Is cuid lárnach den phróiseas laethúil teagaisc agus foghlama in OSPS é an measúnú. Is féidir leis eolas luachmhar ar dhul chun cinn an pháiste agus ar éifeacht agus oiriúnacht an chláir agus na modhanna teagaisc a bhíonn in úsáid a sholáthar.
Tig leis an measúnú an caidreamh idir an tuismitheoir agus an múinteoir agus idir an páiste agus an múinteoir a threisiú. Soláthraíonn sé eolas ar féidir é a chur in iúl don tuismitheoir agus cinntíonn sé go mbunófar na heispéiris fhoghlama ar an eolas is cuimsithí faoin bpáiste. Is féidir leis an measúnú cuidiú le mothú sábháilteachta an pháiste toisc go ndéanann sé deimhin de go mbíonn an páiste ar an eolas faoin gcaoi a mbíonn sé/sí ag cruthú ar scoil, agus go mbíonn deacrachtaí aonair á n-aithint agus á sárú de réir mar a tharlaíonn siad.
Mar sin féin, is féidir roinnt measúnaithe a bheidh an-bhailí agus anchabhrach a dhéanamh, rud a threiseoidh an fhoghlaim agus an teagasc in OSPS. Ba chóir go léireodh an measúnú an dul chun cinn atá déanta ag an bpáiste i gclár pleanáilte na scoile. Ba chóir dó aird a thabhairt ar chuspóirí na dtrí shnáithe go huile agus bheith bainteach leis an méid is féidir a mheasúnú go réalaíoch agus go cuí ar scoil. Ba chóir freisin go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú cumas an pháiste ar a d(h)ul chun cinn féin a mheasúnú agus a spriocanna agus a c(h)uspóirí féin a cheapadh agus a bhaint amach.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí measúnú áirithe ar an gcur chuige ginearálta i leith an churaclaim in OSPS sa scoil, agus ar chur i bhfeidhm an chláir i gcomhthéacs mheon agus atmaisféar foriomlán na scoile. Éileoidh measúnú dá leithéid ar mhúinteoirí machnamh ar roinnt príomhcheisteanna d'fhonn imshaol na scoile a mheasúnú agus na hachair ar gá feabhas a chur orthu a aithint.
Gléasanna measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh
Soláthraíonn an measúnú eolas don mhúinteoir faoin gcaoi agus faoin méid den ábhar a bhíonn á fhoghlaim ag na páistí trí bhíthin an chláir phleanáilte in OSPS. Tabharfaidh an t-eolas seo léargas ar chinntí maidir le heispéiris fhoghlama amach anseo, agus soláthróidh sé treoracha maidir le pleanáil, dearadh agus oiriúnú ábhar in OSPS agus maidir le cur chuige áirithe teagaisc a úsáid sa seomra ranga. Beidh ar chumas an mhúinteora a bhfuil ar eolas agus a dtuigeann an páiste a aithint maille leis an gcaoi a n-aistríonn sé/sí an fhoghlaim ó shuíomh go chéile.
Cnuasófar an t-eolas seo ó obair an pháiste le linn na dtréimhsí scoite OSPS, ó fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus idirghníomhú laethúil an pháiste agus ón bhfoghlaim agus an teagasc in ábhair léinn eile. Nuair a úsáidtear é ar an mbealach múnlaitheach seo, is mór an díol suntais é an measúnú i bhforbairt fhoriomlán an pháiste. Soláthraíonn sé aiseolas don pháiste ar a d(h)ul chun cinn agus tugann sé ar an bpáiste freisin bheith páirteach i machnamh criticiúil ar a f(h)oghlaim phearsanta.
Tá ról diagnóiseach ag an measúnú freisin, sa mhéid go soiléiríonn sé achair ina n-éiríonn leis an bpáiste ina c(h)uid foghlama nó ina mbíonn deacracht aige/aici. D'fhéadfadh baint a bheith ag na deacrachtaí le gnóthú agus le húsáid scileanna éagsúla, le heasnaimh a d'fhéadfadh a bheith in eolas agus i dtuiscint an pháiste, nó le deacrachtaí a bheadh ag an bpáiste i dtaca le bheith páirteach i bpróisis éagsúla agus le machnamh a dhéanamh orthu. Sholáthródh an saghas seo measúnaithe treoracha don mhúinteoir maidir le cur chuige foghlama agus teagaisc a d'fhéadfadh cuidiú le foghlaim an pháiste. D'fhéadfadh buanna an pháiste bheith bainteach lena scileanna ceannaireachta nó lena scileanna éifeachtacha sóisialta nó lena c(h)umas chun tabhairt faoi staid nó faoi dhúshlán nua. Cuideoidh an t-eolas seo leis an múinteoir gníomhaíochtaí a phleanáil agus oibriú leis na páistí sa chaoi go n-úsáidfear agus go bhforbrófar a mbuanna agus a gcumas go héifeachtach. Uaireanta cuideoidh eolas as trialacha foirmiúla iompraíochta a chuirtear i gcrích i gcomhar le síceolaithe nó le daoine gairmiúla eile leis an measúnú diagnóiseach seo.
Cuireann measúnú suimitheach pictiúr iomlán de dhul chun cinn an pháiste in OSPS ar fáil. Clárú foirmiúil ar an eolas atá cnuasaithe is ea é, agus tá sé fíorúsáideach chun tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine gairmiúla eile a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn an pháiste de réir mar a ghluaiseann sé/sí ó rang go rang.
Ról tábhachtach eile atá ag an measúnú is ea cuidiú leis an múinteoir meastóireacht a dhéanamh ar an gclár in OSPS agus a oiriúnacht do rang ar leith agus monatóireacht a dhéanamh ar éifeacht na modhanna teagaisc, na gcineálacha cur chuige agus na n-acmhainní atá in úsáid. Cuireann measúnú meastóireachta deis ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a mbaintear amach cuspóirí an churaclaim mar aon leis an mbéim a leagtar ar an bpróiseas foghlama agus ar pháirtíocht ghníomhach na bpáistí. D'aithneofaí ón measúnú freisin bealaí deimhneacha chun meon agus atmaisféar ginearálta na scoile a fheabhsú agus chun forbairt a dhéanamh ar an dea-chleachtas atá bunaithe cheana féin.
Measúnú in OSPS: cad ba chóir a mheasúnú?
Baineann deacrachtaí ar leith le measúnú san achar seo. In an-chuid cásanna tiocfaidh fíor-iarmhairt na foghlama in OSPS i bhfeidhm i bhfad tar éis don pháiste an scoil a fhágáil. Mar an gcéanna, braithfidh gnóthú go leor de chuspóirí an churaclaim ar aibíocht mhothúchánach, intleachtúil agus shóisialta an pháiste sa chaoi gur féidir difríochtaí móra a bheith sna rátaí dul chun cinn ó pháiste go chéile. Is deacair freisin measúnú a dhéanamh ar éifeacht teachtaireachtaí pearsanta, sóisialta agus sláinte ar an bpáiste aonair agus ar an dóigh a ndéanann sé/sí an fhoghlaim a inmheánú.
Mar sin féin, is féidir roinnt measúnaithe a bheidh an-bhailí agus anchabhrach a dhéanamh, rud a threiseoidh an fhoghlaim agus an teagasc in OSPS. Ba chóir go léireodh an measúnú an dul chun cinn atá déanta ag an bpáiste i gclár pleanáilte na scoile. Ba chóir dó aird a thabhairt ar chuspóirí na dtrí shnáithe go huile agus bheith bainteach leis an méid is féidir a mheasúnú go réalaíoch agus go cuí ar scoil. Ba chóir freisin go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú cumas an pháiste ar a d(h)ul chun cinn féin a mheasúnú agus a spriocanna agus a c(h)uspóirí féin a cheapadh agus a bhaint amach.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí measúnú áirithe ar an gcur chuige ginearálta i leith an churaclaim in OSPS sa scoil, agus ar chur i bhfeidhm an chláir i gcomhthéacs mheon agus atmaisféar foriomlán na scoile. Éileoidh measúnú dá leithéid ar mhúinteoirí machnamh ar roinnt príomhcheisteanna d'fhonn imshaol na scoile a mheasúnú agus na hachair ar gá feabhas a chur orthu a aithint.
Gléasanna measúnaithe: conas measúnú a dhéanamh
Chun OSPS a mheasúnú, tá gléasanna faoi leith ag teastáil a chabhróidh leis an múinteoir eolas a fháil faoi dhul chun cinn an pháiste agus faoi éifeacht agus oiriúnacht an chláir atá á theagasc. San achar foghlama seo tá an phríomhbhéim ar mheasúnú neamhfhoirmiúil, ach uaireanta déanfar é seo a chomhlánú le teicníochtaí foirmiúla (de réir mar a bhíonn siad ar fáil), amhail trialacha iompraíochta, próifílí dalta agus trialacha critéarthagartha foirmiúla do ghnéithe áirithe. Is iad na gléasanna neamhfhoirmiúla a mholtar don mheasúnú in OSPS ná:
Breathnóireacht an mhúinteora
Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir
Bailiúcháin oibre agus tionscadail.
Breathnóireacht an mhúinteora
Is teicníocht rí-oiriúnach í breathnóireacht an mhúinteora chun measúnú a dhéanamh ar an achar seo den churaclam. Tarlaíonn sé le linn do pháistí a bheith gafa le gníomhaíochtaí éagsúla nó le linn idirghníomhaíochtaí laethúla sa rang nó sa scoil. Is gnách le múinteoirí bheith ag breathnú ar pháistí ar scoil mar chuid dá ngnáthobair laethúil agus ag clárú cuid den bhreathnóireacht sin. Nuair a dhírítear ar ghnéithe faoi leith den OSPS cuirtear lena dtairbhe i dtimthriall foghlama agus teagaisc an ranga.
D'fhéadfadh breathnóireacht an mhúinteora díriú orthu seo
- cumas an pháiste ar chomhoibriú agus saothrú i ngrúpaí nó go neamhspleách
- na hidirghníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla idir an páiste agus duine fásta agus idir an páiste agus páistí eile
- caighdeán chur i láthair na hoibre
- achair spéise nó cumais faoi leith a léiríonn an páiste
- páirtíocht agus suim an pháiste i ngníomhaíochtaí ilghnéitheacha
- an leibhéal freagrachta pearsanta nó sóisialta a léiríonn an páiste
- iontaofacht an pháiste agus gnáthaimh shocraithe á gcomhlíonadh aige/aici
- buanseasmhacht an pháiste agus tasc á chomhlíonadh aige/aici
- feasacht an pháiste faoi dheacrachtaí daoine eile agus a thoilteanaí atá sé/sí cabhair a thabhairt
- na ceisteanna a chuireann an páiste agus na freagraí a thugann an
páiste ar cheisteanna is ar mholtaí an mhúinteora - iompraíocht éagsúil, mar shampla cúthaileacht, cumas ceannasaíochta, leibhéal féinmhuiníne, claonadh chun imní, tuiscint do chothrom na Féinne, teanntás, ionsaitheacht, ullmhacht chun dul i bhfiontair agus glacadh le dúshláin
- aibíocht fhisiceach agus mhothúchánach
- cumas an pháiste ar bheith páirteach i measúnú a dhéanamh ar d(h)ul chun cinn agus ar mhachnamh a dhéanamh ar a c(h)uid foghlama.
Má chláraíonn an múinteoir an bhreathnóireacht ábhartha nó an chuid is suntasaí di ina t(h)uairim, cuideoidh sí leis/léi léargas foriomlán a fháil ar fhorbairt an pháiste, agus is féidir leis an múinteoir leas a bhaint aisti mar phointe tagartha nuair a bhíonn pleanáil le haghaidh OSPS á déanamh aige/aici agus le linn díospóireachta le múinteoirí eile faoin bpáiste de réir mar a ghluaiseann sé/sí tríd an scoil, é sin nó má aistríonn sé/sí go dtí scoil eile. Bíonn an bhreathnóireacht chláraithe seo thar a bheith cabhrach i ndíospóireachtaí le tuismitheoirí. Is féidir í a úsáid freisin i ndíospóireachtaí leis an bpáiste aonair agus beidh ról tábhachtach aici i dtaca le teagmháil phearsanta thairbheach a spreagadh idir an tuismitheoir agus an múinteoir agus idir an páiste agus an múinteoir araon.
Nuair a bhíonn páistí gafa le gníomhaíochtaí áirithe sa seomra ranga, is féidir leis an múinteoir breathnú go neamhfhoirmiúil ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn siad, ar leibhéal a bpáirtíochta sa ghníomhaíocht, ar chaighdeán na hoibre grúpa nó na hoibre aonair a bhíonn ar siúl agus ar dheacrachtaí ar leith a léiríonn páistí aonair agus na gníomhaíochtaí á gcomhlíonadh acu.
Cuirfidh breathnóireacht a dhéantar ar pháistí i gcomhthéacsanna éagsúla lasmuigh den seomra ranga, mar shampla turais scoile agus gníomhaíochtaí súgartha sa chlós nó i halla na scoile, ar chumas an mhúinteora éifeacht na ngníomhaíochtaí, arb é a n-aidhm feabhas a chur ar fhéinmheas agus ar spiorad comhoibritheach an pháiste, a mheas. Tabharfaidh an bhreathnóireacht ar imeachtaí teagmhasacha oiread eolais don mhúinteoir is a thabharfaidh sí siúd atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí pleanáilte nó struchtúrtha.
Comhlíonann breathnóireacht an mhúinteora ról múnlaitheach agus diagnóiseach trí ghnéithe den chlár a bhfuil forbairt de dhíth orthu a léiriú agus trí chabhrú leis an múinteoir eispéiris fhoghlama a phleanáil don todhchaí. Mar shampla, sa chás go meastar nach bhfuil páiste nó líon páistí in ann oibriú le chéile go héifeachtach, beidh ar an múinteoir roinnt ama a chaitheamh ag forbairt an phróisis obair ghrúpa ionas gur féidir leis na páistí páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí agus tairbhe a bhaint astu. Mar an gcéanna, nuair a thugann scoil easpa ar leith faoi deara ag éirí as a cuid breathnóireachtaí ar na páistí agus ar a n-iompar, is féidir leis na múinteoirí cinneadh ar bhéim a chur ar ghné ar leith den chlár ar feadh tréimhse áirithe. Is féidir an bhreathnóireacht seo a úsáid freisin chun teagmháil rialta a dhéanamh leis an bpáiste maidir lena c(h)uid oibre féin agus cuidiú leis/léi tairbhe bhreise a bhaint as an bpróiseas foghlama.
Tascanna agus trialacha a dhearann an múinteoir
Is féidir le tascanna a bhunaítear ar chomhthéacs foghlama tacú le measúnú an phróisis agus an toraidh araon nó le teaglaim díobh. Tig leis an múinteoir na próisis a bhfuil na páistí gafa leo a mheas agus an méid den teagasc a thuigeann siad agus a gcumas ar an méid a bhíonn foghlamtha acu a aistriú agus a chur i bhfeidhm i staideanna ilghnéitheacha a thomhas. De réir mar a dhéanann páistí machnamh ar phróiseas faoi leith beidh siad in ann ciall a bhaint as agus éireoidh siad feasach orthu féin mar dhaoine agus ar na bealaí ina ndéanann siad foghlaim agus obair.
Tascanna
Is féidir, mar shampla, tasc a dhearadh a chuireann suíomh i láthair páistí ina gcaithfidh siad mar ghrúpa teacht ar chinneadh agus a dtuairimí a chosaint. Cuirfidh an ghníomhaíocht seo ar chumas an mhúinteora an tslí inar oibrigh na páistí le chéile a mheasúnú, agus cé acu ar tháinig nó nár tháinig siad ar chomhaontú. Tugann an measúnú deis freisin do na páistí machnamh a dhéanamh ar, agus a bheith feasach ar, a ról féin sa phróiseas cinnteoireachta agus foghlaim mar gheall ar na tosca a chuaigh i gcion orthu agus iad ag teacht ar chinneadh.
Is féidir tascanna sonracha a úsáid go héifeachtach freisin chun cumas an pháiste ar scileanna ar leith a chur i bhfeidhm i staideanna difriúla. Is féidir tascanna a chumadh a thabharfaidh deis do na páistí cumas a léiriú in a lán comhthéacsanna sóisialta, pearsanta agus sláinte, mar shampla teanntás, áitiú, cumas barraíochta, anailís chriticiúil nó scileanna sábháilteachta a thaispeáint, nó i bhfuascailt faidhbe agus teacht ar réiteach. Tá úsáid tascanna in OSPS le moladh toisc go léiríonn siad an saghas gníomhaíochta atá i gceist i gcuspóirí an churaclaim, agus sa tslí sin go gcruthaíonn siad nasc idir na cuspóirí, na modhanna teagaisc agus an measúnú.
Trialacha
Cuimsíonn OSPS achair eolais agus tuisceana a gcaithfear measúnú a dhéanamh orthu go tráthrialta. Tabharfaidh trialacha simplí a dhearann an múinteoir deis dó/di an t-eolas atá gnóthaithe a fháil amach. Mar shampla, tar éis an snáithaonad a bhaineann le bia agus cothú a bheith críochnaithe, d'fhéadfadh sé bheith cabhrach triail a chur a éilíonn ar pháistí a gcuid eolais ar bhia, ghrúpaí bia, réim shláintiúil bia srl. a léiriú.
Bailiúcháin oibre
Fillteán pearsanta a choinníonn gach páiste is ea an bailiúchán, ina mbíonn raon leathan fianaise faoina g(h)nóthachtáil agus atá feiliúnach do gach aoisghrúpa sa scoil. Is bealach úsáideach é chun obair a bhíonn déanta a bhailiú chomh maith le bheith áisiúil mar mhodh leis an dul chun cinn a mheas.
Toisc gur údar mórtais ag an bpáiste iad na bailiúcháin seo agus go dtugann siad mothú úinéireachta dó/di, is féidir leo cur lena f(h)éinmheas agus a léiriú ar bhealach nithiúil go mbíonn rath éigin ar gach aon duine ar scoil. Cuireann siad deiseanna le haghaidh féinmheasúnaithe ar fáil freisin tráth a n-éiríonn an páiste feasach ar, agus a ndéanann sé/sí machnamh ar, ábaltacht agus ar theorainneacha pearsanta.
Tig le bailiúcháin oibre in OSPS suirbhéanna nó ceistiúcháin atá déanta, líníochtaí, gníomhaíochtaí scríofa, gearrthóga nuachtán nó liostaí seiceála a chuimsiú. Ba chóir go mbeidís solúbtha go leor chun raon leathan gnóthachtála in an-chuid gnéithe den churaclam in OSPS a chlárú. Ag deireadh téarma nó ag deireadh na bliana scoile d'fhéadfaí sampla ionadaíoch a roghnú as an mbailiúchán le haghaidh measúnaithe. Mar chomhlánú ar mheasúnú seo an mhúinteora d'fhéadfaí a iarraidh ar an bpáiste an obair is fearr dá c(h)uid a roghnú agus é/í a spreagadh chun na roghanna a dhéanann sé/sí a phlé. Tig leis seo an caidreamh idir an múinteoir agus an páiste a threisiú agus ról an pháiste i dtaca lena c(h)uid foghlama féin a neartú. Cuireann bailiúcháin oibre fianaise dhíreach ar fáil don mhúinteoir freisin mar gheall ar an obair ó lá go lá i rith na bliana agus is foinse úsáideach eolais iad don chéad mhúinteoir eile a bheidh ag an bpáiste. Is bealach cumarsáide sármhaith iad idir an scoil agus an baile agus cuireann siad ar chumas an mhúinteora a c(h)ur chuige féin i leith OSPS a athbhreithniú mar aon le héifeacht na modhanna éagsúla teagaisc a úsáideann sé/sí.
Tionscadail
Tugann tionscadail deis do pháistí díriú isteach ar ghné ar leith den churaclam agus staidéar sách mion a dhéanamh uirthi. Bíonn deiseanna ar fáil le haghaidh obair thionscadail i ngach snáithe den churaclam, mar shampla nuachtán ranga a cheapadh, nósanna cothaithe i gceantair éagsúla sa domhan a iniúchadh nó sábháilteacht sa scoil a scrúdú. Is féidir leis na cineálacha seo tionscadal an méid a bhíonn foghlamtha ag an bpáiste a léiriú, agus tá siad ríthábhachtach i dtaca le cumas an pháiste ar eolas a bhailiú, é a chur i gcóimheas agus a chur i láthair agus saothrú i gcomhar le daoine eile a mheasúnú. Nochtann siad freisin cuid mhaith faoi fhreagracht aonair agus faoi fhreagracht ghrúpa, agus tig leo leibhéal spéise gach páiste a chur in iúl.
Taispeáint agus cur i láthair na hoibre
Tá taispeáint agus cur i láthair na hoibre ar na cineálacha cur chuige agus na modhanna teagaisc a mholtar in OSPS. Tugann siad seo deis do pháistí eolas a bhíonn bailithe acu a achoimriú agus a chóimheas, dearcadh áirithe a chur i láthair agus seasamh a chosaint. Is féidir feidhm a bhaint astu chomh maith chun an méid a bhíonn foghlamtha ag páistí a mheasúnú agus a gcumas ar shonraí a chur i láthair lucht éisteachta áirithe a thaispeáint.
Cur chuige cothrom i leith an mheasúnaithe
Is é cuspóir an mheasúnaithe feabhas a chur ar éispéiris fhoghlama an pháiste in OSPS. Tá sé riachtanach nach gcuirfeadh aon cheann de na teicníochtaí a úsáidtear nó na bealaí ina ndéantar an clárú isteach ar eispéiris fhoghlama an pháiste. A luaithe a bhíonn taithí ag an múinteoir ar na teicníochtaí treiseoidh siad an obair sa seomra ranga, agus ní laghdóidh siad an t-am le haghaidh teagaisc. Ba chóir bealaí chun tabhairt faoin measúnú ar shlí phraiticiúil chothrom laistigh den scoil a rianú i bpolasaí na scoile.
Clárú agus cumarsáid
Is deacair áireamh iomarcach a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le plé na foirne scoile ar an measúnú in OSPS. Forbróidh múinteoirí comhthuiscint ar dhul chun cinn páistí agus ar ról an mheasúnaithe in OSPS trína saineolas féin a roinnt ar a chéile agus a dtuairimí nó a gcúraimí a iniúchadh. Cuideoidh comhoibriú den chineál seo le leanúnachas agus iontaofacht in úsáid na ngléasanna éagsúla measúnaithe a chinntiú agus cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus iad á n-úsáid go laethúil acu.
Ba chóir go mbeadh díospóireachtaí freisin idir tuismitheoirí agus múinteoirí maidir le measúnú páistí aonair, mar soláthróidh siad pictiúr níos réadúla ar dhul chun cinn foriomlán an pháiste, ar a b(h)uanna agus a lochtanna. Cuireann measúnú eolas riachtanach ar fáil do pháistí, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile maidir le foghlaim agus forbairt fhoriomlán an pháiste agus sa tslí sin éascaíonn sé cinntí a dhéanfar amach anseo mar gheall ar eispéiris fhoghlama agus riachtanais daltaí.
Cárta próifíle an dalta
Próifíl de dhul chun cinn an pháiste i ngach achar den churaclam a bheidh i gcárta próifíle an dalta, agus beidh an measúnú ar fhorbairt an pháiste in OSPS mar ghné amháin den phróifíl seo. Beidh breathnóireacht leanúnach an mhúinteora ar an bpáiste agus é/í ag comhlíonadh tascanna éagsúla a cheapann an múinteoir mar aon le cnuasach na mbailiúchán agus na dtionsadal mar bhunús leis an eolas ar chárta próifíle an dalta. Beidh an cárta seo ina chuntas buan ar dhul chun cinn an pháiste, agus beidh sé fíorúsáideach tráth a mbíonn eolas mar gheall ar an bpáiste á thabhairt do na tuismitheoirí agus do mhúinteoirí eile. Tá sé riachtanach go mbainfeadh ábharthacht agus brí leis an gcaoi a gclárófaí eolas ar chárta dá leithéid seo.