Primary Schools

Ag foghlaim faoi áiteanna eile

Dearcadh níos leithne

Cuid bhunúsach den oideachas tíreolaíochta is ea foghlaim faoi dhaoine agus áiteanna lasmuigh den gharthimpeallacht. Freastalaíonn an tíreolaíocht ar fhiosracht nádúrtha an pháiste faoi imshaoil ilghnéitheacha an domhain. Tar éis don pháiste staidéar a dhéanamh ar shaol agus imshaoil daoine eile bíonn ar a c(h)umas na gnéithe agus na daoine aonair a bhíonn le fáil ina (h)áit agus ina p(h)obal féin a chiallú agus a léirthuiscint níos fearr.

Saibhrítear agus atreisítear coincheapa tíreolaíocha nuair a aithnítear in áiteanna eile roinnt de na patrúin agus de na gnéithe coitianta ar thángthas orthu i dtosach san imshaol áitiúil. Is féidir an sruth áitiúil a chur i gcóimheas leis an abhainn mhór; gluaiseann daoine ó áit go háit trí bhíthin na modhanna céanna ach bíonn cuspóirí an-difriúla acu.Tá feidhm níos bunúsaí fós leis an ngné seo den churaclam tíreolaíochta in oideachas an pháiste, áfach. De réir mar a dhéanann páistí staidéar ar dhaoine agus ar imshaoil ina dtír féin agus in áiteanna eile ar fud an domhain tig leo tuiscint eolach a ghnóthú ar shaol, ar chúraimí agus ar dhearcadh daoine eile. Tharlódh go gcuirfí dúshlán faoina bhfoshuímh agus a ndearcadh agus go gcothófaí meas iontu ar dhaoine a bhfuil cúlraí ilghnéitheacha cultúrtha, eitneacha, sóisialta agus eile acu. Saothrófar feasacht faoi chomhspleáchas phobail an domhain agus a gcomhfhreagracht as an imshaol domhanda ina gcónaíonn siad. Gléasann an tíreolaíocht páistí le bheith ina rannpháirtithe eolacha gníomhacha sa teaghlach domhanda.

Cad iad na háiteanna a bhfoghlaimeoidh na páistí fúthu?

Tá an curaclam tíreolaíochta leagtha amach ar bhealach chun deimhin a dhéanamh de go bhfoghlaimeoidh páistí faoi áiteanna atá lasmuigh dá dtaithí dhíreach ó na blianta tosaigh sa bhunscoil. Soláthraíonn an t-aonad 'Daoine agus áiteanna i gceantair eile', atá sa chlár do na naíonáin agus do ranganna 1 agus 2, deiseanna chun gnéithe de shaol daoine in áiteanna in Éirinn agus i dtíortha eile a iniúchadh. Go minic tiocfaidh na gnéithe, na háiteanna agus na tíortha a úsáidtear i gceist i gcomhthéacsanna foghlama eile, mar shampla nuair a bhíonn na páistí ag cur bailte nó bia in áiteanna éagsúla i gcóimheas in aonaid eile, nuair a bhíonn mír a gcuireann páiste spéis phearsanta inti á plé le linn comhrá ghinearálta nó nuair a luaitear logainm le linn scéalaíochta. Cuirfidh obair théamach deiseanna ar fáil freisin chun an saol in a lán áiteanna in Éirinn agus i dtíortha eile a iniúchadh.

Tá riachtanais an churaclaim do na meánranganna agus do na hardranganna níos léire. Ba chóir do pháistí i ranganna 3 agus 4 agus i ranganna 5 agus 6 staidéar a dhéanamh ar cheantar in Éirinn atá i gcodarsnacht lena n-imshaol dúchais, ar imshaol i dtír Eorpach agus ar cheann in ionad nach bhfuil san Eoraip. Gheofar tuilleadh éagsúlachta agus raon níos mó próiseas agus gnéithe tíreolaíocha má úsáidtear sraith amháin suíomh sna meánranganna agus sraith eile sna hardranganna. Tugtar faoi deara freisin gur chóir ceann amháin ar a laghad de na himshaoil nach san Eoraip iad a ndéantar staidéar air bheith i dtír atá i mbéal forbartha geilleagraí.

Príomhcheisteanna faoi áiteanna eile

Díreach mar a bhíonn sealbhú eolais, scileanna agus dearcadh i gceist in iniúchadh an pháiste ar an imshaol áitiúil, ba chóir go dtabharfadh an fhoghlaim faoi áiteanna eile ar an bpáiste bheith páirteach i raon gníomhaíochtaí arb iad ceistiú agus imscrúdú a sainchomharthaí. Tá príomhcheisteanna na tíreolaíochta (féach lch 68) a úsáidtear le haghaidh staidéar áitiúil fóirstineach chomh maith nuair a bhíonn staidéar á dhéanamh ar cheantair eile, agus is féidir feidhm a bhaint astu chun creatlach a sholáthar do phleanáil an mhúinteora agus do thionscadail agus d'fhiosruithe na bpáistí. Is é tábhacht na gceisteanna seo ná an meon a léirítear trí shamplaí iontu: cur chuige a leagann béim ar fhiosrú, ar imscrúdú agus ar chomparáid chriticiúil in áit cuntais ar shuímh andúchasacha bheith á gcur de ghlanmheabhair.

Nuair a iniúchann páistí an saol in áiteanna eile in Éirinn agus i dtíortha eile trí staidéar a dhéanamh ar shuímh a bhíonn roghnaithe go cúramach tugtar deiseanna níos fearr dóibh scileanna tíreolaíocha a fhorbairt agus comparáid a mbaineann tuiscint léi a dhéanamh lena ndúiche féin. Ní miste a mheabhrú chomh maith, áfach, gur chóir na himshaoil go léir a ndéantar staidéar orthu a cheangal go dlúth leis na comhthéacsanna leathana ina bhfuil siad suite: ba chóir suíomh na dúiche agus an chaoi a bhfuil sí nasctha leis an gcontae, an réigiún agus an tír bheith ina chuid den staidéar áitiúil, agus ba chóir é seo bheith amhlaidh freisin i gcás an imshaoil Éireannaigh eile agus na gceantar a roghnaítear i dtíortha eile. Bainfear úsáid go minic as atlais, léarscáileanna agus cruinneoga nuair a bhíonn gach gné d'imshaoil eile á hiniúchadh agus beidh úsáid léarscáileanna mórscála de na ceantair a mbíonn staidéar á dhéanamh orthu ina ghné den obair seo freisin.

Dearcadh páistí ar an domhan

Ceann de na dúshláin is mó a bhíonn le sárú ag múinteoirí agus daltaí san obair seo is ea na tuairimí réamhcheaptha a bhíonn againn faoi dhaoine agus áiteanna eile. Bíonn páistí de shíor ag sealbhú eolais faoin domhan sula dtagann siad ar scoil agus fad a bhíonn siad ar scoil. Uaireanta is trí thaithí dhíreach a dhéanann siad é seo, amhail cuairteanna ar bhailte a ngaolta, turais siopadóireachta chuig bailte móra nó cuairteanna agus tréimhsí saoire in áiteanna in Éirinn agus lasmuigh di. Faigheann páistí go leor dá gcuid eolais faoin domhan go hindíreach ón teilifís agus ó fhíseáin, ó leabhair agus ó ghreannáin, ó fhoinsí leictreonacha agus ó thuairiscí daoine eile sa teaghlach. Soláthraíonn an t-eolas seo go léir foinse saibhir a dtig leis an múinteoir leas a bhaint as le linn díospóireachta, ach beidh air/uirthi roinnt den dearcadh agus den mhíthuiscint a bhíonn gnóthaithe ag na páistí a chealú, é siúd a bhaineann le daoine i dtíortha eile go háirithe.

Cuireann an teilifís go háirithe íomhánna an-chumhachtacha i láthair páistí. Is cosúil gur ó shraithscéalta agus ó fhógraíocht in áit cláir nuachta nó scannáin fhaisnéise a thagann cuid mhór den eolas faoi áiteanna i gcéin a fhaigheann páistí ón teilifís. Tig leo seo léargas neamhiomlán nó bréagach a thabhairt ar áiteanna agus ar shaol na ndaoine a chónaíonn iontu. Toisc go gcaithfidh an fhógraíocht teachtaireachtaí a chur i gcéill san achar ama is lú, braitheann sí go minic ar íomhánna buanchruthacha agus is é iarmhairt an mheáin seo go súitear na híomhánna seo isteach go réidh. Mar

sin, d'fhéadfadh daltaí eolas neamhiomlán nó mícheart faoin domhan agus dearcadh claonta ar dhaoine eile a bhreith leo chun na scoile.

Ní ceart a chur i gcás ach oiread go mbíonn an seomra ranga saor ó laofacht. D'fhéadfadh a lán de na leabhair agus na hacmhainní a thugaimid le húsáid do na páistí dearcadh buanchruthach ar an domhan a threisiú, go neamh-chomhfhiosach b'fhéidir. Mar shampla, faigheann a lán páistí uirbeacha tuiscint ar an bhfeirmeoir agus ar a c(h)uid oibre a bhíonn míréalaíoch amach is amach as leabhair scéalta áirithe nó ó phearsana cartúin agus, uaireanta, de bharr cuairteanna ar fheirmeacha áirithe a thugann léargas idéalaithe ídileach. Seachnaíodh múinteoirí an saghas ceachta nó leabhair a bhíodh coitianta tráth inar samhlaíodh nósanna maireachtála páistí i dtíortha forásacha bheith tuathúil, iargúlta, simplí agus traidisiúnta i gcónaí. Ní ceart ach oiread aithne a chur ar áitritheoirí tíortha forásacha de réir an bhairr mhargaidh a sholáthraíonn siad don domhan forbartha: ní díreach chun tae a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann atá na Céiniaigh ann! Caithfidh múinteoirí agus páistí róshimpliú agus ginearálú dochosanta a sheachaint: fadhb phráinneach is ea an bhochtaineacht i gcathracha san India ach níl an India uile bocht neamhfhorbartha; d'fhéadfadh dálaí maireachtála agus leibhéil teicneolaíochta nach mbeadh daoine san Eoraip sásta a fhoighneamh bheith lánoiriúnach do riachtanais agus do struchtúir shóisialta pobal tuaithe san Afraic (agus d'fhéadfadh pobail dá leithéidí luachanna sóisialta inmhaíte a léiriú nach mbíonn le fáil go minic i dtíortha forbartha).

Ar an ábhar sin ba chóir an staidéar ar shaol daoine i dtíortha eile bheith bunaithe ar shuímh, ar dhaoine ar leith, ar theaghlaigh agus ar phobail inaitheanta. Dhealródh sé go gcuirfeadh sé seo teorainn leis an bhfoghlaim faoi na tíortha a bheadh i gceist ach is é is dóichí gur léargas níos údaraí ar an saol san áit áirithe sin a bheadh mar thoradh air agus, má roghnaítear na samplaí go cúramach, ba chóir go bhfaighfí léargas réasúnta tipiciúil ar shaol na háite sin.

Cineálacha cur chuige a bheadh inúsáidte

Is féidir na moltaí seo a leanas a úsáid nuair a bhíonn staidéar á dhéanamh ar áiteanna lasmuigh den dúiche máguaird. Is féidir formhór na dteicníochtaí a oiriúnú do gach leibhéal cumais agus aoise nach mór agus cur leo le cineálacha eile cur chuige, amhail rólaithris agus drámaíocht, agus le hobair théamach thraschuraclaim.

Dul ag breathnú ar áiteanna eile in Éirinn

D'fhéadfadh go mbeadh ar chumas na bpáistí dul ag breathnú ar an imshaol codarsnach in Éirinn a roghnaíodh le haghaidh staidéir, ach é bheith suite go háisiúil, agus foghlaim faoina ghnéithe trí mheán imscrúdaithe agus fiosraithe. Ní féidir a leithéid de thaithí dhíreach ar an imshaol a shárú agus fiú murar féidir ach cuairt amháin a thabhairt ba cheart an deis a thapú. Is féidir roinnt de na cineálacha eile cur chuige a bhfuil cur síos orthu sa mhír seo a úsáid nuair a bhítear ag ullmhú chun na cuairte agus ag cur clár iaroibre i bhfeidhm, agus tá moltaí ar fáil sna míreanna roimhe seo 'Ag eagrú oibre lasmuigh', 'Ag imscrúdú imshaol daonna' agus 'Ag imscrúdú imshaol nádúrtha' a sholáthróidh comhairle faoi ghníomhaíochtaí foghlama oiriúnacha a bheadh inúsáidte le linn na cuairte.

Maingíní grianghraf agus maingíní acmhainní

Nuair is léir nach féidir dul ag breathnú ar áit chun é a iniúchadh is féidir maingíní grianghraf agus maingíní acmhainní a úsáid chun a chur ar chumas páistí foghlaim faoi áit eile agus roinnt ar a laghad de na modhanna imscrúdaithe a shaothraigh siad sa cheantar áitiúil á n-úsáid acu. Grianghraif mhóra de ghnéithe san imshaol, a ghlactar ó pheirspictíocht aerga agus talún go minic, a bhíonn sna maingíní grianghraf. Cuimseoidh an dea-mhaingín raon leathan ábhar, ar a n-áirítear gnéithe nádúrtha agus daonna agus a lán gnéithe de shaol na ndaoine.

Tig leis na páistí imprisean a fháil den áit agus dá shainghnéithe agus mionchomparáid a dhéanamh idir é agus an saol ina gceantar féin agus iad ag baint feidhme as riar de na pictiúir seo. D'fhéadfaidís na gnéithe agus na himeachtaí sna pictiúir a aithint; mar obair bhreise, d'fhéadfaidís a bhfuil sna pictiúir a chur i gcóimheas chun tuiscint do na contrárthachtaí agus na cosúlachtaí laistigh de cheantar a
shealbhú. D'fhéadfaidís freisin a bhfuil sna pictiúir a chur i gcóimheas lena n-eispéiris ina n-imshaol féin agus na cosúlachtaí agus na difríochtaí a thabhairt faoi deara.

Bíonn raon níos leithne ábhar sna maingíní acmhainní. De ghnáth bíonn grianghraif mar chuid den mhaingín ach bíonn raon fairsing nithe in éineacht leo seo: léarscáileanna ar scálaí éagsúla (níorbh fholáir roinnt léarscáileanna mórscála cosúil leis na cinn a úsáideadh le haghaidh staidéir áitiúil bheith ina measc seo), leabhráin eolais faoin gceantar, cóipeanna de chláir ama, nuachtáin, biachláir, póstaeir agus fógraí, stampaí poist agus cártaí teileafóin, airgeadra áitiúil, agus samplaí d'éadach nó d'earraí a rinne na daoine atá léirithe san ábhar.

Is í an aidhm chéanna atá leis an ábhar seo agus atá leis na maingíní grianghraf: deis a thabhairt don mhúinteoir agus do na páistí taithí a fháil ar ghnéithe den saol i gceantar eile; an bunábhar a sholáthar a chuirfidh ar chumas na bpáistí ceisteanna a chur, taighde a dhéanamh, comparáidí a dhéanamh, eolas a bhaint as agus a chur i láthair i riocht graf, cairteacha, léarscáileanna agus cuntas scríofa; agus tátal a bhaint as raon ilghnéitheach fianaise. Mar shampla, a lán de na ceisteanna a imscrúdaíonn páistí agus iad ag déanamh staidéir ar bhailte agus fhoirgnimh i gceantar uirbeach gar don scoil, d'fhéadfaidís tabhairt fúthu freisin i gcás imshaoil i dtír eile agus grianghraif á n-úsáid acu. D'fhéadfaí léarscáileanna agus grianghraif a chomhghaolú freisin i dtreo go n-aithneofaí an t-amharcphointe i ngach grianghraf. D'fhéadfaí léarscáileanna agus cláir ama a úsáid chun turais a phleanáil. Murab ionannn agus téascleabhair, cuireann na maingíní acmhainní ar chumas an mhúinteora raon na nithe a úsáidtear a chur in oiriúint do riachtanais agus chumas a c(h)uid daltaí nó don téama a mbíonn an rang ag déanamh staidéar air san am i láthair.

Tá maingíní grianghraf agus maingíní acmhainní ar fáil do roinnt suíomh, cinn taobh amuigh den Eoraip den chuid is mó, toisc gurbh iad na gníomhaireachtaí um fhorbairt is túisce a thiomsaigh na maingíní seo. Tá an raon atá ar fáil ag dul i méid, áfach. Go minic bíonn eolas tacaíochta don mhúinteoir sna maingíní agus moltaí faoi mar a d'fhéadfaí na hábhair a úsáid. B'fhéidir do chuid acu craoltaí scoile a chomhlánú freisin. Is beag maingín dá leithéid atá ar fáil do shuímh in Éirinn faoi láthair ach bheadh ar chumas múinteoirí, b'fhéidir, cuairt a thabhairt ar an gceantar a bheadh faoi scrúdú, grianghraif a ghlacadh, agus nithe a chuirfí isteach i maingín den chineál seo a chnuasach. Beidh sé de bhua ag na maingíní seo go mbeidh an múinteoir in ann a dtábhacht a shaibhriú trí chuntas ó bhéal a thabhairt ar a c(h)uairt chuig an gceantar.

Úsáid físeán

Is féidir cur go mór le staidéar ar dhúichí ar leith trí fhíseáin a úsáid. Is féidir iad a úsáid chun fiosracht na bpáistí a spreagadh, fairsingíonn siad a gcuid suime agus tig leo iarracht de thuiscint d'áit a bhíonn i gceantar eile a chur in iúl go han-éifeachtach. Ní hamháin go dtugann siad léargas ar chosúlacht áite. Is féidir leo freisin fuaimeanna na háite a chur in iúl agus tugann siad cuimse mioneolais faoin dóigh a maireann, a n-oibríonn agus a dtaistealaíonn muintir na háite sin agus faoi gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad lena n-imshaol. Tá raon fairsing físeán ar fáil. Is féidir feidhm a bhaint as leaganacha taifeadta de chraoltaí scoile freisin.

Caithfidh an múinteoir físeáin a bhreathnú roimh ré má tá sé/sí chun úsáid rathúil a bhaint as an meán seo. Ba chóir leibhéal na teanga agus an dóigh a comhlánaíonn an físeán aidhmeanna na hoibre a bhíonn idir lámha a chur san áireamh. Go minic, ní bheidh ach cuid den fhíseán oiriúnach nó ábhartha agus beifear in ann í seo a roghnú roimh an gceacht. Toisc eolas bheith ag an múinteoir ar an ábhar beidh ar a c(h)umas na daltaí a ullmhú i gceart, an comhthéacs a shocrú agus téarmaí coimhthíocha ar bith a mhíniú roimh ré. Cuideoidh sé freisin le breathnú na bpáistí má threoraítear iad le súil in airde bheith acu le míreanna áirithe eolais nó le deiseanna chun measúnuithe nó breitheanna áirithe a thabhairt. D'fhéadfaí iad seo a chomhshnaidhmeadh leis an díospóireacht iarbhreathnaithe agus i gcásanna áirithe níor mhiste breathnú ar an téip athuair agus fráma ar leith a phlé (an cnaipe moillithe a úsáid).

Nuair a bhíonn físeáin á meas agus á gceannach ba chóir a chur san áireamh (a) cé chomh maith is a luíonn siad leis an staidéar ar dhúichí i bplean tíreolaíochta na scoile, (b) líon agus cáilíocht na moltaí le haghaidh iaroibre (c) na hábhair tacaíochta a sholáthraítear in éineacht leis an bhfíseán agus (d) an fáil atá ar mhaingíní grianghraf, mhaingíní acmhainní, dhlúthdhioscaí agus ábhair theagaisc eile atá bainteach leis an bhfíseán.

Is fiú a mheabhrú freisin gur féidir le baill teaghlach a bhfuil cónaí orthu thar lear cuidiú a thabhairt, má bhíonn siad toilteanach, ceisteanna na bpáistí a fhreagairt tríd an bpost nó an
ríomhphost agus bheadh cuid acu in ann grianghraif, léarscáileanna áitiúla agus nithe eile a sholáthar.

Scéalaíocht

Tá an scéalaíocht ar cheann de na cineálacha cur chuige is ildánaí agus is úsáidí i dteagasc na tíreolaíochta. Sealbhaíonn an páiste roinnt dá chéad choincheapa tíreolaíochta trí bheith ag éisteacht le scéalta agus ag léamh scéalta faoi dhaoine ón gcomharsanacht agus ó cheantair eile agus trí bheith ag scrúdú na léaráidí a ghabhann leo: ainmneacha foirgneamh agus gnéithe eile, tuiscint d'áit atá éagsúil lena (h)imshaol féin, ciall do bhaile, d'fhothain, d'obair agus d'fhóillíocht, do thionchar feiniméan aimsire ar shaol na ndaoine. Oireann a lán scéalta freisin d'fhorbairt scileanna tíreolaíocha: is féidir scéalta faoi thurais, ó thurais shimplí chun na scoile nó go dtí an siopa, go dtí eachtraí thar achair fhada a bhfuil cur síos orthu in úrscéalta, a úsáid le haghaidh obair mhapála, líníochta agus sceitseála.

Déantar plé cuimsitheach ar an gcumas atá sa scéalaíocht ar thuiscint d'áit agus d'am atá difriúil le taithí an léitheora a chur i gcéill maille le comhairle faoi conas is féidir scéalta a úsáid sa seomra ranga in Treoirlínte do Mhúinteoirí don Stair. Tá an scéalaíocht fíorluachmhar i dteagasc na tíreolaíochta toisc an tslí inar féidir léi samhail intinne d'áit a cheapadh, samhail a chuimsíonn ní hamháin na sonraí de ghnéithe agus de nithe in imshaol ach meon áite chomh maith. Tá sé de chumas uathúil sa scéalaíocht go ligeann sí dúinn léargas daoine eile a thuiscint, ionbhá bheith againn lena ndála agus dúshlán a chur faoinár ndearcadh féin.

Tá treoir fhíorluachmhar maidir le húsáid scéalta i gceachtanna tíreolaíochta maille le leabharliosta de scéalta oiriúnacha le fáil in Place in Story-Time le Heather Norris Nicholson (Geographical Association, Sheffield, eagrán leasaithe, 1996).

Cuairteoirí, cairde agus gaolta

D'fhéadfadh deiseanna bheith ann ó am go chéile le daoine a chónaíonn nó a shaothraíonn sa cheantar a bhíonn faoi staidéar teacht chun cainte leis na páistí mar gheall air. Tharlódh go dtiocfadh duine de ghaolta dalta agus cónaí air/uirthi in áit eile in Éirinn nó thar lear abhaile ar saoire. Bíonn gaolta ag a lán Éireannaigh a chónaíonn thar lear, i dtíortha forbartha agus i dtíortha forásacha, agus bheadh cuid acu sásta labhairt leis an rang, b'fhéidir. Tharlódh go mbeadh carthanais a thugann cabhair thar sáile agus gníomhaireachtaí um fhorbairt in ann cainteoirí a chur ar fáil freisin.

Tig le cainteoirí as ceantair eile an staidéar a bhíonn á dhéanamh ag na daltaí ar áit atá i bhfad i gcéin a dhéanamh an-réadúil, ach bíonn anchuid ullmhúcháin chúramaigh i gceist sa mhodheolaíocht. Tugtar mionchomhairle faoi chonas cuairt chainteora a eagrú in Treoirlínte do Mhúinteoirí don Stair.

Nuacht agus cúrsaí reathaMurar féidir le páistí dul ag breathnú ar shuíomh i bhfad i gcéin b'fhéidir gurb é an chéad rud eile is fearr ná cuireadh a thabhairt do dhuine as an áit sin teacht go dtí an seomra ranga!

Is minic a chuireann míreanna nuachta -- tuairiscí pearsanta faoi eachtraí agus thurais i saol na ndaltaí agus na eachtraí móra a thuairiscítear sna mórmheáin chumarsáide -- deiseanna tíreolaíocha ar fáil. Ba chóir leas a bhaint as an spéis a ghineann na heachtraí seo: d'fhéadfaí na háiteanna a bhíonn i gceist a aithint agus a lipéadú ar léarscáil bhalla agus gearrtháin a mbeadh grianghraif d'fheiniméin nádúrtha nó d'eachtraí daonna iontu a bhaint as na nuachtáin. Bíonn láithreáin ghréasáin ag a lán nuachtán agus d'fhéadfadh páistí an ríomhaire a úsáid chun teacht orthu d'fhonn eolas breise a fháil. Níor mhiste na páistí a ghríosú chun pobal, aeráid agus gnéithe eile na n-áiteanna a bhíonn faoi thrácht a imscrúdú a thuilleadh. Nuair a bhíonn an páiste ag déanamh amach conas a rachadh duine chuig an áit (agus cén t-achar ama a thógfadh an turas), cuidíonn sé seo leis/léi na faideanna agus na suímh a bhíonn i gceist a shamhlú.

Tionscadail

Gné choitianta d'obair ranganna bunscoile le roinnt blianta anuas is ea tionscadail agus is dóigh fhiúntach iad le páistí bheith gníomhach ina gcuid foghlama féin. Lena chois sin, tá siad i gcomhréir leis an treise atá á cur sna curaclaim theanga anois ar scríobh do lucht léite, ar dhréachtú agus athdhréachtú agus ar thalann an dalta chun scríbhneoireachta a chothú. D'fhéadfadh meathlú teacht ar a lán den obair thionscadail, áfach, pé acu grúpaí nó páistí aonair a bheadh ina bun, agus gur beag a bheadh inti seachas ailt eolais bheith á n-athscríobh gan tuiscint as ciclipéid agus leabhair thagartha nó sleachta a roghnófaí as dlúthdhioscaí nó as foinsí ar líne bheith á gclóscríobh. Caithfear é seo a sheachaint ar ais nó ar éigean.

Modh úsáideach amháin is ea cabhair a thabhairt don pháiste roinnt ceisteanna faoi ábhar an tionscadail a cheapadh roimh ré: is é an dualgas na ceisteanna seo a fhreagairt seachas leagan amach na leabhar tagartha is dóichí a shocróidh formáid agus ábhar an tsaothair chríochnaithe. Maidir le páistí nach bhfuil taithí acu ar obair thionscadail, d'fhéadfadh an múinteoir fiú liosta de cheisteanna agus d'achair fhiosraithe a chur faoina mbráid. Chinnfí ar na ceisteanna a imscrúdófaí ar ball de thoradh plé idir na páistí agus an múinteoir.

Ba chóir do na múinteoirí freisin cabhrú leis na daltaí leabhair thagartha oiriúnacha a roghnú agus a úsáid agus iad a ghríosú chun feidhm a bhaint as foinsí eolais eile. D'fhéadfadh na páistí suirbhéanna a chur i gcrích i measc a bpiaraí féin, an fhoireann scoile, baill dá dteaghlach nó grúpaí ábhartha eile (mar shampla an méid úsáide a bhaineann daoine as táirgí as an tír a bhíonn i gceist, nó na tuairimí a bhíonn ag daoine faoi shaol na ndaoine a chónaíonn inti). Níor mhiste iad a ghríosadh chun eolas a fháil as foinsí amhail nuachtáin, irisí agus láithreáinidirlín, chun léarscáileanna a dhéanamh agus chun an t-eolas a bhailítear a chur i láthair ar dhóigheanna atá neamhchosúil leis na bunfhoinsí.

Naisc le scoileanna eile

Tig leo seo spreagthacht i bhfad níos mó a chur sa staidéar ar cheantar lasmuigh den gharimshaol, agus an staidéar ar thimpeallacht áitiúil na bpáistí a shaibhriú chomh maith. An teagmháil phearsanta a bhíonn ag múinteoirí lena chéile a chuireann tús leis na naisc seo idir ranganna go minic. Uaireanta d'fhéadfadh gaolta nó cairde a bheadh ag freastal scoile i dtír eile bheith ag páistí sa rang. Bíonn sonraí le fáil go minic ar an idirlíon faoi scoileanna ar mian leo teagmháil le scoileanna eile ar mhaithe leis na malartuithe seo. Tá go leor buntáistí ag baint le teicneolaíocht an eolais i dtaca le teachtaireachtaí agus sonraí a tharchur.

Slí amháin chun tabhairt faoin obair seo is ea go réiteodh gach rang eolas faoina chomharsanacht féin agus go ndéanfaí an t-eolas sin a mhalartú ansin ar eolas na scoile nasctha. Ciallaíonn sé seo go mbeadh aidhm níos grinne ag na páistí lena gcuid oibre ar an staidéar áitiúil agus lucht éisteachta fonnmhar acu agus go mbeadh ar a gcumas an cur síos agus na tuairiscí faoin suíomh i gcéin a chuirfí ina láthair a chur i gcomórtas lena gcuid oibre féin. Bheadh sé inmholta freisin go scríobhfadh páistí chuig páistí ainmnithe sa rang nasctha sa chaoi go ndéanfaí teagmháil phearsanta áirithe a bhaint amach.

Buanchruthanna -- roimh agus i ndiaidh an staidéir

Cuideoidh an ghníomhaíocht seo le páistí eolas a fháil ar an méid a chlaonann buanchruthanna nó a théann siad i gcion ar, a ndearcadh ar dhaoine eile. Sula dtéitear i mbun staidéir ar áit, iarrtar ar na páistí na cúig rud nó na deich rud is túisce a
gcuimhníonn siad orthu nuair a luaitear ainm na háite (agus na tíre ina bhfuil sé) a scríobh síos. Cuirtear na bileoga i dtaisce ansin gan léirmheas gan phlé. Déantar an ghníomhaíocht athuair tar éis don aonad oibre bheith críochnaithe agus cuirtear freagairt na bpáistí anois agus na smaointe a nocht siad den chéad uair i gcóimheas. Cad a thugann siad faoi deara? An bhfuil athrú tagtha ar aon tuairim acu? Cén fáth a gceapann siad go raibh tuairimí dá leithéidí acu?

Oideachas um fhorbairt

Tá aonaid a bhaineann go sainiúil le hoideachas um fhorbairt sa churaclam do ranganna 5 agus 6, ach d'fhéadfaí teagmháil ar chuid de na topaicí atá i gceist i bhfad níos túisce ná sin. Is coimpléascach iad na saincheisteanna atá i dtreis. Cuimsíonn siad topaicí mar imthosca tráchtála idirnáisiúnta, tionchar cúnaimh agus fiach, dáileadh éagórach acmhainní agus bia, agus an gá atá le haitheantas a thabhairt don chomhspleáchas idir daoine agus éiceachórais le linn forbartha. Is comhpháirt riachtanach iad seo de thuiscint an pháiste ar an bpobal domhanda ar ball de é/í.

Céim thosaigh é foghlaim ar na saincheisteanna atá i dtreis: ar deireadh thiar, is é cuspóir an oideachais um fhorbairt ná a chur ar chumas iad siúd ar daoine fásta den am atá le teacht iad teacht ar cheart-réitigh ar na saincheisteanna a ghoilleann ar an bpobal domhanda, iad a chumhachtú le go ngníomhóidh siad mar shaoránaigh iontaofa den domhan. Is é atá i gceist anseo ná scileanna anailíse agus díospóireachta a shaothrú, an cumas ar réitigh chuiditheacha a thabharfadh aitheantas do chearta daoine eile a mholadh agus go nglacfadh gach duine lena lena f(h)reagracht féin as leas an Domhain agus a phobail. Tá cuid de na scileanna seo i gcroílár fiosraithe tíreolaíocha agus úsáidtear iad ina lán de na modhanna teagaisc a phléitear sna Treoirlínte seo. Is léir feidhm a bheith ag cineálacha cur chuige mar úsáid scéalaíochta, maingíní acmhainní agus agallaimh á gcur ar chuairteoirí san oideachas um fhorbairt.

Tá gníomhaireachtaí oideachais um fhorbairt agus carthanais ar thús cadhnaíochta i dtaca le forbairt agus oiriúnú teicníochtaí teagaisc eile, amhail cluichí agus intamhla, rólaithris agus drámaíocht, ceol, damhsa agusgníomhaíochtaí comhoibritheacha. Tá cuid mhaith maingíní den scoth ar fáil a sholáthraíonn moltaí agus raon d'ábhair thacaíochta. Samplaí díobh sin is ea:

  • Ar Scáth a Chéile: Development Education in the Primary Classroom (Trócaire agus Aonad Forbartha Curaclaim, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, g.d.)
  • Therese Hegarty et al., Windows on the World: Shaping and Being Shaped by Culture (4 iml., Columban Fathers and Sisters, An Uaimh, 1992)
  • Kathleen Horgan, Team Planet: An Action Pack on Our World and Ourselves (4 iml., Tionscnamh ar Oideachas um Fhorbairt sa Bhunscoil, Aonad Forbartha Curaclaim, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, 1993)
  • Ita Sheehy, So Everybody Fights: A Teaching Programme on Development Education for 9-13 Year Olds (Irish Commission for Justice and Peace, an Charraig Dhubh, 1988).

Coinníonn an Coiste Náisiúnta um Oideachas ar Fhorbairt, 16-20 Sráid Cumberland Theas, Baile Átha Cliath 2, leabharlann thagartha d'ábhair thacaíochta le haghaidh oideachais um fhorbairt.

 
NCCA, 24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Éire. Teileafón: +353 1 661 7177, Facs: +353 1 661 7180, Rphost: info@ncca.ie