agus a phlé, fios a bheith acu go bhfuil bulaíocht á himirt ar dhaoine eile agus bheith ina b(h)ulaí
    an té ar chóir dul ina m(h)uinín, cathain is cóir insint, conas bheith treallúsach.

Caidreamh le daoine eile


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Ag déanamh cumarsáide

  • na bealaí iomadúla briathartha agus neamhbhriathartha ina ndéanann daoine cumarsáid le chéile a iniúchadh agus a chleachtadh
    ag cur duine in aithne i staideanna difriúla
    ag cur cneastacht, cúram, grámhaireacht, grá in iúl
    ag cur i gcoinne tuairimí nó achainníocha cairde nó piaraí
  • éisteacht go haireach le daoine eile agus urraim a thabhairt don mhéid a bhíonn le rá ag gach duine
    ag éisteacht go cúramach le heispéiris agus le dearcadh daoine eile, ag machnamh ar a bhfuil ráite agus á aithris
    ag tabhairt moladh agus dearbhú agus ag glacadh leo
    léirmheastóireacht chuiditheach a dhéanamh agus glacadh léi
  • na slite éagsúla inar féidir teanga a úsáid chun daoine a aonrú nó chun leithcheal a dhéanamh orthu a scrúdú
  • tosú ar an tábhacht a bhaineann le seasamh pearsanta a dhéanamh ach fós urraim a thabhairt do chreidimh, do luachanna agus do thuairimí daoine eile a léirthuiscint
    ag teacht ar bhealaí deimhneacha chun tuairimí atá difriúil le tuairimí daoine eile a chur in iúl
  • cumhacht an áitimh a scrúdú, conas is féidir é a úsáid ar mhodh deimhneach agus diúltach araon, agus bealaí praiticiúla a mholadh agus moltaí praiticiúla a fhorbairt chun déileáil le brúnna agus le tionchair
    brú chun déanamh de réir daoine eile nó chun bheith ina b(h)all de ghrúpa

Ag réiteach coimhlinte

  • an tslí ina dtarlaíonn coimhlint le daoine difriúla agus i staideanna difriúla a phlé
  • freagairt éagsúil ar thosca coimhlinte a aithint agus a phlé
    géilleadh, idirghabháil, ionsaí
    ag insint na fírinne, seachaint
    imeacht ar shiúl
  • an chaoi le coimhlint a láimhsiú gan bheith ionsaitheach a iniúchadh agus a chleachtadh.

Snáithe: Mise agus an domhan mór

Ag forbairt saoránachta


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Ag maireachtáil sa phobal áitiúil

  • coincheap an ranga nó na scoile mar phobal a iniúchadh
  • slite chun oibriú le chéile agus chun mothú cumainn a fhorbairt a chleachtadh
    ag ceiliúradh éachtaí aonair agus éachtaí grúpa, ag teacht ar chinntí grúpa, ag déanamh cinntí ranga, ag glacadh le freagrachtaí faoi leith sa rang nó in eagraíochtaí áitiúla, ag iniúchadh rialacha an ranga nó an chlub agus bheith páirteach i gcumadh na rialacha, ag réiteach coimhlintí ar bhealaí oiriúnacha
  • traidisiúin agus béaloideas áitiúla a iniúchadh agus móráil as a p(h)obal áitiúil a fhorbairt
  • ról an duine aonair agus grúpaí éagsúla sa phobal a aithint agus a thuiscint
    mothú céannachta a bheith ag duine, ag iniúchadh dualgas, cearta agus freagrachtaí daoine fásta agus páistí araon, gach duine ag tabhairt cúnaimh ar a shlí féin, ag tabhairt urraim dá chéile, bheith comhpháirteach, ag déanamh cinntí daonlathacha, ag cloí le rialacha, ag obair le chéile ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne
  • an chabhair dheimhneach a thugtar don phobal áitiúil ag eagraíochtaí éagsúla, ag grúpaí eitneacha, sóisialta nó pobail agus ag daoine aonair a aithint agus a iniúchadh
    clubanna spóirt, cumann creidmheasa, comhairle pobail, raidió pobail, grúpaí do sheanóirí, gasóga
  • an tslí ina bhféadfadh éagothromaíocht bheith sa phobal áitiúil a iniúchadh agus bealaí a bhféadfaí déileáil leis seo a mholadh
    bochtaineacht, easpa dídine, gátar ábhartha, easpa acmhainní ar ghrúpaí áirithe, claonbhá agus leithcheal i leith daoine ar leith nó grúpaí áirithe, buanchruthú
  • roinnt saincheisteanna is cúram don cheantar áitiúil a aithint agus gníomh a d'fhéadfaí a dhéanamh chun déileáil leis na saincheisteanna seo a iniúchadh
    an fhreagracht aonair agus comhchoiteann atá orainn mar shaoránaigh sa phobal a aithint
    cearta an tomhaltóra

Pobail náisiúnta agus Eorpacha agus pobailníos leithne

  • éirí feasach ar ghnéithe dá (h)oidhreacht chultúrtha agus dá t(h)raidisiúin féin
    ceol, litríocht, teanga, béaloideas, tírdhreach, ómós don bhratach náisiúnta is don amhrán náisiúnta, ag glacadh páirte i bhféilte is i gceiliúradh nach bhfuil le fáil ach in Éirinn
  • tosú ar choincheap an daonlathais a iniúchadh
    ról an Uachtaráin, an Oireachtais agus an Bhunreachta, ról na dtoghchán, cearta comhionanna
  • na grúpaí éagsúla cultúrtha, reiligiúnacha, eitneacha nó eile atá i bpobal nó i sochaí a aithint agus glacadh leo agus bealaí inar féidir urraim a thabhairt do na héagsúlachtaí seo a iniúchadh
    ag foghlaim faoi ghrúpaí difriúla agus faoina gcultúr agus a n-oidhreacht, a bhfuil le foghlaim uathu agus an cuidiú deimhneach a thugann siad a thuiscint, caint chuimsitheach a úsáid, na slite ina bhfulaingíonn na grúpaí seo leithcheal a iniúchadh, ról gach duine i gcealú claonbhá a iniúchadh, an gá le hionbhá agus le tuiscint chómhalartach a phlé
  • bheith feasach ar roinnt de na cultúir, na stíleanna maireachtála agus na teangacha atá i roinnt tíortha san Aontas Eorpach agus sa domhan mór
    ag foghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh, roinnt de thionchair an Aontais Eorpaigh ar an saol in Éirinn a aithint, idirspleáchas tíortha agus pobal, ag foghlaim faoina chéile trí spórt agus ceol
  • an tslí chun ceart agus síocháin a chur chun cinn idir dhaoine is grúpaí, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, a iniúchadh
    tús a chur le foghlaim faoi pháirtíocht na hÉireann in eagríochtaí idirnáisiúnta mar aon le tábhacht na cabhrach seo
  • an dáileadh éagothrom atá ar acmhainní an domhain a aithint agus dul i gceann tuisceana air
    gan bunriachtanais bheith á soláthar, roinnt de na saincheisteanna a thuiscint, na bealaí ar féidir linn cabhair a thabhairt, an ról atá le comhlíonadh ag muintir na hÉireann

Cúram imshaoil

  • an t-imshaol a léirthuiscint agus glacadh le freagracht ar bhonn aonair agus pobail as cúram an imshaoil agus as bheith mar chaomhnóirí ar an Domhan ar mhaithe leis na glúine atá le teacht.

Tá mionfhorbairt déanta ar an bhfo-aonad seo 'Cúram imshaoil' in OSIE: tíreolaíocht agus eolaíocht.

Oideachas na meán cumarsáide


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an tslí ina n-aithrisítear eolas a iniúchadh agus a thuiscint agus tarchur teachtaireachtaí a chleachtadh, ag baint úsáide as modhanna éagsúla
    teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide, litir, teileafón, pictiúr, póstaer, comhartha, scannán, leabhar
  • ról na nuachtán agus foirmeacha eile clóbhuailte i dtarchur teachtaireachtaí a iniúchadh, na teicníochtaí a úsáidtear agus na saghsanna eolais a bhíonn i gceist
    eolas a fhágtar ar lár b'fhéidir d'aon turas a aithint, claonadh a aithint
  • plé éagothrom le rólanna gnéasacha agus le saincheisteanna eile i litríocht, i bhfógraíocht, i ndrámaíocht, in irisí agus i meáin eile a aithint
  • an lucht éisteachta a bhfuil gnéithe difriúla de na meáin chumarsáide dírithe air a aithint
    na cineálacha cur chuige a úsáidtear, an t-ábhar
  • éirí feasach ar na cineálacha difriúla fógraíochta, a cuspóirí agus na teachtaireachtaí a chuireann sí chun cinn
    ní hionann seang agus sláintiúil i gcónaí, caitheann daoine áille tobac agus ólann siad, tá réimeanna áirithe bia sábháilte, rud fisiceach í an áilleacht, naisc cheilte idir corpíomhá agus táirgí áirithe -- bronnfar muintearas ort má úsáideann tú an táirge seo
    a bhfuil gá agam leis seachas a bhfuil ag teastáil uaim
  • bheith criticiúil grinn i gcónaí agus aireach maidir lena d(h)earcadh féin i leith na fógraíochta agus na dteicníochtaí a úsáidtear chun táirgí, stíleanna maireachtála agus idéanna a chur chun cinn
    teicníochtaí:
    áilleacht agus mealltacht ag cur táirgí áirithe chun cinn, úsáid an cheoil, daoine mór le rá á gcomhcheangal le táirgí áirithe, aiscí á dtabhairt in éineacht le rudaí a cheannaítear, úsáid íomhánna tarraingteacha súl, fógraí áirithe á n-athúsáid
  • gníomhaíochtaí éagsúla caithimh aimsire agus scíthe a iniúchadh mar mhalairt ar bhreathnú ar an teilifís
  • roinnt teicníochtaí simplí craolacháin, léirithe agus cumarsáide a iniúchadh agus a úsáid
    soilsiú, guthú, agallamh, obair cheamara, ag úsáid saghsanna difriúla ceoil, ríomhphos
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie