Léarscáileanna atá ar fáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis
Tá raon fairsing léarscáileanna agus foilseachán ar fáil ó Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8. Tá na sonraí uile a bhaineann le léarscáileanna coimeádta go leictreonach ag Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, mar sin is féidir léarscáileanna d'aon áit in Éirinn a fháil suas go 1:1,000. Tá cuid de réimse na léarscáileanna a bheadh úsáideach do scoileanna le feiceáil ar na leathanaigh seo a leanas.
1:1,000
Seo iad na léarscáileanna is mó scála atá le fáil agus tá siad tiomsaithe as an eolas digiteach is déanaí. Cuimsíonn na léarscáileanna seo formhór na gceantar uirbeach agus táthar ag cur lena raon. Bheadh léarscáil 1:1,000 de limistéar a mbeadh scoil ann an-oiriúnach do ghníomhaíochtaí i dtaca le hobair mhapála. Taispeántar mionimchruthanna foirgneamh, ballaí, gairdíní, bóithre agus a lán gnéithe eile uirthi.

Bunaithe ar an tSuirbhéireacht Ordanáis le cead an Rialtais (ceadúnas uimhir 6768).
1:2,500 (25 orlach in aghaidh 1 mhíle)
Cuimsíonn an tsraith léarscáileanna seo gach cuid den tír ach níl siad suas chun dáta ar fad. Mar sin féin, taispeánann siad an-chuid sonraí agus tá siad anúsáideach chun scileanna mapála a fhorbairt sa chomharsanacht. Cé go mbeidh a lán de na nithe a léirítear ar na léarscáileanna seo tar éis athrú go mór ó rinneadh an t-athbhreithniú deiridh orthu (m sh. leagan amach bóithre, iarnróid, foirgnimh, teorainneacha páirceanna), déanfaidh na hathruithe féin suntasú ar cé mar a thagann éabhlóid agus athrú ar an timpeallacht. In éagmais léarscáileanna 1:1,000, ba chóir go bhféachfadh scoil le cóip den léarscáil 25 orlach den cheantar ina bhfuil an scoil suite bheith aici.

Bunaithe ar an tSuirbhéireacht Ordanáis le cead an Rialtais (ceadúnas uimhir 6768).
1:10,560 (6 orlach in aghaidh 1 mhíle)
Cuimsíonn an tsraith seo an tír go léir freisin agus dála na sraithe 25 orlach tá sí bunaithe ar thomhas reachtúil in áit scálaí méadracha an lae inniu. Clúdaíonn gach léarscáil 6 orlach achar atá níos mó ná léarscáil 1:1,000 nó léarscáil 25 orlach agus is léarscáil í a oireann go mór do staidéir ar mhórchomharsanacht na scoile. Cuimsíonn léarscáil 6 orlach a lán bailte fearainn go hiondúil. Má bhíonn an scoil suite gar do lár léarscáile 6 orlach, beifear in ann suíomh cuid mhór de bhailte na bpáistí a aimsiú ar an léarscáil. Taispeántar roinnt mhaith sonraí ar léarscáil 6 orlach freisin (bíonn teorainneacha páirceanna le feiceáil, mar shampla) ach tharlódh go mbeadh a lán de na gnéithe a thaispeántar as dáta.

Bunaithe ar an tSuirbhéireacht Ordanáis le cead an Rialtais (ceadúnas uimhir 6768).
1:50,000 an 'Discovery Series'
Cuimsíonn an tsraith léarscáileanna seo, a
tiomsaíodh as na sonraí méadracha is déanaí, an tír ar fad agus is i ndathanna a sholáthraítear í. Clúdáítear gach contae in Éirinn le a dó nó a trí de dhuilleoga sa tsraith seo, ar an meán, sa chaoi go n-oireann siad go mór do staidéir chontaetha agus go gcomhlánaíonn siad an tsraith 1:1,000 nó sraitheanna mórscála eile.
Léarscáil bunaithe ar Shuirbhéireacht Ordanáis Éireanna le caoinchead an rialtais ceadúnas (uimhir 6768).
Léarscáileanna sráide cathrach
Tá léarscáileanna sráide cathrach ar fáil do Bhaile Átha Cliath (1:20,000), Corcaigh (1:15,000), Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge (1:9,000). Is féidir an-úsáid a bhaint astu sin chun tíreolaíocht na gceantar uirbeach seo a iniúchadh.
Leabhair ar thíreolaíocht na hÉireann
Beidh na leabhair sa liosta seo a leanas úsáideach do na múinteoirí nuair a bhíonn tíreolaíocht a gceantar áitiúil á taighde acu. Pléitear leabhair bhreise agus foinsí eile, ar a n-áirítear atlais stairiúla, léarscáileanna agus nithe eile, in Aguisín de Treoirlínte do Mhúinteoirí don Stair.
| Aalen, F. H. A., et al. | Atlas of the Irish Rural Landscape
| Corcaigh, Cork University Press, 1997 |
| Clarke, Howard | Irish Cities
| Corcaigh, Mercier Press, 1995 |
Geoghegan, Philip, et al.
g.d. | Building Sensitively in Ireland's Landscapes
| Baile Átha Cliath, Bord Fáilte agus an Taisce, |
| Harbison, Peter | The Shell Guide to Ireland
Baile Átha Cliath, Gill and Macmillan, 1989 | |
| McAfee, Patrick |
Irish Stone Walls: History, Building, Conservation | Baile Átha Cliath, O'Brien Press, 1997 |
| Mitchell, Frank, and Ryan, Michael | Reading the Irish Landscape | Baile Átha Cliath, Town House, 1997 |
| Pfeiffer, Walter, agus Shaffrey, Maura | Irish Cottages | Londain, Artus Books, 1990 |
| Rowan, Alistair, agus Casey, Christine | The buildings of Ireland
[Sraith bheartaithe de naoi n-imleabhar ar aidhm
di eolaí ailtireachta cuimsitheach a sholáthar i dtaobh
na bhfoirgneamh tábhachtach uile. Go dtí seo tá siad
seo a leanas foilsithe:
Ulaidh Thiar Thuaidh
Laighin Thuaidh] | Londain, Penguin |
Shaffrey, Patrick agus Maura
| Buildings of Irish Towns | Baile Átha Cliath, O'Brien Press, 1983 |
Shaffrey, Patrick agus Maura
| Irish Countryside Buildings | Baile Átha Cliath, O'Brien Press, 1985 |
Simms, Anngret, agus Andrews, J. H.
| Irish Country Towns | Corcaigh, Mercier Press, 1994 |
| Simms, Anngret, agus Andrews, J. H. | More Irish Country Towns | Corcaigh, Mercier Press, 1995 |