Oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte
Cuireann oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS) deiseanna sonracha ar fáil chun forbairt phearsanta, sláinte agus folláine an pháiste aonair a chothú, chun cuidiú leis/léi caidreamh tacúil a chruthú agus a choinneáil agus bheith ina s(h)aoránach gníomhach freagrach sa tsochaí. Trí chlár don OSPS atá pleanáilte agus comhsheasmhach ar fud na scoile, is féidir le páistí creatlach de luacha, dearcadh, tuiscint agus scileanna a fhorbairt a thabharfaidh treoir dá gcinntí agus dá ngníomhartha san am i láthair agus san am atá le teacht. Ós rud é go bhfuil diminsiún morálta agus spioradálta ag OSPS, téann ethos nó spiorad sainiúil na scoile i gcion go suntasach ar a fhorbairt agus ar a chur i bhfeidhm.
Cuidíonn an t-atmaisféar foghlama agus teagaisc a bhíonn i réim sa seomra ranga, na modhanna teagaisc agus na cineálacha cur chuige a bhíonn in úsáid agus an caidreamh a mbíonn taithí ag páistí air agus a fheiceann siad ar siúl sa scoil lena bhforbairt shóisialta, phearsanta agus sláinte. Mar an gcéanna, bíonn peirspictíocht shóisialta, phearsanta agus sláinte ag an-chuid de na téamaí agus de na topaicí a phléitear sna hábhair léinn éagsúla, chomh maith le go leor de na himeachtaí teagmhasacha a thiteann amach i ngnáthshaol laethúil na scoile. Ina theannta sin tá saincheisteanna ar leith a bhaineann go nádúrtha le OSPS ar gá iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh orthu ar bhealach mion.
Chun freastal ar na diminsiúin seo uile, soláthróidh clár in OSPS a mbeidh tuiscint agus éifeacht leis deiseanna foghlama i dteaglaim de thrí bhealach: i gcomhthéacs meoin agus atmaisféir dheimhnigh scoile, trí am scoite (am sainiúil ar an gclár ama), agus trí chur chuige comhtháite idir raonta d'ábhair léinn. Trína leithéid de chur i bhfeidhm cuirfear ar chumas an mhúinteora cur chuige comhleanúnach a chleachtadh i leith an chláir, aird a thabhairt ar an eispéireas foghlama sa bhaile agus úsáid a bhaint as na straitéisí foghlama agus teagaisc is oiriúnaí.
De réir mar a théann páistí chun cinn i gclár an OSPS, teagmhóidh siad le raon leathan de shaincheisteanna. Ina measc beidh mí-úsáid substaintí, gaolmhaireacht, gnéasacht, mí-úsáid páistí a chosc, claonbhá agus leithcheal. Tá an curaclam in OSPS struchtúrtha ar bhealach nach ndéantar iniúchadh ar na saincheisteanna seo ina n-aonar; ina ionad sin tá an bhéim ar bhunchloch scileanna, luachanna, dearcaidh agus tuisceana a thógáil atá bainteach leis na saincheisteanna seo uile, agus ar eolas ar leith bheith á sholáthar de réir mar is gá.
An curaclam in OSPS
Cuireann OSPS forbairt inphearsanta chun cinn trí chabhrú le páistí iad féin a aithint agus a thuiscint agus glacadh leo féin mar dhaoine uathúla a bhraitheann go bhfuil meas orthu agus go dtugtar grá dóibh. Cuireann sé deiseanna faoi leith ar fáil chun féinluach agus féinmhuinín a chothú, rud a chuidíon leis an bpáiste a spriocanna féin a leagan síos agus a mheas agus bheith in ann a c(h)uid iompraíochta féin a láimhseáil. Cuireann OSPS ar chumas an pháiste mothú féinéifeachtachta a fhothú agus méadaíonn sé seo ar a sheal a m(h)othú féinsmachta, cuireann sé féinfheasacht chun cinn agus cuireann sé foghlaim fhéintreoraithe ar a c(h)umas. Cuidíonn clár in OSPS go háirithe le forbairt tréithe agus scileanna pearsanta, amhail foghlaim conas mothúcháin a láimhseáil, coimhlintí a réiteach agus déileáil le staideanna atá nua agus éilitheach.
Beidh tionchar suntasach ag modhanna maireachtála agus iompraíochta na bpáistí agus iad óg ar a sláinte agus a bhfolláine sna blianta amach rompu. Cinntíonn OSPS go bpleanáltar, go gcuirtear i bhfeidhm agus go neartaítear teachtaireachtaí sláinte, agus soláthraíonn sé soiléiriú ar chuid den mhífhaisnéis a fhaigheann páistí uaireanta. Is aidhm dó freisin a chur ar chumas páistí mothú féinfhreagrachta a fhorbairt maidir lena sláinte féin agus leis na cinntí agus na roghanna a dhéanann siad i dtaca lena n-iompraíocht agus lena ngníomhartha.
Mar chuid dá bhforás sóisialta ní foláir do pháistí léirthuiscint ar dhaoine eile a bhaineann lena saol a fhoghlaim agus fios a bheith acu conas gaolmhaireacht dheimhneach shláintiúil a chruthú agus a choinneáil. Is féidir le clár in OSPS cur go suntasach le forbairt idirphearsanta trí chuidiú le páistí raon de scileanna cumarsáide a shealbhú agus na slite inar féidir leo urraim, cúram agus machnamh a léiriú ina gcuid teagmhála le daoine eile a thuiscint. Ar scoil, is féidir le páistí foghlaim conas gaolmhaireacht a fhorbairt agus a choimeád buan bunaithe ar mheas agus ar fhreagracht chómhalartach agus tosú ar thábhacht na hiontaoibhe agus na macántachta in idirghníomhú daonna a thuiscint.
Ní mór do pháistí foghlaim freisin gur cheart ceannfháthanna pearsanta agus mothú freagrachta sóisialta a bheith ar cothrom. Glacann OSPS ról tábhachtach i bhforbairt na tuisceana ar an saol daonlathach agus ar chearta agus freagrachtaí daoine aonair agus grúpaí. Cuireann sé deiseanna ar fáil do pháistí foghlaim mar gheall ar na pobail éagsúla lena mbaineann siad, páirt ghníomhach a ghlacadh iontusan agus mothú comhghealltanais a fhorbairt. Cabhraíonn sé leo chomh maith meas a bheith acu ar a gcéannacht náisiúnta, Eorpach agus domhanda agus bheith mórálach aisti, agus teacht ar thuiscint faoin gciall atá le saoránacht sa bhrí is leithne.
Tá éagsúlacht agus difríocht mar thréithe ag an bpobal ina maireann páistí. Mar sin féin, bíonn claonbhá agus leithcheal mar ghnéithe den chaidreamh daonna go ró-mhinic. Is féidir agus is cóir meas agus léirthuiscint ar éagsúlacht dhaonna agus chultúrtha a chur chun cinn ag gach leibhéal sa bhunscoil. Trí OSPS éiríonn páistí feasach ar chuid den chlaonbhá agus den dearcadh a dteipeann air ómós a thabhairt do dhínit daoine eile. Tugtar deiseanna dóibh tuiscint ar a gcultúr agus a dtraidisiúin féin a fhorbairt agus ag an am céanna léirthuiscint fhorásach a ghnóthú ar an gcabhair dheimhneach a thugann grúpaí difriúla sa tsochaí. De réir mar a fhoghlaimíonn páistí conas comhionannas, ceart agus cothroime a thuiscint agus a chleachtadh i staideanna scoile, beidh ar a gcumas dúshlán a chur faoi chlaonbhá agus leithcheal de réir mar a fhaigheann siad taithí air ina saol féin anois agus amach anseo.
Cónaíonn páistí in aois ina mbíonn eolas á radadh chucu go laethúil as foinsí ilghnéitheacha. Bíonn siad faoi bhrú forásach tráchtála freisin toisc teicníochtaí margaíochta a bheith in úsáid go forleathan chun an páiste, dá óige ar fad é/í, a mhealladh. Spreagann OSPS na páistí chun a bheith níos grinne nuair a úsáideann siad na meáin chumarsáide agus chun foghlaim mar gheall ar, agus bheith feasach ar, na teicníochtaí agus na straitéisí a úsáidtear i bhfógraíocht agus sna meáin i gcoitinne.
Freagracht chomhpháirteach
Ní sa scoil a thosaíonn ná a chríochnaíonn OSPS. Bíonn tionchar suntasach ag an teaghlach agus ag timpeallacht an bhaile ar thuiscint páistí ar an domhan, a ról agus a n-áit féin sa tsochaí agus bealaí iompraíochta. Cé go leanann sé seo ar feadh a saoil ar fad, éiríonn tosca eile mar na meáin chumarsáide, a gcairde, a bpiaraí agus eispéiris indibhidiúla níos cumhachtaí i gcónaí.
Bíonn an éifeacht is mó ag clár in OSPS nuair a bhunaítear é ar chur chuige atá comhsheasmhach agus nuair a dháiltear freagracht ar thuismitheoirí, mhúinteoirí, pháistí, bhoird bhainisteoireachta, ghairmeacha sláinte agus bhaill ábhartha den phobal. Beidh dlúthchomhairliú idir na páirtithe ina chuid riachtanach den phróiseas pleanála agus den athbhreithniú rialta ar an gclár. Cuidíonn an cur chuige comhpháirteach seo lena chinntiú go gcuirtear eispéireas comhsheasmhach in OSPS ar fáil do pháistí agus go mbeidh siad in ann ceangail a dhéanamh idir an saol sa bhaile, sa scoil agus sa phobal.
Snáitheanna an churaclaim
Cuirtear an curaclam i láthair i dtrí shnáithe: Mise, Mise agus daoine eile agus Mise agus an domhan mór. Tá siad seo comhsheasmhach ar fud na bunscoile agus soláthraíonn siad bonn don OSPS agus do na curaclaim in oideachas saoránachta, sóisialta agus polaitiúil (OSSP) ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Cuirtear na snáitheanna i láthair ar cheithre leibhéal, iad ag rianú an ábhair a d'fhéadfaí a chuimsiú ag gach céim de thréimhse an pháiste ar scoil. Toisc go dtéann forás an pháiste chun cinn go héagothrom, ba chóir an t-ábhar agus na heiseamláirí a ghabhann leis a úsáid ar bhealach solúbhta. Is treoirlíne iad ar féidir clár oiriúnach a fhorbairt uaithi, ceann ar féidir leis an éifeacht is mó a bheith aige toisc go bhfuil sé curtha in oiriúint do scoileanna ar leith agus do thosca sonracha.
Tá an curaclam leagtha amach ar mhodh bíseach, is é sin go bpléitear le hábhair chomchosúla ag gach leibhéal, ach go bhfreastalaíonn na próisis, na cineálacha cur chuige agus an t-eolas a thoghtar ar riachtanais na bpáistí ag am ar leith agus ag a gcéimeanna éagsúla ullmhachta.
Tá Mise bunaithe ar fhorbairt phearsanta an pháiste aonair agus ar a s(h)láinte agus a f(h olláine. Is féidir, trí iniúchadh ar chodanna an tsnáithe seo, féinfheasacht agus tuiscint a chothú agus a chur ar chumas páistí aire a thabhairt dóibh féin agus meas a bheith acu orthu féin. Cumasaíonn an t-ábhar freisin forbairt raoin de scileanna ilghnéitheacaha pearsanta agus féinbhainistíochta agus cothaíonn sé mothú freagrachta pearsanta as a ngníomhartha agus a n-iompraíocht féin. Cabhraíonn an snáithe Mise le páistí freisin bealaí smaoinimh, mothaithe agus gníomhaithe a bhunú a chuideoidh le sláinte agus folláine a chur chun cinn agus a choinneáil anois agus san am atá le teacht.
