Primary Schools

Ábhar

Snáithe: Mise

Féinaithne


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Féinfheasacht

  • léirthuiscint ar bhuanna, ar chumas agus ar thréithe pearsanta a fhorbairt agus labhairt mar gheall orthu
  • na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir dhaoine a aithint agus a léirthuiscint
  • roghnachas pearsanta, aislingí don todhchaí agus mianaidhmeanna a aithint agus a phlé
  • éirí feasach ar an saol mórthimpeall air/uirthi trí na céadfaí

Ag forbairt féinmhuiníne

  • éirí níos neamhspleáiche agus níos féinmhuiníní
    glacadh le freagracht as sealúchas pearsanta
    ag lorg cabhrach nuair is gá
    ag machnamh ar a c(h)uid foghlama agus a
    (h)eispéiris
    ag measúnú a d(h)ul chun cinn
    a thuiscint gur cuid den phróiseas foghlama é
    botúin a dhéanamh
    ag sábháil airgid, ag déanamh cúraim d'éadaí scoile
  • slite difriúla chun déileáil le hathrú a iniúchadh
    ag lorg léirmhínithe, ag dul in oiriúint dó go mall
  • tuairimí agus roghanna pearsanta a nochtadh agus cuid daoine eile a admháil agus labhairt fúthu

Ag déanamh cinntí

  • roghanna a dhéantar gach lá a aithint agus machnamh a dhéanamh orthu
  • na tosca a mbeadh tionchar acu ar chinnteoireacht nó roghanna pearsanta a phlé
  • a thuiscint go n-éilíonn páirtíocht i gcinnteoireacht níos mó freagrachta pearsanta
    ag teacht ar an tuiscint go dtabharfar deiseanna breise chun roghanna a dhéanamh de réir mar a thuilltear agus a choinnítear iontaoibh daoine eile.

Ag tabhairt aire do mo chorp


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Bheith eolach ar mo chorp

  • an gá le haire a thabhairt dá c(h)orp féin a léirthuiscint agus conas aire a thabhairt dó a chiallú d'fhonn é a choimeád sláintiúil folláin
    codladh agus sos rialta, réim chothrom bia, aclaíocht rialta, tráthanna ciúine, scíth, staidiúir cheart
  • a thábhachtaí atá sé caitheamh leis an gcorp le meas agus le dínit a aithint
  • na rudaí éagsúla is féidir leis an gcorp a dhéanamh a iniúchadh
    feiceáil, cloisteáil, gluaiseacht, análú, fuinneamh a ghiniúint, mothú, smaoineamh
  • codanna den chorp fireann is den chorp baineann a ainmniú, ag úsáid téarmaí anatamaíocha oiriúnacha, agus roinnt dá bhfeidhmeanna a aithint
  • scileanna bunúsacha sláinteachais a shaothrú agus a chleachtadh
    torthaí drochshláinteachais phearsanta a phlé agus a iniúchadh
    nósanna sláintiúla itheacháin a chleachtadh agus a fhoghlaim
    cúram éifeachtach na bhfiacla a chleachtadh
  • a aithint nach foláir do gach duine glacadh le freagracht áirithe as aire a thabhairt dó/di féin
  • éirí feasach ar chomh héasca agus a scaipeann galrú agus an tábhacht a bhaineann le cloí le cód sláinteachais
  • cuid de na substaintí a thógtar isteach sa chorp a aithint agus a scrúdú mar aon le gnó agus feidhm gach ceann díobh

Bia agus cothú

  • tábhacht bia i gcothú fáis, i mbuanú sláinte agus i soláthar fuinnimh a iniúchadh
  • a thuiscint go bhfuil cothromaíocht, rialtacht agus measarthacht riachtanach sa réim bia
    pirimid an bhia, an gá le réim chothrom bia, an tábhacht atá le hoiread cuí leachtanna a ól, bia atá mífholláin do dhaoine áirithe ach nach bhfuil do dhaoine eile
  • roinnt de na bianna a fhaightear as foinsí plandúla is ainmhíocha a aithint
  • dea-shláinteachas a aithint agus a chleachtadh nuair a bhítear ag plé le bia.

Ag fás agus ag athrú


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Athraím agus mé ag fás

  • tosú ar na tosca fisiceacha, mothúchánacha, sóisialta agus spioradálta a chuidíonn le fás a aithint
    grá, bia, teas, fothain, cumarsáid, cairdeas, codladh
  • a thuiscint go dtarlaíonn fás ar an-chuid slite difriúla agus gur rud sainiúil é i gcás gach duine
    fisiceach
    ag éirí ró-mhór d'éadaí is do bhróga
    sóisialta
    cairde nua á n-aimsiú, ag dul isteach i gcumainn, ag glacadh páirt i spóirt le chéile, an cumas cumarsáide ag méadú
    intleachtúil
    scileanna agus cumais intinne ag feabhsú
    spioradálta
    ag éirí níos machnamhaí, ag baint taitnimh as am suaimhneach ar feadh tréimhsí níos faide, ag mothú iontais trí na céadfaí
  • a thuiscint go mbíonn freagracht bhreise as/aisti féin agus as daoine eile mar thoradh ar bheith ag fás suas
    ag ullmhú a lóin féin, ag cur éadaí scoile i dtaisce, ag cuidiú le cothú páiste atá níos óige

Beatha nua

  • dul i gceann tuisceana gur gnéithe den saolré uile iad síolrú, breith, beatha, fás agus bás
  • a bhfuil riachtanach chun soláthar do agus aire a thabhairt don naí nuabheirthe sa saol ainmhíoch agus daonna araon a thuiscint
    grá, cothú rialta, clúidíní a athrú, folcadh cúramach, scrúdú dochtúra
  • na rólanna éagsúla atá ag tuismitheoirí agus ag baill eile teaghlaigh maidir le soláthar do naíonáin nuabheirthe a thuiscint
    grá, am, fuinneamh, ag labhairt leis an naíonán, airgead, foighne

Braistintí agus mothúcháin

  • raon leathan de bhraistintí a ainmniú agu a aithint agus braistintí a phlé agus a iniúchadh i dtosca éagsúla
    nuair a aistríodh mé go dtí rang nua, nuair a saolaíodh mo dheartháir/dheirfiúr, nuair a fuair mé spéaclaí den chéad uair, nuair a thug me faoi rud éigin nua, nuair a eisíodhmé
  • na slite éagsúla inar féidir braistintí a chur in iúl agus déileáil leo a thuiscint agus a iniúchadh agus rogha a dhéanamh ar na nslite is oiriúnaí agus is so-ghlactha
    cion
    ag croitheadh láimhe, ag cuachadh
    fearg
    ag caoineadh, ag insint do dhuine éigin go bhfuil fearg orm
    cailliúint
    ag caoineadh, ag fanacht ciúin, ag lorg cabhrach
    gortú
    leithliseach, feargach, leithscéal a iarraidh
  • daoine a aithint lena bhféadfadh sé/sí braistintí agus mothúcháin a phlé
  • a bheith feasach ar, agus bheith in ann, bealaí folláine a roghnú chun bheith measúil air/uirthi féin
  • na mothúcháin éagsúla a athraíonn agus duine ag fás a iniúchadh
    cad a chuir ag gáire mé i m'óige, na rudaí a scanraigh mé i m'óige, na rudaí is greannmhar liom anois nó a chuireann ag golmé
  • a aithint gur féidir le gníomhartha duine amháin tionchar a imirt ar bhraistintí daoine eile.

Sábháilteacht agus cosaint


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Sábháilteacht phearsanta

  • staideanna ina mbraitheann páistí sábháilte mar aon leo siúd ina bhféadfadh sábháilteacht bheith i bhfiontar a aithint agus a iniúchadh
    dul ar strae, bheith fágtha im'aonar
    dul i dteagmháil le substaintí neamhshábháilte nó anaithnide
    bheith i bhfochair daoine a mbraithim i mbaol uathu agus mé leo
    tadhaill neamhoiriúnacha nó neamhshábháilte, iarrtar orm rún doiligh a choimeád (rún ar ábhar imní nó míchompoird agam é)
  • straitéisí oiriúnacha chun déileáil leis na staideanna seo a phlé agus a chleachtadh
    bheith teanntásach, ag insint ruda do dhuine iontaofa, ag cur glao teileafóin, ag iarraidh cabhrach, bheith eolach ar cathain rún a scaoileadh, bheith eolach ar conas cabhair a lorg, fíor agus bréag-dhainséir a idirdhealú ó chéile, ag cloí le rialacha a cheapann daoine eile, pointí suntasacha áitiúla a aithint
    ag aithint daoine arb é a ndualgas é/í a choimeád sábháilte
  • an tslí inar féidir le daoine eile a áiteamh air/uirthi páirt a ghlacadh in iompraíocht neamhshábháilte a iniúchadh agus conas is féidir é seo a chur ar ceal
  • iompraíocht chontúirteach a aithint agus na torthaí deimhneacha is diúltacha a leanann í a scrúdú
    ag caitheamh tobac, ag triail gníomhaíochta nó cluiche nua

Saincheisteanna sábháilteachta

  • straitéisí chun bheith sábháilte le linn taistil a fhorbairt agus a chleachtadh
    bheith eolach ar na rialacha maidir le taisteal i gcarr, i mbus nó ar rothar
    ag trasnú an bhóthair le duine fásta
    ag géilleadh dóibh siúd atá freagrach as sábháilteacht sa phobal
  • bheith eolach agus tuisceanach ar an ngá chun cloí le rialacha sábháilteachta a bhfuil feidhm acu sa scoil, sa bhaile, ar an bhfeirm, san uisce, ar mhaithe lena s(h ábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile
  • áiteanna atá sábháilte le haghaidh súgartha a aithint agus an tábhacht atá le roghnú iompraíochta atá freagrach agus cothrom le linn súgartha a thuiscint
  • a aithint cad is ciontach le timpistí agus cad is féidir a dhéanamh chun iad a chosc
    gan imirt le fearas ná le hinnealra atá dainséarach, ceannbheart cosantach a chaitheamh
  • ócáidí a mbíonn gá le leighis a aithint agus a iniúchadh
    cúiseanna le leighis a ghlacadh, braistintí sula nglactar an leigheas agus braistintí ina dhiaidh sin, cé a dháil an leigheas, na rialacha sábháilteachta a bhaineann le leigheas a ghlacadh
  • substaintí sa bhaile nó ar scoil atá sábháilte a idirdhealú uatha sin atá dainséarach agus cead a lorg sula n-iniúchtar iad
    leasacháin, alcól, glantaigh.

Snáithe: Mise agus daoine eile

Mise agus mo theaghlach


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • iad siúd a chónaíonn sa bhaile a ainmniú agus labhairt fúthu agus a aithint nach ionann gach baile agus gach teaghlach
    ainmneacha pearsanta, gnéas, cuntas fisiceach, saintréithe
  • a ról agus a (h)áit sa teaghlach a aithint mar aon leis an gcabhair a thugann gach ball den teaghlach
  • a t(h)eaghlach féin a léirthuiscint agus bealaí a aithint inar féidir le baill teaghlaigh cabhrú agus tacú lena chéile agus aire a thabhairt dá chéile
  • go leor de na rudaí a fhoghlaimítear i dteaghlaigh, rudaí praiticiúla agus rudaí nach iad, a iniúchadh.

Mo chairde agus daoine eile


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • cairde pearsanta a phlé agus an fáth a mbaineann sé/sí taitneamh as bheith ina dteannta
  • cáilíochtaí agus scileanna atá bainteach le cairdeas a aithint, a iniúchadh agus a phlé
    ag caitheamh ama le chéile
    ag caint, ag súgradh, ag taisteal le chéile
    ag maitheamh dá chéile, bheith iontaobhach
    as a chéile, bheith mothálach faoi bhraistintí cairde
  • an bealach inar féidir le cairde tionchar a imirt ar ghníomhartha is ar chinntí pearsanta a iniúchadh
    ag cinneadh ar rogha shláintiúil itheacháin, ag aonrú comrádaí ranga, ag cur fáilte roimh núíosach, ag dul i bhfiontar, ag áiteamh ar dhuine tobac a chaitheamh, ag úsáid cainte mí-oiriúnaí
  • fios a bheith aige/aici conas déileáil le daoine le dínit is le meas
    ag glaoch a n-ainm ceart ar dhaoine, meas a bheith ar shealúchas pearsanta daoine eile, ag cleachtadh cúraim agus machnaimh, cúirtéise agus dea-bhéasa le linn idirghníomhaithe le daoine eile
  • iompar bulaíochta a aithint agus a iniúchadh, cé a bhíonn páirteach ann agus a iarmhairt ar dhaoine difriúla
    an bulaí, an páiste atá ag fulaingt bulaíochta, an lucht féachana
  • a thuiscint go mbíonn bulaíocht i gcónaí olc agus a bheith feasach ar cad ba chóir a dhéanamh má bhíonn sé/sí á b(h)ulaíocht nó má fheiceann sé/sí á himirt ar dhuine eile í.

Caidreamh le daoine eile


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • iompraíocht bhriathartha agus neamhbhriathartha a idirdhealú ó chéile agus mar a úsáidtear iad i gcomhlíonadh feidhmeanna sóisialta a thuiscint
    á c(h)ur féin agus daoine eile in aithne
    ag cur imní agus léirthuiscint in iúl
    ag cur buíochais in iúl, ag cur ceisteanna, ag tairiscint cabhrach
  • éisteacht lena mbíonn á rá ag daoine eile, é a chloisteáil agus a fhreagairt
    ag glacadh le cibé moladh agus dearbhú a fhaightear
  • eispéiris, tuairimí agus braistintí a chur in iúl agus a chlárú ar shlite éagsúla
    trí:
    teanga ó bhéal, drámaíocht agus tobchumadh, líníocht, péinteáil, ceol
  • an chaoi le coimhlint a láimhsiú gan bheith ionsaitheach a iniúchadh agus a chleachtadh
    ag éisteacht le agus ag machnamh ar dhearcadh daoine eile
    ag cur a d(h)earcaidh féin i láthair go soiléir
    ag féachaint le háiteamh ar dhaoine agus comhréiteach leo
    ag gabháil leithscéil nó ag glacadh le leithscéal
    iompraíocht threallúsach a chleachtadh le linn déileála le daoine eile.

Snáithe: Mise agus an domhan mór

Ag forbairt saoránachta


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

Pobal mo scoile

  • an bhrí atá le bheith ina b(h)all de phobal na scoile a iniúchadh agus roinnt de na grúpaí éagsúla a bhféadfadh sé/sí bheith ina b(h)all díobh a aithint
    teaghlach, rang, scoil, sráidbhaile, baile mór, cathair, club, paróiste gníomhaíochtaí a chothaíonn mothú cumainn tionscadail, cluichí, coirmeacha ceoil, am do leabhair
  • ainm agus suíomh a scoile féin a aithint agus a scríobh agus iad siúd ar de phobal na scoile iad a aithint
  • an bealach ina bhféadfadh cúnamh deimhneach ón uile dhuine an rang nó an scoil a fheabhsú ar mhaithe le cách a phlé agus a léirthuiscint
  • a bheith páirteach i gcumadh rialacha an tseomra ranga agus an tábhacht a bhaineann le cloí leis na rialacha seo ar mhaithe le sábháilteacht chách a aithint
  • páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sa rang agus foghlaim conas roinnt, comhoibriú, éisteacht, saothrú agus súgradh le chéile
    saincheisteanna gnéaschothromaíochta a thiocfadh i gceist le cairde is le daoine eile a iniúchadh
    cothroime a chleachtadh le linn bheith ag súgradh nó ag obair le chéile, ag déanamh sealaíochta

Ag maireachtáil sa phobal áitiúil

  • dul i gceann tuisceana ar an gcaoi a mbraitheann daoine ar a chéile in an-chuid gnéithe den saol
    d'fhéadfadh roinnt daoine sa phobal bheith i ngátar nó
    aire speisialta bheith ag teastáil uathu
  • tuiscint a fhorbairt gur ball dá p(h)obal áitiúil féin é/í
    ceiliúradh imeachtaí áitiúla a aithint, páirt a ghlacadh iontu agus sult a bhaint astu
  • bheith feasach agus léirthuisceanach ar ilghnéitheacht na gcultúr is na ndaoine sa phobal áitiúil, an chabhair a thugann siad a aithint agus bheith feasach ar an gcaoi ar féidir le difríochtaí a (h)eispéiris féin a shaibhriú
  • feasacht faoi dhaoine in áiteanna eile a fhorbairt
    pobail eile, bailte eile, tíortha eile
  • iad siúd a bhfuil freagracht faoi leith orthu as aire a thabhairt do dhaoine sa phobal a aithint mar aon le tábhacht na cabhrach a thugann an uile dhuine do shaol an phobail

Cúram imshaoil

  • an t-imshaol a léirthuiscint agus a aithint go bhfuil freagracht ar bhonn pobail agus aonair ar gach duine as cúram agus cosaint an imshaoil.

Tá mionfhorbairt déanta ar an bhfo-aonad 'Cúram imshaoil' in OSIE: eolaíocht agus tíreolaíocht.

Oideachas na meán cumarsáide


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • éirí feasach ar na slite difriúla inar féidir eolas a chur in iúl agus foghlaim mar gheall orthu
    na meáin chlóbhuailte, raidió, teilifís, idirlíon, dlúthdhioscaí
  • tosú ar idirdhealú a dhéanamh ar fhíricí agus fhicsean i scéalta nó suímh i bhfoirmeacha éagsúla de na meáin
    teilifís, páipéar grinn nó iris, leabhar scéalta, físeán
    deirí nua nó difriúla a chruthú do scéalta nó do rímeanna coitianta
    an clár teilifíse, an físeán, an t-amhrán is fearr leis/léi a aithint
    an t-ábhar i gcláir, i bhfógraí, i bhfíseáin, i ndlúthdhioscaí éagsúla a iniúchadh
  • fógraíocht a dhírítear go speisialta ar pháistí a phlé agus a iniúchadh
    ag aithint:
    an difríocht idir fógraí agus cláir ó thaobh
    ábhair, na fógraí is fearr leis/léi
    cuspóir an fhógra.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie