Atlais
Acmhainn thraidisiúnta i dteagasc na tíreolaíochta is ea na hatlais agus ba chóir fáil bheith orthu ag gach leibhéal den bhunscoil. Ní ceart glacadh leis, áfach, gur leor an cur amach a bhíonn ag páistí ar léarscáileanna agus ar phleananna mórscála lena n-ullmhú chun an t-atlas a úsáid: caithfear múineadh do pháistí conas an t-eolas a bhíonn san atlas a chiallú go héifeachtúil.
Úsáidtear léarscáileanna mionscála sna hatlais a sheasann d'achair thalún agus fharraige atá réasúnta mór ach bítear i dtuilleamaí an-chuid teibíochta chun é seo a thabhairt i gcrích. Cé gur féidir imchruthanna inaitheanta d'fhoirgnimh agus de shráideanna a thaispeáint ar léarscáil mhórscála amhail plean 1:1,000 den dúiche máguaird, bítear ag brath ar phonc cruinn amháin chun ceantar uirbeach a léiriú ar léarscáil atlais.
Déantar an-chuid eolais a chrapadh isteach i léarscáil amháin atlais freisin: mar shampla, is iondúil go bhfaightear gnéithe nádúrtha mar aibhneacha agus shléibhte, ceantair uirbeacha agus naisc iompair ar an aon léarscáil amháin. Fiú nuair a thaispeántar gnéithe polaitiúla agus nádúrtha ar léarscáileanna áirithe léirítear earnálacha difriúla gnéithe orthu trí mheán stíleanna éagsúla cló,agus go minic cuirtear na focail i gcló an-ghar dá chéile. Tig leis an dath a úsáidtear chun airde a léiriú ar léarscáileanna fisiceacha cur leis an mearbhall chomh maith. Mar shampla, ós rud é gurb ionann ag an bpáiste dath uaine agus ceantair thorthúla d'fhéadfaí a shamhlú dó/di go bhfuil cuid mhór den Saharaclúdaithe le fásra uaibhreach.
Ag roghnú agus ag úsáid atlas
Ba chóir na saincheisteanna seo a leanas a chur san áireamh nuair a bhíonn atlais á roghnú agus á n-úsáid:
- ba chóir atlais ina bhfuil na léarscáileanna pulctha le mioneolas a sheachaint
- bíonn páistí in ann teacht ar an eolas i léarscáileanna atlais i bhfad níos éasca má úsáidtear cló soiléir soaitheanta do na litreacha
- ba chóir go mbeadh an eochair eolais le feiceáil ar gach leathanach seachas í a bheith i roinn speisialta ag tús an atlais amháin
- cabhróidh léarscáileanna 'ar nóscruinneoige' den domhan agus léarscáileanna satailíte (maille le teilgin eile de léarscáil an domhain) leis an bpáiste léirthuiscint a fháil ar na naisc atá idir léarscáileanna atlais agus an chruinneog
- tá atlais mhórchrutha nó 'mhórleabhair' ar fáil do na naíonáin agus do na bunranganna. Is féidir anúsáid a bhaint astu seo i díospóireachtaí grúpa le páistí óga
- tá atlais áirithe ar fáil a bhfuil trédhearcáin atá oiriúnach don osteilgeoir iontu sa chaoi go mbeidh sé níos éasca áiteanna a aimsiú agus léarscáileanna a phlé
- bíonn léarscáileanna de ghnéithe polaitiúla agus de ghnéithe fisiceacha i bhformhór na n-atlas. Bíonn an tríú saghas léarscáile (a dtugtar léarscáileanna imshaoil orthu uaireanta) i roinnt atlas, áfach, aléiríonn an fásra nádúrtha (nó a fásra nádúrtha insaothraithe) agus úsáidtear imeartas clóbhuailte faoi leith a thaispeánann airde i gcosúlacht 'rilífe'. Tig leis na léarscáileanna seo tuairim i bhfad níos fearr a thabhairt do na daltaí faoin bhfíorchosúlacht a bhíonn ar dhromchla na talún agus ba chóir iad a chur san áireamh nuair a bhíonn atlas á cheannach
- léirítear domhanleithead agus domhanfhad ar gach léarscáil atlais ach má úsáidtear córas eangaí simplí, mar eangach alfauimhriúil, beidh teacht i bhfad níos éasca ag na páist íar ábhar na léarscáileanna. Ba chóir go mbeadh an córas seo in úsáid in
innéacs an atlais chomh maith, mar aon le domhanleithead agus domhanfhad, b'fhéidir - ba chóir go mbainfeadh an páiste bunscoile feidhm as atlais mar ghnáthghléas tagartha. Tagann logainmneacha i gceist go minic, i ndíospóireachtaí agus i saol na scoile araon. Tiocfaidh siad i gceist i gcomhthéacsanna mar mhíreanna nuachta bheith á gcíoradh, cuairteoirí bheith ag teacht chun na scoile, airgead bheith á bhailiú do charthanais a shaothraíonn thar lear nó dalta bheith ag imeacht go dtí scoil eile. Cuireann na hócáidí seo deiseanna ar fáil chun dul i muinín an atlais agus suíomh na háite a chlárú ar léarscáil mhór bhalla. Uaireanta ní bheifear in ann an suíomh áirithe a bhíonn i gceist a aimsiú ar na hatlais bhunscoile toisc a scáinte a bhíonn na sonraí orthu. Is féidir sochar a bhaint as seo féin, áfach, óir is léiriú é ar an roghnaíocht a chleachtar sna hatlais. Tharlódh go gcaithfí breathnú in atlas níos mionchruinne nó in atlas leictreonach a bheadh ar fáil ar dhlúthdhiosca
- go minic cinneann ar pháistí a thuiscint nach mbíonn sna léarscáileanna mórscála a úsáideann siad le haghaidh staidéar áitiúil ach míreanna de na léarscáileanna a bhíonn ina gcuid atlas. Ní bhíonn aon léarscáil sna hatlais a mbíonn scála sách mór aici chun go bhféadfaí í a úsáid i staidéar ar an dúiche máguaird nó ar imshaoil chúnga eile in Éirinn agus bíonn sé riachtanach mar sin feidhm a bhaint as léarscáil 1:1,000 nó as léarscáileanna mórscála eile. Dea-chleachtas é, áfach, na páistí a spreagadh chun an ceantar a bhíonn léirithe ar léarscáil mhórscála (mar shampla an chuid de chontae a bhíonn léirithe ar léarscáil den 'Discovery Series' nó teorainneacha contae iomláin) a aithint ar léarscáileanna mionscála an atlais. Sa tslí chéanna, is féidir léarscáileanna mórscála a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar áiteanna i dtíortha eile ach ba chóir a suíomh siúd a aithint ar léarscáileanna atlais freisin
- bíonn an-éagsúlacht idir na scálaí a úsáidtear chun na léarscáileanna san atlas a tharraingt. Mar shampla, bíonn léarscáileanna na hÉireann agus b'fhéidir tíortha eile san Eoraip tarraingte de réir scála i bhfad níos mó ná léarscáileanna na hAfraice agus na hÁise. D'fhéadfadh léargas an-mhíchruinn ar an domhan agus ar mhéid réigiún éagsúil i gcoibhneas lena dtábhacht bheith mar thoradh air seo gan fhios. Is féidir é seo a leasú ar shlí trí léarscáil d'Éirinn (nó den Eoraip) agus é tarraingte de réir scála na príomhléarscáile a chur isteach i ngach leathanach
- roghnóidh a lán scoileanna atlas caighdeánach lena úsáid i ngach rang. D'fhéadfadh sé seo athrú ó leibhéal go chéile sa scoil ach bíonn an t-atlas céanna in úsáid ag na páistí go léir laistigh de gach rang. Is léir buntáistí bheith ag baint leis seo ó thaobh obair ranga agus díospóireachta de ach ní gá na páistí bheith i dtuilleamaí atlais amháin. Má bhíonn teacht acu ar atlais éagsúla beidh ar a gcumas léirithe difriúla den cheantar céanna a chur i gcóimheas. Is féidir ceisteanna a tharraingt anuas faoi na nithe atá léirithe in atlas amháin ach atá ar iarraidh ón atlas eile. Beidh tionchar tábhachtach aige seo ar dhearcadh an pháiste ar atlais. Uaireanta ceapann páistí nach mbíonn áit nó gné ann mura mbíonn sí léirithe san atlas ach má bhíonn deis acu léarscáileanna a chur i gcóimheas is fearr a thuigfidh siad go mbaineann roghnaíocht le léarscáileanna atlais.
Cruinneoga agus teilgin léarscáile
Is í an chruinneog an léiriú is cruinne ar an domhan. Bíonn íomhánna den domhan a ghlactar ón spás coitianta anois i leabhair, i bpictiúir agus ar an teilifís sa chaoi go bhfuil páistí atá óg go maith i dtaithí ar nádúr sféarach an phláinéid. Ba chóir go léireofaí an t-eolas seo in obair thíreolaíoch na bunscoile agus ba chóir go mbeadh teacht ag páistí ar chruinneoga go réidh ó na blianta tosaigh ar scoil dóibh. Uaireanta ní bhaintear dóthain úsáide as cruinneoga agus téitear i muinín léarscáileanna nuair a thabharfadh cruinneog tuairim i bhfad níos réalaífaoi shuíomh coibhneasta áiteanna agus faoi thábhacht agus mhéid tíortha agus cheantar eile i leith a chéile.
Tá raon fairsing cruinneog ar fáil, iad déanta d'ábhair éagsúla agus de réir scálaí éagsúla, agus rianaítear sa churaclam conas is ceart iad a úsáid ag gach aon leibhéal den scoil.
Ag roghnú agus ag úsáid cruinneog
Caithfear na saincheisteanna seo a leanas a chur san áireamh nuair a bhíonn cruinneoga á roghnú agus á n-úsáid:
- amhail léarscáileanna, tig le cruinneoga ranna polaitiúla, gnéithe nádúrtha nó gnéithe tírdhreacha agus imshaoil a léiriú. Dála na léarscáileanna, caithfear buneolas a thabhairt do na páistí ar na samhailchomharthaí (mar línte agus dathanna) a úsáidtear ar an gcruinneog. Baineann an tábhacht chéanna le soiléireacht an chló agus na ngnéithe eile a pléadh thuas i dtaca le léarscáileanna. Tá sé riachtanach go mbeadh líon teoranta sonraí ar na cruinneoga sa chaoi go ligfí don pháiste teacht ar bhuneolas tíreolaíoch gan dua
- uaireanta bíonn dromchla na cruinneoige múnlaithe d'fhonn sliabhraonta agus ísealchríocha a chur in iúl trí rilíf (achair chrochta agus logáin) a úsáid. Bíonn a lán de na buntáistí céanna acu seo agus a bhíonn ag na léarscáileanna imshaoil a pléadh sa mhír roimhe seo
- dála na n-atlas, tá sé tábhachtach go mbeadh teacht ag na páistí ar raon cruinneog. Níor chóir an tuiscint bheith ag páistí go bhfuil an domhanclúdaithe leis an manglam dathanna a bhíonn le feiceáil ar chruinneog a léiríonn na teorainneacha polaitiúla. Tá sé den tábhacht go n-úsáidfí cruinneoga a thaispeánann gnéithe nádúrtha agus de thoradh raon cruinneog a chur i gcóimheas ba chóir go bhfeicfeadh an páiste freisin gur baineadh leas maith as roghnú nuair a bhí siad á dtógáil.
Ag úsáid cruinneog: scileanna atá rianaithe sa churaclamdo na naíonáin - éirí feasach ar chruinneoga mar mhionsamhlacha den Domhan
do ranganna 1 agus 2 - talamh agus muir a aithint ar léarscáileanna agus ar chruinneoga
- léarscáileanna d'Éirinn agus an chruinneog a úsáid chun feasacht faoi áiteanna eile a fhorbairt
do ranganna 3 agus 4 - príomhghnéithe tíreolaíocha a aithint agus áiteanna a aimsiú ar an gcruinneog
do ranganna 5 agus 6 - léarscáileanna, cruinneoga, grianghraif aerga, grianghraif ó shatailít agus íomhánna cianbhraite eile a chur i gcóimheas
- príomhlínte domhanleithid agus domhanfhaid a aithint ar an gcruinneog
- an Meánchiorcal, Trópaic an Phortáin agus Trópaic an Ghabhair, an Ciorcal Artach agus an Ciorcal Antartach, Fadlíne Greenwich, an Líne Dáta Idirnáisiúnta, domhanleithead agus domhanfhad na hÉireann
- roinnt feasachta faoi fhadhbanna a bhaineann le tógáil léarscáileanna a shaothrú
- tionchar teilgean éagsúil ar mhéid choibhneasta tíortha
tábhacht peirspictíochta agus laofachta i dtógáil léarscáileanna
|
- tá cruinneoga móra plaisteacha atá inséidte i bhfad níos saoire ná na cinn a dhéantar d'ábhar chrua agus tá siad an-oiriúnach lena n-úsáid sna ranganna naíonán agus sna bunranganna
- sna blianta tosaigh, is féidir tuiscint na bpáistí ar an gcruinneog mar léiriú ar an Domhan a chothú trí ghrianghraif ó shatailít a úsáid. Ba chóir na grianghraif, na léarscáileanna 'ar nós cruinneoige' agus na cruinneoga a scrúdú agus a phlé i dteannta a chéile
- ba chóir dul i muinín na cruinneoige go minic de réir mar a thagann áiteanna i gceist le linn díospóireachta. Sna blianta tosaigh, go háirithe, is féidir pinn le reanna feilte sonite a úsáid freisin chun suímh a aimsítear a mharcáil ar chruinneog phlaisteach. Sna meánranganna agus sna hardranganna ba chóir go gcomhlánódh an obair le hatlaisagus an obair le cruinneoga a chéile i dtreo go mbeifí ag meabhrú do pháistí de shíor nach bhfuil sna léarscáileanna ina gcuid atlas ach míreanna den chruinneog
- is féidir cruinneoga plaisteacha inséidte a úsáid i gcluichí arb é a n-aidhm eolas suímh na bpáistí a threisiú. Mar shampla, agus iad ag obair ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí beaga, déanann páiste an chruinneog a phasáil nó a rothlú go dtí páiste eile agus logainm á scairteadh amach aige/aici. Bíonn ar an nglacadóir an áit a aimsiú ar an gcruinneog sula ndéanann sé/sí an chruinneog a rothlú nó a phasáil go dtí an chéad pháiste eile
- má bhíonn teacht ag an bpáiste ar chruinneog dheisce atá réasúnta beag agus é/í á cur i gcóimheas le léarscáileanna den domhan san atlas den chéad uair cuideoidh sé leis/léi tuiscint a fháil ar na naisc atá idir an chruinneog agus léarscáileanna den domhan. Bheadh cruinneog dá leithéid ar aon scála leis na léarscáileanna san atlas agus mar sin bheadh méid na ngnéithe ar an gcruinneog agus ar an léarscáil ar aon dul go hachomair
- ba chóir an buneolas ar dhomhanleithead agus dhomhanfhad a thabhairt don pháiste ar an gcruinneog in áit na léarscáile. Cuirtear nádúr na gciorcal as a riocht go mór ar na léarscáileanna mionscála a bhíonn in atlais. Níl línte domhanleithid ar comhfhad -- is amhlaidh a théann siad i laghad de réir mar a ghluaistear ó thuaidh nó ó dheas ón Meánchiorcal -- ach ar fhormhór na léarscáileanna dealraíonn sé go bhfuil siad ar comhfhad. Ar an láimh eile, tá na línte domhanfhaid go léir ar comhfhad, gach ceann acu ag timpeallú an Domhain tríd na poil. Tagann na fadlínte go léir le chéile ag na poil ach dealraíonn sé go bhfuil siad comhthreomhar ar a lán léarscáileanna. Ina theannta sin, tá an mhatamaitic atá mar bhunús le suíomh na línte domhanleithid agus domhanfhaid thar chumas an pháiste bhunscoile.
Ar an ábhar sin, is leor go mbeadh páistí in ann roinnt de na príomhlínte domhanleithid agus domhanfhaid a aithint (de réir mar atá rianaithe sa churaclam). Beidh siad seo mar phointí tagartha ag an bpáiste de réir mar a bhíonn áiteanna eile á bplé. Mar shampla, beidh ceantair fhoraoise báistí le fáil ag an Meánchiorcal nó gar dó, beidh aeráidí níos fuaire i dtíortha atá i bhfad ón Meánchiorcal agus in aice an Chiorcail Artaigh agus tiocfaidh Fadlíne Greenwich agus an Líne Dáta Idirnáisiúnta i gceist nuair a bhíonn gluaiseachtaí an Domhain i dtaca leis an ngrian á bplé.
