Nádúr na tíreolaíochta
Ag sainmhíniú na tíreolaíochta
Ó thús aimsire tá daoine ag iarraidh an domhan a bhfuil cónaí orthu ann a iniúchadh, cur síos a dhéanamh air agus é a thuiscint. Is í an tóraíocht seo bun agus barr na tíreolaíochta agus bunbhrí na Gréigise le sonrú ar an mBéarla ge (an domhan) grapho (scríobhaim).
Is é atá sa tíreolaíocht ná staidéar ar an Domhan, ar a áitritheoirí agus ar na comhghaolta atá eatarthu i gcomhthéacs áite, spáis agus imshaoil. Féachann sí le cur síos a dhéanamh ar na gnéithe nádúrtha agus daonna atá le fáil san iliomad imshaol ar an Domhan agus le hiad a mhíniú déanann sí ilghnéitheacht fhairsing na ndaoine a chónaíonn sna háiteanna seo a cheiliúradh; agus déanann sí na gníomhaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha a nglacann siad páirt iontu a iniúchadh. Príomhchúram de gach staidéar tíreolaíoch is ea an comhghaol atá idir gnéithe nádúrtha agus daonna agus saol daoine, an gaol atá ag an gcine daonna le himshaoil ilchineálacha ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal domhanda.
Baineann an tíreolaíocht úsáid as raon fairsing d'ábhair eile agus cuimsíonn sí réimse leathan eolais agus imscrúdaithe. Déanann gnéithe den eolaíocht fhisiceach mar gheolaíocht, cheimic agus bhitheolaíocht agus den eolaíocht shóisialta mar stair, eacnamaíocht agus shocheolaíocht obair an tíreolaí a chomhlánú agus a shaibhriú agus é/í ag iarraidh cur síos ar an domhan agus é a thuiscint. Bíonn an tíreolaíocht i dtuilleamaí scileanna matamaitice agus scileanna eile nach iad. Ceann de shainairíonna an ábhair is ea an pheirspictíocht ilghnéitheach seo.
Díríonn an tíreolaíocht a peirspictíocht uathúil féin ar an staidéar ar imshaoil agus ar dhaoine. Is féidir a rá fúithi go mbíonn sí gafa le trí phríomhthéama: áit, spás agus imshaol. Chomh maith leis sin, cuireann sí sraith shainiúil de scileanna agus d'uirlisí ar fáil dúinn lenar féidir linn an domhan a iniúchadh agus a thaifeadadh, go háirithe na cinn sin atá bainteach le mapáil agus saghsanna eile grafaiceachta.
Áit, spás agus imshaol
Áit
áiteanna agus déanann tíreolaithe iniúchadh agus cur síos ar na daoine agus ar na gnéithe (idir nádúrtha agus dhaonna) is cúis leis na tréithe sainiúla a bhíonn ag áiteanna. Is é a shainmhíníonn tréithe áite ná na daoine agus na pobail a chónaíonn ann, a n-idirghníomhú agus a nósanna maireachtála, na gnéithe a fhoirgníonn siad, codanna an imshaoil nádúrtha agus na comhghaolta a bhíonn idir na gnéithe seo go léir. Léiríonn an tíreolaíocht na sainchomharthaí seo dúinn agus féachann sí lena mhíniú conas a tharla iad a bheith ann agus conas atá athrú ag teacht orthu agus cén fáth.
Cuireann tuiscint ar na sainchomharthaí bunúsacha seo ar ár gcumas na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir áiteanna a aithint, an feithlí uathúil a bhaineann le háiteanna a bhfuil aithne mhaith againn orthu a léirthuiscint agus an saghas saoil a bheadh againn in áiteanna nach bhfuil taithí dhíreach againn orthu a shamhlú.
Spás
Bíonn an tíreolaíocht gafa freisin le coincheapa spáis agus áite. Le staidéar a dhéanamh ar phatrúin spásúlacha déantar iniúchadh ar an gcaoi a bhfuil gnéithe nádúrtha agus daonna dáilte ar an Domhan agus ar conas atá siad gaolmhar le chéile agus cén fáth. Is féidir roinnt de na gaolmhaireachtaí seo a thabhairt faoi deara gan stró, amhail iad sin a bhíonn idir sléibhte, aibhneacha agus farraigí. D'fhéadfadh patrúin spásúlacha eile bheith níos doiléire, amhail na gaolmhaireachtaí idir áiteanna agus na patrúin ghníomhaíochta daonna a bhíonn le fáil iontu, ach tá siad chomh tábhachtach céanna ó thaobh tuiscint a bheith againn ar an domhan ina mairimid.
Imshaol
Bhí an tíreolaíocht gafa riamh leis an gcomhghaolmhaireacht idir daonnaithe agus an domhan. I dtús báire, bhíodh fonn ar thíreolaithe díriú ar an gcaoi ar shocraigh imshaoil fhisiceacha agus nádúrtha gnéithe de shaol daoine a mhíniú, mar shampla an tionchar a bhí ag aeráid ar bhailte agus ar éadach. Scrúdaigh siad freisin na bealaí inar úsáid an cine daonna acmhainní an Domhain.
Ansin, ba é ba chúram do thíreolaithe de réir a chéile ná na tionchair a bhí ag gníomhaíocht dhaonna ar an Domhan. Bhí siad ar na daoine ba luaithe sinn a chur ar an airdeall faoin drochthionchar a d'fhéadfadh bheith ag ár gcuid gníomhartha ar an imshaol, ní hamháin in imshaoil nádúrtha ach i mbailte móra agus in imshaoil fhoirgnithe eile agus i gcomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus domhanda. Téama mór amháin sa tíreolaíocht is ea an comhspleáchas atá idir daoine agus a n-imshaoil.
Dá thoradh sin, bíonn an tíreolaíocht gafa le cothú léirthuisceana eolaí ar imshaoil, le haireachtáil an duine agus an phobail go bhfuil siad freagrach as cúram an imshaoil agus leis an gcoincheap go bhfuil ar dhaoine an Domhan a chaomhnú do na glúine atá le teacht.
Scileanna tíreolaíocha
Cuimsíonn an tíreolaíocht freisin sraith shuntasach scileanna a chuireann ar ár
gcumas imshaoil an Domhain a iniúchadh agus a thuiscint. Tréith thábhachtach a bhaineann le saothar tíreolaíoch is ea go mbíonn go leor de ar siúl lasmuigh. Gné riachtanach den tíreolaíocht is ea an obair lasmuigh mar a gcuirtear modhanna imscrúdaithe eolaíocha i bhfeidhm ar ghnéithe agus ar phróisis san imshaol. Déanann tíreolaithe sonraí a bhreathnú, a thomhas agus a bhailiú, déanann siad fáistiní, tástálann siad hipitéisí agus tagann siad ar thátail mar gheall ar na háiteanna, na heachtraí agus na feiniméin a fheiceann siad. Ceann de na scileanna tíreolaíocha is suntasaí, áfach, is ea eolas spásúlach, eolas suímh agus eolas tíreolaíoch eile a léiriú i bpleananna, i léarscáileanna, i mionsamhlacha agus i léirithe grafacha eile. Ba ghnách mapáil a thabhairt ar an ngné seo den tíreolaíocht, ach cuimsíonn sí i bhfad níos mó ná úsáid
léarscáileanna. Is féidir eolas tíreolaíoch a chur i láthair ar a lán dóigheanna, mar mhionsamhlacha, ghrafanna, ghrianghraif, íomhánna satailíte agus íomhánna cianbhraite agus chairteacha. Is féidir é a chur i láthair freisin trí mhodhanna leictreonacha. Tagraíonn grafaiceacht d'eolas bheith á chlárú agus á chur in iúl agus feidhm á baint as teicníochtaí nach mbraitheann go bunúsach ar dhóigheanna béil nó uimhriúla.
An tíreolaíocht i gcuraclam páistelárnach
Curaclam tíreolaíochta atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí, atá cuimsitheach cothrom agus a fhoilsíonn ilghnéitheacht an ábhair mar atá léirithe thuas, is féidir leis dul chun leasa go mór d'oideachas an pháiste toisc go ndéanann sé freastal ar roinnt dá f(h)íor-riachtanais. Sa réamhrá, aidhmeanna agus cuspóirí leathana don tíreolaíocht atá ar leathanaigh 5-11 den churaclam cuirtear mioneolas níos sainiúla ar fáil faoi mhianach an ábhair agus faoi mar a chabhraíonn sé le forbairt an pháiste sa bhunscoil. Tá na pointí seo le háireamh ar an gcúnamh is tábhachtaí a thugann an tíreolaíocht d'oideachas an pháiste:
- freastalaíonn sí ar ngá atá ag an bpáiste leis an domhan atá timpeall air/uirthi a iniúchadh agus a thuiscint
- tugann sí raon scileanna agus coincheap don pháiste rud a chuireann ar a c(h)umas gnéithe nádúrtha agus daonna agus a nidirghníomhú a iniúchadh agus a chlárú go rianúil sa chomhthéacs áitiúil agus i gcomhthéacsanna níos fairsinge
- cuidíonn sí leis an bpáiste tuiscint dá (h)áit féin a fhorbairt agus sa tslí seo téann sí chun leasa dá f(h)éiniúlacht
- cothaíonn sí tuiscint an pháiste do shaoránacht áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach agus dhomhanda
- saothraíonn sí ionhbhá le daoine eile agus léirthuiscint ar dhaoine a bhfuil cúlraí cultúrtha, eitneacha, sóisialta agus reiligiúnacha ilghnéitheacha acu
- forbraíonn sí tuiscint don fhreagracht atá ar an duine aonair agus ar an bpobal araon as an imshaol.
Ní miste a thabhairt faoi deara freisin nach féidir na mianta seo a bhaint amach ar leithlis. Ba chóir an tíreolaíocht a mheas mar ábhar a bhfuil ról suntasach aici, ach fós ról comhlántach, in éineacht leis an stair agus an eolaíocht san oideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE), a chuireann leis an gcuraclam páistelárnach iomlán. De bhrí go bhfuil staidéar ar dhaoine agus ar a ngníomhartha i bpobail áitiúla agus i bpobail níos fairsinge i gceist inti, cuireann an tíreolaíocht bunús tábhachtach ar fáil don pháiste lena t(h)uiscint ar bhallraíocht pobail agus ar shaoránacht a fhorbairt. Beidh dlúthcheangal comhlántach ag oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte (OSPS) agus ag tíreolaíocht lena chéile sa ghné seo d'fhorbairt an pháiste.