Díríonn Mise agus daoine eile ar mhothú cúraim agus measa i leith daoine eile a fhorbairt agus ar an gcumas chun caidreamh agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile. Cuidíonn sé le tréithe agus meonta a chothú sna páistí a chabhróidh leo maireachtáil agus saothrú i gcomhar le daoine eile agus gníomhú ar bhealaí atá freagrach go sóisialta. Tugtar deiseanna dóibh raon leathan de scileanna cumarsáide a fhoghlaim agus a chleachtadh, ar a n-áirítear an cumas chun coimhlintí a réiteach, ionbhá a dhéanamh, a bheith teanntásach, agus comhoibriú agus saothrú i gcomhar le daoine eile.
Cuireann Mise agus an domhan mór ar chumas na bpáistí na pobail éagsúla ina maireann siad a iniúchadh. Foghlaimíonn siad conas gníomhú go hinniúil sa tsochaí agus tuiscint a fháil ar cad is brí le muintearas agus le comhchuspóir a bheith acu. Le linn dóibh an snáithe seo a iniúchadh spreagtar iad chun mothú freagrachta sóisialta agus léirthuiscint ar nádúr idirspleách an tsaoil ina maireann siad a fhorbairt. Mar chuid den snáithe seo iniúchtar an gá atá le cúram a dhéanamh den imshaol agus le hé a chaomhnú ar mhaithe leis na glúine atá le teacht. Tugtar deiseanna do pháistí foghlaim faoina gcultúr agus a dtraidisiúin féin, agus spreagtar iad chun meas a bheith acu ar chearta agus ar chion tairbhe daoine agus grúpaí atá difriúil ó thaobh cultúir de.
Cuireann an snáithe seo feasacht faoi na meáin chumarsáide chun cinn freisin agus cuidíonn sé le páistí cineálacha éagsúla meán a scrúdú agus a iniúchadh. Nuair a úsáideann páistí teicníochtaí na meán agus nuair a éiríonn siad feasach ar theicneolaíocht an eolais ar mhodh struchtúrtha bíonn siad in ann brabach a bhaint as an teicníocht, agus sa tslí sin bíonn úsáid chriticiúil na meán á cothú.
Cur chuige agus modhanna teagaisc
Tá na modhanna teagaisc agus na cineálacha cur chuige a bhíonn in úsáid sa seomra ranga ríthábhachtach i dtaca le forbairt shóisialta, phearsanta agus sláinte an pháiste. Mar rannpháirtithe gníomhacha ina gcuid foghlama féin, is féidir le páistí ciall a bhaint as a bhfuil á fhoghlaim, breitheanna eolacha a thabhairt agus bríonna úra a cheapadh. Is é is dóichí go mbraithfidh páistí go bhfuil seilbh acu ar an méid a bhíonn foghlamtha acu agus go mbeidh siad in ann é a aistriú go suímh dhifriúla má bhíonn siad gafa go gníomhach leis an bpróiseas foghlama. Bíodh go gcothaítear foghlaim neamhspleách, tá sé chomh riachtanach céanna go gcuirfí deiseanna ar fáil do pháistí idirghníomhú a dhéanamh le daoine eile agus lena n-imshaol agus foghlaim conas comhoibriú lena bpiaraí.
Chun go dtarlódh foghlaim ghníomhach, ba chóir don scoil timpeallacht thacúil chúramach a sholáthar ina spreagfaí an páiste chun bheith páirteach ina c(h)uid foghlama féin agus ina mbeadh meas agus léirthuiscint ar gach iarracht. Beidh ról lárnach ag an múinteoir maidir le teicníochtaí éifeachtacha foghlama gníomhaí agus teagaisc a úsáid sa seomra ranga. Caithfidh sé/sí gníomhaíochtaí a struchtúrú agus an obair a threorú agus a stiúradh sa chaoi go mbeidh ar chumas an pháiste bheith páirteach ar mhodh atá réadúil ciallmhar agus mothú freagrachta a fhorbairt faoina c(h)uid foghlama féin.
Ba chóir straitéisí gníomhacha foghlama an-ilghnéitheacha a úsáid le linn don OSPS bheith á chur i bhfeidhm i dtreo go gcuirfí riachtanais indibhidiúla agus an raon leathan cuspóirí sa churaclam san áireamh. I measc na straitéisí seo bheadh gníomhaíochtaí súgartha, díospóireachta agus drámaíochta, cluichí comhoibritheacha, cláir ilmheáin, teacht ar an idirlíon agus an ríomhphost, an teilifís, sleachta as físeáin nó grianghraif a iniúchadh, suirbhéanna a dhéanamh nó sonraí a léirmhíniú. Mar chuid d'aon straitéis fhoghlama nó teagaisc in OSPS ba chóir páistí a spreagadh chun machnamh criticiúil a dhéanamh ar a gcuid oibre, agus chun féachaint an féidir an méid a bhíonn foghlamtha acu a aistriú go dtí staideanna ina saol féin.
Páistí le riachtanais speisialta
Ba chóir go mbeadh deis ag gach páiste páirt a ghlacadh i raon iomlán de na heispéiris a sholáthraítear in OSPS agus tairbhe a bhaint astu. Le linn pleanála don OSPS ba chóir an raon difríochta laistigh den scoil a chur san áireamh i dtreo go dtabharfaí deis do gach páiste an tairbhe is mó a bhaint as an gclár.
OSPS agus teanga
Cuireann OSPS comhthéacs ar fáil ina dtugtar deiseanna do pháistí a scileanna teanga i mBéarla, i nGaeilge nó i nuatheanga eile más cuí a fhorbairt agus a threisiú, agus an stór focal a bhaineann leis na gnéithe sóisialta, pearsanta agus sláinte dá saol a mhéadú. Trí cheisteanna cuí a chur, tuairimí a nochtadh, idéanna a iniúchadh nó freagairt a dhéanamh is féidir le páistí éirí líofa diaidh ar ndiaidh in úsáid teanga, agus cuid mhaith de na scileanna a bhíonn foghlamtha acu in achair eile den churaclam a fheabhsú. Beidh muinín agus cumas dá leithéid seo in úsáid teanga fíorthábhachtach mar cuirfidh sé ar chumas páistí, anois agus sna blianta rompu amach, teacht ar eolas riachtanach atá bainteach lena sláinte agus lena bhfolláine féin. Tig leis an éascaíocht seo cuidiú freisin le gaolmhaireacht dheimhneach a chruthú, mar treisíonn sí cumarsáid agus cothaíonn sí fíorthuiscint.
Tá iniúchadh teanga agus a húsáid i dtaca le daoine eile fíor-riachtanach in aon chlár in OSPS. Ba chóir do pháistí éirí feasach ar chumhacht agus ar thionchar teanga. Nuair a úsáidtear ar bhealach deimhneach í, tig le teanga duine eile a mhisniú, a dhearbhú agus urraim a thabhairt dó/di, ach má úsáidtear ar mhodh diúltach í, tig léi an duine a ghortú, a laghdú nó a ísliú. Caithfidh páistí na bealaí ina n-úsáideann siad féin teanga a aithint agus bheith mothálach fúthu ina ngaolmhaireacht agus ina n-idirghníomhú laethúil.
Tá teanga cumhachtach freisin toisc go gcruthaíonn sí agus go dtugann sí léargas ar chultúr. Trí OSPS is féidir le páistí tosú ar an gceangal idir teanga agus céannacht a léirthuiscint. Sholáthródh clár pleanáilte ar fud na scoile deiseanna do pháistí freisin an teanga a úsáidtear i meáin chumarsáide éagsúla a iniúchadh agus na luachanna agus an dearcadh a bhíonn á gcur chun cinn agus á gcothú a aithint.
OSPS agus teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Is féidir le TEC tacú le foghlaim agus teagasc OSPS sa seomra ranga. Tig le páistí féinmhuinín agus inspreagadh a fhorbairt trí ríomhairí a úsáid agus bheith eolach orthu. Is féidir gnéithe eile den OSPS, amhail foghlaim chun uainíocht a dhéanamh ar a chéile, roinnt agus comhoibriú le chéile a fhorbairt de réir mar a úsáideann páistí ríomhairí ar bhealach pleanáilte cuí. Is féidir le ríomhairí cabhrú go suntasach freisin le páistí a scileanna cinneacháin a threisiú agus cuidiú leo na cineálacha éagsúla teicneolaíochta a úsáid go dea-aithneach agus go tuisceanach.
Is féidir le páistí ríomhairí a úsáid in OSPS chun eolas ar thopaicí sainiúla a chnuasach nó chun sonraí a chur i gcóimheas agus a chur i láthair. Tá a lán dlúthdhioscaí a bhaineann le saincheisteanna sláinte agus sóisialta ar fáil agus soláthraíonn an t-idirlíon an-chuimse eolais nua-aimseartha freisin agus tig leis bealaí breise imscrúdaithe a léiriú. Le linn do pháistí bheith ag iniúchadh an idirlín agus ag úsáid ríomhphoist nó físchomhdhála, is féidir leo a dtuiscint do shaoránacht dhomhanda a threisiú agus raon leathan scileanna cumarsáide a chothú.
Measúnú
Treoraíonn measúnú OSPS an múinteoir chun eispéiris fhoghlama an pháiste a fheabhsú agus bheith i gcónaí ag foirfiú agus ag forbairt an chláir chun go n-oirfeadh sé do riachtanais, d'achair spéise agus d'ábaltacht aonair. Tig leis cabhrú go suntasach le páistí a ndul chun cinn a mheas agus a ngnóthachtáil féin a aithint agus a léirthuiscint. Ós rud é nach nochtar mórán de bhuntáistí ná de thorthaí OSPS nó nach léirítear iad go ceann tamaill fhada tar éis don pháiste an scoil a fhágáil, baineann an measúnú leis an méid is féidir a mheas go héifeachtach le linn a c(h)uid ama ar scoil. Rianaíonn an roinn faoi mheasúnú cé mar is féidir dul chun cinn an pháiste in OSPS a dhéanamh amach, na huirlisí is oiriúnaí don ghnó seo agus an tslí inar féidir é a stiúradh sa bhunscoil.
Aidhmeanna
Tá mar aidhmeanna ag oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte
- forbairt phearsanta agus fholláine an pháiste a chur chun cinn
- mothú cúraim agus measa ina leith féin agus i leith daoine eile a chothú sa pháiste mar aon le léirthuiscint ar dhínit an uile dhuine
- sláinte an pháiste a chur chun cinn agus bunús don bheatha shláintiúil ina gnéithe iomadúla a chur ar fáil
- a chur ar chumas an pháiste cinntí agus roghanna gaoiseacha a dhéanamh maidir le gnéithe sóisialta, pearsanta agus sláinte an tsaoil anois agus amach anseo
- mothú freagrachta sóisialta, gealltanas do shaoránacht ghníomhach rannpháirteach, agus léirthuiscint ar an saol daonlathach a fhorbairt sa pháiste
- a chur ar chumas an pháiste ómós a thabhairt d'éagsúlacht dhaonna is cultúir agus nádúr idirspleách an domhain a chiallú agus a léirthuiscint.
Cuspóirí leathana
Tar éis aird chuí a bheith tugtha ar chumais intreacha agus ar thosca athraitheacha, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam in OSPS ar chumas an pháiste
- féinmhuinín agus mothú deimhneach féinmheasa a bheith aige/aici
- mothú freagrachta pearsanta a fhorbairt agus tuiscint cheart ar a g(h)néasacht agus ar na próisis fháis, fhorbartha agus síolraithe a ghnóthú
- na scileanna sóisialta cumarsáide, comhoibrithe agus réiteach coimhlinte a fhorbairt agus a threisiú
- gaolmhaireacht thacúil a chruthú agus a choinneáil anois agus amach anseo
- tuiscint ar an mbeatha shláintiúil, cumas ar iompraíocht shláintiúil a chur i bhfeidhm, agus toilteanas chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chothaíonn agus a choimeádann an tsláinte buan a fhorbairt
- braistint sábháilteachta a fhorbairt agus bheith in ann é/í féin a chosaint ar bhaol is ar mhí-úsáid
- cinntí a dhéanamh, fadhbanna a réiteach agus gníomhú go hoiriúnach i gcomhthéacsanna éagsúla pearsanta, sóisialta agus sláinte
- a bheith feasach ar na nithe éagsúla a mbíonn tionchar acu ar roghanna agus ar chinntí, agus bheith dea-aithneach fúthu
- tosú ar na luacha agus an dearcadh a bhíonn ag daoine aonair agus ag an tsochaí a aithint, a athbhreithniú agus a mheasúnú agus glacadh leis go mbíonn tionchar acu seo ar smaointe agus ar ghníomhartha
- meas a bheith aige/aici ar an imshaol agus mothú freagrachta maidir lena chúram fadtéarmach a fhorbairt
- roinnt de na scileanna agus den chumas atá riachtanach chun lánpháirt a ghlacadh i ngrúpaí agus sa tsochaí a fhorbairt
- a bheith feasach ar chuid de chearta agus de fhreagrachtaí an duine agus an phobail a eascraíonn as bheith ag maireachtáil i ndaonlathas
- tosú ar choincheapa na céannachta pearsanta, áitiúla, náisiúnta, Eorpaí agus domhanda a thuiscint
- an éagsúlacht atá sa tsochaí mar aon le cion tairbhe deimhneach grúpaí difriúla cultúrtha, reiligiúnacha agus sóisialta a léirthuiscint agus meas a bheith aige/aici orthu
- na luachanna is dual do shochaí chóir chomhbhách a chur chun cinn ar bhealach a oireann dá n-aois agus an tábhacht a bhaineann le tóraíocht na fírinne is na síochána a thuiscint.
Ábhar do gach rang a phleanáil
Struchtúr
Cuirtear ábhar an churaclaim in OSPS i láthair i dtrí shnáithe: Mise, Mise agus daoine eile agus Mise agus an domhan mór. Snáithaonaid a thugtar ar na ranna laistigh de gach snáithe, agus léirítear cuid de na cuspóirí le heiseamláirí. Tá na heiseamláirí seo i gcló iodálach agus is mar mholtaí amháin ba chóir iad a mheas.
OSPS a chur i bhfeidhm sa scoil
Moltar go gcuirfí OSPS ar fáil i dteaglaim de thrí bhealach laistigh den
scoil:
- cothaíonn meon agus atmaisféar deimhneach scoile sláinte agus folláine san uile bhall de phobal na scoile. Soláthraíonn sé timpeallacht shábháilte dhiongbháilte ina n-airíonn páistí muintearas agus inar feasach dóibh go gcuirtear cúraimí agus cúnamh tuismitheoirí, páistí agus múinteoirí san áireamh. Cothaíonn meon agus atmaisféar deimhneach scoile féinmhuinín agus féinfhiúntas agus cuireann sé gaolmhaireacht ómósach chomhbhách chun cinn ar fud na scoile. Ar an ábhar sin, soláthraíonn sé comhthéacs ina gcleachtar dáiríre an fhoghlaim a bhíonn déanta i raon ábhar, OSPS san áireamh, agus ina mbraitear ciall a bheith léi
- soláthraíonn am scoile don OSPS deis chun roinnt gnéithe den chlár a theagasc le linn tréimhsí ranga ainmnithe. Is féidir an t-am seo a úsáid chun scileanna áirithe a fhorbairt agus a chleachtadh agus déileáil le saincheisteanna mothálacha nó saincheisteanna nach dtugtar fúthu i ngnéithe eile den churaclam a iniúchadh. Chun an t-am seo a úsáid go héifeachtach bheadh sé níos oiriúnaí, b'fhéidir, an múinteoir é a eagrú i mbloic ama agus úsáid a bhaint as de réir mar is gá seachas cloí le tréimhse ainmnithe ama i ngach seachtain
- cuireann cur chuige comhtháite deis ar fáil chun déileáil le go leor gnéithe den OSPS i gcomhthéacs achar léinn atá bainteach leis. Trí mheán eispéiris fhoghlama ilghnéitheacha ar fud an churaclaim saothraíonn páistí i bhfochair a chéile, réitíonn siad fadhbanna, tagann siad ar chinntí, baineann siad leas as agallamh agus déanann siad machnamh criticiúil. Soláthraíonn roinnt achar léinn freisin an comhthéacs is oiriúnaí chun gnéithe faoi leith den OSPS a iniúchadh: mar shampla, d'fhéadfaí mothú cúraim agus measa i leith an imshaoil a chothú trí mheán na heolaíochta agus na staire, agus d'fhéadfaí sábháilteacht san uisce a iniúchadh go cuí sa chorpoideachas.
Clár leathan cothrom
Nuair a bhíonn clár OSPS á phleanáil ag an múinteoir, moltar dó/di roinnt ábhar teagaisc a roghnú as gach ceann de na trí mhórshnáithe in aon bhliain ar bith. D'fhéadfaí a dó nó a trí de shnáithaonaid a roghnú as an snáithe Mise agus snáithaonad amháin ar a laghad as an snáithe Mise agus daoine eile agus as Mise agus an domhan mór. Ar an lámh eile, d'fhéadfaí raon topaicí a bhainfí as gach ceann de na trí shnáithe a roghnú. Ba chóir an t-ábhar nach múinfí an chéad bhliain a bheith mar chuid de phleanáil an mhúinteora don bhliain dár gcionn.
Tá sé tábhachtach go ndéanfaí pleanáil ag leibhéal na scoile agus an ranga araon chun a chinntiú go léiríonn an clár cur chuige bíseach, mar a ndéantar athscrúdú ar ghnéithe cosúla ar bhealaí éagsúla de réir aois, chéim fhoráis agus ullmhacht an pháiste. San ábhar teagaisc a roghnaítear do gach rang, tá sé den riachtanas chomh maith go mbeadh cothromaíocht idir foghlaim scileanna, cothú agus iniúchadh dearcaidh agus forbairt tuisceana. Múnlóidh ethos na scoile an phleanáil don OSPS i gcónaí agus déanfar í a fhorbairt laistigh de chomhthéacs an phlean scoile.
Le linn ceisteanna mothálacha bheith á bplé, beidh sé riachtanach na leibhéil dhifriúla d'fhorbairt mhothúchánach agus fhisiceach na bpáistí a chur san áireamh agus an clár a chur in oiriúint dá réir sin. Maidir le hilranganna, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaighfí comhoibriú ó mhúinteoirí eile nó go ndéanfaí socruithe malartacha, lena chinntiú go ndéanfaí soláthar ar riachtanais aonair.