Ag iniúchadh teilgean léarscáile
Domhan sféarúil agus léarscáil déthoiseach
Bíonn fonn orainn go minic glacadh gan cheist leis an ábhar a bhíonn i léarscáileanna agus in atlais de bharr na húdarásachta a shamhlaímid leo. Bíonn leibhéil áirithe míchruinnis, áfach, i ngach léarscáil, toisc nach féidir nádúr sféarúil an Domhain a léiriú ach ar chruinneog. Ní bheidh tuiscint ag páistí bunscoile ar an matamaitic agus an
chéimseata a úsáideann cartagrafaithe chun an fhadhb maidir le léiriú tírdhreacha tríthoisigh ar dhromchla déthoiseach a shárú. Ba chóir, áfach, an fhadhb a chur ar a súile dóibh mar is é an toradh a bhíonn ar na réitigh a úsáidtear chun léarscáileanna inghlactha a thógáil go ndéantar andíchumadh ar ábhar na léarscáile agus ar ár ndearcadh ar an Domhan agus a chuid pobal.
Is é an bealach is fearr chun léiriú a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn le sárú nuair a bhítear ag iarraidh dromchla cruinneogach a thaispeáint ar léarscáil chomhréidh ná úsáid a bhaint as seanchruinneog phlaisteach inséidte (nó peil phléasctha ina éagmais sin). Ní bheifear in ann an chruinneog thráite a leathadh go cothrom ar dhromchla comhréidh agus is féidir a iarraidh ar na páistí réitigh a mholadh. Má ghearrtar suas an chruinneog -- feadh na línte domhanfhaid an chaoi is fearr -- beifear in ann an cruth a leacú, dála an phictiúir ar lch. 152, ach ní bheadh sé éasca léarscáil dá leithéid a úsáid.
Feasacht ar theilgin léarscáile
Chinn cartagrafaithe ar roinnt straitéisí d'fhonn léarscáileanna inghlactha a sholáthar. Féachann siad seo le fíorchruth na n-ilchríoch nó na n-aigéan a léiriú, nó fíorachar coda den Domhan, nó fíorthreo coibhneasta. Ní féidir na trí airí go léir a léiriú go cruinn ar aon léarscáil amháin, agus mar sin cuirtear cruinneas airí amháin ar ceal i ngach teilgean léarscáile i dtreo go gcuimseofar na cáilíochtaí eile a bhíonn de dhíth ar an gcartagrafaí.
Déantar cur síos anseo thíos ar mhaithe le
múinteoirí ar roinnt de na teilgin léarscáile is minice a úsáidtear. Ní thuigfidh páistí i ranganna 5 agus 6 an bunús atá le tógáil na dteilgean seo, ach ba chóir é a chur ar a súile do na páistí seo go ndearnadh teilgin éagsúla a chumadh agus go bhfuil siad go léir míchruinn ar dhóigh áirithe. Sa tslí seo ba chóir páistí a spreagadh chun bheith níos criticiúla i dtaca leis na léarscáileanna agus na híomhánna a chuirtear ina láthair i gceachtanna tíreolaíochta agus sna meáin.
Is iad seo na gnáth-theilgin léarscáile:
- teilgean Mercator: a dhear an tíreolaí Pléimeannach Gerhardus Cremer (nó Gerhardus Mercator, mar is fearr aithne air) (1512-1594). Déanann an teilgean seo, a bhíodh in úsáid ag loingseoirí, fíorthreo a chaomhnúagus is féidir cúrsaí cruinne a rianú leis trí airde an chompáis a úsáid. Léirítear línte domhanleithid, áfach, amhail is dá mbeidís ar comhfhad (ach ar ndóigh éiríonn siad níos giorra sna domhanleithid arda) agus téann an t-achar eatarthu i méid agus iad ag druidim i dtreo na bpol. Is ionann seo agus go ndéantar áibhéil ó thaobh méide ar na ceantair is faide ón Meánchiorcal (an Eoraip san áireamh). D'fhéadfaí a iarraidh ar pháistí méid na hAfraice, na Graonlainne, na hEorpa agus na hAstráile i leith a chéile a chur i gcóimheas ar an gcruinneog agus ar an teilgean léarscáile seo agus tuairimíocht a dhéanamh ansin faoin tionchar a d'fhéadfadh bheith aige seo ar an tábhacht a shamhlaímid leis an Eoraip agus an Afraic
- teilgean Peters: teilgean fíorfhairsinge é seo ar cuspóir dó a chinntiú go léirítear fiorachar coibhneastacodanna éagsúla den chruinneog go cruinn. Pléann an teilgean seo leis an áibhéil in achar ceantar mar an Eoraip a bhíonn i dteilgean Mercator, agus bíonn tóir air i gcúrsaí oideachais fhorásaigh dá bharr sin. Cuirtear méid choibhneasta na hEorpa agus na hAfraice, mar shampla, i gcóimheas ar theilgean Peters agus ar léarscáil Mercator. Mar an gcéanna, thabharfadh léarscáil i dteilgean Peters d'fhásra nádúrtha tuiscint i bhfad níos soiléire dúinn ar mhéid coibhneasta na gceantar atá clúdaithe le foraois bháistí, tundra, fásach, féarthalamh mheasartha, srl. Cé go mbaintear an cruinneas seo ó thaobh achair amach, bíonn cruth gnéithe éagsúla thíos leis, rud a léireofar má chuirtear i gcóimheas leis an gcruinneog iad
- teilgean Mollweide: teilgean fíorfhairsinge é seo ar dhéanamh éilips a dhear Karl Mollweide (1774- 1825). Bíonn na scálaí feadh an Mheánchiorcail agus na línte domhanleithid eile tairiseach agus mar sin léirítear cruth na n-ilchríoch níos cruinne ná mar a dhéantar ar theilgean Peters. Bíonn ceantair imeallacha na léarscáile as a riocht, áfach, agus bíonn roinnt díchumtha sa cheantar Meánchriosach freisin. Má thograítear fadlíne láir na léarscáile seo a chur sa cheantar is mó spéise is féidir na torthaí is measa ar an díchumadh seo a sheachaint ach beidh codanna imeallacha na léarscáile díchumtha a bheag nó a mhór i gcónaí
- teilgean Gall: féachann an léarscáil seo le comhréiteach a dhéanamh idir fíorchruth agus fíorachar agus úsáidtear go minic i scoileanna é. Is dócha gurb é seo an teilgean is fearr do ghnáthúsáid sa seomra ranga ach tá sé tábhachtach go dtuigfeadh páistí nach bhfuil sé cruinn amach is amach.
A | B |
C | D |
| Teilgin léarscáile dhomhanda: A -- teilgean Mercator, B -- teilgean Peters, C -- teilgean Mollweide, D -- teilgean Gall. Tig le páistí suímh, cruthanna ceantar agus a méid coibhneasta a chur i gcóimheas agus i gcodarsnacht ar na léarscáileanna agus ar an gcruinneog. Déanfar na deacrachtaí a bhíonn le sárú nuair a bhíonn sféar á léiriú ar léarscáil a shoiléiriú go mór agus ba cheart go mbeadh sé follasach gurb é nádúr léarscáileanna bheith dírialta. |
Is minic a thagraíonn scríbhneoirí go háirithe iad siúd ar spéis leo
an t-oideachas ar fhorbairt, don chleachtas mar a ndéantar léarscáileanna den domhan a lárú ar an mBun-fhadlíne sa chaoi go ndealraíonn sé go bhfuil an Eoraip i lár an domhain. Deirtear go bhféadfadh dearcadh 'Eoraip-lárnach' bheith mar thoradh air seo go neamhchomhfhiosach. Más fíor bréag é seo, is féidir an cheist a léiriú do pháistí ach léarscáileanna eile a thaispeáint dóibh amhail na cinn a úsáidtear i scoileanna Mheiriceá (ina mbíonn ilchríoch Mheiriceá i lár báire go hiondúil) agus na cinn a úsáidtear i scoileanna Astrálacha (ina mbíonn an léarscáil láraithe ar an Aigéan Ciúin). De thoradh díospóireachta faoi na léarscáileanna seo d'fhéadfadh na páistí tuairimí a nochtadh faoi cén fáth a n-úsáidtear na socruithe éagsúla seo agus cé acu a dtéann siad i gcion ar an tuairim a bhíonn againn faoinár n-áit féin agus faoi imshaoil daoine eile.