Primary Schools

Cur chuige agus modhanna teagaisc

Éagsúlacht sa chur chuige

Tá sé riachtanach raon leathan teicníochtaí a úsáid i dtaca le modhanna teagaisc agus cur chuige chun go saothrófaí raon cothrom scileanna, coincheap agus dearcadh tíreolaíochComhpháirt riachtanach de chlár tíreolaíochta rathúil is ea éagsúlacht a bheith sa chur chuige agus sna modhanna teagaisc a úsáidtear. Rianaíonn an roinn seo de na treoirlínte roinnt teicníochtaí arb é an aithne atá orthu go bhfuil siad rí-oiriúnach do ghníomhaíochtaí tíreolaíochta sa bhunscoil. Ar ndóigh, ní mar a chéile a bheidh imthosca agus riachtanais daltaí, múinteoirí, ranganna agus scoileanna agus beidh modhanna áirithe níos oiriúnaí ná a chéile do thopaicí áirithe. Ní thig leis na moltaí a leanann ach comhairle ghinearálta a sholáthar agus ba chóir í seo a oiriúnú agus a mhodhnú do riachtanais agus d'imthosca an cháis.

Tá na samplaí a úsáidtear i gcuid de na ranna nasctha le ranganna faoi leith sa scoil. Is ar mhaithe le léiriú amháin, áfach, é seo; is féidir formhór na dteicníochtaí a ndéantar cur síos orthu a úsáid go tairbheach ag gach leibhéal.

Tá sé riachtanach raon leathan teicníochtaí a úsáid i dtaca le modhanna teagaisc agus cur chuige chun go saothrófaí raon cothrom scileanna, coincheap agus dearcadh tíreolaíochPléitear modhanna teagaisc eile sna Treoirlínte do Mhúinteoirí don Stair agus tá cuid díobh sin oiriúnach do cheachtanna tíreolaíochta agus tá moltaí mar gheall ar phlé topaicí sa snáithe Cúram imshaoil le fáil snaTreoirlínte do Mhúinteoirí san Eolaíocht.

Pé cur chuige a roghnaítear, ba chóir d'fhoghlaim na bpáistí sa tíreolaíocht

  • bheith bunaithe ar phróiseas fiosraithe ina spreagtar páistí chun ceisteanna a chur, eolas agus fianaise a bhailiú, patrúin a chuardach agus teacht ar thátail
  • na páistí a spreagadh chun comhpháirtíochta i ngníomhaíocht bheoga a bhfuil cuspóir cinnte léi sa seomra ranga agus in iniúchadh cuimsitheach san imshaol áitiúil
  • tógáil ar an eolas tíreolaíoch a thugann páistí leo ar scoil faoina ngarthimpeallacht agus faoi imshaoil eile
  • Tá sé riachtanach raon leathan teicníochtaí a úsáid i dtaca le modhanna teagaisc agus cur chuige chun go saothrófaí raon cothrom scileanna, coincheap agus dearcadh tíreolaíochdaltaí a chur ar an eolas faoi choincheapa tíreolaíocha ar bhealach struchtúrtha córasach agus neart deiseanna a sholáthar le haghaidh athchleachtadh agus míniú na gcoincheap
  • díograis agus fiosracht i leith an imshaoil a spreagadh
  • scileanna comhair, cumarsáide agus fadhbréitigh a fhorbairt
  • léirthuiscint na bpáistí ar imshaoil a fhorbairt maille le feasacht go bhfuil freagracht orthu astu
  • forbairt an dearcaidh mar gheall ar mheas agus chaoinfhulaingt chómhalartach a spreagadh.
 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie